Fiche
Blian
Ag
Fás
- Muiris Ó Súilleabháin
Seo chugaibh aris an leabhar is gile agus is gealghairi a tháinig ón nGael-tacht. Sé an t-eagarthóir céanna ata air
seo agus a bhí ar an gcéad eagrán, agus tá a ghnó déanta aige de réir thuairimí
Mhuiris Uí Shúilleabháin féin. Tá an litriú caighdeánach, ach an chaint beo.
Tá ceacht sa mhéid seo dá lán againn. Cliodhna Cussen a dhear an clúdach.
An tEagarthóir a chuir an tulphictiúr ar fáil.
Muiris Ó Súilleabháin
FICHE BLLAN AG FAS
MUIRIS Ó SÚILLEABHÁIN
do scríobh
An Trúí hEagran
AN SAGART MÁ NUAD
Do Cháit agus do Phádraig
ón Eagarthóir
CLAR
Réamhra an Eagarthora don dara heagran Réamhra an Eagarthora don triú heagran Réamhrá an údair don chéad eagrán I. I nDaingean Uí Chúise II. Mo thuras abhaile dhom III. An baile IV. Lá seilge V. Maicréil ag ráthaíocht VI. Scairt Phiarais agus an Leaca Dhubhach VII. Oíche Shamhna VIII. Mo chéad turas go dtí an Inis IX. Ráiseanna Fionntrá X. An Tórramh XI. Oíche san Inis XII. An fear siúil XIII. An cogadh XIV. Long ar Charraig an Léochair XV. Biaiste gliomach XVI. An cleamhnas XVII. La bainise i mBaile an Fheirtéaraigh XVIII. An tórramh Meiriceánach XIX. An stroinséir XX. Mo thuras déanach go dti an Inis XXI. Fágaim an baile XXII. On nDaingean soir XXIII. Cathair Bhaile Atha Cliath XXIV. Im phóilín XXV. I gConamara XXVI. CríochNótaí an údair
Foclóirin
Do foilsíodh an chéad eagrán den leabhar so ins an mbliain 1933,
agus do chuaigh as cló ins an mbliain 1941. Is mise a chuir in eagar
é, agus ba mhian liom a mhíniú anso conas mar dheineas an obair
sin agus cén obair eile atá déanta agam ar an eagrán nua so atá
foilsithe anois tar éis breis agus daichead blian.
Do cheap an t-údar an leabhar i gConamara ins na blianta 1929-32.
Do bhíos á ghríosadh chuige le tamall roimis sin. Do bhí féith na
scéalaíochta ó dhúchas aige, agus do mhachnaíos, dá bhféadfadh sé
a chuid scéalta d'insint le peann agus le páipéar, go scríobhfadh sé
leabhar neamhchoitianta. Mar sin féin, is dócha ná tabharfadh sé
fé, mura mbeadh leabhar a tháinig amach ins an am chéanna agus
a thug misneach agus cúnamh dó, is é sin An tOilednach, le Tomás
Ó Criomhthain (1929).
Do chuir sé an lámhscribhinn chugham ina codanna i ndiaidh a
chéile. Tá sí im sheilbh fós, cúig céad leathnach mór dlúthscríofa;
í soléite go maith, ach amháin an litriú a bheith neamhchruinn.
Do bhí an téacs rófhada le foilsiú ina iomlán. D'fhágas a lán
eachtraí, beag agus mór, arlár, agus do ghiorraíos anchaint tríd síos.
Ansan, do dheineas dréacht nua den méid a bhí tofa agam le foilsiú,
agus do ghabhas tríd mar aon leis an údar á cheartú agus á athrú
nó goraibh beirt againn sásta leis. Sin é an dréacht a cuireadh i gcló.
Do thugas cabhair dó ar shlite eile, leis, mar seo.
Ta dhá chaibidil sa leabhar ná fuil sa lámhscríbhinn in aon chor
(XVID agus XXVI san eagrán so). Is mise a mhol dó iad do cheapadh
tar éis an lámhscríbhinn a bheith léite agam. Do scríobh sé iad i
leabhrán beag scoile a cailleadh ó shin.
Tá rudaí sa téacs ná beadh ann mura mbeadh gur chuireas-sa i
gcuimhne dhó iad. I gCaibidil a XII, cuir i gcás, léimíd na focail
seo: “Lena linn sin, éiríonn an stróinséir ina sheasamh, cuireann a
dhá láimh féna ascaill, agus buaileann a cheann fé. Suíonn ar an
gcathaoir arís.” Tá na focail sin ar iarraidh sa lámhscríbhinn. Seo
mar a tharla. Blianta roimis sin, do chuala an eachtra. san as a
bhéal féin, agus nuair a tháinig sé ar an bpointe sin, d'éirigh sé ina
sheasamh chun an scéal a dheimhniú go díreach mar atá ráite thuas.
Nuair a chuireas é sin i gcuimhne dhó, d'aontaigh sé liom na focail
sin thuas a chur sa téacs. Tá a thuilleadh samplaí den tsórt san ann.
Do tharla anso is ansúd, tar éis sliocht a bheith gearrtha amach,
gur fágadh bearna sa scéal, sa tslí gur theastaigh míniú beag chun
an léitheoir do sheoladh ar aghaidh. Do líonamair na bearnaí sin
as comhairle a chéile.
Do réir mo thuairime féin, is é an rud is mó a dheineas-sa chun
sochair don leabhar ná an chaint a theannadh le chéile. Níor
chuireas leis ach bhaineas as, focal nó dhó anso agus line nó leath
leathanaigh ansúd, fé mar a dhéanfadh duine olann a chíoradh nó
an coirce a ghlanadh ón lóchán. Más ea, níor dheineas aon athrú
gan é chur fé bhráid an údair.
Sin é mar a ceapadh an leabhar. Ní raibh ins an chabhair a thugas
don údar ach an treoir a theastaigh uaidh chun an cheard a bhí
foghlamtha aige óna athair críonna, agus é ina gharsún cois tine, do
chur in oiriúint don scríbhneoireacht.
Scríobhann an t-údar ina chanúint dhúchais, Gaelainn an Bhlas-
caoid, ach tá roinnt focal Connachtach aige. Bhí a lán fadhbanna le
réiteach maidir le litriú, gramadach agus canúnachas. Is é an cuspóir
a chuireas romham an téacs a chóiriú ar shlí go mbeadh sé dílis do
Ghaeilge an údair ach gan é bheith ródheacair don té a bheadh gan
eolas ar an gcanúint. Tá focail a scríobhann sé tríd síos féna leagain
chaighdeánta, gan bac leis na leagain a bhí sa Bhlascaod orthu
(arís— aríst, etc.). Tá focail eile a scríobhann sé fé dhá leagan, is
cuma leis ciacu, an leagan Blascaodach anso agus an leagan
Connachtach ansúd (/dn nd pipe—idn an phiopa, etc.) nó an leagan
Blascaodach anso agus an leagan caighdeánta ansúd (misledn—
milseán, etc.). Ins na cásanna san, níor chlóbhuaileas ach an t-aon
leagan amháin—an leagan caighdeánta ins an chéad chás (arís), an
leagan Blascaodach ins an dara cás (/dn na pipe), agus an leagan
caighdeánta ins an tríú cás (milsedn).
Nuair a bhí an leabhar ullamh, do thairgeas don nGúm é, ach
dúrthas liom ná glacfaí leis ach amháin ar dhá choiníoll, go bhfágfaí
ar lar an eachtra mar gheall ar an dá gharsún sa tigh tábhairne i
gCeanntra (lgh 74-76), agus ná beadh cead agam chun é fhoilsiú
i mBéarla. Do chuireas suas do sna coiníollacha san. Do foilsíodh
é sa deireadh le tacaíocht airgid uaim féin.
Nuair a tháinig sé amach, do chuaigh beirt againn tríd arís, féach
an bhfaighimis aon lúb ar dtuathal fós ann. Do cheartaíomair roinnt
earráidí, agus ins an am chéanna d'fhiafraíomair dá chéile an raibh
aon athrú eile ba mhian linn a dhéanamh i gcás go mbeadh glaoch
ar atheagrán. De thoradh na cainte sin, tá na hathruithe seo thíos
déanta agam ins an eagrán so.
Ta an chéad leath de Chaibidil a IX den chead eagran (Barra
Liath ó thuaidh) fágtha amuigh, agus tá a leath eile aistrithe go dtí
Caibidil a VI den dara heagrán (Scoirí Phiarais agus an Leaca
Dhubhach). Tá Rdiseanna Fionntrá le fáil anois idir Mo chéad turas
go dti an Inis agus An tórramh. Sin é an t-ord atá ins an lámh-
scríbhinn orthu. An tiodal nua atá ar Chaibidil a VIII (An miol mór
ins an chéad eagrán), sin é atá ins an lámhscríbhinn uirthi. Tá trí
sleachta fágtha ar lár i gCaibidlí a VI, a VHI agus a X.
Tá an téacs curtha in oiriúint don gcló rómhánach agus don
litriú caighdeanta. Níor dheineas aon chur isteach ar an ngramadach,
ach ta mórán focal litrithe do réir an chaighdeáin (banaltra, boladh,
cluiche, culaith, etc.) biodh na réitíonn na litriúcháin sin le fogh-
raiocht an Bhlascaoid (banartla, blath, clutha, cluth); ni cas liom
san, mar ta sé de nós riamh sa Ghaeilge an leagan scríofa den bhfocal
a bheith neamhspleách leis na canúnaí labhartha (buidheach—baoch
— buch, cuimhneamh—cuineav—cuivniu, etc.). Ta focloirin i gcúl an
leabhair agus liosta ann de sna leagain Bhlascaodacha. An té a
léifidh an téacs agus súil aige ar an bhfocldirin, beidh Gaeilge an
údair aige.
I ndeireadh na hoibre, agus mé ag lorg foilsitheoir a bheadh saor
ó smacht an chaighdeáin, bhí sé de rath orm aithne a chur ar an
Athair Pádraig Ó Fiannachta, file agus fear léinn. Do ghlac sé air
féin an leabhar d'fhoilsiú, agus ina theannta san do léigh an téacs
tríd sios á ghlanadh ó lochtaí a bhí ligithe agam tharm, agus do
tháinig beirt againn ar aon intinn mar le húsáid an chaighdeáin. Fé
mar a dúirt sé féin, tá gá le caighdeán, ach ní mór é bheith ina bhall
uirlise againn agus gan é bheith ina mháistir orainn.
Nuair a thosnaíos ar an eagrán nua, do léas tríd an lámhscríbhinn
arís, agus do bhí sé ar intinn agam an téacs clóbhuailte do chur i
gcompráid léi focal ar fhocal; ach bhí radharc mo shúl ag lagú orm,
agus dob éigean dom éirí as.
Do foilsiodh an t-eagrán Béarla i Sasana agus i Meirice ins an
mbliain 1933. Do cuireadh athchló air arís agus arís, agus do
haistríodh go dtí teangacha eile é—Fraincis, Gearmáinis agus
Tseicis. Ta sé le fáil anois ins an Bhéarla (Twenty Years A-Growing,
The World’s Classics, Oxford) agus ins an Ghearmáinis (/nselheimat,
Manesse Bibliothek der Weltliteratur, Ziirich). Nil aon leabhar eile
Gaeilge a fuair a oiread san leathantais ins na duthai thar lear.
Do dheineas an obair seo le grá do mhuintir an Oileáin agus go
mórmhór don gcara ba dhílse dem chairdibh uile.
SEOIRSE MAC TOMAIS
Birmingham, England, 1975
Taréis an dara heagran a theacht amach, thainig an oiread feabhais
ar mo shúile agus gur fhéadas a thuilleadh oibre a dheanamh ar an
dtéacs. Cheartaios earraidi, chuireas slacht ar an litriú, agus d'ath
scrudaios an lamhscribhinn 6 thuis deireadh le fonn pointí beaga
gramadai a dheimhniu. Ta an teacs leasaithe seo chomh gairid do
Ghaeilge an údair agus is féidir é bheith laistigh den litriú caigh-
deanta.
Táim fé chomaoin mhór ag an nDochtúir Séamas Stiobhard i
dtaobh an mionscrúdú a dhein se ar an dteacs sarar cuireadh go dti an
clódóir é.
SEOIRSE MAC TOMÁIS
Birmingham, 1981
Seo smaoineamh mianúil do bhuail mé an leabhar so do cheapadh,
chun cuideachta agus gáirí a dhéanamh do sheanmhná an Bhlas-
caoid, mar is mór go léir an cion agus an gra a bhi acu orm nuair a
bhuailinn chúchu isteach gach oíche fhada gheimhridh. Dá bhrí sin,
ar cuimhneamh dom ar an gcumha a bhí ortha nuair a dh'fhágas
iad, do bheireas ar mo pheann agus do cheapas an leabhar so chun
mo ghuth féin do chur ina gcluasa arís, an guth úd a bhíogadh suas
i gcónaí iad.
Is mian liom a chur in iúl díbh, a léitheoirí, go bhfuil buíochas
amach óm chroí ag dul do Sheoirse Mac Tomáis, M.A., as ucht an
leabhar do chur in eagar, Go neartaí Dia a lámh atá ag obair do
shíor ag nochtadh seanaimsireacht na cruinne,
MUIRIS Ó SÚILLEABHÁIN
Conamara, 1933
Nil aon bhaol na gur breá i an óige, cé go bhfuil sf fá réim agamsa
fós, agus ní thagann ciall roim aois.
Buachaill is ea mise a rugadh agus a tógadh thiar sa Bhlascaod
Mhór, an t-oiledinin fíorGhaelach atá suite thiar thuaidh ar chósta
Chiarraí, go bhfuil síonta na spéire agus tonnta na mara fiaine ag
siorstealladh gan staonadh ó cheann ceann na bliana agus o ghlúin
go glúin i gcoinne na gcarraigeacha méiscreach atá ina seasamh os
cionn na farraige, agus as san isteach trí sna cuaiseanna mar a bhfuil
na róinte ag neadú.
Is maith is cuimhin liom, in aois mo cheithre mbliana dhom, is é
an áit go rabhas ná i nDaingean Uí Chúise fé choimhde mná
iasachta; mar na rabhas ach leathbhliain d'aois nuair a fuair mo
mháthair bás, beannacht Dé dhílis lena hanam agus le hanmacha
na marbh. Dá bhrí sin, ní raibh éinne chun aire a thabhairt domsa.
Beirt dearthár agus beirt deirféar a bhí agam. ach ba bheag an chiall
a bhi acu san ach oiread liom féin chun aire chóir a thabhairt dom.
Dá dheascaibh sin, do chuir m'athair fé choimhde mná iasachta
mé go Daingean Uí Chúise, fé mar a dúrt cheana.
Bá mhór go léir an smacht a bhíodh orainn, mar do bhí go leor
eile mar mise ann, agus nif aon bhaol, pé áit go mbíonn scata páistí,
ná go mbíonn siad crosta agus gleoch go maith uaireanta. Mhuise,
ba mhór é ár ndochma roimh an scoil—ach ní galar éinne amháin é,
is € mo mhórthuairim—mar bhi sí ’ar múineadh máistreás a bhi
comh liath le broc, dha stranfhiacal lasmuigh anuas do liopa a béil,
agus mara raibh si crosta, ni la fos é.
Is cuimhin liom an chéad la a chuas uirthi. Is i Peig de Roiste a
thug isteach ann mé agus í beirthe ar láimh orm, agus geallaim duit
gur le plámás mor a mheall si mé. —O, a deireadh si, tabharfaidh
mé isteach in ait dheas inniu thú. —Agus an bhfuil milseáin ann?
arsa mise. —O tá go leor agus leabhartha deasa lán do phictiúirí
leis ann, ar sise. Bhí sí ag meallaireacht liom mar sin riamh agus
choiche nó gur chuas isteach léithi.
Do shuíos isteach ar an mbinse go cúthail in aice le Peig, go leor
leor páistí ann, gleo an domhain acu. —Cá bhfuil na milseáin, a
Pheig? arsa mise. Ní raibh san ach ráite agam nuair a thug an
mhaistreas fé ndeara me. Do sméid si anios orm. — Teire suas, arsa
Peig, tá sí chun na milseáin a thabhairt duit. Sea, bhí greim an duine
bháite agam féin ar Pheig le heagla roim an máistreás. ——Bog díom,
ar sise, agus téire suas chúichi. -—— Téanam liom suas, arsa mise. —Seo
leat, ar sise ag éirí ina seasamh, greim ar láimh aici orm féin.
Suas linn. Sheasaíos os a comhair amach go támáilteach. —Cé hé
tusa” ar sise, nó cad é an t-ainm atá ort? —Glaonn siad Muiris orm,
arsa mise. —Muiris what? ar sise go tur. —Muiris, arsa mise aris
agus criothan im ghlór. —Ta go maith, ar sise, an maith leat
milseáin? —Is maith, arsa mise. D'imigh si agus thóg si amach as
cupard stan mór. Bhuail si os mo chomhair amach €. —Anois, ar
sise, tóg do rogha astu.
D'fhéachas isteach sa stán. Is ea chonac an radharc a chuir
gliondar ar mo chroí, milseáin i ndeilbh fir, muc, bád, capall agus
mar sin dóibh. Bhios i bponc anois, mar ní raibh a fhios agam ciacu
ba cheart dom a thógaint. Sea, nuair a bhios sach diobh, do thug si
leabhar dom a bhi lán do phictiúirí, agus chuir im shui isteach ar an
mbinse arís mé. —Bí id bhuachaill maith anois, ar sise liom, agus
tar ar scoil gach 14—an dtiocfair? ar sise ag bualadh a lámh anuas
ar mo cheann. —Tiocfad, arsa mise. —Tiocfair gan dabht, ar sise
ag imeacht uaim suas go dtí an mbord.
Bhíos ansan ar mo shástacht agus mé ag féachaint tríd an leabhar,
ach deirimse leat ná raibh dearúd agam á dhéanamh ar an mbéal,
go raibh sé lán i gcónaí. Is gearr anois gur chuala glór éigin an-dheas,
thógas mo cheann do theip, agus cad a chífinn ach cloigín ina láimh
ag an máistreás agus i a chrothadh. —Playtime, ar sise, agus amach
linn go léir in aonacht. —Cad atá le déanamh anois, a Pheig—
abhaile, is dócha? arsa mise. —Ó ní hea, arsa Peig, ach leathuair a
chloig ri-rá a bheidh anso amuigh againn.
Ach aon ní amháin, a léitheoir, sara raghad níos faide leis an
scéal, ní raibh focal Gaelainne im pus an uair sin ná aon chuimh-
neamh air, ach Béarla ar fad.
Nuair a chuamair amach ar an bpáirc, seo leis na buachaillí ag
bualadh caide, mé féin ag iarraidh a bheith comh maith le fear, ach
ambasa más ea nior éirigh liom rófhada, mar an riabhach do spreallaire
mór fada ná gur thug speach don gcaid, bhuail mé féin go tráthúil
isteach san aghaidh léithi, do leag ar fhleasc mo dhroma mé gan
léas radhairce agam ná léas meabhrach a dh' fhágaint im cheann.
Le linn mé thiteam, do chuala Peig ag gol go rabhas marbh, agus
níor chuimhin liom a thuilleadh nó gur osclaíos mo shúile istigh sa
scoil, na buachaillí agus na cailíní im thimpeall agus na deora ag
sileadh le Peig.
—Maith an buachaill, arsa Peig, níl tada ort, conas a bhraitheann
tu? —Táim go maith, arsa mise. —B’théidir go n-íosfá oráiste, arsa
an múinteoir. —Íosfad, go raibh maith agat, arsa mise. Ni fada a
bhi nuair a thagann si chugham le ceann mór, agus mise á ra leat
gur imigh an tinneas cinn go tapaidh. Féach gur fuirist an óige a
mhealladh.
Bhíos ag dul ar scoil gach uile lá as san amach, agus más ea bhí
na milseáin agus an tláithínteacht ag dul i bhfuaire i leabaidh a
chéile, Dá dheascaibh sin, bhí col ag teacht leis an scoil agam,
seacht gcúirimí an tsléibhe orm, dar liom, nuair a bhi mo mhála
leabhar agam, agus orm é seo dh*fhoghlaim agus é siúd. Is gearr
anois na raibh éinne ar domhan ba mheasa a bhi ag maireachtaint
na mé féin.
Do bhí tigh na mbocht an-ghairid dúinn, mar a raibh go leor
daoine agus a mháchail féin ar gach duine acu, ach aon dream
amháin go raibh an-thóir againn orthu, b'iad san na dallacain. Is
mó tráthnóna maith a chuamair suas chúchu ag imirt cleas orthu,
cleasa ar mhaithe linn féin. Ba mhór é ár ndúil sa tsiúicre, agus is
acu sud a bhíodh sé agus é déanta suas go deas i málaí acu, agus mise
á rá leat go bhfaigheadh sé stracadh maith uainn féin nuair a
dh'fhaighimís an chaoi air, agus b’fhuirist an chaoi sin d'fháil, go:
mórmhór ar na dallacain, mar ní raibh aon radharc acu orainn.
Ach ní ritheann i gcónaí leis an ngadaí. Aon tráthnóna amháin
do chuamair suas arís, isteach linn, cúigear nó seisear againn in
aonacht. Bhíomair ag déanamh go maith agus ár bpócaí lán don
tsiúicre againn. Amach linn agus faobhar fúinn chun luí cois claí
agus póit a chur orainn féin leis an siúicre. Ach ní fada ó bhaile a
bhíomair nuair a chonaiceamair chughainn tríd an ngairdín an
bhanaltra, strapa ina laimh aice, an geata dúnta aice ina diaidh
agus fuadar nimhe fúithi.
—-Och, Dia linn, a bhuachaillí, arsa mise, táimíd réidh anois nó
riamh, cad a dhéanfaimid? —Ambaiste, arsa Micil Dic, is fearr rith
maith ná drochsheasamh. —Ach ca dtabharfam ár n-aghaidh? arsa
mise, —Fé Chnoc an Chairn, arsa Micil.
Seo linn, fear soir agus fear siar, an bhanaltra 'ár ndiaidh. Sin é
an áit go raibh na liúirigh ag na buachaillí ná raibh aon taithneasc
iontu, mar do fuaireadar é ó thalamh ón mbanaltra, nuair a bheir
sí greim orthu.
Bhí scrothaíocht mhaith ionamsa san am san, agus dá bhrí sin
ni rabhas i bhfad ag baint bharr an chnoic amach. Nuair a bhi a
fhios agam go rabhas ó bhaol, stadas agus d'fhéachas tharm, agus
cé bheadh aníos chugham ach Micil agus giorranál air. Thugas fé
labhairt leis. Ní fhéadfainn. Sa deireadh tháinig m’anal dom, agus
d'fhiafraíos dó cá raibh an chuid eile. Ni bhfuaireas aon fhreagra.
Shuigh sé ar thortóig, shín sé siar ar a fhaid agus ar a leithead,
dhún a dhá shúil go dlúth ar a chéile. Gheit mo chroí orm. Léimeas.
chuige, ní raibh dé ann, scréachas, bheireas isteach ar chom air, ní
fhéadfainn bogadh ná sá a bhaint as, bhíos rólag. Sa deireadh
bheireas ar dhá chois air, tharraigíos síos im dhiaidh é le fánaidh
an chnoic go dtí portach uisce ná raibh ach timpeall cúig slata sios
uainn. Bhaisteas go maith é ach sin a raibh da bharr agam. aon de
ní raibh ag teacht ann. Sa deireadh thiar thall chuimhnios ar a
cheann do shá isteach san uisce. Dheineas, agus más ea gur thugas.
iomlasc maith dhó. Tharraigfos amach aris é, agus is gearr go raibh
sé ag teacht chuige féin, cubhran ban amach as a bhéal, gach re
buille agam féin air riamh agus choíche nó gur oscail sé a dha shúil.
—-Tar slán, a Mhicil, arsa mise, agus dar fia dhein gáire. —Cá
bhfuilim? ar seisean. —Tann tú in áit mhaith, a bhuachaill, arsa
mise. Ach isé deireadh agus críoch na mbeart é go raibh leathuair a
chloig agus é ina bhalbhán béiccar sara dtáinig aon léas meabhrach
dó.
D'fhanamair ansan ar bharr an chnoic go raibh an doircheacht
againn, mar ní ligfeadh an t-eagla dhúinn tabhairt fe abhaile sa
ghealas, le heagla na heagla go bhfeicfeadh an bhanaltra sinn. Ach
cad é an mhaith sin, mar bhi an léasadh romhainn siúrálta nuair a
raghaimís abhaile, mar b'é ár ndualgas bheith sa leabaidh ar a sé
a chlog. B'shin í an fhadhb. —Sea, a Mhicil, arsa mise, is é dul ón
olcas go dtí an donas againn é fanacht anso—téanam ort.
Thugamair fé go mall leisciúil nó gur bhuaileamair isteach an
doras. Beireadh ar stuaic go tapaidh orm féin agus mar an gcéanna
ar Mhicil. Striopáladh dúinn anuas, gach re stiall acu orainn nó go
rabhamair leathmharbh acu, gan greim ná bolgam a thabhairt
dúinn ach sinn a chaitheamh isteach sa leabaidh. Mise á rá leat nach
codladh a dheineamair an oíche sin ach pian agus tinneas ag gabháil
stealladh dhúinn.
Lá arna mháireach do bhogamair linn go mall righin trom-
chroíoch chun na scoile. Sinn leath bealaigh, —Ni fheadar cad a
déarfá le dul ag muitseail? arsa Micil liom féin. Stadamair. Bhuaileas
féin mo dhrom isteach Jeis an bhfalla ag machnamh. Sa mhachnamh
dom, cad a chífinn chugham anios tríd an halla ach fear agus beirt
bhan, iad ag leamhgháirí agus ag féachaint orm féin. Bhi ardionadh
orm cad fáth ná rabhadar ag féachaint ar Mhicil. Seo chugham
anall iad corp ar aghaidh. Tháinig eagla orm rompu. Ritheas. Sa
rith dhom do chuala m'ainm á ghlaoch ag ceann do sna mná, leanas
orm nÓ gur luíos i bpoll taobh thiar don ngeata, agus dar fia go
bhfuaireas caoi ar bheith ag gliúcaíocht orthu trí scoilt a bhí ann.
Sea, chonac Micil ansan agus iad ag caint leis, Ní fada sa
ghliúcaíocht dom nuair a chonac Micil agus é ag fáil úlla agus
oráistí uathu. Nuair a chonac san, níor thugas an tarna strac-
fhéachaint, ach seo liom ar bhás agus ar dhícheall nó pur thána i
ngiorracht cúpla slat dóibh.
Seo chugham anall bean acu. —Canathaobh gur rithis mar sin ó
chianaibh? ar sise. —Nil faic, arsa mise go cúthail. —An bhfuil a
fhios agat cé hi mise? — Ní fheadar. —Is mise t’aintin, ar sise, agus
do thóg sí suas ar a baclainn mé agus do phóg mé. Dhein an bhean
eile mar an gcéanna liom. —Sin aintín eile dhuit, arsa an chéad
bhean, agus sin uncail duit, ar sise ag sineadh a méire go dtí an
bhfear a bhi ina sheasamh láimh linn.
Lena linn sin, do labhair an fear amach i nGaelainn, mar ni raibh
aon eolas ar an mBéarla aige, nó, ma bhi, níor chuir sé in úil dúinn
é. —Cad é an saghas cainte atá ag an bhfear san? arsa mise leis an
mbean go rabhas ar a baclainn aici. — Gaelainn é sin, ar sise. —Cad
é an rud Gaelainn? arsa mise arís. —Ó fan go fóill, ar sise, nó go
raghair abhaile, sin é an uair a bheidh an Ghaelainn agat. —Cá
bhfuil mo bhaile? arsa mise, ná nil aon Ghaelainn sa bhaile seo
againne. —Ni hé sin do bhaile, a Mhuiris, ar sise, ach an Blascaod.
Do bhíos comh dall ar cad a dúirt sí mar gheall ar an mBlascaod
agus a bhí an scadán a bhí ag pilleáil i mBá an Daingin. —Tá
t'athair chun teacht an chéad lá eile chun tú thabhairt abhaile—an
maith leat é? ar sise aris. —Cé hé m'athair? arsa mise. —Nach
minic a bhí t'athair ag caint leat? ar sise aris, agus ba chóir duit
aithne bheith agat air fadó. —Ni fheadar, arsa mise, ciacu do sna
fearaibh é, mar tagann mórán chugham acu. Dhein sí gáire mór,
—O mhuise, is ait i an óige, ar sise leis an mbean eile.
Bhíos ag cur ceisteanna go dtí m'aintín anois, nuair a bhi mo
mhisneach ag teacht chugham, mar gheall ar an mBlascaod, agus
mé go han-shasta, mar do bhi lan mala do mbhilseain, oráistí, úlla
agus a leithéidí agam, agus ise ag freagairt gach ceist acu go pras.—
Agus an bhfuil milseáin sa bhaile ag m'athair? arsa mise tar éis ull
breá dh’alpadh siar. —O tá, ar sise, agus gach uile rud.
I gceann tamaill, lig sí anuas ar an dtalamh mé, phóg gach duine
acu mé, d'fhág slán agus beannacht ag beirt againn, agus bhailimh
leo.
Casann m'uncail arís agus tagann 1 leath chugham. Seo ag caint
le beirt againn é agus gan aon tuiscint againn air. Is gcarr gur chuir
sé rais mhór chainte as, rais eile ina diaidh. Ní raibh a fhios againn
cad a bhí aige á rá. D’fhéachas féin ar Mhicil, d'fhéach Micil orm,
ardiontas againn á dhéanamh dó. Nuair a bhí sé ag imeacht, chuir
sé lámh ina phóca agus thug leathchoróin dom féin agus scilling
do Mhicil.
— Ní fheaca riamh aon phingin comh geal leis seo, arsa Micil, cá
bhfuil do phinginse? — Féach i, arsa mise, is mó i na do phinginse.
—Ni fheadar cad is fearra dhúinn a cheannach orthu, arsa Micil.
—Ceanndimid úlla agus milseáin, arsa mise, agus beidh saol an
mhadra againn orthu. Ó ár ndearúd, a Mhicil, cad mar gheall
ar an scoil? Th’anam ’on diucs, deinimís deabhadh.
Seo linn sna cosa in airde nó gur bhaineamair amach an scoil.
Chuamair isteach agus saothar an domhain orainn. Bhíomair uair
a chloig déanach. Cheapamair, a mhic ó, go raibh na cosa againn
agus sinn chun suí isteach ar an mbinse ar ár sástacht, nuair a
ghlaoigh an mháistreás anios orainn.
Seo linn suas go trom leisciúil agus sheasamair os a comhair
amach. Bhi si ansan ina stuidéar, muc ar gach mala léi, i ag breithniú
orainn féna fabhraí.
Sa deireadh labhair sí: —Cad a choimeád sibhse comh déanach?
ar sise go tur. D'fhéachas ar Mhicil, agus más ea bhí sé ag pusaíl
ghoil. —Cuir uaim do chuid pusaíochta, ar sise arís go feargach,
ach freagair mo cheist. —Ní rabhamair in aon áit, a mháistréas,
arsa mise, ach nuair a bhíomair ag teacht uirthi, do bhuail daoine
muinteartha dhomsa linn agus do choimeádadar ag caint sinn, —Nach
deas an leathscéal go gcuimhnionn tú air! ar sise go feargach aris.
Téire amach, ar sise, agus bain slat mhaith ramhar dom agus
tabhair chugham isteach i, a bhuachaill mhaith—na faighim a
thuilleadh dod chuid bladaireacht!
Seo liom amach agus bhaineas an tslat ba mheasa a bhí ann agus
thugas chúichi isteach i. Bheir sí uirthi, d'fhéach uirthi, —Sea, tá
san go maith, is dóigh liom, ar sise, sin amach do lámh. Shíneas,
agus má shineas, fuaireas go dóite é. —An lámh eile anois, ar sise,
agus fuaireas an rud céanna, fuaireas trí bhuille ins gach láimh sara
raibh sí réidh liom, agus Micil comh maith. Luíos mo shúil air
chun gan gol in aon chor, chun a thuilleadh cancair a chur uirthi.
Thug sí siar ansan sinn go dtí an ceann tiar don scoil. Bhí dhá
pholla ina seasamh ansan, ag teacht anuas ó dhrom an tí go dtí an
t-urlár, mar a mbimis ag gleacaíocht i gcónaí. Cheangail sí duine
againn do gach polla. Bhiomar ansan ceangailte, agus ma bhiomair
féin, bhiomair go sásta, mar ní raibh aon cheacht á chur orainn,
agus sin é a bhí uainn.
Timpeall leathuair a chloig a bhíomair ann nuair a tháinig cnag
ar an ndoras. Nuair a chualaigh an mhaistreas é sin, leim si don
gcathaoir. Seo anall i, seo sall i, bhí sí gan aon léas meabhrach anois,
mar bhíomarna róchcangailte chun sinn a scaoileadh do theip.
Deineadh an cnag arís ar an ndoras go feargach, do bhris ar an
bhfoighne sa deireadh aici, d'oscail si an doras, agus cé bheadh
ann ach an sagart.
Nuair a chonac féin cé bhí ann, d'fhéachas ar Mhicil: —Tá linn
anois, a bhuachaill, arsa mise, ní fada go bhfeicfir spórt.
Shiúlaigh sé isteach, stán milseán ina láimh aige mar ba ghnách,
seo ag caint leis na páisti é; an mhaistreás fén am so agus cló an
bháis uirthi, agus fáth aici leis. Sin é an uair a bhí na gairi geala
againn. 1 gceann tamaill, d'fhiafraigh an sagart cá raibh Muiris agus
Micil. — Táimíd anso, arsa beirt againn d'aonghuth. Seo chughainn
anall é agus scéan ina radharc. —Ó, Ó, Ó, ar seisean, cad fé ndeara
¢ seo? ce cheangail ansan sibh? — An mhaistreas, a athair, arsa mise.
~—Canathaobh? ar seisean. Neosadsa dhuit é, a athair, arsa mise.
Nuair a bhíos féin agus Micil ag teacht ar scoil ar maidin, do bhuail
dacine muinteartha liom féin linn, agus do choimeddadar av caint
sinn nó go rabhamair uair a chloig déanach ar scoil.
Lena linn sin do sméid sé anuas ar an máistreás. Tháinig si apes
gan inti ach deireadh na feide. —Cad so, cad so déanta agat leis
na páistí bochta laga? arsa an sagart. —Ó, a athair, ar sise, faighiin
pardún agat, ach bhíos chun beagáinín eagla a chur orthu. —lJ-éach,
a athair, arsa mise, ag taspáint mo lámha dhó a bhí clogaithe ar
fad ag na buillí. —-O mo náire é, arsa an sagart, is gcarr an mhoill
orm thú chur amach don scoil ar fad, ar seisean, má leanann tú
don obair seo. Scaoil iad go tapaidh, ar seisean, agus má fhaighimse
amach go ligfir do lámh orthu so aris, beidh scéal nua agat Ic
hinsint,
Ní fheaca riamh aon fhearg ag teacht ar aon tsagart 90 dtí an
lá úd, agus dúrt liom féin go dtagann sí orthu comh maith le cách.
B'e crioch agus deireadh na mbeart é go raibh an la [féin dtor ay
beirt againn. mar fuaireamair deireadh an lac sin saor.
Is cuimhin liom lá breá eile i bhfad ina dhiaidh sin agus mé ai
mo thuras go dti an scoil dom. Tá cloigín os cionn doras na haliach
agus slabhra ag teacht anuas uaidh chun é do tharrac, cloigin a
chuireadh in úil do sna daoine cad a bheadh ar sittl--dinncas,
suipéar, an tAifreann, nó an Paidrín Páirteach, b'fhéidir. Ni raibh
ceol le baint as mura mbeadh pnó leis. Do tharlaigh dom fein ná
raibh móran eolais agam air san am san. Bheireas ar an sablaa ay
cleasaíocht leis agus bhaineas stracadh deas as a chuir ceol ar fucid
na háite. Thaithnigh an ceol san liom go mór, agus da dheascaibh
sin do bhaineas stracadh maith eile as a chuir fuaim níos fearr ar
fuaid na háite. Bhaineas cúig stracadh maithe as.
Fé cheann nóiminte, ní raibh seanduine, bacach na mairtíneach
ná go raibh ag baint na sál dá chéile ag rith chun na hallach. Bhi
bulc chugham aníos, bulc eile chugham anuas, fear anoir, fea
aniar. Dar fia, chuimhníos féin ar mo bhotún, dá óige a bhios. Seo
liom féin ina measc. Chloisinn na seandaoine ag cur Is ag cúileainií
le chéile, fuirse an domhain orthu. —Ní haon dinnéar atá ann, ó
deireadh fear le fear eile. Seo cuid acu fé dhéin an tsáipóil, see itd
go léir. Bhios ag tabhairt gach ní fé ndeara, níor ligeas aon ní orm.
Bhí cibeal agus gibris agus dul trí chéile sa halla anois, Súil dui
thugas siar, cad a chifinn ach an mhaistreás agus a hal ina diaidh ay
teacht fé dhéin an tsdipéil. Ligeas orm ionadh bheith orm chon
maith le cach, sméid sí orm, seo liom féna braid. —Cad ata ar siul.
a Mhuiris?, ar sise. —Ni fheadar ’on domhan, a mháistreás, ce at
mise. Seo léi agus sinne ina diaidh go dtí an sdipéal, chuamatr in
ár nglúine, bhi an saipéal lán ó cheann ceann. Mas ca, ni raibh aon
tsagart ag teacht, agus a fhios agam féin go maith ná viochidh.
I gceann tamaill, cé gheobhadh isteach ach bean riall. (abhi
si leis an bpobal: —Cad a thug anso sibh? ar sise, nó cé chuir an
cloigin ar siúl? D'éirigh an mháistreás ina seasamh agus dúirt gurbh
ait an gnó d'aon duine a leitheid do dhéanamh, go mórmhór daoine
ná raibh in ann siúl do thógaint amach as na cúinní agus an lá do
chur amú uirthi féin.
Nuair a bhí deireadh ráite aici, do thug an bhanaltra ordú don
bpobal imeacht. Mise an uair sin agus fuarallas agam á chur díom,
agus gach aon léim ag mo chroí, mar tuigtí dhom, nuair a dh'fhéach-
adh éinne orm, go raibh sé le haithint aige gur mé a bhí ciontach.
Do tharlaigh an scéal go raibh deireadh an lae saor againn dá
bharr.
Oiche amháin gheimhridh a bhi fiain go maith maidir le cnagar-
nach á bhaint as pánaí na bhfuinneog ag an sneachta, feadaíl
uaigneach ag an ngaoith ag séideadh i mcasc na gcrann ar an dtaobh
amuigh, gángarnach ag asal i bhfad uaim le fuacht na hoiche, agus
mé féin an uair sin sínte ar fhleasc mo dhroma sa leabaidh bhreá
chluthair, mé ag cuimhneamh agus ag siormhachnamh ar an mBlas-
caod, cad é an lá go mbeinn ann im fhear gan smacht ag na banaltraí
orm ná scoil ag cur tinnis orm, agus ná beadh an mhaistreas am
bhualadh, is gearr go gcuireadh cith mór sneachtaidh an Blascaod
as mo chuimhne, do chloisinn an t-asal beag ag gángarnaigh 1 bhfad
i gcéin, do chuireadh sé trua orm: —O, dá mbeinn san áit go
bhfuileann tú anois, a asailin, nach orm a bheadh an scanradh
roimh na púcaí!
Lena linn sin, tháinig cnag ar an ndoras, ——Cé tá ansan? arsa
banaltra. —Lig isteach me, arsa an guth go truamhéileach. D'oscail
an bhanaltra an doras, agus léimeann si isteach bean bheag
mheanaosta, cúpla paiste lena cois, iad gioblach go maith, cuma na
siúlóide orthu, an braon ag sileadh ó bhonn baitheas leo.
— Go mbeannaí Dia anso sibh! ar sise. —Dia is Muire dhíbh!
arsa an bhanaltra. —Ar son Dé, an féidir libh aon tslí a dhéanamh
istigh go maidean dúinn ó fhuacht na hoíche”? arsa an stracaire
mná. —Gheobhaidh sibh agus míle fáilte, arsa an bhanaltra.
Tugadh trí chathaoir dóibh le suí orthu. Deineadh tae dhóibh.
Shuíodar chun boird, ní raibh aon fhocal eile le fáil ón mbean
bhocht, ach gach stracfhéachaint aici ar an ndoras, cuma fhaitíosach
uirthi, ar nós duine go mbeadh coir mhór déanta aige.
Ní raibh ach cúpla greim ite acu nuair a tháinig cnag mór eile ar
an ndoras. Rith an bhanaltra amach: —Cé tá ansan? ar sise.
—-Constáblaí, arsa an guth go tapaidh amuigh á freagairt.
Lena linn sin, do léim an bhean bhocht ón mbord, do scréach sí
agus do liúigh si: —Ó, Dia lem anam, ar sise, táim acu.
Osclaíodh an doras agus do léim beirt chonstablaí isteach, iad
glan go hard os cionn sé troithe, iad comh díreach le coinneal, cuma
fhiain orthu, d'aithneodh éinne orthu go rabhadar ar thóir na mná
boichte.
——Cad a thug anso isteach tusa? arsa ceann acu léithi go mifhoigh-
neach. Níor fhreagair an bhean bhocht, ach crith cos agus lámh
uirthi. —Táim á chur id leith gur bhrisis na pánaí ar an sáipéal
chun dul isteach ann, arsa ceann acu do ghuth mhór gharbh. Do
scréach an bhean. Do bheir duine acu ar gach láimh uirthi agus
d'ardaíodar leo an doras amach i.
Bhios ag féachaint orthu ar feadh an ama so. Thosnaíos ag
machnamh aris, agus me ag éisteacht léi ag imeacht ón dligh ag
béicigh agus ag húirigh, gurbh ait an saol é smacht ar an mbean
mhór láidir sin comh maith liom féin. Do chloisinn anois is arís
foscread á ligint aici, agus fé mar a bhí sí ag imeacht uaim, bhí an
bhéiceach ag dul i laige, nó gur thiteas i dtromshuan.
Ní fada go rabhas i dtaibhreamh, go rabhas féin agus Micil J2ic
ag siúl trí pháirc bhreá leathan i mBaile an Mhuilinn ag baint
bláthanna deasa. Nuair a bhí ár ndóthain bainte againn, do
shuiomair sios. ag caint ar an scoil agus ar bhriolla-bhrealla. mas n
gnách le páistí a bheith, agus i gceann tamaill dar liom gur thil
Micil dá chodladh.
Bhíos ag féachaint air, agus é ag srantarnaigh go breá fada réidh,
mé ag cuimhneamh gurbh ait an rud an codladh céanna, awus cad
a chífinn ag teacht aniar as a bhéal ach peidhleacáinín deas bán,
dar liom. Seo leis ag siúl síos ar a chorp. Stadas, mhachnaíos gur
ghreannúr an rud é theacht aniar as a bhéal. Seo síos an peidh-
leácáinín fén bpáirc. D'éiríos agus leanas é, dar liom, riamh agus
choíche nó gur tháinig sé go dtí geata iarainn. Seo leis in airde tri
shlata an gheataigh ó shlat go slat, agus é go breá mall ag cur dó,
mise ag breithniú air. Nuair a tháinig sé go dtí barr an gheataigh,
seo leis an taobh eile síos. Stadas. Bhíos ag faire ar gach cúrsa dá
raibh aige a thabhairt isteach, nuair a tháinig sé anuas don ngeata
isteach i bpáirc eile. Do bhi seanchloigeann capaill ansan cois claí
a bhí ann le blianta, comh fada lem thuairim. Seo isteach an peidh-
eacán tri áit na sul, faire mhaith agam féin air. Ní raibh sé ag
teacht amach. Is dóigh liom gur thug sé suas le cúig néiminti istigh.
Sa deireadh tháinig sé amach trí bhéal an chloiginn, aníos leis go dtí
an ngeata arís, agus in airde leis trí gach slat nó gur tháinig sé anuas
ón dtaobh eile, mar ar tháinig sé aníos roimis sin. Suas leis tríd an
bpáirc, mise ina dhiaidh riamh agus choíche, nó gur chuaigh isteach
i mbéal Mhicil arís.
Lena linn sin, do dhúisigh sé, d'fhéach ina thimpeall, do dhein
leamhgháire. —Cá bhfuilim? ar seisean. —Ná haithníonn tú an
áit? arsa mise. Níor ligeas faic orm mar gheall ar an bpeidhleacán
fós. —O a Mhuitis, ar seisean, suigh síos go neosad duit an taibh-
reamh brea deas a bhi anois agam. Shuios.
An gcreidfeá gur taibhriodh dom sinn a dhul amú ar a chéile
nuair a bhíomair ag baint na mbláthanna, agus go rabhas ag
imeacht liom riamh agus choiche nó gur thána go dti bóithre iarainn
a bhí ag dul tharna chéile ar nós snáithín stoca. Ní fheadar do
thalamh an domhain cá rabhas, bhíos ag scréachaigh agus ag
glaoch ortsa, ach sin a raibh do mhaith dhúinn ann. Nuair a thána
go dtí deireadh an bhóthair iarainn, do chonac uaim tigh mór geal.
Chuas féna dhéin. Is ea bhí doras mór cruinn gan aon chomhla air.
Stadas agus d'fhéachas air. Dia lem anam, arsa mise liom féin, cad
é an áit é seo, nó an raghad isteach? Ó, níl aon bhréag sa méid sin,
a Mhuiris. —O, creidimse thú go maith, arsa mise, lean leat.
—-Sea, chuas isteach, agus má chuas, ní raibh éinne beo ná marbh
agam le feiscint. Bhíos ag imeacht ó sheomra go seomra, ach am-
briathar féin, a Mhuiris, go raibh mo dhóthain faitís ag teacht orm.
— Níorbh aon ionadh dhuit é, arsa mise. —Sea, dar fia, dar liom
go rabhas ag dul amú ins na seomraí agus nárbh fhéidir liom doras
na sráide a dh'fháil amach. Bhíos ag púcáil liom riamh agus choíche
nó gur bhaineas amach é. agus an riabhach dom ná gur chasas ar mo
sháil aníos tri sna bóithre céanna, agus díreach is mé aníos tríd an
bpáirc is ea dhúisíos.
—Slan do scéalaí, arsa mise. De dhealramh, arsa mise agus mé
ag féachaint in airde ar an ngréin, nuair a bhíonn duine ag taibh-
reamh, go mbíonn peidhleacán bán tar éis teacht amach as a bhéal,
agus é ag siúl leis, agus nuair a thagann thar n-ais, gurb shin é an
uair a dhúisíonn sé. —Canathaobh go ndeir tú é sin? arsa Micil.
—Mar do chonac ag teacht amach as do bhéalsa é, nuair a bhís id
chodladh, agus ag siúl] síos tríd an bpáirc, in airde tríd an ngeata san
thios, agus as san isteach trí shean-chloigeann capaill atá istigh sa
pháirc sin thall. Tháinig amach arís, aníos tríd an áit chéanna, agus
isteach id bhéal. Sin é an uair chéanna a dhúisis, agus comh siúrálta
agus atánn tú beo, sin é an tigh mór go rabhais istigh ann.
Lena linn sin, do dhein Micil aon scarta amháin gáire a dhúisigh
as mo chodladh mé, agus cad a bheadh ach Micil agus a chroí briste
ar an dtaobh eile dhom nuair a chuala sé ag caint trím chodladh me.
D'éirigh gach duine againn, d'ullmhuigh iad féin chun scoile, agus
as go brách linn; agus do bhíos féin an lá san agus gan aon ní agam
á fhoghlaim ach ag imsint an taibhreamh do Mhicil.
Is cuimhin fiom lá brea i mi Iúil sa mbliain 1911 go rabhas istigh
ar scoil, ni fada a bhíos, nuair a tháinig stócach do bhuachaill
isteach, chuaigh chun cainte leis an máistreás, agus dúirt léithi go
rabhas-sa ag teastáil ó dhuine eigin amuigh sa halla. Lena linn sin.
do ghlaoigh sí aníos orm agus dúirt liom dul amach chuige.
Ar mo dhul amach dom, cé chífinn ach m'athair agus m'uncail
agus beirt aintín dom. Do rith m'aintin chugham gan tada a rá ach
barróg a bhreith isteach orm agus mé phógadh, m'aintín eile mar
an gcéanna. Agus ansan m'athair: —An maith leat dul abhaile
inniu liomsa? ar seisean. —Is maith, arsa mise, agus mo chroí ar
sciobadh chuige. Cad é an saghas áite é? arsa mise. —Ó, áit bhrea
dheas, ar seisean. —An mbeidh sibh ag imeacht anois? arsa mise go
ríméadach. ——Dá mbeimis ullamh, ar seisean; nuair a bheidh
dinnéar caite againn, beam ag bogadh linn in ainm Dé, ar seisean,
—Raghad isteach arís, mar sin, agus fágfad slán ag Micil. —Tá go
maith, ná bí i bhfad.
Seo liom isteach, agus ní bhrisfeadh ubh a bheadh fém chosa le
lúcháir agus le héirí croi, nó gur shíneas mo lámh go dtí Micil.
—Slan leat anois, a Mhicil, táim ag dul abhaile inniu, agus tá súil
agam go bhfeicfead arís thú fé mhaise agus fé shiáinte. —Gurb
amhlaidh dhuit, arsa Micil agus na deora ag sileadh leis.
Nuair iontaios suas chun dul chun cainte leis an máistreás, do
thugas fé ndeara dhá chnapshúil aici. —Sea, tá go brea dul chun
cainte leatsa, arsa mise im aigne féin. Chuas suas chúichi. pé scéal c.
agus do labhras go deas mar seo léi: —Taim ag dul abhaile inniu,
arsa mise,
Do léim sí ina seasamh: —Cad é sin agat á rá? ar sise go feargach.
—-Táim ag dul abhaile inniu, arsa mise go ciúin. —Cé tháinig ag
triall ort? —Thainig m'athair. —Ca bhfuil sé? —Ta sé ansan
amuigh, arsa mise.
Seo léi gan a thuilleadh do rá, mise ina diaidh, nó gur shroich-
eamair an áit go raibh m'athair. —Do chuir si mile fáilte roimis, do
labhair leis go deas tláthúil an chéad uair; ach bhíos-sa ag féachaint
uirthi, agus má bhíos, ní fheaca aon dea-fhuadar fúithi. Sa deireadh
do bhris ar an bhfoighne aici. —Dhera mhuise, ba chóir go mbeadh
a fhios agat cad tá agat á dhéanamh bheith ag tabhairt an pháiste
abhaile leat, agus gur anois atá sé ag foghlaim a chuid scoláireachta,
agus dá bhfágfá anso é, go mbeadh slí beatha go deo aige ina
dhiaidh. —Och, mo thrua do cheann, arsa m'athair, ní fheadar cad
é an slí beatha a gheobhadh sé ach ligint dó a shrón do leanúint i
ndeireadh na dala.
—-Sea, a Sheáin, ar sise, do cheapas go raibh éifeacht éigin id
cheatin go dtí inniu agus a leithéid sin do dhéanamh leis an mbuach-
aill bocht. Ar an gcead dul sios, caillfidh se a theanga Bhearla.
amus da dheascaibh sin beidh se ina amadan nuair cireoidh se suas ina
bhranach, má mhaireann sé leis—-ca raghaidh se? ni bhfaighidh sc
post gan Bhéarla. —Nach fearr ná san an dá theanga bheith aige?
arsa m'athair, agus rud eile atá sa scéal, níl a fhios agat cad é an
chuma go n-iontóidh Éire amach fós—b'fhéidir go raghadh an
teanga iasachta fé chois, ar seisean ag déanamh smiota gáire. —Och,
ar sise, is é ‘Mair a chapaill agus gheobhair féar” agat é. —Is é an
rud céanna a bhí agam féin le rá ag tagairt don bpáiste, arsa
m'athair, mar sin é an chuma a bheidh aige. Ní haon mhaith dhúinn
bheith ag caitheamh an lae mar sin—téanaíg oraibh, ar seisean.
D'fhágamair slán is beannacht ag an máistreás agus bhailimh linn.
Caithfimíd dul suas go dti an t-óspaidéal anois, arsa m'athair,
chun tú dhéanamh suas, mar cheannaíos culaith dheas éadaigh duit.
Nuair a chuala é sin, bhíos comh ríméadach agus gur tuigeadh
dom ná raibh éinne ar an saol ach mé féin, go mórmhór nuair nár
chaitheas aon treabhsar fós; ach anois nár mhór an t-athrú i gceann
leathuaire chloig é, mé im fhear déanta, mé ag imeacht ó anró an
tsaoil agus ó dhaorsmacht na mbanaltrai.
Ar ár sli suas dúinn, bhi an ghrian ag taithneamh go breá agus é
go brothallach gan scamall sa spéir, na héanaibh ag cantaireacht go
binn ar na crannaibh. Dar go deimhin. a éinin, arsa mise im aignc
féin, gur cheapas lá ná beinn comh sásta leat ná comh compordach.
— ls dóigh liom, arsa m'athair, go bhfuil brón ort bheith ag
facaint. ——Brón ormsa? arsa mise, is orm ná fuil sé ach deabhadh
atá orm chun an treabhsar a bheith orm agus mo bhaile dúchais
a dh fheiscint.
Do bhí bean rialta ina seasamh romhainn ag an ndoras, do chuir
na mílte fáilte roimh m'athair, agus do cheistigh é im thaobhsa go
caoin cneasta, d'imigh sí arís agus d'fhág sí ansan sinn. Do chonac
féin beartán ar an mbord, chuimhnios láithreach ar an gculaith nua,
bhíos ag faire air riamh agus choiche nó gur oscail m'athair é.
Thóg sé amach bríste agus casóg, tharraig amach arís léine, bóna
agus caipin, péire slipéirí agus péire stocaí dubha. —Anois, ar
seisean, caith dhuit anuas na héadaí linbh.
Nuair a bhíos réidh, d'fhéachas ar m'athair agus é ag gáirí. —Dar
fia. ar scisean, tánn tú it fhear déanta, bail ó Dhia ort. Jontaig aniar
go bhfeicfead do dhrom. Ta sí comh hoiriúnach agus go ndéanfadh
an táilliúir duit i. Fan go bhfaighead an scáthán duit. Féach anois
ort féin, ar seisean. D'fhéachas, agus más ea, nuair a chonac an
deilbh go rabhas, d'imigh cuimhneamh Mhicil agus gach cuimh-
neamh eile as mo cheann, —Ó, a dhaid, arsa mise, is mór an spórt
le breáthacht mé.
Amach linn an bóthar sios, agus ni fada a bhíos nuair a chasas
in airde mo phort feadaile, gach coiscéim agam á thabhairt comh
fada lem athair. á chur in úil do sna daoine go rabhas im fhear.
Is gearr ansan gur bhuail mo dhá aintín liom, do stracadar óna
chéile mé am phógadh, mar tá an riabhach féin ar na mná le plámás,
agus dá bhrí sin níor mhaith liom ina dhiaidh sin iad do bhualadh
liom. Cad fáth ná tégfaidis go breá bog é ar nós fir? Ní dhéanfadh
ach ag lútáil leat gach uile am a thiocfaidís trasna ort.
Nuair a bhí m aintíní sásta, chuir gach duine acu leathchoróin im
póca, i dteannta a lán eile a bhí fachta agam ó dhaoine eile, agus
do bhí mo dhá láimh thíos im pócaí anois agam agus ceol agam á
bhaint as an airgead lem mhéireanna. B'shin nós a bhí sa cheantar,
an buachaill a chuireadh an chéad chulaith éadaigh air, théadh sé
ó thigh go tigh ar fuaid an bhaile, agus a mbriathar gurb ¢ a bhiodh
go tóirtéiseach tráthnóna ar theacht abhaile dhó lena mbíodh
d'airgead déanta aige tar éis an lae.
Ní fada anois go rabhamair sa bhaile mhór, an triúr romham
amach agus mise ina ndiaidh ag féachaint orm féin, truslóg mhaith
fhada agam á thabhairt d'fhonn is cló an fhir a chur orm féin.
Bhuaileamair isteach go dti siopa Mhartan Ó Catháin sa tsráid
mhór.
——Dé bhur mbeatha, arsa Mártan. —Go maire-se i bhfad. arsa
m'aintín. —Cé hé an stócach atá in aonacht libh? arsa Mártan.
—Mac dom é sin, arsa m'athair. —An b'ea? arsa Mártan, ní
aithneoinn go deo é. An maith leat bheith ag dul go dtí an Blascaod?
—-Is maith liom go mór é, arsa mise leis. —Ambriathar féin féin,
arsa Mártan ag déanamh smiota gáire, go dtiocfaidh lá ortsa fós go
dtabharfair do chúl leis an áit sin, a bhuachaill. — Ní thiocfaidh an
la san go deo. arsa mise. —Ambaice, arsa Mártan, ma chuais Ict
athair crionna, táim in amhras na fagfair. B'fheidir go ndeanfa
iascaire maith fós. Téanaig isteach, is dócha go bhfuil ocras oraibh.
Do shuíomair síos chun boird agus do thosnaíodar ag comhrá le
chéile as Gaelainn. Bhíos-sa ag éisteacht leo go cúthail ar nós
madra bheadh ag éisteacht le ceo], ach níorbh fhéidir liom aon
éifeacht a bhaint astu. Dá bhrí sin do shleamhnaíos anonn go dtí
m'aintin. Do phriocas sa drom í. —Cad é an saghas cainte i sin ar
siúl ag m'athair agus ag an bhfear eile? arsa mise. —Gaelainn í sin,
a stóir, ar sise ag breith barróg orm agus am phógadh.
Níor lú orm féin an sioc ná é sin do dhéanamh liom. Nuair a
fuaireas mé féin bogtha aisti, do chúbálas uaithi amach go dtí an
doras, mé ag féachaint ar na daoine ag siúl sios suas tharm agus ag
síorsmaoineamh ar na béasa baotha atá ag na mná, ná féadfá
labhairt leo nuair a bheidis léimithe chughat.
Bhí m'athair, Mártan agus m'uncail geirgéiseach go maith anois
do dheascaibh na df. I gceann tamaill, d'éirigh m'athair. —Fan-
aigse ansan, ar seisean. nó go bhfaighead cóiste, ní bhead i bhfad.
Vimpeall leathuair a chloig a bhí m'athair nuair a tháinig sé aris
aeus an cóiste aigc. Bhi gach ní ullamh againn, a ghiotalacha fein i
bhfearas ag gach éinne, agus fonn bóthair orm féin chun na tuaithc
dh fheiscint. Ní raibh aon eolas agam ar na háiteanna, agus dá bhrí
sin do bhi m'athair ag tabhairt ainm gach áite dhom. [s gearr anois
vo raibh an fharraige mhór agam le feiscint riamh agus choiche nó
our thánamair go dtí Ceann Sléibhe.
Anois. a Mhuiris, arsa m'athair, féach t'áit dhúchais, ag sineadh
a mhéirc siar ó thuaidh i dtreo oileáinín beag a bhí scriosta amach
ón míntír. Níor labhras, do tháinig cnap im scornaigh nuair a
chonac an tOileán,
Ach. arsa mise sa deireadh, conas is féidir leis an gcapall dul
ansan isteach? —Ragham isteach le naomhóig, arsa m'athair. —Cad
é an sórt rud an naomhóg? arsa mise.
Níor chuireas a thuilleadh ceistiúcháin air ach mé ag síormhach-
namh agus ag féachaint uaim isteach. Do chonac tithe beaga geala
dldite ina chéile i lár an Oileáin, cnoc mor fiain siar díreach gan aon
(igh cile le feiscint ach amháin túr a bhí i mullach an chnoic agus an
cnoc san bán le caoire thall is abhus. Nior thaithnigh an fhéachaint
sin liom. Is doigh liom, arsa mise im aigne féin, nach áit ar fónamh c.
Sa mhachnamh dom do stad an cóiste. Tháinig na daoine anuas
veus do tharraig m'athair anuas mé féin. —Ca bhfuilimid ag dul
anois” arsa mise.
Lá don tseachtain a bhí ann, agus díreach agus sinn ar bharra
na haille, sin é an uair a bhí Rí an Oileáin ag teacht aníos ón
muileann, mála an phoist ar a dhrom aige. Do labhair se lem athair.
ach níor thuigeas féin focal ar bith uathu. Is gearr gur iontaigh an
Ri orm. -—M anam ón fial, ar seisean, conas tánn tú? ag sineadh a
[aimhe chugham.
Bhíos ag féachaint air, agus má bhíos, ba bhreá múinte béasach
dea-ghnúistineach an fear a bhí ann. —Thank you very much, arsa
mise. —An fial mé, ar seisean aris as Béarla, gur dóigh liom ná fuil
aon tuiscint ar an nGaelainn agat. —Nil, arsa mise, ach is aige féin
a bhí an dá theanga go briomhar blasta. —Conas a thaithníonn leat
bheith ag dul isteach go dtí an tOileán? —Ni fheadar "on domhan,
arsa misc, níl cló ródheas ar fad air.
-M'anam ón fial gur dócha go bhfuil sé in am tabhairt fé isteach.
a Sheain, arsa an Ri ag iontú ar m'athair agus ag bogadh leis síos.
Bhios féin anois ag féachaint ar na cuilithini bana ar an bhfarraige
lem bun sios, scríob mhaith do ghaoith aniar 's aneas ann, agus do
bhogamair linn síos trí fhaill mhór, bóithrin beag caol achrannach
ag imeacht romhainn síos. Nuair a thána ar radharc an ché, cad a
chifinn dar liom ach suas le fiche ciaréga móra dubha a bhi dha
uair níos mó ná aon bhó. —O a dhaid, arsa mise, an baol dúinn na
ciaróga san thíos?
Lena linn sin, do dhein an Rí gáire breá suáilceach a bhain
macalla amach as an bhfaill, mar fear breá láidir dob ea é ná raibh
aon chiachán air. —An fial mé, a gharsúin, ar seisean, nár thugais
aon drochthuairim dóibh agus nach tú éinne amháin a thug an ainm
chéanna orthu.
Nuair a bhíomair thíos ar an gcé, d'fhéachas suas ar aoirde na
faille, luibhearnach ag fás anso is ansúd, fothram uafásach á bhaint
amach ag na tonnta a bhí ag briseadh féna bun, agus is gearr go
bhfeaca éan mor dubh in airde i lar na faille agus nead deanta aici
ann. —O a thiarcais, arsa mise im aigne féin, conas a choimeádann
tú do mheabhair ansan thuas in aon chor?
Lena linn sin, d'iontaíos mo cheann i dtreo na slipe, agus cad a
chífinn ach ceann do sna ciaróga móra ag siúl chugham amach. Do
gheit mo chroí, do bheireas ar sheál ar m'aintín agus do chuireas
aon scréach amháin asam. —O, an chiaróg! arsa mise agus scanradh
an domhain orm. —Ná bíodh aon eagla ort, ar sise, nach naomhóg
isin atá ar a ndrom acu? agus do bhain laspa póige eile dhíom. Do
mheasas a rá léi gur ghránna an béas a bhí ag na mná, ach ní dúrt,
do chrapas mo theanga arís.
Bhí an naomhóg ar snámh anois ar nós coirc ar an uisce, agus
más ea, leis an luascail a bhí uirthi, do cheapas ó uair go huair go
mbeadh a béal fúithi. Seo isteach an Rí, agus dar fia ní raibh aon
choinne agam ná go gcuirfeadh sé síos fén uisce í leis an meáchaint
a bhí sa bhfear. Mé féin an duine déanach a cuireadh inti, an Rí
go brea sochma ar an dtochta agus a phip dearg aige, m'aintini
thiar ina deireadh agus mise suite ag a gcosa ar stán milseán,
—Anois, arsa an Rí, in ainm Dé bogaimis amach i.
Is gearr go n-éiríodh an naomhóg in airde do dhroim tonn mhór
agus síos arís ar an dtaobh eile, streancán á chur ar gach taobh di
nuair a bhuaileadh sí an t-uisce. Ba mhaith liom go mór é sin nó
go rabhamair Lár Bá isteach. Is ansan a bhraitheas mo phutóga
ag imeacht trína chéile, agus ba sheacht mheasa a bhínn nuair a
dh éiríodh an naomhóg in airde agus sios aris. Scréachas.
—-Ná bíodh aon eagla ort, arsa m'athair. —O ní haon eagla atá
orm, arsa mise, ach tá rud éigin ag teacht orm ná fuil i gceart,
— Tóg in airde do cheann, a bhuachaill, arsa an Rí, agus biodh
siolla na gaoithe agat.
Do thógas, agus más ea ba mhar a chéile é. Ní fada gur tháinig
stríocadh tinnis trasna mo chliabhlaigh, fonn cuir amach. Thugas
fé chaitheamh amach, nior chuireas, thugas iarracht eile. nior
éirigh liom.
—Caith amach é, a bhuachaill, arsa an Ri, agus ni bheidh faic
ort. Thugas seacht n-iarrachtaí fé, ach níor éirigh liom. —Cuir do
lámh siar id bhéal, arsa m'athair, an fhaid siar a raghaidh sí, agus
beidh agat. Chuireas, agus más ca, b'fhearr liom í bheith aniar
agam arís. —Ná bíodh eagla ort, arsa m'athair arís. — Ach nach
shin é an chuma is measa a bhím, arsa mise, nuair a chuirim siar í?
—-Ná bac san, arsa m'athair, fág siar go maith í, nó go dtiocfaidh
an t-ualach aniar.
Thástálas arís, agus deirim leat gur mór go léir an fhoighne a
dheineas. Gach am a bhuailinn mo mhéireanna siar ar mo scornach,
do ritheadh fonn Uirlici trim chorp. Do dheineas foighne ar mo
lámh a dh’fhagaint thiar riamh agus choíche nó gur bhraitheas mo
bholg ag bualadh thiar ar chaol mo dhroma. Aníos leis an ualach,
chaitheas amach é, ach ní raibh aon choinne agam go dtarraiceoinn
m'anál go deo aris.
Bhuail m'aintín sa drom mé, agus is dóigh liom gur dhein sé
an-mhaitheas dom, thug sé fuascailt na hanála dhom, pé scéal é.
Bhí m'uncail ar an dtochta tosaigh ag rámhaíocht leis, d'fhéach sé
orm féin, do chuir rais mhór cainte as, ach mo léan, ní raibh d'fhios
agam féin ar cad a dúirt sé ach oiread leis an maide rámha.
Bhíomair i ngiorracht ceathrú mile don gcaladh anois, radharc
bhreá ar an Oileán agam, gan leoithne gaoithe sa spéir, mar an
méid a bhí ann di roimis sin, bhí sé imithe. Bhí an fharraige ina
bainté, gach tigh san Oileán agus streillín deataigh ag éirí in airde
direach uathu cheal gaoithe, an ghrian comh bui le hór do dhroim
Mham na Leacan o thuaidh, naomhóg orainn aneas, naomhóg eile
aduaidh, macalla á bhaint as na cuaiseanna ag sceamhaíl na gcon,
agus nuair a stadadh san, bhí an traona agam le cloisint—draoch,
draoch, draoch! aici. Bhí gliondar ag teacht ar mo chroí anois le
haoibhncas na háite, agus is gearr go bhfeaca ag rith anuas tri
gach cosan beirt, tnúr, ceathrar, sa deireadh chuaigh diom iad do
chomhaireamh, iad ag teacht ar nós na seangán, cuid acu ag rith,
Cuid acu ag siúl go mall—sa deireadh bhíodar in aon bhulc amháin
os cionn an chaladh.
Seo linn isteach trí ghóilin cúng ná raith ann ach leithead na
naomhóige, agus is mór go léir an leathadh a baineadh as mo shúile
nuair a thánamair isteach ar an linn. Ní raibh pioc don slip ná go
raibh clúdaithe le páistí agus le daoine fásta comh maith. Ba dhóigh
leat ar bhreithniú orthu gur ampla a bhi orthu chun an naomhóg a
stracadh ó chéile, fuaim agus gibris ina bhfuaid ar nós scata géanna
a chuirfeadh madra trína chéile, go mórmhór mé féin gan aon
tuiscint agam orthu.
Síneadh suas an naomhóg le taobh na slipe. Chuas amach aisti.
Chruinníodar timpeall ar an naomhóig, ach amháin na páistí,
chruinniodar san timpeall orm féin, gach duine acu ag cur na súl
tríom, cuid acu agus a méar ina mbéal acu, cuid eile ag giotail lena
méireanna, cuid eile acu ag teacht taobh thiar dom. Bhi saghas
naire ag teacht orm, cad fáth an ghliticaiocht go léir orm féin”?
Cuid acu, nuair a dh'fhéachainn orthu, dheinidis gáire agus chuiridis
a n-aghaidh i bhfolach taobh thiar do dhrom duine eile acu.
~—Scaipig! arsa an Rí do ghuth mhór gharbh leis na páistí a bhí
ag teacht sa tslí air. Ritheadar san go heaglach, agus ní fada go
raibh an naomhóg ar a ndrom acu á chur ar an stáitse.
Bhíos-sa im sheasamh thuas ar bharra na slipe anois agus
beagainin eagla ag teacht orm, mar do bhi sé ina sheasamh os mo
chomhair amach pataire do bhuachaill a bhi comh ramhar Ic
banbh, dhá shúil mhóra ghorma aige, smuga ar a chaincin, a mhéar
ina bhéal aige agus é á chogaint. D’fhéachadh sé ar mo cheann, as
san ar mo chosa, thagadh sé taobh thiar diom ansan ag iniúchadh
ar an gcuma ceanna, braithinn a anal the isteach ar mo chúl.
Níor dheineas ach lámh a chur im póca agus roinnt milseán a
thabhairt dó, d'fhonn is go dtógfadh sé a aghaidh ghaoraíochta
dhom. Ní túisce san déanta agam ná rith sé leis i measc na coda
cile, agus nuair a chonaiceadar san na milseáin, seo chugham féin
anal! iad ag brú a chéile isteach orm.
Lena linn sin, do ghaibh anuas tríd an slí seanduine maith aosta,
é ag féachaint orm féin agus ag leamhgháirí. Tháinig chugham
anall, bheir barróg isteach orm, agus do phóg go dúthrachtach mé,
agus thosnaigh ag caint liom i dteanga bhreá Bhéarla.
—Cé hé tusa? arsa mise leis. —Ó, nach mór an obair ná haith-
níonn tú t'athair críonna, ar seisean ag déanamh gáire eile. Téanam
ort suas liomsa anois, ar seisean ag breith ar láimh orm. Agus dar
fia, a léitheoir, go raibh sé leathuair a chloig go maith sara raibh
an tigh bainte amach againn, do dheascaibh na seanbhan a theacht
romhainn chun fáilte do chur romham féin. —An riabhach, arsa
seanfhear a bhí ina sheasamh taobh linn, ná plúchaíg é!
Do chuir an tigh ardionadh orm, mar ní fheaca a mhacsamhail
riamh roimis sin—tigh beag íseal, ceann peilte air, é go geal lasmuigh
agus laistigh le haol, tine bhreá dhearg go raibh teas aici á chur ins
gach cúinne, cheithre cinn do chathaoireacha súgáin timpeall na
tine. Shuíos ar cheann acu. Bhí madra ina luí sa luaith, chuimleas
mo bhos dó, leim se, chuir crónan mallaithe as, tharraig a eireaball
idir a dhá chois agus d'imigh siar sa chúinne.
Bhí beirt deirféar agus beirt dearthár agam sa tigh, agus dá bhrí
sin ní rabhas uaigneach in aon chor. Nuair a bhí gach ní réidh, do
shuiomair chun boird, agus b'é sin an bord breá folláin maidir le
prátaí breátha briste amach agus dhá phláta mhóra do dheargáin
bhuithe, mar b'é sin an nós le Juf na hoíche sa Bhiascaod. Thosnaigh,
m'athair críonna agus m'athair agus mo bheirt deirféar ag caint sa
Ghaelainn, ach ní raibh tuiscint ar bith agam féin orthu. Thugaidis
casadh súl orm anois is arís agus dheinidís gáire.
I gceann tamaill. tagann triúr buachailli isteach. ina ndiaidh sin
triúr cailíní, agus mar sin dóibh nó go raibh an tigh lán acu.
Nuair a bhí an suipéar i leataoibh, do scuab mo dheirfiúr an
t-urlar agus do chroth gainimh air. Bhios im shui sa chathaoir ag
tabhairt gach ní fé ndeara. I gceann tamaill eile do lasadh an lampa,
agus do thugas fé ndearna an ghlioscarnach san urlár ag an ngainimh
thirim. Do chuir rud éigin ceol as taobh thiar diom. Do chasas siar
i leith mo chúil, agus tuigeadh dom go raibh se istigh san adharta.
D'iontaíos ar m'athair agus d'fhiafraios do cad e an rud a bhi ag
deanamh an cheoil istigh san adharta, — Nár chualais riamh e sin?
— Níor chuala, arsa mise. —Creagair iad san, ar seisean.
Lena linn sin, cé gheobhadh isteach ach buachaill agus melódion
féna ascaill aige, sheim suas port, agus ní fada a bhí nuair a dh'éirigh
beirt bhuachaillí agus beirt chailíní amach ar an urlár, agus níl aon
bhao! ná go dtógfadh sé na mairbh as uaigh bheith ag féachaint
orthu ag déanamh an chor cheathrair.
D'fhéachas ar an gclog. Bhí sé meán oiche. Tháinig iontas orm,
níor bhraitheas an oíche ag imeacht. Mhuise mo léir, arsa mise
liom féin, dá mbeinnse sa Daingean anois, is fadó riamh a bheinn
sa leabaidh agus Micil ar an dtaobh eile dhíom, agus nach mó rud
a chuirfimís trí chéile!
Bhí rince ag dul san aer fén dtaca so, cuid do sna buachaillí agus
braon bog allais orthu, agus nuair a bhí an rince i leataoibh, is gearr
gur thosnaigh a raibh istigh ag bualadh bos. B'ait liom é sin, agus
d'fhiafraíos dom athair críonna cad é an bun go rabhadar mar sin.
—-Tá siad ag tathant ar Eibhlín amhrán do rá, ar seisean.
Lena linn sin, do chas mo dheirfiúr scol amhráin in airde, agus
ba bhreá leat bheith ag éisteacht léi an uair sin, ciúnas na hoiche
ann, gach duine ina thost, a mbos féna leathcheann acu, gan focal
ar bith astu, ach amháin anois is aris i ndeireadh gach bhéarsa
deireadh m'athair críonna: —Mo ghrá go deo thú, a Eibhlín! An
dóigh leat, a léitheoir, ná gurb shin é an chéad bhlúire don nGaelainn
a phriocas suas an oíche sin.
Nuair a bhí an t-amhrán ráite aici, do buaileadh na bosa arís,
agus seo an gleo ar siúl ar fuaid an ti, beirt anso agus beirt ansúd
ag cogarnaigh le chéile agus iad go léir go gealghairitheach.
1 gceann tamaill, do chuir m'athair cogar im chluais: — Abair let
athair crionna amhran do ra, tá se an-mhaith chúchu, ar seisean.
D'iontaíos sall air. —Abair féin amhrán anois, arsa mise. Bhuail
sé a cheann fé agus dhein gáire. —Ni eiteod thú, ar seisean.
Bhuail bos féna leathcheann agus chas in airde Éamonn Magaine.
agus nil aon bhaol na gur bhreá an t-amhránaí é san am san. Bhíos
ag éisteacht leis go haireach, agus nuair a thagadh sé go deireadh
an bhearsa, do chuireadh sé codladh grifin im chuid fola, agus
níorbh aon ionadh é sin maidir leis an nguth, an criothan agus an
binneas. Gach focal ag teacht amach go soiléir, ach gan aon tuiscint
agamsa orthu, ach mar sin féin do bhi an taobh eile agam dé-—an
guth, an criothan agus an binneas. Ni raibh gíog na miog as éinne,
ach amháin an creagar na raibh aon staonadh ar a ghuth féin istigh
san adharta, agus is doigh liom go raibh codladh ag teacht ar chuid
acu le suailceas agus le binneas an ghutha.
Nuair a bhi sé ráite aige, do bualadh na bosa ó thalamh dó, agus
—-Mo ghrá go deo thi! arsa mise amach as Gaelainn. Do gháir
gach duine istigh nuair a chualadar mise 4 ra san.
Do bhi sé an-dhéanach san oíche anois, agus da bhrí sin do bhi
gach éinne ag scaipeadh agus ag dul ’on bhinn bhain, agus niorbh
fhada gur chuamair go léir a chodladh.
—Ar mhaith leat dul ar an gcnoc liom? arsa m'athair críonna,
agus é ag cur an tsrathair ar an asal chun ualach móna do bhreith
abhaile leis.
Lá breá gréine a bhí ann agus an fharraige ina léinsigh. Bhí
m'athair imithe ó ghiolc an ghealbhain ag iascach gliomach siar
go dtí Inisícíleáin, agus ní raibh le teacht aniar go dtí Dé Sathairn.
—-Ba mhaith, arsa mise.
Seo linn an bóthar suas go breá aerach, maide ina láimh ag
m'athair crionna agus deatach aige á bhaint as an ndúid a bhí ina
bhéal agus an lámh eile ag cimeád na pípe cheal fiacal.
Nuair a thánamair ar radharc an bhóthair, ba bhreá leat féachaint
ó dheas idir tú agus léas: an Sceilig Mhór agus Sceilig Mhíchíl le
feiscint go soiléir, Uíbh Ráthach sínte lastoir ó dheas agus an ghrian
ag taithneamh go breá air, gan miam gaoithe ann ná scamall sa spéir,
faoileáin gheala ina gcéadta timpeall ar thráiléirí a bhí ag iascach
amuigh sa Bha, fuiseoga ag cantaireacht go binn ar an bhfraoch.
na huain óga ag damhsa dhóibh féin agus ag imirt cleas ar a chéile
ar nós páistí scoile a ligfí amach i lár an lae.
Bhiomair ag siúl linn siar nó gur shroicheamair Ceann Chnoic.
—-Féach anois mar a bhfuil t'athair ag iascach na ngliomach, arsa
m'athair críonna liom féin ag sineadh a mhéire i dtreo na hInise.
Ó. nil aon tseó ach bheith in airde inti sin leithéid an lae inniu,
ar seisean. An bhfeiceann tú an tigh? ar seisean ag sineadh a mhéire
siar arís.
Stadas, bhíos ag féachaint. —Ni fheicim, arsa mise. —Breithnig
go cruinn anois ar lár an oileáin, agus feicfir an ghrian ag glios-
carnaigh ar rud éigin. —Ó, arsa mise sa deireadh, an b'shin é é?
Is dócha gur minic a bhís-se ann. —Mo léan géar, ar seisean ag
baint crothadh as a cheann, do bhios tamall don tsao! ag dul
inti sin, agus is beag an bhróg ná an stoca a bhí á chaitheamh san
am san, ná aon chuimhneamh air. —Agus cad a bhíodh agaibh?
arsa mise.
—Do bhíodh, ar seisean, min bhuí agus min choirce agus prátaí
agus iasc breá ón bhfarraige, agus do bhíodh a rian san ar na daoine,
ba bheag breoiteacht ná aicíd a thagadh orthu. Dhera a dhuine, ná
fuil siad anois agus nuair atá siad ag lamhancán tá na bróga orthu,
gan trácht ar a bhfuil d'éadach in airde orthu, agus tá a rian air, tá
siad leice agus beid dá dheascaibh. An gcreidfeá gur mó lá dh'fhágas
an tigh ar breacadh an lae, mé féin agus Stiofán Ó Duinnlé, Peaid
Mór agus Seán Ó Cearna, mar ba chriú aon bháid sinn, beannacht
Dé dhílis lena n-anam, táid siad go léir ar shlí na fírinne anois...
Le linn an méid sin do rá dhó, do tháinig na deora leis an nduine
aosta, agus stad sé don gcaint ar feadh tamaill fé mar a bheadh sé
ag cur an tocht san dó.
Sea, ar seisean aris ag tarrac osna breá fada, an gcreidfeá na
bíodh ag fágaint an ti ar maidin againn ach cúig nó sé do phrátaí
fuarbheirithe, agus na tagaimis abhaile go dti dubh agus dall na
hoiche. agus cá bhfuil an fear a sheasédh an callaoth sin inniu?
Ambriathar na fuil sé ann, ar seisean. —Táim in amhras ná fuil,
arsa mise, agus cad a bhiodh agaibh 4 dhéanamh i rith an lae?
—Bhimis ag marú rdéinte agus ag fiach coiníní, agus más ea, a
bhuachaill, gur mhaith an formad a bhíodh linn tráthnóna nuair a
thagaimís abhaile lenár bhfoiscealach. —Is dócha é, arsa mise go
fonnmhar ag éisteacht leis.
Bhíomair ag ciorrú na slí dhúinn ar an gcuma san nó gur thánamair
go dtí deireadh an bhóthair. —Nach mór an obair nár leanaíodh ar
an mbóthar san a dhéanamh siar ar fad, arsa mise,
—Neosadsa dhuit anois, ós scéal a tharraigíonn scéal, arsa
m'athair críonna ag iontú suas. An bhfeiceann tú an tur san in airde?
ar seisean. Is é an ait go raibh an túr san le tógaint an chéad lá ná
thiar in airde ar mhullach an Chróidh, agus dá dheascaibh sin is
go dtí an túr a bhí an bóthar so á dhéanamh. Ach ansan, nuair a
bhíodar tagaithe go dtí an áit seo, do bhuail leisce iad, agus dúirt
an ceann a bhí orthu go mbeadh sé róchostaiseach an bóthar a
dhéanamh go dtí an gCró. Dá bhrí sin, stadadh don mbóthar agus
tógadh an túr ansan thuas ina ionad.
— Is dócha nach cuimhin leat é bheith á dhéanamh? arsa mise.
--Is ar éigean é, ar seisean, ach bhi m'athair, beannacht De lena
anam agus le hanmacha na marbh, ag obair air agus gan do
thuarastal aige ach cúig pingne sa ló. —Mhuise, arsa mise ag
déanamh gáire, nár bheag an pá é! —Ambriathar féin, a Mhuiris,
ná raibh sé comh holc san ar fad san am a bhí ann. Ní raibh plúr le
ceannach, ní raibh tae ná siúicre, bhí ár mbia féin agus ár n-éadach
féin againn—cnuasach na trá, seilg na gcnoc, iasc na farraige agus
olann na gcaorach. An riabhach faic a bhí le ceannach, a Mhuiris,
ach amháin tobac, agus más ea, gheobhfa fad banlamha do thobac
ar leathréal—-féach anois cá raibh an caitheamh? — Tá an ceart go
léir agat dar fia, arsa mise.
Bhíomair “ár dtost ansan ar feadh tamaill, nó gur shroicheamair
Mám an tSéideáin, radharc anois agam ar an dtaobh thuaidh don
Oileán, mar a raibh fothram ag na tonnta tréanmhara ag teacht
aniar ón aigéan agus ag briseadh isteach i gcoinne na bhfaillteacha
arda méiscreach seasmhach, agus nuair a bhuailidís isteach,
d'éiríodh streancaí in airde faid do radhairce sa spéir,
— Nach fiain an áit é sin? arsa mise. —Tá sé fiain go maith, ar
seisean. An bhfeiceann tú an charraig sin thíos? ag síneadh a
mhéire síos i dtreo na carraige. Is é an t-ainm ata uirthi sin ná
Carraig an Lóchair, agus neosadsa dhuit canathaobh gur glaodh
an t-ainm sin uirthi.
Shuigh sé sios ar thortóig, bheir ar a hata, agus chuimil a lámh
siar dona ghruaig liath, ansan chuir air a hata arís. —Ní rabhas-sa
ach ceithre bliana d'aois, ar seisean, agus tá cuimhne mhaith fós
agam ar an lá úd, nuair a bhuail long seoil ar an gcarraig sin gurb
ainm di an Lóchar. Cúigear mairnéalach a tháinig saor aisti, do
shnamhadar isteach agus do strapaiodar anios i gcoinne na faille,
agus ní raibh mórán don mhaidean caite nuair shiúlaiodar anuas
tríd an mbaile, gan luid éadaigh orthu ach fé mar a rugadh iad.
Bhí ionadh an domhain ar mhuintir an bhaile cad as gur thánadar,
agus gan aon tuiscint acu orthu. Sea, péacu san é, thug m'athair
beirt acu isteach 'ár dtighna, agus thug Peaid Mór isteach beirt eile,
agus is dóigh liom gurb é Tomás Ó Cearna a thug isteach an fear
eile—is é mhuis ambriathar, anois a chuimhním air. Nuair a bhíodar
nite glanta suas agus a ndóthain éadaigh orthu, d'fhiafraigh m'athair
dóibh cad as gur thánadar nó cad é an last a bhí acu. Bhí saghas
focail Bhéarla ag duine acu, agus do thuig m'athair uaidh gur
chruithneacht a bhí ar bord acu, agus is é an áit a dh'fhágadar ná
Halifax, agus thugadar tri mhi ar an bhfarraige a chaitheamh soir
siar nó gur chuir an gála isteach ar an gcarraig sin thíos iad. Is
gearr gur bhris an stoirm an long, agus dá dheascaibh sin do lion
na cuaiscanna agus na tránna isteach don gcruithneacht. Deirimse
leat, a Mhuiris, go raibh saol duine uasail againne an fhaid a bhí sí
againn—an dóigh leat ná go raibh oiread bailithe isteach ag m'athair
agus a dhein bhain fhada díreach sinn?
— Sea anois, is iontach an scéal é sin agat, arsa mise. Lena linn
sin, éiríonn m'athair críonna ón dtortóig agus shiúlaíomair linn fé
dhéin an Dúna, mar a raibh an chruach mhóna, agus mise á rá leat
nár bhraitheas an tslí nó go raibh na húmacha lán againn, agus aniar
arís linn ar ár gcamruathar. Ag múineadh Gaelainne dhom a bhí
m'athair críonna, agus ambriathar go rabhas sásta go maith leis an
eolas a bhí fachta agam uaidh.
Do bhí deartháir agus deirfiúr dom ag dul ar scoil an uair sin,
Mícheál agus Eibhlín. —Cad mar gheall ar dhul ar scoil in aonacht
linn? arsa Eibhlín. —Ni fheadar, arsa mise, cad é an saghas múin-
teora atá uirthi? —O, fear an-dheas, ar sise. —Is maith liom go
mór gur fear é, arsa mise, mar bíonn an riabhach féin ar na mná.
Do chuas in aonacht léi sa deireadh, ach ní raibh an máistir
tagaithe fós, agus dá bhrí sin do shuíomair síos ar an gclaí. Bhí go
leor buachaillí ann agus caid stoca acu á bhualadh, a leithéid ná
feaca riamh—bonn stoca agus é lán d'fhear tirim pasalta go maith
ann agus ansan é fuaite ar a bhéal. Ba mhór an bhrútáil a bhí acu
maidir le trascairthe agus loirgne gearrtha leis, tine chreasa á bhaint
as na tairní bróg, saothar agus osnaíl orthu ar nós aon bhaire
chomórtais.
—-Tá an máistir ag teacht, arsa Eibhlín liom féin. D'fhéachas suas
agus is ea chonac chugham anuas tríd an ngleann balcaire d'fhear
íseal agus bolg mór roimis amach. D'oscail sé an doras, bhuail an
cloigín, agus isteach linn ar fad.
[ gceann tamaill, chuaigh rang a seacht timpeall an bhoird. Bhí
Eibhlín sa rang san agus dá bhrí sin bhíos féin léi. Ní fada a bhí
nuair a thug an máistir fé ndeara mé. —Cad é an t-ainm atá ortsa?
D'inseas dó. —Cá rabhais go dtí so? —Bhíos sa Daingean, arsa
mise go támáilteach. —An rabhais ag dul ar scoil? —Bhios, a —
mháistir. —Cad é an rang go rabhais? —I rang a cúig. —Ard-
bhuachaill, ar seisean ag oscailt an rolla agus ag cur m'ainm síos.
Shuíos isteach ar an mbinse in aice le buachaill breá sochma.
Balcaire téagartha a bhí ann. Áireamh a bhí ar siúl againn san am
chéanna. Ní fada a bhíos nuair a bhíodar déanta agam. Bhuaileas
uaim mo pheann agus dhearcas timpeall. Bhí an chuid eile go léir
agus a gceann fúthu ach amháin beirt eile go rabhadar déanta acu.
I gceann tamaill, priocann an balcaire mé agus do labhair liom:
—-Feicim, ar seisean, go bhfuileann tú an-thapaidh chun na cláracha
do dhéanamh suas. —Nil siad cruaidh, arsa mise. —An dtabharfa
cúnamh domsa? ar seisean. —Tabharfad, arsa mise ag féachaint
orthu, agus ní fada go rabhadar déanta agam. —Maith an buachaill,
ar seisean go gealghairitheach.
Bhi se an-lach liom as san amach. —An mbeir mar phairti agam
gach la eile? ar seisean aris go tamailteach. — Ís maith liom go mor
é, arsa mise, ca bhfuil do thigh? —Taspainfead duit é nuair a bheam
ag dul abhaile. —Ta go maith, arsa mise, cad é an t-ainm ata ort?
—Tomas Eoin Bháin, ar seisean. —-Eist, a Thomáis, ta sé chughainn
anuas.
Bhíos féin agus Tomas in aonacht i gcónaí as san amach ag dul
agus ag teacht ón scoil, agus bhi an Ghaelainn a phriocadh suas agam
go tiubh, aithne agam á chur ar na buachaillí agus ar na cailíní,
agus ambriathar féin go raibh cabaire brea ag déanamh diom. gan
spleáchas agam le héinne anois—cad fáth go mbeadh agus mé
comh maith le fear ins an teangain?
Cúpla lá ina dhiaidh sin, bhíomair suite le chéile isteach ar an
mbinse i dtriúr, mé féin, Tomás, agus Mícheál Pheig. I gceann
tamaill, siúlaíonn an máistir amach sa ghairdín. Nuair a chonaic-
eamair féin é sin, do thosnaíomair ag cros agus ag déanamh cleas,
ach cad a bheadh ach an máistir gafa laistiar síos don scoil agus
a cheann sáite isteach aige go dtína leath sa bhfuinneoig íochtarach,
agus gan aon radharc againne air, mar is ar ár gcúl a bhí sé. Bhí sé
le feiscint ag gach éinne ach amháin againne, ri-ra an domhain
againn, nó gur thosnaigh gach éinne istigh ag gáirí agus ag féachaint
orainn. B'ionadh linn san, thuigeamair go raibh rud éigin bunos-
cionn, stadamair agus d'fhéachamair timpeall. Tháinig crith cos
agus lamh orainn nuair a chonaiceamair an máistir.
— Há ha! ar seisean, nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn an
luch ag rince. —Sin e an t-aon uain amháin a bhionn acu chuige
arsa mise im aigne féin, Tharraig é féin amach. Tháinig isteach.
Bhí sé cómh bán leis an bhfalla agus poill a shróna ar leathadh.
Shiúil sé go dtí an mbord. Bheir sé ar an maide mór tútach a bhí
aige. —-Tagaig anso aníos chugham, ar seisean go mallaithe. Seo
linn amach agus gan ionainn an anál do tharrac. An chéad stiall
trasna na gcos, an tarna stiall trasna an droma, an triú stiall trasna
na gcos, Níor chorraíomair, ligeamair orainn gurbh é an scéal ab
fhearr ar domhan é, ach mo thrua, do bhí an pian ag dul go dtí an
croí an uair sin.
D'imigh leis ansan agus thug leis dhá leac, thug ceann dom féin
agus ceann eile do Mhícheál, gan focal aige á labhairt ar feadh an
ama san, Bheir sé ar ghualainn orm féin agus do chuir im sheasamh
i gcúinne mé agus do chuir áireamh mór crosta chugham le déanamh.
Dhein an rud céanna le Mícheál.
Ní fada a bhíos leis nuair a bhí sé déanta agam. Thugas strac-
fhéachaint sios ar Mhícheál agus do dhein sé comhartha dhom go
raibh an t-aireamh ag dul dó. An riabhach, arsa mise im aigne
féin, go dtabharfadsa fóirithin ortsa ar ais nó ar éigean. Tharlaigh
sa deireadh gur shiúlaigh an máistir amach comh fada leis an gclaí.
Nuair a chonac féin san, thugas aon tseáp amháin síos go dtí
Mícheál. Shíneas chuige mo leac féin: —Seo, tá sé sin déanta agam,
arsa mise ag breith ar a leac san agus á ardú liom. Ni rabhas ach
im sheasamh sa chúinne arís nuair a tháinig an máistir isteach.
D'fhéach sé ar mo leac féin, agus ambriathar gur dóigh liom go
mb'fhearr leis ná beadh sé déanta i gceart. Chuaigh as san go dtí
Mícheál, agus dar ndóigh bhí a cheann san ceart comh maith.
Nuair a bhíodar go léir ag dul abhaile, do stop an máistir sinn
agus dúirt linn fanacht ansan nó go dtiocfadh sé chughainn aris.
B'shin í an fhadhb, gach éinne imithe ach an bheirt againn, an glas
ar an ndoras, sinn i bpriosún, agus gur dhócha go mbeimis anocht
ann. —Ó a thiarcais, arsa Mícheál, cad a dhéanfam nuair a thioc-
faidh an oíche? Deir na seandaoine gurb é an áit is uaigní san Oileán
é. Bhí Mícheál ag cur sios dom anois ar na púcaí a bhí le feiscint
riamh inti. —Ná bac san, arsa mise, nach fuiriste gabháil amach
tríd an bhfuinneoig? Siúd amach linn agus as go brách linn abhaile
B'é amáireach an Satharn, agus dá bhrí sin bhí mo chroí im béal
le háthas agus le compord. D’éirios amach ar an gclaí ar maidin,
bhi scalla brea gréine ann, mo chosa in airde ar an gclai, agus mé
ag machnamh ca dtabharfainn m'aghaidh.
Cé bhuailfeadh chugham aníos ach Seán Fada, seanduine an
ghleoigh. —Nach brea an lá é, a Sheáin, arsa mise. —Do-bheirim
an diabhal nár tháinig aon lá sa mbliain seo ach é, moladh agus
buíochas le Rí na glóire. Ná feiceann tú thoir é, a bhuachaill? ar
seisean arís ag síneadh a mhéire soir i dtreo an fhir go nglaonn siad
White mar leasainm air. D'fhéachas féin soir agus is ea chonac é
ina sheasamh suas le binn an tí agus grúng air. —Ba dhóigh leat,
arsa mise chun Seán do chur le haer an tsaoil, go bhfuil fuacht air.
—Fuacht air! arsa Seán ag cur glam as. Dhera, go maraí an
diabhal é! ná fuil fuacht gach lá sa mbliain air? An bhfuil a fhios
agat, ar seisean, ag deimhniú dhom féin lena mhéir agus strac-
fhéachaint aige á thabhairt ar an bhfear thoir, cad é an scéal é? Más
maith leat fios na haimsire bheith agat, féach ar an bhfear san, agus
ma chionn tú a cheann amuigh, ta brothall chughat. a bhuachaill,
ach mura bhfeicir amuigh é, tá comh maith agat an uair sin dul
fén scailp.
Níor labhair an fear thoir fós, ach deirimse leat nach maith an
fhéachaint a bhi ar Sheán aige. —Is dócha go bhfuil brothall
chughainn anois mar sin, a Sheáin, arsa mise. —Bí comh siúrálta
dhó, ar seisean, agus tá cros ar an asal.
—O mhuise, arsa White, ní rabhas riamh comh holc agus táim
inniu. —Olc ag an ndiabhal ort, arsa Seán, nach olc atánn tú riamh?
—Ó mhuise, marú an dúna ort, arsa White á fhreagairt, mura goidé
an sciúch atá ort, agus ní haon bhréag don bhfear a thug June an
Scrogaill ort an chéad lá riamh—ag fágaint na binne dhó agus ag
dul isteach abhaile.
—-Tá stradhain anois air, arsa Seán. Ó, bheirim an diabhal, ar
seisean arís, gur mór an dul chun cinn atá agat á dhéanamh ar an
nGaelainn. —O, nil aon teora leis an óige chun i phriocadh suas.
—-]s fíor é, arsa Seán, mol an óige agus tiocfaidh sí. An maith leat a
bheith san Oileán? —Is maith liom go mór é. —Mo chroise ’on
diabhal go mbeirse cortha fós dó, ar seisean. —Ni fheadar é sin fós.
—-Ambriathar go mbeir mhuise, ar seisean ag imeacht uaim agus
ag fágaint slán agam. .
Shuíos síos ar an gclaí. Bhí an uain go breá, gan faic le clos ach
bean thoir orm ag glaoch ar a mac Tadhg agus bean eile thiar orm
ag glaoch ar a hinín Cáit, agus sceamh madra i bhfad i gcéin. I
gceann tamaill, siúlaíonn m'athair críonna amach: —Ta an dinnéar
ullamh agat, a Mhuiris, ar seisean. —Nach ciúin atá an fharraige
inniu? arsa mise. —Moladh go hard le Dia, níl aon spórt ach í, ar
seisean ag tógaint a hata dhó agus á chur air arís. Téanam isteach
sara mbeidh na prátaí fuar orainn.
La arna mháireach dob é an Domhnach é, bhi se an-bhrea ar fad.
Bhi an fharraige ina bainté, gan fuaim le cloisint ach glór na dtonn
ag briseadh isteach ar an dTráigh Bháin agus coiscéimeanna na
bhfear ag siúl an Tóchar anuas fé dhéin an chaladh le dul go dtí
an Aifreann.
Bhi sé nó seacht do naomhéga Lar Ba amach anois agus na
fearaibh striopalta go dtí sna léinte geala iontu. Is gearr go bhfeicim
Tomás anuas chugham. —-Dia dhuit, a Thomáis, arsa mise. —An
Dia céanna dhuit, ar seisean, nach breá an lá ar an gcnoc é? an
mbeadh aon mhisneach ort? ar seisean. — Fh'anam “on riabhach,
téanam, arsa mise.
Seo linn gan an tarna focal do rá nó go rabhamair bóthar an
chnoic amach agus ceol binn ag imeacht trim chluasa ag na cearca
fraoigh a bhí ag seimint gan staonadh ar a mhullach. Bhí madra
agam féin agus madra eile ag Tomas. — B'fhéidir, arsa Tomás, go
mbeadh dosaen cánóga thiar i mBun na Raithní againn agus dosaen
eile coininí, Tá an-mhadra agamsa chúchu ar seisean.
Ní fada go rabhamair thiar ag Loc na gCapall, teas na gréine ag
scoilt na gcloch an uair sin agus ceann allais orainn féin. Luíomair
sios ar thortóig. An riabhach do Thomas na go raibh pip agus
tobac aige. Tharraig amach í agus do dhearg í ar a shástacht.
1 gceann tamaill, sineann sé chugham féin i. —Á, ní chaithim i, arsa
mise. — Tástáil i, ar seisean. Bheireas uirthi. Nuair a bhi mo dhóthain
ólta agam di, shineas chuige aris i. —An maith leat í? ar seisean.
— Is maith, arsa mise.
Do shineas siar ansan fé theas na gréine, ach ambriathar nach
fada a bhíos nuair a bhraitheas Loc na gCapall ag imeacht timpeall
orm. Tháinig scanradh agus liathbhuí orm. Bhí Tomás an uair sin
ag amhrán dó féin. —A Thomáis, arsa mise, tá rud éigin ag teacht
orm. D'fhéach sé orm agus dhein gáire: —Ó, ní faic é sin, ar seisean,
an iomad don bpíp a chaithis; má chuireann tú amach, beidh tú
go maith. B'fhearr liom bheith marbh ná an chuma go rabhas.
Bhíos ag seitreach agus ag piastáil riamh agus choíche nó gur
chuireas amach, agus ansan dar fia bhíos comh maith agus bhíos
riamh.
Amach linn agus ní raibh na madraí le fáil againn. Seo liom ag
feadaíl, ach ní raibh an madra ag teacht. Do ghlaos go hard ansan:
— Beauty, Beauty, Beauty! mar b'shin é an ainm a bhí ar mo
mhadra agam. Bhí Tomás taobh thiar díom agus gach glaoch aige
ar a mhadra féin: —Topsy, Topsy, Topsy! 1 gceann tamaill, tháinig
ecuty agus coinín trasna ar a bhéal aige. —Mo chroí go deo thú,
a Bheauty, arsa mise. Is gearr ina dhiaidh sin gur tháinig Topsy
agus gan faic aige. —Féach anois, a Thomáis, arsa mise, ciacu is
fearr do sna madrai? Nior fhan focal aige.
Seo linn siar ansan go dti Bun na Raithni, agus ambriathar gur
gearr gur bhraith mo mhadrasa cánóg. Seo linn ag taighdeadh an
phoill, thugamair uair go leith ag taighdeadh linn, ach bhi sé
rodhaingean agus chaitheamair tabhairt suas. B’shitd Jinn aris
comh fada siar leis na Clochain Gheala. —Ta an-sheans anois linn
ar dhosaen coinin, arsa Tomas, mar ta na rapai an-éadrom anso.
—-Féach, arsa mise, ta rud éigin braite ag Beauty. —Tá go díreach,
arsa Tomás.
Seo linn síos ins na cosa in airde, shás féin siar mo Jamh, agus dar
fia gur tharraigíos aniar coinín breá saille. —Th'anam 'on diucs,
arsa Tomás ag cur glam as, tá ceann eile braite ag Topsy. Seo leis
síos, sháigh siar a lámh, agus tharraig amach stumpa do choinín
mhor. Bhi ag rith linn go maith anois, agus is gearr go raibh dosacn
go leith coiníní againn.
—Ta sé comh maith againn ár scíth do thógaint anois, arsa
Tomás ag suí síos ar thortóig agus ag tarrac a phípe amach arís.
Síneann chugham féin í. —Á mhuise, beannaim uaim í, fuaireas
ciall cheannaigh cheana uaithi, arsa mise.
Bhí sé meán lae anois, an ghrian i bpríomh a maitheasa, agus
brothall thar barr ann. Sa chaint dúinn éiríonn Tomás aniar ar a
uillinn. —An bhfuil a fhios agat cá raghaimid an chuid ei’e don lá?
ar seisean. —Cén áit? arsa mise. —Ag bailiú uibhe faoileann ó
thuaidh sa Scornaigh, ar seisean. —An-mhaith, arsa mise.
Seo linn le gach deabhadh nó gur thánamair go dtí béal na Scornaí.
D'fhéachas uaim síos ar an bhfaill, agus dar fia tháinig meadhrán
im cheann. —Cad é an mac máthar a dh'fhéadfadh dul ansan síos,
a Thomáis? arsa mise. —Dhera a dhuine, ar seisean ag déanamh
gáire, ceal taithí atá ort. Sin é mar a bhíos féin an chéad lá a chuas
in aonacht le Seán Ó Sé, bhí sé liom riamh agus choíche nó gur
thoilios le dul sios in aonacht leis. —B' fhéidir an ceart a bheith agat,
arsa mise. Tá comh maith againn na coiníní a chur i bhfolach anso
ar barra agus gan a bheith á n-iompar síos agus aníos, arsa mise.
—An-sheift, arsa Tomás. Siúd linn ag cuardach poill mhaith
oiriúnach chun iad a chur ann. —Tá poll maith anso, a Thomáis,
arsa mise. —Á an riabhach, ar seisean, gheobhaidh na caobaigh
amach ansan iad. Fuaireamair pol! maith sa deireadh, agus mise
á rá leat nár fhágamair oiread agus poll bioráin gan clúdach timpeall
orthu le rabháin agus scraithíní. Nuair a bhí san déanta againn,
thugamair ár n-aghaidh síos fén bhfaill.
Bhí Tomás romham síos agus mise ina dhiaidh, Tomás comh
pocléimeach le haon ghabhar trí sna screathain, ach níorbh ionadh
dhó bheith, mar is iontu a chaitheadh sé a shaol. —Tóg go breá
réidh é, ar seisean liomsa, le heagla na heagla go mbainfeá aon
chloch led chois agus ansan mé féin do bhualadh sa cheann le linn
di imeacht le fanaidh—sin é an uair a bheadh an liútar-eitear agat.
a Mhuiris, nuair a bheifeá ag féachaint ormsa ag imeacht le haill
ar nós na cloiche. —Ná bi ag caint mar sin, a Thomáis, arsa mise,
mar chuirfeá diamhaireacht orm.
Bhí saghas fuarallais ag teacht tríom amach le diamhaireacht na
háite. Stadas ar bharra stocáin agus d'fhéachas tharm in airde. Ba
mhó ná san an criothán a tháinig orm nuair a thugas fé ndeara an
com dubh méiscreach agus é ina sheasamh suas díreach. D'fhéachas
síos agus gan fém bun ach an poll gorm. A Dhia na bhfeart, arsa
mise, nach dainséarach an áit go bhfuilim! Chonac Tomás ins an
am chéanna fem bun sios ag strapadóireacht ar nós an ghabhair
gan cios cás ná cathú air. Ba mhór go léir an macalla a bhí sa bhfaill
agus i bán gléigeal ag tuar na n-éanlaithe mara—na héin dearga,
na faoileáin bheaga, na faoileáin gheala, na cánóga, na forchain, na
crosáin, na fiaigh mhara, na caobaigh agus na guardail, agus a
scread féin ag gach ceann dóibh agus a nead féin déanta isteach sa
chloich aige. Is gearr anois go raibh an diamhaireacht ag imeacht
dom, agus mé ag machnamh gur chruaidh an saol a bhí acu ar an
gcuma go rabhadar ag soláthar ar nós aon pheacach.
Sa mhachnamh dom, do chonac éan dearg ag déanamh orm
isteach tríd an aer lom díreach, bhí sé ag druideam liom go mear,
bhi sé an-ghairid dom anois, agus cad a bhí ach beart salán trasna
ar a ghob aige. Bhí sé ag druideam liom agus ag druideam liom
riamh agus choíche nó go raibh sé 1 ngiorracht cúig slata dhom.
B'ait liom é, durt liom féin gur dhócha go raibh sé chun stad ar an
stocan, luios fein sios ins an chraobh mór fada a bhi ag fas im
thimpeall, dhein sé orm isteach go neamheaglach, thugas fogha fé
lem láimh go mbéarfainn air, ach cá mbeadh sé dulta ach isteach i
bpoll a bhí taobh liom. D'éiríos, d'fhéachas ar an bpoll, poll rapaí
a bhí ann, é lán do thuar amuigh ina bhéal. Seo liom ag taighdeadh,
ach geallaim duit gurbh fhuirist é thaighdeadh, mar nár dheineas
faic ach mo lámh do shá siar agus an scailp a thógaint in airde.
Cad a bhuailfeadh liom ach fuipin brea ramhar. Shás siar mo
lámh arís chun an t-éan dearg do tharrac aniar, ach más ea b'fhearr
liom ná déanfainn, mar do bheir sé orm go dóite lena ghob géar.
Tharraigios aniar go tapaidh i agus thugas fogha eile fé. Bheireas
suas ar scornaigh air, ach do chuir san na gathai go dóite i bhfeidhm
orm. D'fhéachas ar dhrom mo laimhe, agus bhí sé go léir scrabhaite
gearrtha aige, ach ba chuma liom, ón uair go raibh dhá éan agam,
bhios an-shásta liom féin.
D'éirios im sheasamh. D'fhéachas uaim síos. Ní raibh Tomás
agam le feiscint. Chuireas glam asam: —A Thomais! arsa mise go
hard. A Thomáis, arsa an macalla am fhreagairt féin. —Sea! arsa
Tomas i bhfad síos. Sea! arsa an macalla á fhreagairt, sa tslí go
dtabharfá an leabhar go raibh ceathrar sa bhfaill. Tuigeadh dom
an uair sin go raibh Tomás na mílte ó bhaile uaim. A Dhia na
bhfeart, arsa mise liom féin, is le haill a raghaidh sé, má mhairim
beo— ní raghad féin a thuilleadh, pé ar domhan é.
Seo liom ansan ag máineáil liom ar mo shuaimhneas anonn is
anall tríd an screathan, nó gur thána trasna ar pholl rapaí eile agus
tuar thar barr amuigh ina bhéal. Tháinig misneach dom. Dar fia go
bhfuil fuipín eile agam. Seo liom ag taighdeadh ar an bpoll, agus
ambriathar nach fada a bhíos nuair a tharraigios aniar pataire do
fhuipín mhór. B'é críoch agus deireadh na mbeart é go raibh trí
dosaen fuipin agam tar éis mo mháineala dhom. Bhios anois ar an
bhfiagaí ba shásta ar shléibhte Chiarraí. Shuíos ar stocán agus
tharraigíos chugham an foiscealach aráin a bhí agam i gcomhair
an lae, agus deirim leat gur itheas go sásta agus go hocrasach é.
D'éirios ansan agus d'fhéachas ar na fuipini a bhí caite i ngabhal a
chéile sa chlais agam. Stadas ag breithniú orthu. Do mhachnaios
láithreach ar conas a bhéarfainn abhaile iad. Sa deireadh chuimh-
níos go raibh rópa timpeall mo choim. Scaoileas é, bheireas ar
dhosaen fuipín, chuireas a gcinn le chéile, agus chuireas aon
tsnaidhm amháin ar an ndosaen san. Dheineas an cleas céanna
le dosaen agus dosaen eile nó go raibh na trí dosaen istigh ar an
rópa agam.
Bhi an ghrian anois ar nós pláta do dhroim na Tiarachta siar.
faid mo radhairce do bhóthar a bhí comh buí leis an ór. agus i ag
glioscarnaigh ag gathaí na préine sínte uaim siar sa bhfarraige.
D'fhéachas síos fém bun, ach ní raibh Tomás ag teacht fos, mar
fear ab ea é ná raibh deabhadh ná deithneas riamh air an fhaid a
bheadh ailp aige á fháil. Lena linn sin. do ligeas fead air, agus do
fhreagair an macalla mé ar an nós céanna. Ní fada ina dhiaidh sin
gur chuala Tomas ag rá, Táim ag teacht anois! Shuíos síos arís ag
brath leis. Bhí na céadta éan ag eiteallaigh im thimpeall, coiníní ag
pocléimrigh ó rabhán go rabhán, boladh cumhra ón mbláth gheal
a bhí ag fás ar an gcraobh agus ón raithnigh, árthaí móra agam le
feiscint fé íor na spéire, agus dar fia ba dhóigh leat gur ar lasadh a
bhíodar ag an ngréin, ceo brothaill anso is ansúd ins na cumaracha,
agus clocha scáil timpeall orm ag lagú mo radhairce lena
nglioscarnaigh.
Is gearr go bhfeaca Tomás faid mo radhairce síos fém bun agus
é ag déanamh chugham aníos go mall, aghaidh shalach smeartha
air do dheascaibh na cré, agus gan aon gheansaí air. Chaitheas
gáire breá a dhéanamh nuair a chonac an cló a bhí air—bhí a
gheansaí bainte aige dhó, corda fáiscithe ar a bhéal aige, agus pé
seilg a bhi aige, is ann thíos a bhi sé, agus é caite siar ar a dhrom.
Tháinig sé aníos mar a rabhas féin agus lig uaidh an geansaí go
haicli.
—Th’anam ‘on diabhal, a Thomáis, arsa mise, cad ata sa gheansaí
agat? —Ta. a bhuachaill, ar seisean ag cuimilt a chaipin dona
éadan d'iarraidh an t-allas a thiormú dhó féin, uibhe forchain agus
uibhe crosáin agus uibhe faoileáin. —Dar fia, tá an-lámh déanta
agat, arsa mise. —Fh'anam ’on riabhach, canathaobh nár chuais
síos? Bheadh a dhá oiread eile againn, a dhuine, dá raghfá. —Thainig
an iomad scanradh ormsa, arsa mise, ag ligint orm ná raibh
aon seilg déanta agam féin— ní fheacaidh sé na fuipíní fós. Is dócha
go bhfuil sé comh maith againn bheith ag imeacht, arsa mise ag
éirí im sheasamh agus ag dul go dtí an mbeart agus á bhualadh ar
mo dhrom. D'fhéach Tomás orm: —Cad tá agat? ar seisean. —Tá
fuipíní go leor, arsa mise. -—Cá bhfuairis iad? ar seisean go hion-
taiseach. — Fuaireas anso sa screathan iad gan corraí as, arsa mise.
— Dar fia, is tú an fiagaí is fearr a bhuail trasna ormsa riamh, ar
seisean.
Bhíomair ag bogadh linn anois i gcoinne na faille in airde. Seo
linn ó strapa go strapa agus ó thortóig go tortóig nó gur bhaineamair
amach barra.
Thógamair ár scíth ansan. —Fan go bhfeicfidh tú na huibhe ata
agamsa, arsa Tomas ag oscailt an gheansaí. Ba ghleoite leat féachaint
orthu, iad lán do spotaí dubha agus do spotaí dearga. —Ta ard-
sheilg againn, arsa mise. —An-mhaith, arsa Tomás, ach an mó
fuipin ata agatsa? —Ta tri dosaen, arsa mise. —Och, ar mh'anam
féin ná tabharfam abhaile go deo iad, mar sin, arsa Tomás. Is é an
áit go bhfuil an obair anois, ar seisean, mura bhfuil na huibhe glan
tar éis na trioblóide go léir. —Ná feiceann tú féin go bhfuil siad
glan? arsa mise ay déanamh gáire. —O, ní hé sin an glanachar atá
agam á rá, ar seisean, ach téanam ort agus beidh a fhios againn má
taid, ag imeacht leis sios agus mise ina dhiaidh ó dheas go dtí loig
mhór uisce a bhí i bportach.
— Féach anois, ar seisean ag breith ar ubh, má tá glogar san ubh
so, fanfaidh sé ar snámh ar bharra an uisce, agus má tá sé glan
raghaidh sé síos ar tóin. Lena linn sin, cuireann sé an t-ubh san
uisce, ach más ea fanann sé ar snámh. —Och, th'anam “on diabhal,
ar seisean, tá an gearrcach ansan, ag breith air amach as an uisce
agus á smiotadh i gcoinne carraige, agus cad a bheadh ann ach
an gcarrcach. —Dar fia, ar seisean, gur maith an tosnú e. Chuir
sé isteach ceann eile, agus más ea b'é an dálta céanna é. —Ó, an
riabhach ceann glan agat, arsa mise. —Is dóigh liom €, ar seisean.
Bhí ó cheann go ceann aige á chur isteach, ach b'é an dálta céanna
acu go léir é.
Thit an jug ar an lag aige ansan tar éis ar shiúlaigh sé i rith an
lae agus gan faic da bharr aige. D’aithnios air go raibh sé an-
thromchroioch mar gheall air sin. —Sea, na bac san, arsa mise,
na fuil ár ndóthain againn tar éis an lae? ná beidh dosaen go leith
coinín agus dosaen go leith fuipín ag gach éinne againn? —Tá an
ceart agat, ar seisean, ní ceart dúinn bheith ag cnáimhseáil in aon
chor. ©
Roinneamair an tseilg ansan, agus deirimse leat gur maith
téstalach a bhíomair nuair a bhíodar déanta suas ina mbeartain
againn i gcomhair an bhóthair abhaile. D’fhéachas ar Thomas aris
agus dheineas gáire. —Ni fheadar ‘on domhan, arsa Tomas,
canathaobh go bhfuileann tú ag gairi fúm ó mhaidean. — Táim. arsa
mise, mar ba dhóigh le duine gur ápa thú, tánn tú comh salach san.
—-Dar fia, ar seisean, má táim comh salach leatsa, tá an riabhach
buí ar fad orm.
— Cad ba dhóigh leat, arsa mise, dá dtabharfaimis tumadh maith
dhúinn féin sa loig—nar mhaith an tseift ¢? —An-cheart. arsa
Tomás. Chaitheamair dínn anuas a raibh orainn agus chuamair
isteach inti, agus dar fia, nuair a bhí an tumadh san tabhartha
againn agus sinn fáiscithe suas, go rabhamair comh húr agus go
siúlfaimis an cnoc fé dhó arís. —An riabhach, a Thomáis, gurbh
iontach é an tumadh san. —Dhera a dhuine, éist, ar seisean, ach ní
mé an duine céanna in aon chor. Anois in ainm Dé tugaimís ár
n-aghaidh ar an dtigh.
Bhí sé ag éirí déanach. Bhí an ghrian ina luí in íor na spéire, an
drúcht ag titeam go trom, mar bhí an t-aer ag fuarú, na cupdga ag
dúnadh isteach ar a chéile i gcomhair na hoíche, éanlaithe na mara
ag screadaigh mar thagaidis fe dhein na ngearrcach, glór ag na
coiníní á bhaint as an raithnigh ag teacht amach as an gcoinigéar
dóibh mar ba ghnách, glioscarnach na gclocha scáil imithe as
amharc, agus cuma uaigneach ag teacht ar na cumaracha. —Tá sé
ina oiche, a Thomáis, arsa mise. — Fá, ar seisean, an dóigh leat ná
gur maith an cliathán atá ag an lá? —Ambriathar féin gur maith,
arsa mise, agus dar fia gur dócha go mbeidh imni ar mo
mhuintir im thaobhsa, mar níl a fhios acu cá bhfuilim, agus dá
dheascaibh sin tuigfidh siad gur i bpoll éigin atáim dulta. —-Dhé
mo léir, arsa Tomás, is minic a bhíos-sa agus gurb é lár na hoíche a
thabharfadh abhaile mé. —Ó, ní mar a chéile mise agus tusa. arsa
mise. —Canathaobh nach ea? ar seisean, nach duine mé comh
maith leatsa? —O, arsa mise, seanmhadra is ea tusa sa chnoc. agus
tá taithí ag do mhuintir ort a bheith amuigh moch déanach, ach is é
an chéad lá agamsa é. —Ach nílimsc riamh ar an saol, arsa Tomas,
agus dá bhrí sin do chaitheas an chéad lá amuigh déanach.
Ní fada anois go raibh radharc ar an mbaile againn. Bhí na
lampai ar lasadh ins gach tigh agus fothram ag na madrai ag
sceamhail, scáth na dtithe agus na gcarraigeacha maguairt go
soiléir le feiscint sa bhfarraige a bhi ansúd ina lui gan corraí ach
ar nos tobair fioruisce, an ghealach ag cur di anios do dhroim
Chnoc an Choma, i go mérleathan agus comh buí leis an ór.
Chuaigh Tomas i dtreo a thi féin agus mise mar an gcéanna tar éis
slán a dh’fhagaint ag a chéi'e,
Do chonac triúr nó ceathrar fear anuas an Tóchar agus a gculaith
báistí acu. —Th'anam ’on diucs, a Thomáis, arsa mise, tá siad ag
dul ag iascach na maicréal anocht. —Táid, ar mh'anam, arsa Tomás,
nach breá é! Nuair a bheadsa ullamh, ar seisean, lem dhinnéar,
tiocfaidh mé i leath chughatsa agus raghaimid síos ar an gcaladh,
beidh ardspórt againn istigh sa naomhóga an fhaid a bheidh siad
ag bordáil na líonta. —An-cheart, arsa mise, dein deabhadh agus
ná bí i bhfad.
Bhí m'athair istigh romham ag baile agus a chuid líonta curtha i
bhfearas aige i gcomhair na hoiche. Bhíos féin ag ithe anois agus
deithneas an domhain orm. —Cad e an deabhadh mór so ata ort. a
éagain? arsa m'athair críonna. —Táim féin agus Tomás ag dul síos
ar an gcaladh, arsa mise. —Ó mhuise, mo thrua do cheann, ar
seisean, is fearra dhuit go mór agus go fada do chuid bídh a
chaitheamh i gceart.
—-Js dócha go mbeidh go leor iasc anocht acu, arsa mise. —Niorbh
aon ionadh ná go mbeadh, ar seisean ag sá a dhúid isteach fén
ngriosach, ar a raibh do ghainéid inniu ann. —An raibh? arsa mise.
—G, níor tháinig aon lá riamh orthu mar é, bhíodar aniar go dtí
béal na hinneona, ar seisean.
Lena linn sin tagann Tomás isteach, canta aráin ina láimh aige
agus é á chogaint ar a dhícheall. —Brostaigh ort, ar seisean liomsa.
—QO mhuise, a phréacháin, ná tacht thú féin, arsa m'athair críonna
ag déanamh smiota gáire. D’éirios ón mbord agus amach le beirt
againn agus síos fén gcaladh.
Chuas féin isteach i naomhóig m'athar agus Tomás isteach i
naomhóig a athar. Ní rabhas riamh roimis sin comh sásta agus a
bhíos an uair sin, ag féachaint sios trid an bhfarraige, agus glug-glag
ag an uisce isteach ar thaobh na naomhóige. I gceann tamaill,
chuireas amach maide rámha, bhíos ag tumadh leis ar mo shuaimh-
neas, ach pé cuma gur bhaineas stracadh as, seo isteach an naomhóg
le fuinneamh agus buaileadh a bogha tosaigh i gcoinne na cloiche,
ionas gur leagadh an bheirt a bhí ina seasamh ag bordáil na líonta
ar na tochtaí. —Th'anam “on riabhach, arsa Seán Thomáis liom
féin, mar is é ba ghiorra dhom, cad tá déanta agat? ag breith ar
cheann agus ar chosa orm, mar dh'ea am chaitheamh amach sa
pholl. Nuair a chonac mé féin os cionn na farraige, cheapas go raibh
sé dáiríribh, do scréachas agus do liús, ach do tharraig sé isteach
arís go tapaidh mé. D’fhanas ansan comh ciúin le cat agus mo chroí
ag bualadh ar nós éin a bheadh ar do bhois agat.
Bhí fonaomhóg ag fágaint anois agus ag imeacht leo Béal na Trá
siar. Nuair a bhí m'athair ullamh, ligeadh amach mé féin agus as.
go brach leo. Do chuas ar barra agus do bhuail Tomas liom. —An
bhfuil a fhios agat, ar seisean, cá ragham anois? —Cad é an áit?
arsa mise. — Siar ar bharra na trá, agus beidh an-radharc againn ar
na naomhóga ag marú an éisc. —An-cheart, arsa misc, agus as go
brách linn arís.
Ní raibh seanbhean sa bhaile ná go raibh romhainn ann, agus
iad suite ar a gcorrghiob ag féachaint uathu amach ar na naomhóga,
mar bhí an tráthnóna go han-chiúin ar fad. Ba mhór go léir an
radharc ach féachaint uait amach ar chladach Oileán Bui an uair
sin le maicréil ag ráthaíocht agus naomhóga ag imeacht gan
mheabhair ar nós cuileanna dubha timpeall air.
Ní raibh aon dul ar na sean-mhná a thuiscint anois ach sobal go
cluasa orthu ag scréachaigh. —Th'anam “on diabhal, a deireadh
bean acu uaithi amach lena fear féin, caith ceann do Jin laistiar síos
dó. —Mhuise, mo chroí go deo thú, a Dhiarmaid! a deireadh bean
eile nuair a chiodh si a fear féin ag déanamh an-lamh ar an iasc.
Ach do bhí aon bhean amháin ann, Cáit Ni Shé, agus ba mhór an
scrupall ach bheith ag breithniú uirthi, a cuid gruaige ag imeacht
le gaoith ar nós geilt, mar ní raibh a fear féin ag déanamh go maith
sa sciobadh. —Th'anam “on diabhal, a Thaidhg, a deireadh si,
tarraig isteach do líonta agus téire siar go dtí béal an Bhealaigh, an
áit go bhfuil sé le fáil le hanma na marbh—mhuise, mo thrua do
cheann chun a bheith pósta leat, a ragaire gan chrích!
I gceann tamaill, cé gheobhadh anuas ach Seán Fada, Seán
Mhichil agus an Poncan. Seasaionn siad i measc an bhuilc agus iad
ag breithniú ar na mna. —Eachbhain, eachbháin, arsa Sean Mhichil,
nach iad an dream aerach iad! —Is iad mhuise so, is iad mhuise so,
arsa an Poncán, agus caitheann se amach priosla mór tobac san
am chéanna. —-Do bhur gcorp an diabhal, arsa Sean Fada leis na
mná, an ag dul as bhur meabhair atáthaoi, nó cad do thug anoir
sibh?
~-Th’anam “on diucs, arsa Tomás liom féin, féach tá t'athair ag
tarrac na líonta isteach arís. D'fhéachas amach, stop an gleo, ní
raibh focal as éinne, ba dhóigh leat gurbh ea buaileadh bos ar bhéal
gach duine acu, ach iad ag faire ar m'athair ag tarrac na líonta.
Bheir sé ar cheann an lin. Tharraig isteach é. Bhí maicréal ins gach
mogall,
—Ambriathar féin, arsa Sean Fada, gur dóigh liom ná tabhar-
faidh sé abhaile leis a bhfuil aige agus go gcaithfidh sé na líonta do
ghearradh.
Bhí naomhóg m'athar anois agus gan aníos ach leathorlach di.
Is gearr go dtógann sé amach an scian. Sin é an áit go raibh an
hurla-burla ag na naomhóga, nuair a chonaiceadar go raibh m'athair
á ngearradh, iad go léir ag rith chuige chun go mbeadh an smut
eile don lion acu féin; mar an té a gheobhadh an smut san, bheadh
an t-iasc aige féin ach amháin an smut lin a thabhairt abhaile leis
go dti an gcaladh.
Nuair a chonaic Cait Ni Shé an tranglail amuigh, chuir si glam
aisti amach: —Mhuise, th’anam ’on riabhach, a Sheáin, ar sise
uaithi amach lem athair, coimeád do Thadhg é!
Bhí a fhios ag m'athair ná raibh mórán sa tsaol ag Tadhg, agus
dá bhrí sin dúirt sé le Cáit uaidh isteach glaoch ar Thadhg. Nuair
a chualaigh Cáit é sin, léim sí as a corp agus seo léithi siar síos ar
spor cloiche ag glaoch ar a fear Tadhg a bhí thiar ag béal an
Bhealaigh Chaoil. Ní raibh aon choinne ag éinne a bhí ann ná go
mbáfadh si i féin. Nuair a chualaigh Tadhg i, seo aniar é. —Cad
tá ort, a Cháit? — Brostaigh ort soir in ainm an diabhail, ar sise,
tá na líonta gearrtha ag Seán Lís agus é á gcoimeád duit. Níor
labhair Tadhg an tarna focal, ach b'sheo leis soir, agus thug m'athair
dó an smut a bhí gearrtha aige. Seo Tadhg á tharrac isteach nó go
raibh a naomhóg, sa deireadh comh doimhin le naomhóg m'athar.
D'éiríos féin im sheasamh. —Raghadsa soir ar an gcaladh anois
roimh m'athair, a Thomáis, arsa mise. —Ta go maith, ar seisean,
fanfadsa anso lem athair.
Seo liom sna cosa in airde agus ambriathar nach fada a bhíos ag
cur na slí dhom. Is é an chéad áit a chuas ná isteach go dtí m'athair
críonna. Bhí sé ina shuí romham cois na tine agus a dhúid ina bhéal
aige. —Cá rabhais ó shin? ar seisean nuair a ghabhas isteach. — Bhíos
thiar ar bharra na trá ag féachaint ar na naomhóga, agus tá m'athair
Béal na Trá aniar agus é lán. —Mhuise, slán do scéalaí, ar seisean.
—-Téanam amach go bhfeicfir, arsa mise ag imeacht liom amach
agus m'athair críonna im dhiaidh. —Dar fia go bhfuil, ar seisean
ag féachaint amach ar an bhfarraige, Fan anois go gcuirfead an
ciotal ar an dtine, agus raghaimíd síos rompu. —Tá go maith, arsa
mise agus scailéathan ar mo chroí. Ní fada go raibh sé amach arís.
Seo linn síos gan stad ná staon nó gur chuamair sios isteach ar an
slip.
Bhi an naomhóg amuigh ar an linn agus i síos go slait. —Cad ta
agaibh le déanamh” arsa m'athair críonna uaidh amach leo. —Ni
fheadar, arsa m'athair á fhreagairt, cad is fearra dhúinn a dhéanamh?
— Pé rud atá agaibh le déanamh, cúlaig aniar go fóill í. Cúlann
m'athair aniar í go breá bog righin nó go dtagann sí taobh leis an
slip. —Anois, arsa Seán Thomáis ag éirí ina sheasamh inti, tá eolas
maith agatsa, a Eoin, ar seisean lem athair crionna, agus t'fhiacla
caite ar an bhfarraige agat—cad a déarfá linn a dhéanamh anois?
—Well, arsa m'athair críonna ag féachaint in airde sa spéir, agus
ní labhrann focal ar feadh tamaill. Sa deireadh labhair sé: —Ar an
gcéad dul síos, ar seisean, tá an oíche go han-bhreá ar fad, agus ar
an dtarna dul sios, beidh si seasmhach, agus nil aon rud is fearra
dhíbh a dhéanamh, mar sin, 6 ta an oíche fé dhíbh, ná tabhairt fé
Bhaile Móir léi.
— Ní chuirfinn suas dó, arsa Seán. —Fá comh maith againn
tabhairt fé, mar sin, in ainm Dé, arsa m'athair. — Tá go leor aimsire
agaibh, arsa m'athair críonna, is féidir libh dul suas agus foiscealach
tae a thógaint. Ainleodsa an naomhóg go dtiocfaidh sibh thar n-ais.
D’imiodar leo suas agus chuas-sa agus m'athair críonna isteach sa
naomhóig. Bhí cruach in airde uirthi le hiasc agus é comh glan
comh sleamhain, gan corraí san uisce agus na mílte súilíní gléasta
ag imeacht ann. —Cad a ghlaofá ar na súilíní gléasta san, a dhaideo?
arsa mise. —Tine ghealáin nó méarnail, ar seisean; tóg isteach do
cheann agus ná tit amach.
Tagann m'athair agus an bheirt eile ar barra. — Tá siad chughainn
anuas, arsa m'athair críonna. —Ambriathar, a Eoin, arsa Seán
Thomáis, go seasófá oiche thiar ar Charraig Bhallach fós. Beireann
Sean ar dheireadh na naomhóige agus tógann mé féin amach aisti.
Tagann m'athair críonna amach im dhiaidh, cuireann a lámh ina
phóca, agus tarraigionn amach a sheandhúid. — Ná tabharfaidh sibh
an seol libh”? ar seisean ag cur an dúid ina bhéal agus á deargadh.
B'fhéidir go mbeadh cóir agaibh tamall don slí. — Tá an ceart agat,
arsa m'athair ag imeacht suas leis ag triall ar an seol. Tagann thar
n-ais agus léimeann isteach sa naomhóig. —Slan beo libh anois,
arsa m'athair críonna, agus bailid leo an góilín amach.
Chuaigh an bheirt againn abhaile. Bhí Eibhlín agus Máire suite
cois na tine romhainn agus tine bhreá dhearg acu. Tógann m'athair
críonna dhó a hata. —Ambriathar, a Mhuirisin, ar seisean liomsa,
go bhfuil allas orm ag an méid sin siúlóide. —Is dócha, arsa mise,
go dtagann laigíocht ar an nduine nuair a théann sé go dtí an
áirithe sin. —Ó mo chroí thú mhuise, ar seisean, tagann. Nár
chualaís riamh conas mar tá saol an duine gearrtha amach? —Níor
chuala riamh é, arsa mise. — Tá, ar seisean, fiche blian ag fás, fiche
blian fé bhláth, fiche blian ag cromadh, agus fiche blian ag dul ar
lar. Féach anois go bhfuil reacaí agamsa nár chualais riamh. —Agus
cad é an fiche go bhfuileann tusa anois? —Taim ins an bhfiche
dhéanach, agus is do Dhia atáim buíoch do chionn a thabharthaistí.
Sea, tá sé in am againn bheith ag dul a chodladh, ar seisean, téimís
ar ár nglúine agus déarfaimid an Paidrín Páirteach.
La brea gréine i mi Iúil 1912, bhíos féin agus m'athair críonna
sínte in airde ar Mhullach an Duna. Bhí an ghrian ag scoltadh na
gcloch le racht brothaill agus an féar dóite go dtí an bpréamh da
dheascaibh. Cim uaim ó dheas Uíbh Ráthach, gach aon tsaghas
dathanna breacaithe anso is ansúd ann ag an ngréin, agus as san
uaim siar ó dheas bhi na Sceilgi agus scáilghlioscarnach orthu ag an
ngréin mar an gcéanna agus an fharraige ina dtimpeall breacaithe
ag báid iascaigh ó Shasana. —Nach breá folláin an saol atá acu
san, a dhaideo, arsa mise.
Ní bhfuaireas aon fhreagra uaidh. D'iontaios tharm, agus cad a
bheadh ach an seanduine ina shámhchodladh. Lena linn sin do
mhachnaíos agus níor labhras focal ach ag féachaint air. Do bhís-se
la fe bhláth na hóige. arsa mise im aigne féin, ach mo lean gear,
is casta atá an craiceann inniu ar t'éadan agus is liath atá do ghruaig,
gan lúth id bhallaibh agus gan spéis agat sa radharc bhreá atá ó
mhullach an chnoic seo fé láthair; ach farior, má mhairim, bead lá
mar thú.
Bhí teas thar barr anois ann, agus dá bhrí sin chuimhníos ar é
mhuscailt le heagla go maródh an ghrian e. Bheireas ar mheigeall
liath air agus bhaineas stothadh as. D'oscail sé a shúile agus d'fhéach
ina thimpeall. —Ó a Mhuirisin, ar seisean, thiteas im chodladh, nó
an bhfuilim i bhfad ann? —Ni fada a bhis, arsa mise, ach cheapas
go mb'fhearr thú dhúiseacht do dheascaibh na gréine. —An-cheart,
ar seisean. —An bhfeiceann tú na tráiléirí sin in ior na spéire? arsa
mise; is é an rud a bhi agam á rá gur breá folláin an saol ata acu.
—Mhuise mo chroí thú, arsa m'athair críonna, ní raibh saol maith
riamh ag fear farraige agus ní bheidh go deo, mar is agamsa atá a
fhios a chaith mo shaol uirthi, agus tá a oiread contúrthaí fachta
agam uirthi agus tá ribí liatha im cheann, agus mise á rá leatsa,
pé áit go seolfaidh Dia thú, fan ón bhfarraige. —Mhuise, arsa mise,
tuigtear dom ná fuil fear ar domhan comh suáilceach le fear na
farraige.
D'fhéachas uaim soir ó dheas ar Chruacha Mhic Giolla Choda a
bhi dar liom ag scríobadh na spéire. —Mhuise, nach ard na cnoic
iad san soir ó dheas, arsa mise. —Tá siad san ard go maith, ar
seisean, dá mbeifeá thíos féna mbun. —Is dócha é, arsa mise, agus
lena linn sin tagann beach mhór timpeall ag crónan di fein. Seo lem
athair crionna ag iarraidh i chur uainn lena hata, agus nuair a
bhailíonn sí léi, labhrann sé arís. —Nil aon áit fé luí na gréine, arsa
m'athair críonna ag síneadh a mhéire i dtreo Chuan Uíbh Ráthaigh,
is breátha ná an áit sin. Thógfadh sé mairbh as uaigh, gan aon
bhréag, nuair a gheofá isteach ann maidean bhreá shamhraidh.
Bheadh Oileán Dairire ar do láimh dheis agus Beiginis ar taghaidh
isteach. —Is dócha gurb ait an-chiúin é, arsa mise. Ó, leamhach ar
fad, ar seisean; tá an g¢ilin sin ag rith trí mhíle suas tríd an dtalamh
go dtí an Chathair. Agus an bhfeiceann tú, ar an dtaobh thoir don
ngóilín, tá cuan eile le feiscint, sin é Cuan Una; agus soir arís tá
Cuas Cromtha, agus soir uaidh sin aris, glaonn siad na Ródanna
air. —Féachann an scéal go bhfuil an-eolas agatsa ar na háiteanna
san, a dhaideo, arsa mise. —O mo léir, ar seisean, is minic a
chaitheas smut maith dom shaol ansan.
Lena linn sin, cuireann sé lámh ina phóca ag tarrac a shean-
dhúid amach agus á deargadh. Éiríonn ina sheasamh. —Téanam
anois, ar seisean, agus tabharfaidh mé isteach go dtí Scairt Phiarais
Fheirtéir thu, an ait go dtéadh se i bhíolach nuair a bhiodh saigh
diúirí Shasana ar a thóir. —Ó, th'anam “on diues, tá an ceart agat,
arsa mise.
Seo linn síos Claiseacha an Ghairdín, speatháin mhóra craoibhe
ag dul go cluasa orm agus raithneach go leor. —Féach anois, ar
seisean ag sineadh a mhéire síos, an bhfeiceann tú an leac san thios?
—Feicim, arsa mise. —Sin i anois, ar seisean, Scairt Phiarais, —Nár
mhór an obair dó dul comh fada san síos, arsa mise. —Ó, sin é an
áit a bhi uaidh, a bhuachaill, ar seisean, an ait gur bhfeidir leis saigh
diúirí Shasana do dhisc. —Conas? arsa mise. —Ná feiceann tú an
leac? Direach ar scéimh na faille atá an dul isteach. Bhíodh sé féin
ar an dtaobh istigh agus maide mór aige. Ansan, an chéad saigh-
diúir a théadh go dti béal an phoill, ní dhéanadh Piaras ach sonc
don maide a chur ann agus é chaitheamh síos leis an bhfaill. —Nárbh
iontach an duine é, arsa mise. —Ó, nár dhein sé léirscrios ar na
Sasanaigh an uair úd, ar seisean.
Bhiomair thios ag an Scairt anois. Isteach lem athair crionna
romhamsa ag lamhancan agus mise ina dhiaidh, mar ní raibh sa
doras ag dul isteach ach cúpla troigh. Ansan, nuair a chuamair
isteach, bhí neart againn seasamh suas go breá, os cionn seacht
dtroithe go maith ar aoirde ann. D'fhéachas timpeall ar an Scairt.
—Mhuise, a dhaideo, nach compordach an áit a bhí aige. Ach is
dócha. arsa mise aris, na fagadh se amach in aon chore.—Ambriathar
féin go bhfágadh, nuair a bhíodh na saighdiúirí imithe ón Oileán.
—Agus conas a bhíodh a fhios san aige? —Dhera a dhuine, ná
bíodh na daoine anso ag friotháil air nuair a dh’fhaighidis an uain
chuige? —Ó, is fíor dhuit, arsa mise, —Féach anois an leac san,
arsa m'athair críonna, sin i an adhart a bhíodh féna cheann. —Ba
chruaidh i, arsa mise. —Nil dabht air, ar seisean. Is dócha nár
chualais riamh an rann a dhein sé oíche, nuair a bhí sé tuirseach
don ait seo. agus bhi an oiche cheanna fiain garbh go maith. —Nior
chuala riamh mhuis, arsa mise, an mbeadh sí agat? — Tá, ar seisean,
ach nil inti ach cúpla focal, ag sui síos ar chloich.
Tógann a hata da cheann agus cuireann lámh féna smeigin.
—Eist go haireach anois, ar seisean:
A Dhia ata thuas, an trua leat mise mar táim,
Im chaonnai uaigneach nach mór go bhfeicim an lá,
An braon ata thuas in uachtar leice go hard
Ag titeam im chluais agus fuaim na toinne lem shail.
Agus le linn dó an focal déanach a bheith ráite aige, do thit na
frasa deor leis an seanfhear agus do bhuail a cheann fé ar feadh
tamaill.
——Mbhuise, a dhaideo, arsa mise, nach uaigneach deas an cheathrú
é sin, agus rud eile ata sa scéal, is mó fear brea léannta dh’fhag na
Sasanaigh ar lár san am chéanna. —A, Mhuire, is fior dhuit é, arsa
m'athair críonna ag tarrac a sheáilín póca aníos agus ag tiormú a
shúl. Deirim leat, a Mhuiris, gur fhuilig Piaras anso é má fhuilig
aon fhear bán riamh é. An bhfuil an cheathrú anois agat? ar seisean.
— Is dóigh liom go bhfuil, arsa mise, mar chuaigh sí im chroí. Éist
liom anois, féach an bhfuil sí ceart agam. —-Lean leat, ar seisean.
A Dhia atá thuas, an trua leat mise mar táim,
Im chaonnaí uaigneach nach mór go bhfeicim an lá,
An braon atá thuas in uachtar leice go hard
Ag titeam im chluais agus fuaim na toinne lem sháil.
—Ta gach focal agat dó, ar seisean. —Nach iontach, arsa mise,
mar choimeadfa aon ní id cheann go gcuirfícá spéis ann? — Tá san
go han-cheart, ar seisean, mar nuair a bhíos-sa óg ar do chumasa,
níl aon rud a chloisinn ag m'athair á rá, beannacht Dé lena anam,
ná go bhfuil istigh im cheann fós go daingean.
arsa mise. —Tá mhuis ambriathar, ar seisean ag éirí ina sheasamh.
—Ta sé comh maith againn bheith ag baint an tí amach anois in
ainm Dé, ar seisean. —Ta comh maith, arsa mise ag bailiú Jinn
amach.
D'fhéachas féin suas i gcoinne na faille agus as san uaim síos
mar a raibh na tonnta ag briseadh go feargach. —Níl aon bhaol,
a dhaideo, arsa mise, ná go raibh fuaim na toinne go maith lena
shálaibh.
Bhí an ghrian ag maolú siar anois agus í comh buí leis an ór, na
héanlaithe ag canadh ceoil ar bharra na gcraobh, coiníní ina
gcéadta amuigh ar na rabháin. cuid acu ag rith nuair a chonaiceadar
sinne agus a n-eireabaill bheaga bhána cocálta san aer acu, cuid
eile acu agus a gcluasa ina seasamh in airde díreach ag breithniú
orainn. —Fan anois, arsa m'athair críonna ag lúbadh sios agus ag
tógaint cloiche, go bhfeicfidh tú ag scaipeadh iad ar an nóimint.
Do chaith sé an chloch ach níor chorraiodar. —Ambriathar ach go
bhfuil siad go dána, ar seisean arís. Lena linn sin chuir sé glam as,
agus tuigeadh dom féin gur fhreagair cúigear in aonacht é leis an
macalla a bhain sé amach as na cuaiseanna féna bhun thíos; agus
ansan do chonac na coiníní ag rith ar bhás agus ar dhicheall, a
gcluasa scúite siar direach acu agus a n-eireabaill ina seasamh
in airde, agus ar thic an chloig ní raibh le feiscint ach aon cheann
amháin a bhí comh liath le broc.
— Nach mór an obair nár chorraigh an ceann liath san, arsa mise.
—O a bhuachaill, arsa m'athair críonna, sean-shaighdiúir é sin go
bhfuil a shaol caite aige agus eolas maith aige ar an nglamaíl sin.
— Ní fheadar 'on domhan, a dhaideo, cad é an saol atá ceapaithe
dhóibh? —Nil ach trí bliana, ar seisean, agus deirim leat go
n-oibríonn siad na trí bliana san comh cruaidh leis an bpeacach
chun a mbeatha do thuilleamh.
—-Dar fia. taimid sa bhaile, arsa m'athair crionna nuair a than-
amair ar radharc na dtithe, agus deirim leat, a Mhuiris, gur mó
coiscéim atá ann aniar ó Scairt Phiarais. —Ach tánn tusa an-mhaith,
arsa mise, chun an sli do chiorrú. —Ambriathar fein, a Mhuirisin
go mbeinn níos fearr dá mbeinn suite isteach ar chairt chapaill,
ach is deacair le seanfhear bheith ag caint agus ag siúl.
Tráthnóna tamall ina dhiaidh sin, bhíos féin agus m'athair críonna
suite cois tine agus sinn ag fanacht lem athair a bhi amuigh ar an
bhfarraige ag iascach pollóg. —Mhuise, a dhaideo, arsa mise, chun
é chur chun cainte, is dócha gur mó breac a mharaís riamh. —Nil
aon bhaol ná gur mó breac maith a mharaios tamall dom shaol,
ar seisean agus é ag féachaint isteach i gcorplár na tine; ach an
bhfuil a fhios agat cad é an áit iascaigh dob fhearr anso fadó?
—Cad é an áit é sin? arsa mise.
—An Leaca Dhubhach, ar seisean. Maidir le troisc, pollóga,
langai, deargáin, eascúin gheala agus colmóirí, is ann a bhíodar;
bhíodh baid aduaidh agus baid aneas, báid anoir agus báid aniar ag
teacht ann. Agus ar chualaís riamh canathaobh gur glaodh an
Leaca Dhubhach air? ar seisean arís liom agus é cromtha síos ag
cur spré eile ar an bpíp. —An riabhach a gcuala, arsa mise.
—Neosadsa anois duit an fáth, ar seisean, ag tarrac ar an bpíp aris
agus ag cur deatach ar fuaid an ti go dtí go raibh sí bogtha ar a
shástacht aige. Ansan do labhair sé arís.
—-Anois, ar seisean, tá a fhios agat cá bhfuil Baile Móir theas i
bParóiste Fionntrá. —Tá a fhiosa, arsa mise. —Bhí fear ina chónaí
ansan tá suas le ceithre fichid blian ó shin ann gurbh ainm dó Seán
Ó Móráin, feirmeoir beag ar bhruach an chuain agus iascaire dá
réir. Ní raibh gluaisteán ná traen ann ins an am san ná aon chuimh-
neamh orthu, agus dá bhrí sin, nuair a bhíodh sé ar chumas aon
duine feircín ime do bheith aige, is é an áit go dtéidís ná go Corcaigh
agus an feircín in airde ar shrathair chapaill. Do tharlaigh do Sheán
gur imigh sé leis maidean bhreá mhoch fé dhéin mhargadh Chorcaí
agus a fheircín aige in airde sa tsrathair; agus ní fada a bhí nuair a
casadh ar bhaile beag cois bóthair é agus a lán daoine bailithe taobh
amuigh do thigh bheag cinn tuí, comhra buailte trasna ar dhá
chathaoir, agus aon bhean amháin ag caoineadh go dubhach os a
cionn. Stad Seán go ligfeadh sé an tsochraid thairis. Ní raibh éinne
ag corraí. Do bhrí an leabhair, arsa Sean leis féin, ní fheadar an
b'é sin an nós atá anso, an corp a dh'fhágaint mar sin comh fada;
ach is gearr go mbeidh réiteach na ceiste sin agam. Do léim anuas
dá chapall ag imeacht fé dhéin an bhuilc, agus ar seisean leis an
gcéad duine a bhuail leis: Cogar é seo liom, arsa Sean, cad fáth
an staidéir ansan nó cad é an bun atá leis? Mhuise ta, a chom-
rádaí, arsa an stróinséir, baintreach bhocht í sin ná raibh aici sa
tsaol ach an t-aonmhac, agus sin é ina luí anois sa chomhra é. Ach
bun an staidéir neosaidh mé dhuit anois é. Tá a fhios agat féin go
bhfuil gach tiarna talún ag baint cúig phunt amach ar an bpaiste
talún le corp duine do chur ann, agus dá bhrí sin ní ligfeadh an
tiarna don mbaintrigh an corpán do chur gan san do dhiol, agus
sin rud ná fuil ar a cumas. Do chuaigh Seán fé dhéin na baintrí
agus do chuir caint uirthi. An miste leat a fhiafraí dhuit, a bhean
chóir, cad é fáth do bhróin? Thóg sí a ceann agus d'fhéach suas air.
—-Ó mhuise, a dhuine, ar sise, ta, mo dhóthain do chrosa an tsaoil
a bheith orm, an t-aonmhac a bhí agam ar shlí na fírinne agus ná
féadfainn é chur síos i dtalamh gan cúig phunt a dhíol, agus níl
pingin rua agam. —Ná bac san, arsa Seán, ag cur lámh ina phóca
agus ag sineadh na cúig phunt chúichi agus ag bailiú leis fé dhéin
a chapaill.
— Mhuise, a dhaideo, arsa mise, nach iontach an sprid a bhi aige.
— Féach go raibh, arsa m'athair críonna ag cromadh sios agus ag
cur spré ar a phíp aris. —Deirimse leat, arsa mise arís, go bhfuair
Seán beannachta ón seanbhean nuair a bhi sé ag fágaint. —Agus
dob fhiú é é, arsa m'athair críonna ag cur cos leis ar a leathghlúin
á shocrú féin chun an chuid eile don scéal a dh insint.
—Sea, chun scéal gearr a dhéanamh dó, i ndeireadh an fhómhair
a bhí chughainn, do bhí iascairí na barúntachta á n-ullmhú féin
chun an bhiaiste; agus fé mar a durt leat cheana, dob é an Leaca
Dhubhach banc an éisc san am san—is ann a bhídís ag teacht ós
gach caladh, aneas ó Uíbh Ráthach, ósna Ródanna, ó Chuas
Cromtha, ón nDaingean, ó Fhionntrá, ó Dhún Chaoin, ó Bhéal
Bán, ón nDúinín, agus ón Leitriúch. Tháinig aon tráthnóna amháin
go raibh an fharraige ina léinsigh, agus dá bhrí sin ní raibh iascaire
ón Neidín theas go dtí an Leitriúch thuaidh ná go raibh ag teacht
fé dhéin an Leaca Dhubhach an tráthnóna san.
—Togha iascaire ab ea Seán féin agus bád féna chumhacht féin
aige, ach do tharlaigh dó an tráthnóna céanna go raibh fear in
easnamh air. Bhi sé féin agus an triúr eile a bheadh in aon bhád
leis istigh ina thigh féin ag cur is ag cúiteamh ca bhfaighidís fear i
gcomhair na hoíche, nuair a bhuail strapaire do bhuachaill stréin-
séartha isteach an doras. Bheannaigh dona raibh istigh agus
bheannaiodar san dó. Sheasaimh sé idir dha lin an dorais. Ba mhaith
liom go mór a fhios a bheith agam, ar seisean, an dteastódh buachaill
aimsire uait ar feadh bliana. Dar fia go dteastódh, arsa Sean, go
mórmhór an aimsir seo, aimsir iascaigh—nach anois díreach ata
easnamh fir orainn? Má tá, arsa an stróinséir, is agamsa atá taithí
ar bháid, agus más maith leat raghad led chois anocht. An-mhaith,
arsa Sean, bogaimís linn ar aghaidh mar sin in ainm Dé.
— Amach leo, agus ní fada a bhí nuair a bhíodar ag imeacht tri
Bhá an Daingin siar fé dhéin an Leaca Dhubhach. Ba mhór an seo
le breáthacht an oiche, gan miam as an spéir ach í ina pláta gorm
ar fad, realt na maidine idir iad agus Sliabh an Fhiolair ag ghos-
carnaigh go breá, trí fichid bád agus na líonta sínte i bhfarraige acu
ar a suaimhneas, amhrán á chasadh in airde anso is ansúd mar is
gnách oíche bhreá mar í, agus gan aon fhuaim eile le cloisint ach
fofhead a ligeadh cúirliún aisti agus í ag gabhail trasna na spéirc.
—-Bhí an stróinséir i mbád Sheáin gan focal as, cé gurbh ionadh
leo san taistealaí mar é agus gan scéal ar bith aige. Mas ea, is gearr
gur éirigh sé i ndeireadh an bháid. Sea, a Sheáin Uí Mhóráin, ar
seisean. Do chuir gach éinne don gcriú cluas air féin. Do thánasa
chughatsa an tráthnóna so agus dheineas margadh leat ar feadh
bliana, agus tabhair fé ndeara go bhfuilim díolta cheana agatsa,
agus dá bhrí sin tóg mo chomhairle anois agus tarraig isteach do
lionta comh tapaidh in Éirinn agus is féidir leat é, mar nior shéid
sé riamh ó sna speártha comh holc agus a shéidfidh sé anocht.
— Dhein Seán gáire agus an triúr eile comh maith. Ní haon chúis
gháire é, a Sheáin, arsa an stróinséir, agus tabharfadsa sampla
dhuit. An cuimhin leat bliain ó shin, nuair a chuais go Corcaigh
le feircin ime, gur thugais cúig phunt dom mháthair chun mise do
chur síos i dtalamh Dé? Do thánasa inniu chun é chúiteamh leat,
dein gach deabhadh anois, agus má tá aon ghaolta leat nó daoine
gur mhaith leat iad a shaoradh, glaoigh abhaile orthu gan mhoill.
—Nuair a bhí an méid sin ráite aige, do léim sé amach “on pholl,
agus ní fheacadar niamh ó shin é. Do bhuail crith cos agus lámh
Seán agus a chriú féin, mar bhí a fhios acu anois gurbh ón saol eile é.
Ar son Dé, arsa Seán, tarraigíg isteach na líonta comh tiubh agus is
féidir libh é, mar is fear dea-chomhairleach an fear san agus is fíor
an rud atá ráite aige.
—Ambaice, a dhaideo, arsa mise, gur décha go raibh sé ina
scanradh orthu. —Ambriathar, arsa m'athair críonna, gO raibh sé
ina scanradh agus ina imni orthu, ach, mas ea, nach roimis an
nduine marbh a bhi sé orthu ach roimis an scrib a bhi le teacht.
—- Is docha e sin, arsa mise, lean leat ar do sceal. —Car stadas? ar
seisean. —Stadais, arsa mise, go ndúirt Sean lena chriú na lionta do
tharrac isteach.
—Sea díreach, arsa m'athair críonna, seo leo ag tarrac na líonta
ar bhás agus ar dhícheall, agus nuair a bhí san déanta acu, seo leo
go léir ag glaoch ar na báid eile; ach mo léan, bhíodar san ag gáirí
fé Sheán—cad fáth ná beidis, an oíche ba bhreátha dár tháinig
riamh, a rá go séidfeadh an oíche, agus scadáin go leor ag pilleáil
ins na liontaibh. Nuair nár thugadar aon tor ar Sheán, seo leis ag
tarrac na seolta in airde agus bhailimh leis an Bealach Salach soir.
Ní rabhadar ach leath slí nuair a dhoirchigh an spéir agus thosnaigh
sé ag préamhú anoir ’s aneas, agus farraige cháiteach idir iad agus
Uíbh Ráthach—-bhí sé ag séideadh agus ag séideadh nó gur chaith-
eadar na seolta a leagadh anuas, bhíodar ag baint lán na pípe dhó
riamh agus choíche, agus í ag líonadh isteach orthu, nó go rabhadar
ag déanamh ar an gCuaisín, agus is ansan a deineadh dhá leath don
gcrann. Cabhair Dé chughainn, arsa Seán, tá an talamh déanta
againn, ach a bhfuil amuigh amuigh agus a bhfuil istigh istigh. Lá
arna mháireach ní raibh tásc ná tuairisc le fáil ar a raibh amuigh.
An gcreidfeá gur deineadh trí fichid baintreach do dheascaibh na
hoíche sin agus gan trácht ar a raibh do bhuachaillí óga ina measc.
—-Ba mhór go léir an scrios é, arsa mise, agus thugas fé ndeara
deor ag sileadh leis anuas leis an dtocht bróin a tháinig air. Sea,
arsa mise im aigne féin. nil aon teora le nadúir an tseanduine, —Nil
aon uair a fhéachaimse ar an áit sin, a dhaideo, arsa mise, ná go
bhféachann sé an-dhubhach dom. —Tá, ar seisean, agus ní hionadh
go mbeadh, agus is dóigh liomsa, a Mhuiris, ar na heascainí a
deineadh ar an áit sin nár fhan aon bhreac éisc ann riamh ó shin.
Ba ghnách leis na buachaillí agus na cailíní na hoícheanta fada
fuara do chaitheamh i bhfochair a chéile im thigh féin, agus is
orainn a bhíodh an ríméad ag fanacht leis an oíche agus ag imirt na
seanchleas Gaelach—an fáinne, an dall, péirini, trom-trom, agus dul
i bhfolach,—tine bhreá dhearg go mbíodh teas uaithi ar fuaid an
tí, gainimh bhreá gheal ón dTráigh Bháin ar an urlár agus glios-
carnach inti ag an lampa a bhíodh crochta os ár gcionn, beirt
bhuachaillí agus beirt chailini i bpáirteacht ag imirt poirini i
gcúinne don dtigh, ceathrar eile i gcúinne eile agus mar sin dóibh.
Dob é seo Oíche Shamhna, agus do bhí formhór na mbuachaillí
sa Daingean. Dá bhrí sin, do bhí ardoíche le bheith againn nuair a
thiocfaidís abhaile, mar go mbeadh a lán úlla, oráistí agus milseáin
acu dhúinn ina comhair. Bhí an tinteán scriosta scuabtha ag Máire
agus ag Eibhlin, tine chraorac thios againn agus an lampa lasta.
agus sinne suite cois na tine ag fanacht leo.
I gceann tamaill, do chualamair an chlismirt agus na gáirí ag
déanamh ar an dtigh, agus is gearr gur osclaíodh an doras agus seo
leis an ngibeal agus leis an ngibris ar fuaid an tí —ba dhóigh leat
gur istigh i bpríosún a bhíodar le fada an lá agus gur ligeadh amach
an oíche seo iad, leis an ngliondar agus an ríméad a bhí orthu,
páipéirí móra úll agus oráistí agus milseán agus gan trácht ar phóirí
ag lucht an Daingin.
Seo leis na clis ar sitl. Ceanglaíodh corda anuas ón gcúpla agus
úll mór dearg ceangailte air. Téann duine síos go dtí an doras agus
tugann fascadh ruthaigh anios, léimeann sé in airde ansan d'iarraidh
breith ar an úll, ach teipeann air, duine eile ansan, is gearr
go mbaineann an tríú duine manta as, agus mar sin dóibh nó
go mbíonn na húlla caite acu, Tosnaíonn cleas eile agus cleas eile—
beirt triúr ceathrar, bóla mór uisce timpeall na tine acu, iad ag
róstadh póiri. Gach buachaill agus cailin a bhiodh mór le chéile, do
dh'fhaighidís dhá phóirc, póire beag sin i an bhean, agus póire mór
sin é an fear, Chuiridis isteach sa tine an dá phdire, agus nuair a
bhídís rósta thógaidis amach iad. Chaithidís síos sa bhóla uisce
ansan iad, agus má théadh an dá phóire ar tóin, do bhíodh an-ghrá
ag an mbeirt sin dá chéile, agus mise á rá leat gurb shin iad an
bheirt a chodlaíodh an oiche sin go sásta. Bhíos féin agus Tomás
Eoin Bháin ina measc, ach bhíomair róbheag chun aon iarracht a
thabhairt fén úll, ach más ea, an buachaill a thugadh leis do léim é,
thugadh sé dhom féin agus do Thomás é, sa tslí go raibh póit
orainn ar feadh na hoíche ag na húlla agus ag na milseáin.
I gceann tamaill, nuair a bhí na húlla agus na milseáin agus gach
uile rud ídithe againn, d'éirigh Pádraig Pheig ina sheasamh. —Táim
chun beagán cainte a thabhairt uaim, ar seisean, agus tá súil agam
go n-aontóidh gach duine liom. Buaileadh na bosa dhó. —Anois,
ar seisean, is í seo Oíche Shamhna, agus ní fios cé mhairfidh le hí
theacht arís, agus dá bhrí sin táim chun seift eile a chur ar bun
anois agus oiche go maidean a dheanamh di. Is i an tseift i ná gach
beirt nó triúr a dh'imeacht ar fuaid an Oileáin le lantaer ag marú
smólach, agus nuair a bheidh an timpeall san tabhartha isteach
againn, tagadh gach duine anso, bíodh tine mhaith thíos agatsa, a
Mháire, agus níl aon bhaol ná go mbeidh rósta na hoíche againn,
— An-mhaith, arsa duine. —An-chuimhneamh, arsa duine eile.
Bhí gach duine toilteanach anois. Seo leo ag cuardach buidéal chun
an tón a bhaint astu, mar ní bhfaighfeá aon lantaer atá comh
compordach leis nuair atá an tón as agus coinneal ar lasadh sáite
síos sa scrogall. Is gearr anois go raibh gach éinne ina phost féin,
ach amháin mo dheirfiúr Máire agus Máire Ní Shé a dh'fhan istigh
ag beiriú aráin agus ag déanamh cácaí milse i gcomhair na hoíche.
— Beidh sibhse araon in aonacht liomsa, arsa Pádraig liom féin
agus le Tomás, agus geallaim díbh gur againne a bheidh an tseilg is
fearr, cé ná ragham rófhada ó bhaile.
Seo linn i dtriúr agus lantaer mór againn siar chun na Tra. Do
bhí an oíche ag cur seaca, na réalta ag glioscarnaigh sa spéir, an Láir
Bhán sinte díreach trasna na spéire ó dheas agus an Chamchéachta
tharainn ó thuaidh, puth beag do ghaoith anoir ag teacht díreach
ó Cheann Sléibhe, giog-giog-giog ag pilibini míog ins na gleannta,
solas anso is ansúd againn le feiscint ar thaobh an chnoic ag an
gcuid eile. Bhíomair ag déanamh siar anois ar an nGleann Mór,
mar is gnách lena lán smólach a bheith ina gcodladh ansúd ins na
sceacha. —Eistig anois, ná bíodh gíog ná míog asaibh, arsa Pádraig
Pheig, mar do léimfeadh na smólaigh dá gcloisfidís an chaint.
Bhíomair ag imeacht linn anois go ciúin agus Pádraig romhainn
amach ar a chorrghiob tríd an ngleann suas. —Tá ceann anso ina
codladh, ar seisean ag breith uirthi agus 4 marú. —Ciúnas aris! ar
seisean ag imeacht leis tríd an ngleann agus sinne ina dhiaidh, agus
is gearr go bhfuair ceann eile agus ceann eile, nó go raibh an gleann
siúlta againn. Bhí seacht gcinn tabhartha as an ngleann anois againn.
— Ní fheadar anois, arsa Pádraig, ag suí síos agus ag deargadh a
phipe, cad é an ait eile go mb'fhearra dhúinn ár n-aghaidh a
thabhairt. —Cad mar gheall ar an nDuimhe? arsa mise. —B’fheidir
nárbh fhearr áit dó, arsa Pádraig ag éirí ina sheasamh, agus
b’sheo linn siar fé dhéin na Duimhche. Bhí na smólaigh agam féin
im phóca agus gliondar an domhain ar ár gcroí an rósta a bheadh
againn orthu. R
Bhíomair ag déanamh ar an nDuimhe anois. —Eistig, arsa
Padraig aris linn, le heagla go músclódh sibh iad. Ni raibh an focal
as a bhéal nuair a chualamair giog-giog-giog. —Cad € sin, a
Phádraig” arsa mise i gcogar leis. —T4, pilibin míog é sin ata a
dhalladh ag an solas. Seo linn á chuardach, agus is gearr go bhfuair
Padraig é agus é luite idir dha rabhan. —Taimid ag déanamh go
han-mhaith, arsa Padraig ag tarrac a phipe amach aris. —Dhera
a dhuine, beidh ualach asail againn sar a bhfad, ma leanaionn
dúinn, arsa Tomás. Nuair a bhí a dhóthain caite ag Pádraig, thug
sé an phíp dúinn féin agus chaitheamair í comh maith le haon
tseanfhear. Sea, nuair a bhíomair sásta dhi, thugamair ár n-aghaidh
siar fé Speir Chuas na Rón, agus bhaineamair ceithre cinn eile amach
as scoilteacha na gcloch.
—Tá a fhios agamsa áit, arsa Pádraig, go mbeadh fiche ceann
againn as, dá raghaimís ann. —Th'anam “on diucs, a Phádraig,
téimís ann, arsa mise. —Ach an-dhrocháit is ea é, arsa Padraig arís
agus é ag féachaint ar an lantaer fé mar a bheadh duine go doimhin
ag smaoineamh. —Cad é an áit é, a Phádraig? arsa mise. —Thíos
i gCuas na Rón, ar seisean ag déanamh smiota gáire. An rabhais
riamh ann? ar seisean agus an dá shúil aige á gcur tríom féin. —Ó,
is minic a bhios, arsa mise. —Bhios-sa leis, arsa Tomas. —Bainfeam
triall as, mar sin, arsa Pádraig ag imeacht leis suas agus sinne ina
dhiaidh nó gur thánamair go dtí barr an chuasa.
Ba dhiamhair an chuma a bhí ar an gcuas an uair sin i gcorp na
hoiche. Ba dhóigh leat go raibh idir bheo agus marbh thios ann lcis
an bhfothram a bhí ag na tonnta ag briseadh isteadh i measc na
gcarraigeacha agus feadaíl ag an sáile ag imeacht suas trí sna
scoilteacha. Ansan do scúdh an tonn sios arís, agus ba dhóigh leat
go raibh na carraigeacha móra, go raibh daichead tonna meáchaint
1 gcuid acu, á stealladh i gcoinne a chéile ag neart na dtonn. Do
bhriseadh tonn mhór eile isteach a chlúdaíodh béal an chuasa leis
an aoirde bhíodh inti, agus déarfá go raibh an cuas go léir fé
bharr lasrach ag an dtine ghealáin a bhí ag imeacht san uisce. Do
stealladh sí isteach i gcoinne na gcarraigeacha arís agus chuireadh
streancai in airde sa speir. —Ó a Phádraig, arsa mise, nach diamhair
an chuma atá air. —Dhera a dhuine, níl, ar seisean, dá mbeifeá
thíos. Tháinig saghas eagla orm féin dul síos. —Ná bíodh aon eagla
Ort, arsa Pádraig; beir thiar ar eireaball casóige ormsa agus beireadh
Tomas ar eireaball casóige ortsa.
Seo le Pádraig trid an strapa sios go socair agus greim an duine
bháite agam féin air agus an greim céanna ag Tomás orm féin, gan
focal ar bith againn ach anois is arís a deireadh Pádraig; —Tógaíg
go breá réidh é, ná bíodh aon eagla oraibh.
Bhiomair thíos anois ag bun an strapa nuair a bhris tonn mhór
eile isteach, agus ba sheacht mheasa dh'fhéach si dhúinn toisc sinn
a bheith thios. Do réab si léithi isteach agus lasracha aici a chur
in airde sa spéir, do réab si i gcoinne na gcarraigeacha, agus ní
raibh aon chuimhneamh againn ná go raibh an cuas titithe i ngabhal
a chéile leis an bhfothram uafásach a dhein sí.
—Na biodh aon eagla oraibh, arsa Pádraig arís, agus ná bíodh
focal asaibh anois go raghaimid ar an bhfód san thall, mar tá scoilt
mhór ansan go mbíonn siad ina gcodladh gach oíche. Seo leis agus
sinne ina dhiaidh, agus tinneas im cheannsa leis an bhfothram. Seo
linn sall go dtí an scoilt. Do sháigh Pádraig siar a lámh agus tharraig
aniar smólach. Do sháigh siar a lámh aris agus tharraig aniar
smólach eile. Bhí ó cheann go ceann aige nó go raibh cúig cinn
déag againn.
Is é an áit go raibh an obair anois conas a raghaimís ar barra.
Chuamair go dtí bun an strapa agus bheireas féin ar eireaball
casóige ar Phadraig agus Tomás mar an gceanna orm féin. Seo linn
ó strapa go strapa nó gur bhaineamair barra amach. —An raibh
aon eagla oraibh? arsa Pádraig. —An riabhach eagla, arsa Tomás.
— An bhfuil a fhios agat, a Phádraig, arsa mise, cad a bhí ormsa?
Diamhaireacht na háite. Nuair a chloisinn an fothram uafásach a
bhí ag na tonnta, tuigtí dhom go dtiocfadh an fharraige anios
isteach go dtí an áit go rabhamair. —Bhi an rud céanna ormsa, ar
seisean, mar is áit an-uaigneach é leis, agus is minic a dúirt m'athair
liom gur chualathas daoine ag caint thíos ann. —Ó éist, a Phádraig,
arsa Tomás, ná bí ag cur eagla orainn. —Ís maith an scéal ná
dúrais thios e, arsa mise, mar is dócha na tiocfaimis amos go deo “ar
mbeathaidh as.
D'éirigh Pádraig ina sheasamh. —Ta comh maith againn bheith
ag baint an tí amach, mar is dócha go bhfuil siad go léir tagaithe
romhainn. An mó ceann anois againn”? ar seisean aris ag iontú
orainne. — Tá, arsa mise, ocht gcinn fhichead agus an pilibin míog.
—Ó, th'anam ’on diucs, ar seisean, tá rósta na hoíche againn mar
sin.
Níor dheineamair stad ná staon nó gur shroicheamair an tigh,
agus comh luath agus a bhíomair isteach an doras: —Cé mhéid
ceann agaibh? ar siad go léir d'aonghuth. —Cé hé an fear is mó go
raibh aige? arsa mise. —Mise, arsa Tomas an Phoncain. —Ce
mhéid ceann a bhi agat? arsa Padraig. —-Fiche ceann, ar seisean.
—O ambaice, arsa Pádraig, tá ocht gcinn fhichead againne. Sin é an
uair a bhí an húrlamábúrla agus iad go léir ag bualadh bos dúinn
féin.
Caitheadh amach ar an mbord ansan iad go léir, agus bhí céad
ceann ar fad ann nuair a bhí a chuid féin ag gach éinne.
— Bíodh gach éinne ag priocadh anois, arsa Séamas Ó Duinnlé,
agus seo le gach éinne ag priocadh an chlúimh dóibh, ach amháin
mo dheirféaracha Máire agus Eibhlín, Cáit Ní Shé agus Cáit Pheig,
a bhi ag obair go cruaidh ag róstadh agus ag ni na n-Araisti agus
mar sin doibh.
Ba ghleoite leat féachaint ar an dtigh an uair sin, gach éinne go
gealghairitheach, Seán Ó Criomhthain suite in aice na tine ag
seimint an mheldédion, ceathrar amuigh ar an urlár ag déanamh na
rileach, cuid eile ag cócaireacht, cuid eile ag ithe, agus fé mar bhíodh
ceathrar ullamh don mbia, do shuiodh ceathrar eile chun boird nó
go raibh gach éinne sásta.
Bhí Mícheál Bán ina shuí ag ceann an bhoird agus é go cúthail,
me féin ag breithniú air, mar do bhi an da shúil aige a chur tri
Cháit Shéamais ar feadh na hoiche. Cailín deas ab ea Cáit, níl
éinne ná go dtitfeadh i ngrá léi. Lena linn sin, éiríonn ceathrar
buachaillí amach chun set a dhéanamh. Ghlaodar ar cheathrar
cailíní, agus bhí Cáit ar dhuine acu, ní nárbh ionadh. Bhí súil an
chait agam féin ag faire ar Mhicheál ar feadh an ama so, agus
deirimse leat gur dheacair do Cháit cor ar deiseal ná ar dtuathal
a thabhairt i gan fhios dó.
Nuair a bhi an set déanta acu, cad a dhéin Cáit ach sui ar ghlúin
Thomais an Phoncain. Choimeadas féin mo shúil ar Mhicheal, agus
comh luath agus a chonaic sé an chuma go raibh si, tháinig coinneal
ina radharc, tharraig trí nó ceathair d'osnaí móra croíbhristeach,
bhain cúpla searradh as féin agus dhein méanfach ar nós duine a
bheadh tar éis dúiseacht as a chodladh. Ar mh'anam mhuise, a
Mhichil, arsa mise im aigne fein, go bhfuil gathai Chuipid dulta
ionatsa, a bhuachaill.
Ní fada gur tharlaigh do Cháit a lámh do chur timpeall muineál
Thomáis. Choimeádas féin mo shúil ar Mhícheál i gcónaí, agus
nuair a chonaic sé é sin, do thochais a cheann go dóite agus do
scúigh a fhiacla leis an dtochas san. [ gceann tamaill d'éiríos. Níor
ligeas faic orm. Do bhuaileas sall go dtí Mícheál. Do shuíos ar a
ghlúin.
—Sea, a Mhichíl, arsa mise, nach cúthail atánn tú ansan?
—Ambaiste, a Mhuiris, ar seisean, ná fuil aon ghnó ag duine a
chathaoir a dh fhágaint, mar dá bhfágfadh, ní bheadh sí aris aige.
— Cogar, a Mhíchíl, arsa mise arís. —Sea, ar seisean, agus thug
stracfhéachaint eile sall ar Cháit. —Ar chualaís riamh cad a dúirt
Piaras Feirtéar? arsa mise. -——Cad dúirt sé? ar seisean. —Dúirt, arsa
mise, oíche a tháinig sé isteach i dtigh go raibh a lán daoine bailithe
i dteannta chéile, agus go mórmhór an cailín go raibh taithneamh
aige dhi, chonaic sé suite ar ghlúin fir eile í, Le linn na bhfocal san
a iá dhom, d'fhéach Mícheál orm idir an dá shúil. Tharraig osna
mór fada. Bhraitheas mé féin ag dul in airde san aer leis an neart
tógála a bhí ins an osna san. —Mhuise, cad dúirt sé? ar seisean arís
go leanbaí. Thosnaíos féin:
An bhean dob ansa liom fan ngréin
Is nárbh ansa léi mé chor ar bith
Ina sui ar ghluin a fir féin,
Ba mhór an céim is me istigh.
—Ó, a Mhuiris, ar seisean, cá bhfuairis an bhéarsa san? —Om
athair críonna, arsa mise, an maith leat é? —Is maith liom go mór
é, ar seisean, mar tá a fhios agamsa go maith conas mar bhí Piaras
an uair úd. —Ba dhóigh le duine ort, arsa mise, gurb é an galar
céanna atá ort féin.
Bhuail se a cheann fe ar feadh leathnóiminte. Thóg a cheann agus
d'fhéach sall ar Cháit. D'fhéach orm arís go truamhéileach: —Tá
an galar san ormsa leis, a Mhuiris, ar seisean, —Th’anam “on diucs,
a Mhíchíl, arsa mise, abair liomsa cé hí, agus b'fhéidir go meallfainn
chughat í. Dhein sé gáire agus thug stracfhéachaint eile sall. —An
bhfuil an cailín anso istigh anois? arsa mise. —Tá, ar seisean. —Fan
anois, féach an gcuirfinn amach í, arsa mise ag féachaint timpeall.
—Cáit Pheig, arsa mise. —-Ni hi, ar seisean. —Cáit Shéamais, arsa
mise. Bhuail sé a cheann fé. —O a Mhichil, is i, is fuirist aithint
Ort é. Agus an bhfuil a fhios aici go bhfuileann tú ina diaidh” arsa
mise i gcogar leis, —Níl a fhiosa, ar seisean. —Th’anam “on diucs,
canathaobh ná déarfá léithi é?
Lena linn sin, tagann Eibhlín chughainn aníos: —Anois, a.
Mhíchíl, ar sise, iontaig isteach ar an mbord, tú féin agus Muiris.
D’iontaigh beirt againn isteach, agus bhí cúpla pláta do smólaigh
rósta os ár gcomhair amach. Bhí a fhios agam féin nár thainig Cáit
Shéamais go dti an mbord fós, agus dá bhrí sin chuas chúichi sall
agus bhuaileas mo lamh anuas ar a guala. —A Chait, arsa mise,
tar liom sail go dti an mbord anois. Tagann beirt againn anail.
—Suig ansan, a Cháit, arsa mise, in aice le Mícheál.
Féachann sé ar Cháit, tugann fé labhairt léi, ach cailleann an
misneach air. Tugann arís fé, ach teipeann glan air. I gceann tamaill
eile labhrann Cáit: —Sea anois, a Mhichil, ar sise, an bhfuil aon
scéal nua agat? D'fhéach uirthi go tapaidh, agus sara raibh deireadh
na ceiste ráite ag Cáit, bhí freagra tabhartha uirthi ag Mícheál.
Féachann orm féin agus lasadh ina ghnúis, liopaí a bhéil ar crith le
racht áthais.
Lá arna mháireach do chuala ó bhean go ndúirt bean léi gur chuir:
Mícheál Cáit abhaile an oíche sin, agus dá bhrí sin do bhí sé an-
mhór liom féin ina dhiaidh sin.
Maidean bhreá i nDeireadh Fómhair, bhíos féin agus Micheal
Pheig i dtigh Phádraig Ó Dála ag caint agus ag cur síos ar chúrsaí
an tsaoil. I gceann tamaill, d'éiríomair amach ar an mbuaile. Bhí
leoithne beag do ghaoith anoir ann, rúcaigh go leor ag imeacht san
aer agus cuma bhreá sheasmhach ar an lá.
— Ní fheadar an mbeadh aon leisce oraibh dul in aonacht liom
siar chun na hInise? arsa Pádraig. —Th’anam “on diucs, téanaíg,
arsa mise agus gliondar ar mo chroí. —An riabhach mé, arsa
Pádraig agus é ag féachaint soir ó dheas, go bhfuil potaí breátha
nua i bhfarraige fós agam, agus dá mbeidís ar an dtalamh agam,
go ndéanfaidís an chéad bhliain eile mé. —Dar fia, ní fearra dhúinn
bheith istigh, arsa Micheal. —Faighig ullamh sibh féin. mar sin.
arsa Pádraig; agus chuas féin agus Mícheál abhaile ag triall ar
bheagán lóin i gcomhair an aistir.
Seo liom abhaile, bhuaileas chugham mo chanta aráin, agus
bhailios liom soir go dtí Padraig. D’fhéachas suas agus is ea chonac
Micheal an Tóchar anuas, a chaipin ar a leathcheann aige, fo-
dhroinn amach air agus fothrom aige á bhaint as na clocha leis na
bróga móra tairní a bhí air. —Bigor, ar seisean nuair a thagann
sé suas linn, déanfaidh sé an-lá.
Bhi an naomhóg ar snámh, madra ag gach éinne againn, agus
is maith a bhí a fhios acu gur ag fiach a bhíodar ag dul, mar comh
luath agus bhí an naomhóg ar an uisce, léimeadar inti, lútáil an
domhain acu lena n-eireabaill, a dteanga amuigh acu agus iad ag
sceamhail ar a chéile ar nós aon triúr fear a bheadh ag comhrá.
Chuireamair gach giotail isteach inti agus as go brách linn taobh
an Oileáin siar.
Ag déanamh siar ar Cheann Chnoic dúinn, do bhí leoithne deas
do ghaoith anoir againn. —An riabhach, arsa Pádraig, go mb'fhearra
dhúinn éirí amach sa Bhá, agus tabharfaidh an seol siar sinn. Bhíos
féin i dtosach, Mícheál i lár agus Pádraig i ndeireadh. —TA comh
maith, arsa mise, á casadh amach. Nuair a bhíomair amach ár
ndóthain, tharraigíos féin an seol fúithi, agus más ea is gearr gur
bhog sí léithi go mear.
Bhíomair an-chompordach anois, tarrac ar thobac againn ó
Phádraig, an rud a bhí uainn, sinn sínte siar inti ar ár socracht, agus
Micheal ag cur síos dúinn ar bheatha Robinson Crusoe. Do bhíomair
ag éisteacht leis go haiclí, gan éinne ag teacht trasna air, agus dá
bhrí sin an sli á chiorrú aige i leabaidh a chéile, —Is dócha, a
Phádraig, ná fuilimíd leath sli fós? arsa mise. —Ni fada uait anois,
arsa Pádraig; is é an uair bheidh sé agat nuair bheidh an Tiaracht
le feiscint do dhroim an Cheanna Dhuibh—lean leat, a Mhichil.
Ni fada anois go raibh an Tiaracht le feiscint fé mar a dúirt
Padraig. Dob álainn an radharc é agus sinn trasna an Bhealaigh
Mhóir siar, na tithe beaga geala agam le feiscint in airde sa Tiaracht
agus bóthar geal deanta trid an gcloich duibh suas ón bhfarraigc
go dtí an tigh solais. Tharm ó dheas bhí an Sceilg Mhór agus Sceilg
Mhichíl le feiscint go soiléir agus an ghrian ag taithneamh go breá
orthu, an fharraige lán d'éanlaithe mara gach saghas, crónán na
dtonn im thimpeall, Inisícíleáin agus Inis na Bró-ag méadú go mór
fé mar bhios ag druideam leo, builc chaorach anso is ansúd in airde
in Inis na Bró, agus cuid acu anuas ins na faillteacha diamhaire
seasmhach a bhí bán gléigeal ag tuar na n-éan. Nach neamheaglach
iad, arsa mise im aigne fein, agus do chuaigh a lan do bhcatha
Robinson Crusoe amú orm do dheascaibh breáthacht na háite agus
doimhneas mo smaointe.
Is gearr anois go raibh tigh na hInise agam le feiscint, glioscarnach
ag an ngréin ar a dhíon peilte agus garraithe breátha glasa ina
thimpeall. Tamall uaidh siar do chonac scata gabhar. Chuimhníos
láithreach ar Robinson Crusoe agus ar na gabhair a bhuail leis ar
oileán da shórt. Bhí na céadta agus na mílte éan le feiscint timpeall
na cloiche, cuid acu ag eiteallaigh san aer, cuid eile acu stopaithe
ar an bhfarraige, agus cuid eile acu ina stad ar na binsí cloch. Ní
raibh a fhios agam anois cad a bhí á rá ag Mícheál, cé go raibh ciach
air féin, leis na smaointe a bhi ag rith isteach im aigne.
Bhíomair suas le taobh na hInise anois, agus is gearr go raibh
an boladh cumhra agam le fáil ón raithnigh a bhí ag fás os mo
chionn in airde sa bhfaill agus faid aon fhir inti. Bhí fonn ceart
chun siúl trid an oilean orm.
—-Tá sé comh maith agat an seol a leagadh anois, arsa Pádraig.
D'éiríos im sheasamh á ligint anuas. Thóg Pádraig a chaipín dá
cheann agus d'fhéach ina thimpeall ag machnamh. — Is dócha ná
fuil aon rud is fearra dhúinn a dhéanamh ar dtúis, ar seisean, ná
na potaí dh'fháil, go mórmhór mar tá sé ina lag trá anois, agus ní
bheidh aon mhoill orainn iad do bhaint amach má tá siad le fáil in
aon chor, agus ansan beidh an lá féin dtor againn.
D'imíomair linn ó dheas ansan go dtí Bun na Cárthaí. —Tóg go
réidh anois é, arsa Pádraig, tá pota anso. Chasas féin an naomhóg
timpeall ar an bpota, agus do tharraig sé aníos é. —Cad é an treo
go bhfuil aon phota eile anois orainn, a Phádraig? arsa mise.
— Rámhaíg ó dheas go dtí Poll na Ré anois, ar seisean; is dóigh hom
gur ceart do cheann eile bheith ann. Seo linn ag rámhaíocht linn
ó dheas, agus ní fada bhíomair nuair a dúirt sé linn stop. D'fhéachas
isteach agus chonac pota eile idir mé agus an poll. Chúlamair
isteach air agus chuir Pádraig a ghatha fén gcorc agus seo á tharrac
isteach é.
—Mhuise, canathaobh, a Phádraig, gur glaodh Poll na Ré ar an
bpoll san? —Neosadsa san duit, arsa Padraig, ag breithniú isteach
ar an bpoll: an bhfeiceann tú an chuma ata a bhéal iontaithe soir ó
dheas? —Feicim, arsa mise. —We/l/, ar seisean, nil aon pholl eile
san oileán atá iontaithe soir 6 dheas ar a chuma, agus da bhrí sin,
nuair a bhionn an re ag eiri do dhroim Uibh Ráthaigh, cuireann sé
solas breá isteach díreach tríd an bpoll san, agus dá dheascaibh sin
glaodh Poll na Ré air.
Bhíomair ó phota go pota anois nó go raibh cúig phota againn
inti agus ainm gach áite againn ó Phádraig. Seo linn siar Tón na
gCeannaí, trasna béal Chuas an Éin, mórdtimpeall na Tóirní, nó
gur thánamair go dí Rinn na bhFaoileann. Fuaireamair pota eile
ansan. Bhí Pádraig á tharrac leis isteach ar a shuaimhneas agus é
ag cur síos dúinn ar an am go raibh sé ina pháiste san Inis, ach i
gceann tamaill stadann don gcaint go hobann agus é ag féachaint
suas ar charraig mhór ard a bhí breis agus daichead troigh ar aoirde
os cionn na farraige agus i deighilte amach ón oileán. D’fhéachas
féin air agus bhreithníos cuma iontaiseach air. —Cad a chíonn tú
in airde, a Phádraig? arsa mise. — Do-bheirim an diabhal go bhfeicim
an rud is aite a chonac riamh, ar seisean agus é ag gliúcaíocht níos
géire anois; ná feiceann sibh an fear ata ina shuí in airde féna hata
cruaidh agus é ag féachaint amach ar an Sceilg? D’fhéachamair
in airde, agus dar fia bhí sé le feiscint go soiléir agus a chos ar a
leathghlúin aige. Ní raibh focal as ceachtar againn ar feadh tamaill.
Cé bheadh ann? Ní raibh éinne ina chónaí san oileán, agus dá
mbeadh féin, conas ab fheidir leis teacht amach ar an gcarraig sin?
— Dar fia, a Phádraig, arsa mise, go bhfuil sé ann go deimhnitheach,
agus más ea ní héinne saolta é.
D'fhéach Mícheál orm féin agus dath an bháis air. Tháinig
codladh grifin im chuid fola agus fuarallas tríom amach. D’fhéachas
ar Phádraig arís agus tuigeadh dom go raibh cuma na rógaireacht
ina dhá shúil. Seo ag machnamh mé, agus b'é toradh mo mhach-
naimh gur chuimhníos gur chuala m'athair críonna ag rá uair éigin
liom féin a leithéid sin do stocán a bheith san Inis go nglaotar
Micky the Peeler air, agus ná raibh aon oidhre air, ar fhéachaint
ón bhfarraige air, ach fear féna hata cruaidh,
Chuireas liú asam: —Th’anam “on diucs, a Phádraig, arsa mise
go scaileathanach, nach e sin Micky the Peeler? Lena linn sin do
dhein sé aon scarta amháin gáire a bhain macalla amach as na
cuaiseanna. —Ambriathar féin, ar seisean, ach gur shuaith sé go
maith an bheirt agaibh. —Do-bheirimse an riabhach, arsa Micheal,
nach aon gháirí é, go rabhas-sa ag breith piscíní an chéad uair nuair
a chonac é. —Ambriathar nach tusa éinne amháin gur chuir sé
mearbhall air, arsa Pádraig ag suí ar an dtochta. Ní dhéanfaidh
so é, ar seisean aris ag cur a dha mhaide amach; tá an lá againn á
chaitheamh agus gan faic againn 4 dhéanamh. Gheobhaimid
Bealach Oileán na Leamhan siar anois agus raghaimid ‘on dtraigh.
Ni fada siar a bhiomair agus stracadh maith ar na maidi againn,
nuair a stad Padraig aris, agus d'éirigh ina sheasamh. —Do-bheirim
an diabhal, ar seisean, gur géanna tis iad san istigh ar an gcloich,
ag sineadh a mhéire ina dtreo. —Is an-chosúil le géanna iad, arsa
mise. —Cad a thabharfadh géanna ansan? arsa Micheal. —Am-
briathar go gcuirfeadh stoirm ann iad, arsa mise. Thóg Padraig
isteach a mhaidi ansan agus d'fhan ina sheasamh sa naomhdig nó
go rabhamair an-ghairid dóibh. —Go réidh anois, ar seisean, le
heagla go léimfidis. Chomhairiomair naoi gcinn acu. Chilamair
isteach i, agus chuaigh Padraig amach ar an dtalamh, agus ma
chuaigh, ni raibh sé ach amuigh nuair a léim gach ceann acu san
aer, agus seo leo amach trid an mBa idir sinn agus an Sceilg. Seo
le beirt againn ag féachaint ina ndiaidh agus Pádraig mar an
gceanna istigh ar an dtalamh, nó gur stopadar amuigh sa Bha.
Chuir Pádraig liú as: —Cúlaig, cúlaig, cúlaig! agus léim sé sa
naomhóig. Tar lasmuigh dhóibh, ar seisean, agus teanntóm isteach
romhainn iad. Ní fada go rabhamair lasmuigh dhóibh, agus theann-
tuíomair isteach riamh agus choíche iad nó go rabhadar thuas ins
an Chladach Bhuí againn, agus seo leo in airde i measc na gcloch.
Amach le Pádraig ina ndiaidh, ach más ea, léim gach uile cheann acu
aris, ach aon cheann amháin gur tharlaigh do breith uirthi. —Och.
th'anam “on riabhach, ar seisean, ta siad ar an bhfarraige le fada. Féach.
ar seisean, ag tógaint an ghé in airde san aer, níl meáchaint chleite
inti. Do chuir a sciatháin tharna chéile agus do bhuail uaidh i thiar
i ndeireadh na naomhóigc.
Seo linn arís, sinn á dhalladh leis an allas, nó gur thánamair
lasmuigh dhóibh arís. Bhíodar romhainn isteach arís againn, agus
sa deireadh thiar do bheireamair ar sé cinn acu, agus é deireanach
go maith sa tráthnóna, mar do bhí réalt againn le feiscint anso is
ansúd ar fuaid na spéire. Seo linn Bealach Oilean na Leamhan o
thuaidh agus an Bealach Caol ó dheas agus taobh Inis na Bró soir.
Ní raibh puth gaoithe sa spéir, glug-glag glug-glag ag an dtaoide
atha tríd an mBealach ó dheas, éanlaithe mara ina mílte ar an
bhfarraige, muca dubha ag léimeadh tharna chéile i gciumhais na
taoide, fophaiste éisc anso is ansúd ag ráthaíocht, bóthar bán ag an
naomhóig á dhéanamh ina diaidh aniar, breac geal anois is arís
ag tabhairt léim táilliúra san aer le breáthacht an tráthnóna.
Nuair a bhiomair suas le fiche slat soir ón Laoch, do fuaireas
féin an boladh is gráinne dá bhfuaireas riamh. —Púth, púth, púth!
arsa mise, agus do ghaibh sé siar trí chúl mo chinn.
— Cad tá ort? arsa Pádraig. —Och, an bhfaigheann tú an boladh
gránna? arsa mise. Ni raibh an focal as mo bhéal nuair a scréach
Padraig agus Micheal: —-Púth, púth, puth! ar siad in aonacht. —Ta
na madraí curtha amach, arsa Padraig. Och, is bréan an boladh é.
ar seisean agus greim daingean aige ar a shróin. D'fhéachas féin ar
thóin na naomhóige. agus más ea do chonac na trí madraí ina
gcodjadh go sámh. An diabhal cur amach atá déanta acu, arsa mise,
pé rud eile é, —Tá ardiontas orm mura bhfuil, arsa Pádraig ag
féachaint ina thimpeall.
Pé cuma d'fhéachas féin idir mé agus Uíbh Ráthach, timpeall
agus deich slata 6 dheas uaim chonac bolga-boghaisin a dheanamh
ins an bhfarraige. —Th'anam ’on riabhach, arsa mise, cad é an
rud san amuigh? Do scréach Padraig. —Th’anam “on diucs, ar
seisean, miol mór is ea é, agus is uaidh sin ataimid ag fail an bholadh.
—Ramhaig, ramhaig, comh tapaidh agus is féidir libh é, agus
bainíg amach an talamh.
Seo linn ar bhás agus ar dhícheall, gan focal as éinne againn anois.
Ní raibh le cloisint ach saothar na bhfear agus an phléasc a dheineadh
an naomhóg nuair a léimeadh sí do dhroim tonn agus an bhúisceáil
a dheineadh sí lena tosach nuair a chuireadh sí streancai sáile uaithi
amach. Bhíomair ag tarrac ar ár ndícheall, ach más ea, ní fada a
bhí nuair a dh’éirigh an míol mór le taobh na naomhóige, an
t-ainmhí is mó a chonac riamh, faid aon loinge inti, agus craos mór
gorm agam le feiscint go soiléir go raghadh trí naomhóga gan aon
dua siar ann. Ba mhór an chontúirt go rabhamair ann i lár an
Bhealaigh Mhóir, an talamh cúpla míle uainn agus an t-ainmhí
fíochmhar craosach starrfhiaclach súilghéarach suas lenár dtaobh,
agus ná beadh aige ach a cheann d'iontú agus sinn féin agus an
naomhóg do shlogadh, agus dá bhrí sin ní raibh aon choinne againn
gach re nóimint ná go mbeimis thiar ina ghoile.
Bhiomair ag tarrac fós ar ár landicheall, gach easna 'ár gcorp ag
lúbadh, agus gan ag an ainmhí sin á dhéanamh ach ag máineáil suas
linn i gcónaí, agus ó am go ham do thugadh sé stracfhéachaint
orainn agus a dhá shúil ghéara ghorma aige á chur trínn. —Báfaidh
sé sinn, má ghabhann sé trasna síos fén naomhóig, arsa Pádraig go
giorranálach; ramhaig uirthi, ní fada uainn an talamh anois le
cabhair Dé.
Ní raibh súil ná béal anois orainn le hallas, ár n-easnaíocha ag
lúbadh le neart struis, gan focal eile asainn ach saothar na beirte
agam le clos, gíoscán ag cleiteanna na maidí rámha, búisceáil ag an
ainmhí á dheanamh trid an uisce, agus streallai farraige aigc á
chur isteach sa naomhóig, boladh a anala ag cur orainn i gcónai.
agus gan aon dul againn uaidh.
— Tá comh maith agaibh gan sibh féin do mharú, arsa Pádraig,
pé rud a dhéanfaidh sé linn. Ní raibh an focal as a bhéal nuair a
chas an míol mór isteach díreach ar chliathan na naomhóige. Chuir
Pádraig scréach as. — Go sábhála Dia sinn, ar seisean, táimid aige
anois—rámhaíg, ramhaig, ramhaig! —Cad mar gheall ar cheann do
sna madraí a chaitheamh amach chuige, a Phádraig? arsa mise.
—Dhera a dhiabhail, ná dein, ach rámhaig, rámhaig, nó beir
féin aige in ionad an mhadra.
Bhiomair i ngiorracht deich slata don gCeann Dubh anois, agus
dá bhrí sin bhí an-mhisneach ag teacht dúinn, agus geallaimse
dhuit, a léitheoir, nuair a fuaireamair sinn féin isteach leis an
dtalamh, gur bhaineamair an báirneach go maith don gcloich.
B'shiúd linn soir ar ár lándícheall nó gur chuamair isteach i bPoll
na Boise. Níor tháinig an míol mór a thuilleadh. Stadamair, Ní
raibh ionainn labhairt fós. Bhi ár n-anál imithe agus ár mbéal ar
leathadh d'iarraidh na scamhóga do líonadh. I gceann tamaill,
beireann Pádraig ar an mbuidéal uisce a bhí i ndeireadh na naomh-
óige, agus baineann slogóg mhaith as.
—Ó a Rí na bhfeart, arsa Pádraig nuair a fuair sé a chaint, nach
haiceálta an lá é—níor bheir a leithéid riamh orm ó rugadh mé,
agus nár lige Dia go mbéarfaidh arís. Dhera a dhuine, ar seisean
liomsa, bhís as do mheabhair an uair sin sa Bhealach Mhór, nuair
a bhís chun an madra a chaitheamh go dtí an míol mór. —Ni
fheadar cad a dhéanfadh sé, arsa Mícheál, dá gcaithfeadh?
—Neosadsa dhuit é, ar seisean; mar nuair a thaithneodh an madra
leis, bheadh sé ag lorg ceann eile, cé gur shuarach an greim dó é,
agus dá bhrí sin thabharfadh sé fén naomhóig agus a raibh inti do
shlogadh. — Is é an rud a bhí im cheannsa, arsa mise, dá gcaithfinn
chuige é, go dtabharfadh sé tamall deas á ithe, agus ansan b'fhéidir
linn na cosa thabhairt uaidh. —Dhe, ní fheadair sé siúd nach cuil
a bheadh ina bhéal aige, arsa Mícheál.
Bhí an ghrian anois dulta síos ins an iarthar, na réaltanna ag
spréacharnaigh agus dathanna iontacha ag teacht ar na spéartha,
srann ag rón á chur uaidh anso is ansúd i measc na gcloch, coiníní
go leor os ár gclonn in airde amuigh ar na rabhain, na fiaigh mhara
ina stad ar na stocáin agus na sciatháin ar leathadh acu. —Bogaimís
linn soir in ainm Dé, arsa Padraig ag cur a dhá mhaide amach.
—-Is minic, arsa Micheál, go dtagann an magadh go dtí leabaidh
an dáiríribh. —Conas san? arsa Padraig. —An cuimhin leat inniu,
arsa Mícheál, nuair a ligis ort gur fear ón saol eile Micky the Peeler,
nach breá an scarta dheinis fé bheirt againn; ach ambriathar féin
nach mór na gáirí a bhí fút an Bealach Mór aniar! —Ambaiste,
arsa Pádraig, is dóigh liom ná raibh aon phioc eagla oraibhse araon.
—-An riabhach a raibh mórán, arsa mise. —Ni raibh gan dabht,
arsa Pádraig, mar ní raibh a fhios agaibh cad é an scéal aige é——dá
mbeadh, thiocfadh an liathbhui oraibh. —Dhera a dhuine, arsa
Micheal, ni féidir linn a dh'fháil ach aon bhás amháin, agus da
bhfaighimis ar an mBealach Mór é, ná rabhamair comh maith as?
— Agus canathaobh, arsa Padraig, ma tánn ti comh neamheaglach
san, ná léimfeá amach “on pholl anois? —O, caint gan éifeacht í sin,
arsa Mícheál. —Conas gurb ea? —Mar tá an lá ceapaithe dhúinn
go léir.
Bhi an sli againn a chiorrú mar sin nó gur thanamair isteach ar
an gcaladh. Ní raibh beo romhainn ar an slip ach amháin cúpla
cearc uisce a bhí ag priocadh na n-iascán, agus nuair a bhraitheadar
sinne do léimeadar tríd an linn amach ag scréachaigh.
La brea i mí Lúnasa, do bhi an Ri tar éis teacht isteach ó Dhún
Chaoin agus mala an phoist aige. Is é nós gach éinne san Oileán
bheith roimis ar an gcaladh, óg agus sean, agus is minic a bhíodh
a dhóthain le déanamh aige a anál do tharrac leis an mbailiú a
bhíodh timpeall air agus a ghibris féin ag cách.
—Is dócha ná fuil aon nuacht ón dtaobh amuigh agat? arsa Seán
Fada. —An fial mé, arsa an Rí á fhreagairt, nach mór na scéalta
gheofá amuigh an aimsir seo ach iad ag obair go cruaidh dóibh
féin, ní nach ionadh san, ar seisean ag gíotáil leis na litreacha san
am chéanna. —Ó, obair fada orthu, arsa Seán ag iontú amach ar
an bhfarraige, ta daoine anso comh maith leo agus an diabhal ná an
deamhan obair ag cur tinnis orthu, agus tá siad ag maireachtaint
comh maith le haon pheacach in Éirinn, cé gur mór an focal le rá é.
—An fial mé, arsa an Ri, ná feaca riamh ach an chaint gan éifeacht
agat. —Th’anam “on diabhal, arsa Seán, ní caint gan éifeacht í—ná
feiceann tú féin ansan iad agus iad comh díomhaoin le haon bhacach
as so síos go Béal Feirste?
—-Aon fhear anois, arsa an Ri ag éirí ina sheasamh, go bhfuil
aon mhisneach aige, tugadh sé leis ó dheas go dti Cuan Fionntrá
naomhóg Dé Domhnaigh seo chughainn, tá rás mór le bheith ann.
—Ní raghaid mhuise, arsa Seán, ná baol orthu—ar chualais aon
naomhóg a bheith ag dul isteach? ar seisean arís ag iontú ar an Rí.
—-Ambriathar go bhfuil, arsa an Rí, naomhóg an Chuasa agus
naomhóg Bhaile Móir agus naomhóg ón Leitriúch.
Ní raibh do chaint sa bhaile anois ach na ráiseanna. Gach duine
a bhuaileadh liom ar bhóthar ar chnoc nó ar thráigh, is é an chéad
bheannú a gheobhainn: —An bhfuil tú ag dul ar na ráiseanna?
—- Táim, an bhfuileann tú féin? —Taim. Istoiche Dé Sathairn, an
oíche roimh na ráiseanna, bhí na buachaillí agus na cailíní bailithe
isteach i dteannta chéile agus gan do ghibris eatarthu ach na
ráiseanna amáireach. Bhuaii Tomás Eoin Bháin liom féin. —A
Thomáis, arsa mise, cad mar gheall ar dhul go dtí sna ráiseanna
amáireach? —Th’anam “on diucs, téanam, arsa Tomas. —An bhfuil
a fhios ag t'athair go bhfuileann tú ag dul ann? —Dhera a dhuine,
arsa Tomás, dúrt leis inniu go rabhas ag dul ann, ach cad a gheobh-
ainn ach buille sa chúl a chuir amach ar mo bhéal agus ar m'fhiacla
mé. — Is é an scéal céanna agamsa é, arsa mise, ach imeoidh beirt
againn i gan fhios dóibh. Dá bhfaighimís sinn féin istigh in aon
naomhóig in aon chor, bheadh againn. —O bheadh, a dhuine, arsa
Tomás. — Bí it shuí le giolc an ghealbhain, arsa mise, agus an chéad
naomhóg a gheobham, baileom linn. —An-cheart, arsa Tomás, ag
imeacht linn abhaile.
Nuair a chuas isteach, is ea a bhi Eibhlin, Sean agus Micheal ag
gléasadh a mbróga i gcomhair na maireach. Níor labhras faic, ach
faid mo láimhe do phus orm, Eibhlín ag imeacht timpeall go
haerach leis an scóp a bhí uirthi i gcomhair na raiseanna. Bhíos féin
suite cois na tine, agus tagann Eibhlín aníos chugham agus tógann
an chloch iarainn as an dtine chun a bheith ag iarnáil. —Téire a
chodladh dhuit féin, ar sise liomsa, agus bíodh an ciotal beirithe
agat dúinn ar maidin. Chuir si cancar orm, agus níor dheineas aon
rud ach leadar boise a thabhairt di isteach sa phluic, agus rith liom
siar “on tseomra nuair a bhí mo shásamh bainte amach agam, agus
chuas a chodladh. Más ea, deirim leat, a léitheoir, nár dhún mo
dhá shúil ar a chéile an oiche sin ach me ag eisteacht leis an gclog,
go raibh tic-teac tic-teac ar feadh na hoíche aige nó gur bhuail sé
a cúig ar maidin.
D'éiríos 1 gan fhios don gcuid eile, níos agus ghlanas mé féin,
agus ní bhrisfinn ubh a bheadh fém chois le heagla na heagla go
gcloisfí mé ar an urlár. D'adaíos an tine agus chuireas an ciotal
uirthi. Chuireas mo cheann an doras amach, agus dar fia thógfadh
sé na mairbh as uaigh an uair sin, ciumhais ar dhath an óir do
dhroim Shliabh an Fhiolair ag an ngréin a bhi ag cur di anios, an
fharraige ina báinté, gan smál sa spéir, agus ceol binn ag an
bhfuiseoig in airde os mo chionn. Ní fada go raibh m'fhoiscealach
tae ólta agam, agus bhailios liom soir go dtí Tomás, agus dar fia
bhí sé ullamh romham. — Fh anam “on diucs, ar seisean, ta Seán
Thaidhg agus Seán Thomáis imithe síos go dtí an caladh— bros-
taimis agus tabharfaidh siad amach sinn. —An bhfuil? arsa mise
ag léimeadh ó thalamh agus ag imeacht linn sna cosa in airde fé
dhéin an chaladh.
Nuair a shroicheamair barra, d'fhéachamair síos, agus is ea bhí
an naomhóg ar snámh acu. —Brostaig, brostaig, arsa mise, nó
beidh siad imithe orainn, ag rith linn síos nó gur chuamair síos
isteach ar an slip. —Th’anam ’on riabhach, a Sheáin, an dtabhar-
faidh tú amach sinn? —Ca bhfuileann sibh ag dul? ar seisean. —Go
dtí sna ráiseanna, arsa mise. ——Tá go maith, arsa Seán, léimíg
isteach inti.
Dhé mo léir, léimeamair isteach inti gan mórán moille, agus
gliondar ar ár gcroí, beirt againn suite thiar ina deireadh anois,
agus mé á rá leat ná rabhadar ar thalamh an domhain an uair sin
aon bheirt a bhí comh gliondarach linn. Sinn tamall deas amach
ón gcaladh, d'fhéachas féin uaim isteach ar an mbaile, agus is ea
chonac na buachaillí agus na cailíní ag teacht fé dhéin an chaladh.
—Th’anam ’on diucs, a Thomáis, arsa mise, féach gur mór an
seans a bhí linn agus an caladh bheith fágtha againn. —Canathaobh?
arsa Tomas. —Féach uait isteach, arsa mise, agus lena linn sin
bhain sé miotég as mo cheathriin féin agus dhein gáire leis an
ríméad a bhi air. —-Mhuise, nach fíor duit é! ar seisean, mar dá
mbeimis ar an gcaladh anois, ni dhéanfaimis an bheart go deo.
Bhi an fharraige an uair sin ar nós pana gloine, sruthán do
thaoide thuile tríd an mBealach 6 thuaidh, forchain crosáin agus
guardail go leor ag imeacht ar an uisce, an ceathrar fear striopalta
go dtí sna léinteacha agus iad ag rámhaíocht ar a ndícheall.
Is gearr gur labhair Seán Thaidhg amuigh i dtosach. —An
bhfeiceann sibh an loma? ar seisean. D’fheachamair ó dheas. agus
is ea bhí an t-éan mór agus brollach bán aici ag imeacht di féin leis
an dtaoide. —Nach breá an t-éan é, a Thomáis, arsa mise. —Nár
dhóigh leat gur gainéad óg i? ar seisean. —Tá sí an-chosúil leis, arsa
mise. Bhí Séamas Cháit, seanfhear, i lár. —Sin éan, arsa Séamas,
nár tháinig ar an dtalamh tirim riamh. —Agus cá mbeireann siad?
arsa Seán Thomáis. —Beireann siad amuigh ar an bhfarraige, arsa
Séamas. —Agus ná déarfá, arsa an fear eile, go n-ardódh an
fharraige an t-ubh uaithi? —Ambriathar féin ná hardaionn, arsa
Séamas, mar beireann sí an t-ubh idir a dhá lapa agus coimeádann
ansan é nó go mbíonn an gearrcach tabhartha amach. —Nach
iontach an obair é sin, a Thomáis, arsa mise.
Bhíomair ag déanamh isteach ar Fhaill Móir, agus lag trá mór
rabharta ann. —Dar fia, arsa Séamas, go mbeidh an-obair againn
an naomhóg do thabhairt suas ar an gcladach do dheascaibh na trá.
Nuair a shroicheamair an fhaill, b'éigean do gach duine againn a
bhróga a chaitheamh dó agus a threabhsar a tharrac in airde thar a
ghlúine. Léimeamair amach aistí agus tharraigíomar suas trí sna
stocáin í nó go raibh sí amuigh ar an mbarra taoide againn.
Nuair a fuaireas féin agus Tomas ar gcosa ar thalamh tirim. seo
linn tríd an slí amach agus níor dheineamair stad ná staon nó gur
bhaineamair amach an sáipéal i mBaile na hAbhann. Shuíomair
síos ansan ag fanacht leis an Aifreann, sinn go cúthail gan aithne
againn ar éinne dá raibh ann. —Th'anam “on diucs, arsa Tomás,
nach mór an difriocht ata idir an ait seo agus an tOilean. B'€ an
chéad lá aige é ar an míntír, agus dá bhrí sin bhí ardiontas aige 4
dhéanamh di. Nuair a tháinig an sagart, chuamair isteach sa
tsáipéal, agus nuair a bhiomair ar ar nglúine: —O, arsa Tomas
liom féin i gcogar, nach mór an tigh é seo, nó conas a deineadh in
aon chor é? —Eist, arsa mise, nó cloisfidh an sagart thú.
Is gearr gur phrioc Tomás mé féin arís: —- Ó, beadsa marbh, ar
seisean i gcogar liom, mar tá m'athair ar an dtaobh thiar díom
agus é ag féachaint orm. Lena linn sin d'fhéachas síos, agus cad a
chífinn ach mo dheartháir Seán, agus do thomhais sé a dhorn liom.
—O, maróidh siad súd sinn, arsa mise. —Na bac san, arsa Tomas,
ealóm ó dheas i gan fhios dóibh.
Dhruideamair isteach ansan i measc na ndaoine chun ná beadh
aon radharc acu orainn, riamh agus choíche nó go rabhamair istigh
le taobh an fhalla, agus mar sin síos i gcónaí nó go rabhamair in
aice leis an ndoras. Nuair a bhí an tAifreann i leataoibh, seo linn
an doras amach, agus as go brách linn trasna na bpáirceanna suas
in aghaidh an Chlasaigh.
Do bhí an lá go han-bhrothallach ar fad, agus dá bhrí sin do
bhíomair á thraochadh amach. —Th’anam “on diucs, a Thomáis,
arsa mise, caithimís dinn ár mbróga, agus beimíd comh héadrom
le druid i gcomhair an bhóthair. —An-chuimhneamh, arsa Tomás
ag suí síos ar thaobh an bhóthair agus ag caitheamh dínn, agus
cheanglaíomair na bróga dá chéile agus chaitheamair trasna ar ár
nguailne iad, agus as go brách linn arís.
Sinn bóthar an Chlasaigh amach, d'fhéachas féin tharm agus is ea
chonac na sluaite tri sna páirceanna aníos ón sáipéal. a
thiarcais, a Thomáis, féach a bhfuil do dhaoine ag teacht go dtí sna
ráiseanna. —Ó mo léir, arsa Tomás, nach mó duine ar an saol!
Seo linn ag rith aris tríd an mbóthar ó dheas. Nuair a thánamair ar
radharc Pharóiste Fionntrá stad Tomás agus coinneal ina radharc:
—Ó a Mhuiris, ar seisean, nach fada fairsing i Éire! agus iontas an
domhain air. —Ambriathar féin, a Thomáis, go bhfuil sí níos mó
ná san—cad a dhéanfadh an Daingean mar a rabhas-sa fadó?
— Agus cá bhfuil sé sin? arsa Tomás. — Tá sé ar an dtaobh theas
don gcnoc san, arsa mise, ag síneadh mo mhéire i dtreo an chnoic.
—Ó a thiarcais, arsa Tomás, cheapas riamh ná raibh in Éirinn ach
an Blascaod, Dún Chaoin agus Uibh Ráthach. Mhuise, ar seisean
arís, féach an cnoc mór ard san thall-—nár bhreá dhúinn dá mbeadh
sé sa bhaile againn—cad é an spórt a bheadh againn ag dul in
airde ina bharra gach tráthnóna tar éis scoile—ní fheadar cad é an
ainm atá air? —Ná fuil a fhios agat é? arsa mise, agus tú ag féach-
aint ón mBlascaod air gach aon la? Sliabh an Fhiolair, arsa mise.
—Th’anam “on diucs, an b'e? arsa Tomas, ba dhóigh leat sa
Bhlascaod gur i nDún Chaoin a bheadh sé.
Ba bhreá solasmhar an radharc a bhí os comhair ár súl anois
uainn ó dheas ar Pharóiste Fionntrá agus ar Pharóiste Mhárthain
agus as san ó thuaidh ar Pharóiste na Cille, páirceanna breátha
glasa fé gach saghas bláth ar gach taobh dínn, fothigh aonarach
againn le feiscint anso is ansúd faid ár radhairce fé bhun an chnoic,
Cuan Fionntrá thoir theas orainn agus í go ciúin, trí nó ceathair do
bháid seoil fé ancaire, agus breacnaomhóg ag imeacht ar nós ciaróige
trasna an chuain, agus na sléibhte soir ó dheas ag bagairt a gcinn
thar droim a chéile.
Bhí gach léim in airde díreach againn le meidhir agus le ríméad.
—Th’anam ’on diucs, a Thomáis, is breá an lá a bheidh againn.
—Dhera a dhuine, arsa Tomas, cuimhnig ar na buachailli ata sa
bhaile—nach mór an formad a bheidh orthu nuair a chloisfidh siad
beirt againn a bheith ar na ráiseanna; agus lena linn sin tugann sé
pocléim an bóthar síos agus mise ina dhiaidh ar saothar.
— Ach aon rud amháin, a Thomáis, arsa mise nuair a thána suas
leis, ná fuil pingin againn chun aon rud a cheannach. —Na bac
san, arsa Tomás, cuirfeadsa geall leat, nuair a chífimíd ár ndaoine
féin, go dtabharfaidh siad pinginí dhúinn. — B'fhéidir é, arsa mise.
—Agus rud eile, arsa Tomás, nuair a bheidh m'athairse ar bog-
mheisce, geallaimse dhuit gur fuiriste airgead a dh'fháil uaidh.
Bhíomair thíos ag Béal Bán anois, agus ag gabháil soir tríd an
mbóthar dúinn stop Tomás aris. —Th’anam “on diucs, a Mhuiris,
féach an siopa agus na rudaí deasa atá ar na fuinneoga, —Féach
anois, arsa mise, dá mbeadh airgead againn, nach deas compordach
a cheannóimís na húlla breátha san. —An bhfuil a fhios agat cad a
dhéanfam? arsa Tomás; fanaimís anso nó go dtiocfaidh siad
orainn—na fuil a fhios agat ná maróidh siad anois sinn? —Dar fia
go bhfanfam, arsa mise ag suí síos ar thaobh an bhóthair.
—Th’anam “on diucs, arsa Tomás, nach aoibhinn do sna garsúin
atá anso—nach acu atá an saol breá seachas sinne atá teanntaithe
istigh san Oileán. —Mhuise, nach fíor duit é, arsa mise, is féidir
leo aon uair is maith leo dul síos go dtí an Daingean. —Dhera a
dhuine, arsa Tomás, nach féidir leo dul síos isteach go dtí an áit
go mbíonn na laidhnéirí ag fágaint chun dul go Meirice? Cad tá
chun iad a stop? Nil aon fharraige rompu. —Ni fheadar é sin, arsa
mise. Is dóigh leatsa anois, dá mbeifeá id chónaí ar an míntír, go
raghfá in aon áit ba mhaith leat; ach ambriathar féin ná raghfá
mhuis, a bhuachaill. —Canathaobh ná raghainn? arsa Tomás agus
a dhá shúil sáite i bhfuinneog an tsiopa aige. —Cad a dhéanfadh an
bóthar fada agus an póca folamh ? arsa mise. —Mhuise, arsa Tomas,
nuair a thiocfadh an t-ocras orm, do raghainn isteach i dtigh agus
gheobhainn bia ann agus bhaileoinn liom arís. —Caint san aer atá
agat. a bhuachaill. arsa mise. —Ambriathar nach ea, ar seisean agus
a dhá shúil sa bhfuinneoig fós aige. _
— Fan anois, arsa mise, go neosadsa scéal duit a chuala ag
m'athair críonna mar gheall ar a athair féin. Is é an áit go raibh
mo shliochtsa an chéad uair ná theas ar an gCuan—an bhfeiceann
tú an áit sin theas? arsa mise ag síneadh mo mhéire ó dheas mar a
raibh an Cuan. —Feicim, arsa Tomás. — Vel/, arsa mise, sin é an
áit go mbeinnse inniu mura mbeadh mo shean-sheanathair a dhul go
dtí an tOileán. —Nárbh ait an duine é, arsa Tomás, agus dul ann?
—Ó, cad a bhí le déanamh ag na daoine bochta an uair sin nuair
a chaith na tiarnaí bréana amach na tionontai go léir a bhi ar
an gCuan, agus dá bhrí sin gur cuireadh scaipeadh na minéan ar
na daoine bochta. Sea, ni hé sin an scéal atáim le hinsint duit, ach
mar gheall ar mo shean-sheanathair.
—Nuair a bhíodh sé ina chónaí ar an gCuan, is é an ait go dtéidis
ag diol a gcuid ime na go Corcaigh. Tharlaigh dom shean-shean-
athair bheith ag dul ann lá, agus an riabhach ná go raibh i ngiorracht
tri mhíle do Chorcaigh nuair a thit an bháisteach is troime a thit
riamh. Bhí sé ag imeacht leis agus é fliuch go dtí an craiceann, agus
i gceann tamaill ce chasfai air sa bhóthar ach an file mór fadó, Aogan
Ó Rathaile, agus an gcreidfeá, a Thomáis, go rabhadar an-ghairid
i ngaol dá chéile? —An mar sin é? arsa Tomás. —Sea, arsa mise.
Bheannaiodar da chéile. Dia dhuit; A Mhici, arsa Aogan. Dia is
Muire dhuit, a Aogáin, arsa mo shean-sheanathair. Is dócha go
bhfuil ocras ort i dteannta an fhliucháin ó fhágais an Cuan? arsa
Aogán aris Ambaiste go bhfuil roinnt orm, arsa mo shean-
sheanathair. Tá agus ormsa, arsa Aogán.
——Tharlaigh, pé scéal é, go raibh tigh feirmeora ar thaobh an
bhóthair, agus bhí an-dhrochcháil amuigh air, croí comh cruaidh
leis an gcloich aige, aithne ag an saol ar an dtigh, agus ní bhfuair
.éinne riamh bia le n-ithe ná deoch le n-ól ann. Más ea, bhíodh an
bharúntacht an uair sin ar crith ina gcraiceann roimis na filí.
—Canathaobh? arsa Tomás. —Dhera a dhuine, arsa mise, ná
tabharfaidis náire id bheathaidh duit leis an aoir a dhéanfaidís duit,
mar, an duine ná beidis buíoch dó, thugaidís ide na muc agus na
madraí orthu agus é le léamh ag an saol mór.
— Is gearr anois go rabhadar i ngiorracht deich slata do thigh
an fheirmeora. Téanam anso isteach, arsa Aogán, agus mise á rá
leatsa go mbeidh bia agus deoch againn. D'fhéach mo shean-
sheanathair ar Aogán. Dhera a dhuine, ar seisean leis, nach mithid
duit eolas a bheith agat ar an dtigh sin, ná fuair éinne riamh bia le
n-ithe ná deoch le n-ól ann? Ná bac san, arsa an file, is é an diabhal
féin é nó bainfeadsa ceart dó.
—B'shiúd isteach leo agus an braon ag sileadh astu. Sheasaimh
mo shean-sheanathair thios ag an ndoras. Bhi an feirmeoir ina shui
sa chathaoir cois na tine. Bail ó Dhia anso isteach, arsa Aogan
ag imeacht suas tríd an urlár, agus thug a shála don dtine. Ní raibh
focal as an bhfeirmeoir ná níor fhiafraigh don mbeirt an raibh béal
orthu. An braon a bhí ag sileadh as Aogán, bhí sé ag imeacht síos
trid an urlár. Nár chóir, arsa an feirmeoir i gceann tamaill, go
mbeadh fios do bhéasa agat agus gan a bheith ag fliuchadh an urláir
mar sin?
—Nior thug Aogán freagra air, ach i gceann tamaill, nuair a thug
sé fé ndeara go raibh an doicheall ina chroí, d'fhéach sé ar mo
shean-sheanathair aris, do luigh a shúil air, agus chuir scarta mór
gáire as a bhain geit as an bhfeirmeoir. Cúis gháire ó Dhia chughainn,
ar seisean, cad é fáth do gháire, a ghliogaire? Mhuise ta, arsa
Aogán ag déanamh gáire eile agus ag iontú ar an bhfeirmeoir, fén
bpréachan a bhuail liom inniu agus mé ar an mbéthar aniar—ni
fhéadaim gan gáire a dhéanamh nuair a chuimhnim ar cad dúirt sé.
Cad dúirt sé? arsa an feirmeoir agus faid mo láimhe do phus air.
“Tháinig sé os mo chionn in airde, arsa Aogán, agus lean sé timpeall
ceathrú mile mé agus na focail seo aige á rá: Aogán Aogán Aogán
Ó Rathaile, Aogán Aogán Aogán Ó Rathaile. Féach go n-aithníonn
na préacháin féin mé.
-—Dhera a Thomáis, nuair a chualaigh an feirmeoir cé bhí aige,
do léim sé don gcathaoir. Mhuise, céad míle fáilte anso romhat,
ar seisean. D'fhéach sé ina thimpeall. A Mháire! ar seisean amach
Os ard lena bhean a bhí amuigh sa scioból ag crú na mba, tar anso
isteach chugham. Seo isteach í. Mhuise, nach é Dia a sheo! chughainn
é, a Mháire! Cé hé? arsa Máire. Dhera, Aogán uasal Ó Rathaile.
Mhuise, na céadta míle fáilte romhat, a Aogáin uasail Uí Rathaile,
arsa an bhean ag rith chuige anuas is a dha laimh uaithi amach aici.
Lena linn sin ritheann an feirmeoir síos go dtí mo shean-sheanathair
agus cuireann na mílte fáilte roimis agus tugann aníos go dtí an
tine é. Ritheann as san go dtí an seomra agus tugann leis cúpla
cathaoir. Ba bheag leis anois, ar fhéachaint air, an fhriotháil a bhí
aige á thabhairt orthu, agus a bhean mar an gcéanna, agus b'é
críoch agus deireadh na mbeart é go bhfuaireadar togha agus rogha
gach bidh agus leabaidh le codailt inti, mar ná ligfeadh an feirmeoir
dóibh imeacht gan an oíche do chaitheamh ina theannta féin, rud
nár dhein sé riamh roimis sin.
—Mhuise, arsa Tomas, nach glic a bhí Aogán. —Féach go raibh,
arsa mise; cad a dhéanfása dá mbeifeá ansan? nach beag an bia a
gheofá? —Ó, is fíor duit, arsa Tomás.
Bhaineas searradh asam féin agus thugas stracfhéachaint siar fén
mbóthar, agus cad a chífinn ach ár muintir féin an bóthar aniar.
—Th’anam ‘on diucs, a Thomáis, tá siad chughainn aniar. —An
bhfuil? arsa Tomás agus tagann lasadh ina ghnúis. Ná bac san, ar
seisean, cuimhnig ar Aogán, comh glic agus bhi sé. —Lig ort
anois, arsa mise, sinn a bheith caillte leis an ocras, agus tabharfaidh
siad rud éigin dúinn.
Cheapamair anois go dtabharfaidís bualadh an anma dhúinn,
ach le linn iad a bheith ag déanamh orainn, do bhíodar ag gáirí.
—-Tá linn, a Thomáis, arsa mise i gcogar. Bhí beirt againn agus ár
gceann fúinn nó gur sheasaíodar ar ár n-aghaidh amach. —Mhuise,
arsa mo dheirfiúr Máire, féach cá bhfuil an dá shíofra! agus
deineann siad go léir gáire. —Sea, ní haon mhaith a bheith ag caint,
arsa Muiris Eoin Bháin (athair Thomáis) ach dhéanfaidís aon ní
ba mhaith leo. —Ná bac san dóibh, arsa mo dheartháir Seán, ná
fuil a fhios agat go mbíonn an óige go haerach? —Is fíor é, arsa
Muiris Eoin Bháin, bíodh cead a gcos anois acu.
—-Téanaíg anso isteach, arsa mo dheartháir linn féin. Phriocas
féin Tomás. Seo linn go léir isteach go dtí an siopa, agus deirim leat
go raibh gach ní chun ár maitheasa againn, beirt againn suite síos ar
stól ag ól na tae, agus nuair a bhí an tae ólta againn, do thug mo
dheartháir deich scillinge dhom féin agus coróin do Thomás, agus
dhein athair Thomáis an rud céanna. —Nuair a raghaidh sibh síos
ar an dtráigh anois, fanaig amach ó sna capaill, arsa Muiris Eoin
Bháin; bailig libh anois agus bíodh an lá fén dtor agaibh. Ní raibh
an tarna focal air, agus seo linn sna cosa in airde an bóthar soir.
— Ní fheadar 'on domhan, a Thomáis, cad a cheannóm? —An
bhfuil a fhios agat cad a cheannóm? arsa Tomás i gcogar liom,
beidh deoch againn. —B’fhéidir go gcuirfeadh sé ar meisce sinn,
arsa mise. —Ó, ní ólfam mórán, arsa Tomás. —Ar ólais riamh é?
arsa mise. —Dhera a dhuine, d'ólas, ar seisean, an oíche úd i dtigh
Dhiarmaid Ó Sé go raibh an soitheach acu—d'ólas piont agus nior
chuir sé ar meisce mé.
Sa chaint dúinn mar sin, cá mbeimís ach ar aghaidh thí óil amach
i gCeann Trá, —Th’anam “on diucs, arsa Tomás, gheobham anso
istigh é, ag imeacht linn isteach. Shuíomair síos ar stól fada a bhí
sínte suas le taobh an fhalla. Bhí bean mhór fhada liath ar an dtaobh
istigh don gcuntar agus cuma an tormais ar a haghaidh. I gceann
tamaill, labhair si as Béarla: —-Are ye going to the races? at sise.
—We are, arsa mise. Do gháir Tomas. Luios féin mo shúil air, agus
thuig sé láithreach cad a bhi ar m'aigne, agus da bhrí sin chuir sé
cuma an-stuama air féin. Sa deireadh d’éirios. —Tabhair dúinn dha
phiont, mas é do thoil é, arsa mise. D'fhéach si orainn agus dhein
gáire, ansan d'fhéach ar Thomás, d’fhéachamair féin ar a chéile.
-—Dha phiont! ar sise go hiontaiseach. — Sea, arsa mise go tur.
— Cad as sibh? ar sise. —As Cathair Bó Sine, arsa mise, agus thugas
súil ar an ndoras féach an gcífinn mo dheartháir Seán ag teacht.
—Agus an bhfuil airgead agaibh? —Tá, arsa Tomás. D’iontaigh sí
isteach agus do lion dha phiont.
Bheireas féin ar phiont acu agus do shineas go dti Tomas é go
deiliúsach, bheireas ansan ar mo cheann féin agus do shuíos síos
á ól. Níor fhéadas gan gáire a dhéanamh nuair a chonac Tomás
agus an piont ar a bhéal aige, é go clóchaiseach ins an am cheanna.
Ní raibh ólta aige ach cúig bholgam nuair a stad sé, d'fhéach orm
agus chuir sleabhac air féin, chroth a cheann agus chuir scaimh eile
air féin gur tháinig riastaí ina mhalainn. —Tá sé go maith, arsa mise.
—Ó, tá blas bréan air, ar seisean, ní ólfad go deo é. —Ceal misnigh
atá ort, a bhuachaill, arsa mise ag cur mo phiont féin ar mo cheann.
Seo le Tomás ag cur na súl tríom. —Ó, ar seisean, conas a dh'ólann
tu mar sin €? —Neosadsa dhuit, arsa mise ag cur an piont i
leataoibh, canathaobh go bhfuil blas bréan agat á fháil air. I
dtaobh go bhfuileann tú ag blaistínteacht air. Nuair a chuirfidh tú
an piont ar do bhéal, arsa mise, ná dein aon stop nó go gcaithfir
t'anal do tharrac. Chuir sé an piont ar a bheal ansan agus bhain
slogóg mhaith as. — Is dóigh liom, ar seisean, go bhfuil an ceart agat.
Ambaice nach fada a bhi nuair a bhi an da phiont ólta againn.
Chuimil Tomás bos dá bhéal. —Bíodh ceann eile againn, ar seisean.
—Ó, th'anam “on diucs, arsa mise, tá ár ndóthain anois againn.
—Na bac san, ar seisean, ag iontú isteach agus ag glaoch ar dhá
phiont eile. Lion si amach dha phiont agus dhein gáire aris. Chuireas
féin cogar i gcluais Thomáis. —Is dóigh liomsa, a Thomáis, arsa
mise, ná fuil cuma fir fós orainn ar an gcuma atá an scrogaire mná
san ag gáirí fúinn, agus tá comh maith againn teitheadh as so sara
dtiocfaidh t'athair agus Seán orainn. —Ol é sin, arsa Tomás, agus
ná bí ag caint-—nach 1a do sna trí fichid é, mar a deireadh na sean-
daoine an oíche úd a bhí an soitheach i dtigh Dhiarmada? D'airíos
anois go raibh Tomas geirgéiseach go maith. Chuireas mo phiont
ar mo bhéal agus bhíomair ó bholgam go bolgam nó go rabhadar
díogaithe siar againn. Ní fada a bhí nuair a bhraitheas mo cheann
ina roilleán. D'fhéachas ar Thomás, agus bhí an dá shúil imithe
siar ina cheann. Dhein sé gáire agus gáire eile gan aon bhun aige
leis. —Téanam, a Thomáis, arsa mise.
Lena linn sin, thosnaigh an tigh ag imeacht timpeall orm. Tháinig
allas tríom amach. D'éiríos im sheasamh. Seo liom amach. Ní rabhas.
ach im sheasamh amuigh nuair a tógadh ó thalamh mé agus
buaileadh ar chúl mo chinn mé. D’fhéachas im thimpeall. Ní fheaca
éinne. Tá liom, arsa mise, ag teanntú liom nó gur chuas siar sa
ghairdín. Shuíos síos ar chloich agus fonn cuir amach orm. Ansan
chuireas mo lámh siar im scornaigh, agus ní fada a bhí nuair a
chuireas amach é comh glan agus a dh'ólas é. Thógas mo cheann
agus dar fia bhraitheas comh maith agus bhíos riamh; ach mise á
rá leat go bhfuair an chéad fhear a chuimhnigh ar an honn dubh
eascaine uaimse an lá san.
Bhíos im rifhear anois. D'éiríos im sheasamh. Ní fheadar “on
domhan, arsa mise, cá bhfuil Tomás. Nach mór an obair nár
tháinig fonn uirlici air fé mar a tháinig ormsa. Seo liom sios, nior
ligeas faic orm, mé ag feadaíl dom féin. Bhíos ag déanamh ar an
ndoras nuair a chuala an chaint istigh, agus d'aithníos gurbh é
Tomás a bhí ann. Stadas agus chuireas cluas orm féin. Is gearr
anois gur chuala é á rá ná raibh aon fhear i gCeann Trá maith a
dhóthain d'fhear dó. Seo liom isteach ansan, agus cad a bheadh ach
Tomás ina sheasamh i lár an urláir, gan aon chaipin air, pip mhór
nua ina bhéal aige, deatach aige á bhaint aisti is allas trid amach.
—Th’anam ’on diucs, a Thomais, ca bhfuairis an phip? arsa
mise. —Fuaireas i cheannach, arsa Tomas, mar táim ábalta air.
— Nach mór an clóchas ata air, arsa an bhean a bhi ina seasamh ar
an dtaobh istigh don gcuntar. Lena linn sin, do léim Tomas isteach
go dtí an gcuntar agus bhuail buille maith da dhorn anuas air.
—DMas bruíon ata uait, ar seisean, tar anso amach anois—is mise
an fear duit agus d'aon fhear i gCeann Tra. —Téanam, a Thomáis,
arsa mise, nó beidh na raiseanna caillte againn, —O, th’anam “on
diucs, arsa Tomás, níor chuimhnios riamh orthu ó bheith ag caint
leis an sleabhcaire mná san istigh.
Phriocas liom amach é. —Ambriathar féin, a Thomáis, arsa mise
agus sinn an bóthar soir, go bhfuileann tú ar meisce. —Dhera a
dhuine, nílim, ar seisean ag déanamh gáire, d'ólfainn soitheach dó
fós. Lena linn sin thit sé leis t gcoinne an fhalla. Thógas é agus
thugas liom siar sa ghairdín é. —Féach an bhféadfá cur amach
anois, a Thomáis, arsa mise, agus beidh tú go maith ina dhiaidh.
Chuir sé a lámh siar ina bhéal agus ní fada gur chuir sé amach a
raibh ólta aige. Thóg sé a cheann agus d'fhéach orm féin go brónach.
—Mhuise, nach mór an amadántaíocht d'aon duine atá ag ól, ar
seisean. —Is fíor duit é, arsa mise. — Braithim go han-mhaith anois,
ar seisean, ach amháin an blas gránna atá im béal. —Ná bac san—is
fuiriste dhúinn é sin do leigheas, arsa mise, agus seo liom isteach ’on
tsiopa, agus cheannaíos roinnt milseán. Seo linn soir an bóthar
ansan agus na milseáin againn a chogaint ar ar lándicheall, agus
nior dheineamair stad na staon nó gur bhaineamair amach Traigh
Fionntrá.
—Ó a thiarcais, arsa Tomás ag féachaint ina thimpeall, cá
bhfaightear bia dhóibh ar fad? — Nach iontach an slua atá ann,
arsa mise. —Ó, ní féidir léamh air, arsa Tomás. Bhí beirt againn
anois agus ni raibh a fhios againn an b’ar aer nó ar thalamh a
bhíomair leis an ngliondar a bhí ar ár gcroí, do bhí oiread san gleo
agus dul trí chéile ar an dtráigh, gach aon tsaghas dream agus a
gcleas féin ar siúl acu.
Is gearr gur thugamair fé ndeara bulc mór daoine i dteannta
chéile agus gáirí an domhain orthu. —Tá spórt éigin anso thiar acu,
arsa Tomás. Seo linn sa rith, agus cad a bheadh ach fear mór
millteach istigh ina measc, bord beag aige agus a phaca cártaí, na
ceithre aon amuigh ar an mbord aige, agus gan aon choinne agam
ná go bpléascfadh na féithleoga a bhí ina mhuineál leis an nglamaíl
a bhí air: —Hello, hello, hello! Come on, ladies and gentlemen!
Someone for the lucky club! Hello, hello, hello! —Cad é an chaint
ata ar siúl aige? arsa Tomás, —TA, arsa mise, dá gcuirfeá pingin
ar aon triuch nó ar aon aon, agus go n-iontódh ort, bheadh tri
pingine agat agus pingin aige féin. Bhí beirt againn ansan agus sult
an domhain againn 4 bhaint as, ach ni ar an gcluiche a bhiomair
ag féachaint ach ar an bhfear agus an strus a chuireadh sé ar a
mhuineál nuair a bhíodh sé ag glamail.
—Téanam, arsa mise, agus b'fhéidir go bhfeicfimis cleas eile níos
fearr na é sin. Seo linn, agus ni fada ó bhaile a chuamair nuair a
chonaiceamair mairtineach agus banjo aige 4 sheimint agus é féin
ar a landicheall ag amhrán in aonacht leis an gceol. —Mhuise, arsa
Tomas i gcogar liom féin, nach maith mar ata sé ábalta ar sheasamh
agus an da chois ata fé. Is gearr gur stop sé, agus cad a gheobhadh
amach ach strapaire eile a bhi in aonacht leis, caipín ina láimh aige
agus é ag imeacht timpeall, pinginí go leor aige á fháil. Thugamair
féin pingin dó comh maith le cách, agus is gearr gur chas an mair-
tíneach amhrán in airde aris. Danny Boy a bhí aige, agus ba mhaith
an sás é chun a ráite.
Bhi hello anso agus hello ansúd agus beirt againn ag imeacht go
haerach ar nós cearc go mbeadh ubh aici, agus ní fada gur thanamair
trasna ar bharaille agus fear thios ann agus gach duine ag crústach
air. Shádh sé aníos a cheann agus chuireadh a theanga amach,
chaitheadh duine ceann do sna bloic leis, dhá cheann, trí cinn, ach
ní bhuaileadh.. Bhí fear eile ann ag déanamh freastail ar an slua,
gach glam aige agus gan focal Gaelainne ag ceachtar acu. —Hurrey,
hurrey! Here is Sammy in the barrel willing to keep his head for any
man! Three chances for a penny! Come on, come on, my lads!
Sammy is prepared to die if he gets a severe blow. Lena linn sin,
shadh Sammy a cheann aníos agus chuireadh scréach as. Beirt
againn ansan agus sinn ag briseadh ár gcroí ag gáirí.
—Th’anam ’on diucs, a Thomáis, tastalaimis é! — Dein, arsa
Tomás. Seo liom féin suas go dtí an bhfear. —Tabhair dom trí
bloic, arsa mise. Shin sé chugham go tapaidh iad. —Come on, my
boy! ar seisean. Seo liom suas go dtí an marc. Bhí slua mór bailithe
timpeall orm. Is gearr gur sháigh Sammy aníos a cheann: —Puíomh,
puiomh! arsa Sammy. Chaitheas féin gáire a dhéanamh nuair a
chonac an sleabhac a bhí air. Lena linn sin, do chaitheas an bloc
agus bhuaileas díreach faobhar an tsoithigh. —Mo ghrághraidhin
do urchar, a bhuachaill, arsa seanfhear a bhí taobh liom. Nuair a
chuala féin é sin, tháinig an-mhisneach dom, agus scaoileas le ceann
eile sarar sháigh sé a cheann aníos. Díreach agus an bloc ag déanamh.
ar fhaobhar an tsoithigh, sin é an uair a sháigh Sammy a cheann
aníos arís, agus dá bhrí sin fuair sé díreach i ndroichead na sróna é.
Stopas ansan, agus chuaigh a pháirtí sall chuige agus do thóg aníos.
é agus sruthán fola leis.
Nuair a chonaic a raibh láithreach cad a bhí déanta agam féin,
seo chugham iad as gach aird, agus beireadh barróga isteach orm.
—Mbhuise, mo ghra go deo do lamh, a deireadh fear. —O, Ó.
mhuise, nar chaille Dia thú, a deireadh fear eile. —Nach é an buach-
aill ceolmhar é, a deireadh fear eile. Is gearr gur léim seanfhear
chugham féin isteach. —Dhera, mhuise, cad as tu? ar seisean.
—-Ón Oileán, arsa mise. —Dhera, mhuise, mo chroi go deo thú
ón mbaile i bhfad siar, ar seisean ag cur lámh ina phóca agus ag
síneadh leathchoróin chugham. Ghabhas mo bhuíochas leis. Ní
raibh aon léas meabhrach anois agam leis an ngleo a bhí timpeall
orm, agus scanradh ar mo chroí go dtiocfadh Sammy aníos chugham
chun sásamh an bhuille a bhaint amach.
Nuair a tharlaigh dom mé féin a dh'fháil scartha uathu, seo le
beirt againn síos fén dtráigh agus gach pocléim againn le racht
ríméid. Lena linn sin, cad a chífinn ach ceithre naomhóga ar aon
líne amháin, na fearaibh striopálta agus na maidí rámha sínte chun
tosaigh acu. —A Thomáis, féach amach ar na naomhóga atá
ullamh le rith. —Ó a thiarcais, arsa Tomás, az tabhairt léim as a
chorp le lúcháir, nach mór an spórt a bheith ag breithniú orthu.
Shuíomair síos ar ár gcorrghiob. Sin é an uair go raibh an gheoin
agus an ghibris, an t-allagar agus an gioscan fiacal, an moladh agus
an cáineadh, gach fear do lucht an ráis á mholadh do réir a shinsear
—ba dhóigh leat gur scata beach iad a bheadh ag crónán lá breá
fómhair. —Nach mór an trua, a Thomáis, gan aithne bheith againn
ar na naomhóga. — Is fior duit, arsa Tomás, mar ní bhfaighimíd aon
tsásamh sa rás nuair ná fuil aithne againn orthu. —Fan go fóill,
arsa mise, agus fiafróm do dhuine éigin é, ag imeacht liom go dtí
'seanfhear a bhi suite ar an dtaobh thuas dínn. —Cad as na naomhóga
san atá le rith? arsa mise. —Ta, ar seisean, an bhfeiceann tú an
naomhóg is giorra dhuit? Is óm áitse í sin, criú go bhfuil muinín
agam astu. —Cad é an áit é sin? arsa mise. —An Cuas, ar seisean.
Agus an bhfeiceann tú an naomhóg eile féna léinteacha bána? Ó
Bhaile Móir í sin. Agus an naomhóg eile féna jerseys dearga, ón
Leitriúch í sin; agus an naomhóg eile féna jerseys dubha, is ó Bhaile
na nGall í sin. —Go raibh maith agat, arsa mise ag imeacht liom
síos go dtí Tomás agus ag insint dó an áit gurbh as na naomhóga.
—-Ni fheadar ’on domhan, arsa Tomás, cé hé an fear mór éachtach
atá suite i lár naomhóg an Chuasa? —Nach iontach an fear le méid
é, arsa mise; agus d'iontaíos arís ar an seanfhear agus d'fhiafraíos
dó cérbh é an fear mór. D'fhéach sé orm agus dhein gáire. —Dhera
a dhuine, ar seisean, ni foláir nó chualais trácht ar Thadhg
Dhiarmada, fear a tharraigeodh an diabhal féin i ndiaidh na
naomhóige. —-Mhuise, arsa mise, an b'é sin é? —Is é go deimhin.
IS gearr go mbeidh siad ag rith anois, arsa an seanfhear ag tógaint
straice tobac amach as a phóca agus a chur féna chúilfhiacla agus
ag baint manta maith as agus á chogaint ar a dhicheall.
Lena linn sin, do scaoileadh ruchar as gunna, agus seo lee in
aonacht. Ins an am chéanna, chuir an seanfhear scréach as: —Bú
bu bú! tarraig, a Thaidhg, a Thaidhg, a Thaidhg! Chaitheas féin
agus Tomás pléascadh amach ar gháirí nuair a chonaiceamair an
seanfhear ansúd ina sheasamh, gan aon hata air agus gan aird ar
éinne aige. Is anois a bhí an cibeal agus an fheadail ar fuaid na
háite, an seanfhear taobh linn agus gach buille aige ar an gcarraig
lena bhróig. —Th’anam ’on diabhal, a Thaidhg, tabhair leat an
suae ó thuaidh—cuimhnig nar chailleabhair fós riamh—cuimhnig
ar bhur seanmhuintir! agus chuireadh sé scaimh air féin siar go
cluasa, riasta mór buí anuas ar a smeigín leis an gcogaint a bhí aige
á thabhairt don dtobac. Ní raibh aon léas meabhrach anois aige
agus é á thachtadh leis an gciachán. Is gearr gur shleamhnaigh
anuas leis an ndamhsa a bhi air agus chuaigh go gluine i bhfarraige,
ach mo léir, níor bhraith sé an t-uisce. Bhí sé ansan agus gach léim
aige, bhuaileadh buille dá dhorn ar a bhois: —Chugham aniar thú,
chugham aniar thú, a Thaidhg!
I gceann tamaill, cé gheobhadh anuas ach bean mheánaosta, a
seal ina láimh aici agus ciach uirthi féin ó bheith ag scréachaigh.
'Thuigeamair go maith gurbh as Baile Móir í ar an gcuma a bhí sí á
moladh. —Mhuise, mo ghrághraidhin sibh, a phlúr na bhfear, arsa
an seanfhear. — Dhé, cad é sin agat á rá? arsa an tseanbhean agus
a cuid gruaige ag imeacht le gaoith. —Féach féin iad, a chailín, ag
breith an ráis leo, arsa an seanfhear, agus do chaith a hata san aer.
Bhí an polla déanach á chasadh anois ag an gCuas, agus chuir an
seanfhear glam eile as: —Chugham aniar sibh, chugham aniar sibh;
a phlúr na bhfear! agus a dhá chois sínte san uisce fós agus gan aon
mhothú aige ann. Ní chífeá súil ná béal air ag prioslaí tobac agus
stráice aige á shá siar gach re nóimint.
Nuair a bhí naomhóg an Chuasa ag déanamh aniar ar an gcaladh,
do thóg an fear tosaigh a dhá mhaide agus chuir in airde sa spéir
iad chun a chur in úil go raibh an suae acu. Is ansan a bhí an
bhúirtheach agus an dul trí cheile ann. —Up Cuas, up Cuas, up
Cuas! ag na céadta guth in aonacht. —Ó a thiarcais, arsa Tomas, ta
mo cheann ag scoltadh le tinneas cinn acu. —Téanam síos ar an
slip rompu, arsa mise, go bhfeicfeam an chuma atá orthu tar éis
an ráis.
Seo linn. Do bhí na daoine amach go dtína bhásta agus a lámha
sínte amach acu ag cur fáilte rompu. Nuair a tháinig an naomhóg
isteach, ní raibh aon choinne agam ná go mbafaidís a chéile leis an
mbrútam a bhí acu timpeall uirthi, agus gan aon dul ar iad do
thuiscint leis na céadta béal ag caint in aonacht. —Na teire ró-
fhada síos, a Thomáis, nó beir báite acu. Lena linn sin, do dhein
Tomás gáire a bhain geit asam. —Cad fáth go bhfuileann tú ag
gairi? arsa mise. — Tá, ar seisean, an bhfeiceann tú an seanfhear
thíos ag iarraidh a ghreama a choimeád? D’fhéachas féin síos, agus
tháinig trua agam dó, mar do cheapas go mbéafaidis é. Thug a lamh
don bhfear deiridh: —Mhuise, a mhic na dea-mháthar, ar seisean,
ag cur scréach as, d'aithníos ort go ndéanfá é. Chuaigh as san go dtí
Tadhg Dhiarmada agus thug a lámh dó: —Mhuise, a fhir thar
fearaibh, mura ndéanfása é, cé bhí ábalta ar é dhéanamh? Chuaigh
as san go dtí an tarna fear tosaigh agus thug a lámh dó: —Mhuise,
a mhic an té ná maireann, d'aithníos ort go raibh sé id chuisleanna.
As san go dtí an fear tosaigh agus thug a lámh dó mar an gcéanna:
—Mhuise, ar seisean ag baint crothadh lamh as, gra mo chroi an
crúiscín agus bíodh sé lán! Lena linn sin, beireadh ar an naomhóig
agus a raibh istigh inti, agus tógadh glan ón uisce í suas amach ar
an bhféar glas, agus seo leo suas fé dhéin ti an óil.
—-Th'anam 'on diucs, a Thomáis, téanam suas, mar is ann a
bheidh an spórt go léir. Seo linn ina ndiaidh. Nuair a thánamair go
dti an doras: —Mhuise, arsa Tomas, is é seo an tigh go rabhamair
istigh ó chianaibh ann, agus níl aon ghnó isteach againn. —Na bac
san, arsa mise. Chuamair isteach go deilúsach. Bhí Tadhg Dhiarmada
ina sheasamh i lar an urláir agus oiread aon fhathaigh ann. Bhí
seanduine an ghleoigh ina sheasamh lena thaobh agus ciachán air
ag caint leis agus ag féachaint in airde air ar nós páiste a bheadh ag
iarraidh a chur in úil dá athair é thógaint in airde ina bhaclainn.
Níor thógas féin ná Tomás ár súile don bhfathach. Bhí muineál
aige comh mór le haon tarbh, bail ó Dhia ar an bhfear. Do ghlaoigh
fear ar ghallún agus fear eile riamh agus choíche nó go rabhadar
caoch ar meisce. —Mhuise, th'anam ’on riabhach, a Thaidhg, arsa
seanfhear an ghleoigh ag breith ar chuisleanna air, nach breá é an
neart! Up Cuas! up Cuas!
Le linn na bhfocal san do rá dhó, cé léimfeadh amach chuige ach
fear ó Bhaile Móir. —Cad é an diabhal aighnis atá ortsa? ar seisean
ag breith ar stuaic ar an seanfhear. Ach ba mhaith an mhaise don
seanfhear é, mar léim Tadhg amach go dtí fear Bhaile Móir agus do
chuir a dhorn in airde os a chionn. —-Ma ligim an t-ord anuas ort,
arsa Tadhg, déanfaidh mé staic mharbh duit. Dhein fear anso gáire
agus fear ansúd, mar an dorn a bhí ag Tadhg, do bhí sé comh mór
le haon ord. —Th’anam “on diucs, arsa Tomás, má bhuaileann sé é,
deanfaidh sé crústa marbh dó. Is gearr anois gur thosnaigh na
hamhráin ar fuaid an tí agus círín dearg orthu ag an ól, mar is
gnách lena leithéidí.
—Ni fheadar 'on domhan, a Thomáis, cá bhfuil t'athair agus
Sean— b'fheidir go mbeidis 'ár lorg—b’fhearra dhúinn imeacht féach
an bhfaighimís iad. D'imíomair amach agus seo linn ag cuardach.
Sa chuardach dúinn, cé chasfai linn ar an dtráigh ach stracaire
d'fhear, maide ina sheasamh sa ghainimh aige agus gach glam aige
á chur as. Seo linn síos, Do léim sé chughainn go tapaidh agus tri
fhainne ina laimh aige: —Three shots for a penny! come on, my
boys! —Bain triail as, arsa mise le Tomas. Siúd le Tomas agus fuair
sé na lúba. Sheasaimh ar an marc. —Tóg go brea réidh anois é,
arsa mise, Ma chuireann tú tri cinn do sna lúba síos ar an maide,
beidh do leathréal agat. Chaith Tomás ceann, agus chuir síos
díreach ar an maide é. —Mhuise, mo chroí go deo thú, arsa mise.
Tástáil an tarna ceann anois—tdg go réidh é, arsa mise. Scaoil sé
le ceann eile, agus más ea nior chuir sios €. —An triú ceann anois.
arsa mise. Chaith sé an triú ceann agus dar fia chuir síos é. —Chuais
gairid go maith dhó, arsa mise.
Ritheann an stracaire timpeall agus bailíonn na lúba. Chuir sé
scréach as: —A/l but, ar seisean, try again! —Tástáil aris, a Thomáis,
Bheir sé orthu. Sheasaimh ar an marc. Scaoil sé ceann agus chuir
síos díreach ar an maide é, —Mo chroí go deo thú, arís! Scaoil sé
le ceann eile, agus más ea nior chuir sios é. —An triú ceann anois.
agus an da shúil ag dul amach as a cheann. —Go réidh anois. a
Thomáis, coimeád do lámh ins an staidéar chéanna go raibh si
cheana. Scaoil Tomás an tríú ceann gan focal a rá, Chuaigh síos
díreach ar an marc. Chuireas féin lid molta asam. Ní raibh aon
ghlam ag an stracaire anois. Léim Tomás go dtí an stracaire: —Mo
réal, a bhuachaill! Ach chuir an stracaire scréach as: —O my God,
ar seisean ag sineadh a mhéire siar fén dtráigh, there's something up!
Seo leis an stracaire sa rith, agus cheapamair féin go raibh rud
éigin iontach titithe amach. Tháinig fear chughainn. —Cogar, a
bhuachailli, ar seisean, nil faic titithe amach, ach leathscea! ata
ag an stracaire sin chun na diolfadh sé sibh. —Do-bheirimse fein
an riabhach, arsa mise le Tomás, go mbainfeam aníos as a phóca
é. —Comh deimhnitheach agus tá cros ar an asal, arsa Tomás.
Seo linn ina dhiaidh. Fear lomchaite a bhi ann, an da chorran
ag polladh an chraicinn aige agus na hioscadaí ag lúbadh fé, —Dhera
a dhuine, arsa Tomás, níl ansan ach seithide gan anam. Bhíomair
ag faire air anois, agus ní fada go raibh an maide ina sheasamh arís
aige agus faobhar ar a ghuth. —Téire chun cainte leis, arsa mise,
agus loirg an réal air. Seo le Tomás chuige sall. —An bhfuileann tú
chun an réal a thabhairt dom? ar seisean agus criothán ar a ghuth.
Níor thug sé aon tor ar Thomás ach hello! hello! hello! aige, —An
bhfuileann tú chun mo réal a thabhairt dom? arsa Tomás arís,
ach ní raibh aon tor aige á thabhairt air. Níor dhein Tomás ansan
ach rith go dtí an maide agus é tharrac as an ngainimh agus na lúba
a scuabadh leis mar an gcéanna.
Do chuir an stracaire glam as. —Where are you going with them,
you rascal? ar seisean ag breith isteach ar phiopan ar Thomas.
Más ea, d'éirigh an fhuil in uachtar ag Tomas, mé féin ar an dtaobh
$1
thiar dé agus mé ag tabhairt moladh na seanmhuintire dhó. Níor
bheag san. Do bhuail Tomás sa bhrollach é agus chuir uaidh amach
é is na hioscadai ag lúbadh fé. Mas ea, thug an stracaire fe Thomas
aris, agus cad a dhein Tomas ach a cheann do sha laistíos suas fé,
agus dá bhrí sin bhi an-ghreim aige anois air, gach sa agus gach
tuargain acu go gcloisfea mile 6 bhaile iad leis an saothar a bhi
orthu, mé féin ar an dtaobh thiar do Thomas 4 ghriosadh chun
comhraic. Tuairgin d’ailp théagartha thalmhai dob ea Tomas, agus
da bhrí sin bhi an lámh uachtair aige á fháil ar an seithide lag. Bhi
duine ar dhuine anois ag bailiú ar an da ghaiscioch. Ciachan orm
féin ag tabhairt priocadh na hóige do Thomas.
Is gearr anois go raibh slua mor daoine bailithe timpeall orainn.
— Th 'anam ’on riabhach, cad tá ar siúl anso? a deireadh fear nuair
a thagadh sé féin ar an láthair. —Na feiceann tú an buachaill beag,
a deireadh fear eile, agus é rómhaith do Chosey? mar b'shin é an
ainm a bhi ar an seithide. Is gearr gur labhair fear sa bhulc go raibh
aithne aige féin ar Chosey. —Th’anam “on riabhach, a Chosey, ar
seisean, an bhfuil aon náire ort an pataire sin do bhuachaill a bheith
ag fáil an lámh uachtair ort agus an bharúntacht ag féachaint ort?
Bíog suas, a dhuine, agus trascair fút síos é, Lena linn sin, tháinig
crith im chuid fola. —Th’anam ’on riabhach, a Thomáis, arsa mise,
ná bí ag caitheamh an lae leis an seithide sin—tabhair aon iarracht
amháin fé agus buail fút síos é—cuimhnig ar a bhfuil ag féachaint
ort—imir do neart air—tabhair an suae leat siar, a dhuine! arsa mise
agus mo chuid fola ar fiuchadh. Ní raibh ach an focal as mo bhéal
nuair a bhí an seithide agus a chosa os a chionn agus é fé thíos ag
Tomás, glún ina bholg aige agus lámh ina scornaigh. —OA, arsa
Cosey, I’m dead! I'm dead! —Ambriathar go mbeidh tú dead go
maith mura dtabharfair an réal uait, arsa Tomas.
—-A, arsa fear, is mór an náire go deo bheith ag féachaint ar
dhuine á mharú os comhair do shúl, ag léimeadh chuige agus ag
tógaint Tomás suas dó. Léimeas féin go dtí Cosey ansan agus dúrt
leis an réal a thabhairt uaidh. Chuir sé lámh ina phóca agus shin
chugham í. —Ta go maith, arsa mise, coimeád i. Is amhla’ bhíomair
á chur in úil duit nárbh fhéidir leat dallamullóg a chur ar bhuachaillí
ón iarthar. —Téanam, a Thomáis, arsa mise, b'fhéidir gur flip a
gheobhaimis ó dhuine éigin mar gheall air seo.
D'imíomair an tráigh suas. —Dar fia, arsa Tomás, ní bhriseann
focal maith fiacal. —An bhfuil a fhios agat, a Thomáis, arsa mise,
cad air a bhíos ag cuimhneamh nuair a chonac thú féin agus an
fear eile ag troid, go mórmhór ar Thraigh Fionntra, ach ar an
gcomhrac aonair a bhí ag Dáire Donn agus ag Balcán Rí na Fraince
fadó, mar fear mór ard ab ea Dáire agus balcachán beag teann
téagartha ab ea Rí na Fraince. —Dar fia, arsa Tomás ag cuimilt a
bhosa da chéile leis an riméad a bhi air do dheascaibh an fhir mhaith
a bheith aige, ni fada óna chéile sinn, go díreach duit.
Is gearr gur bhuail mo dheartháir Seán, Eibhlín agus athair
Thomais linn agus iad ag ullmhú chun bóthair. —Th'anam “on
riabhach, ca bhfuileann sibh ó mhaidean? arsa Sean. —Ambaice,
arsa mise, go bhfuilimid ag maineáil linn ó mhaidean ina mcasc.
—Th’anam “on diucs, arsa Tomás, am phriocadh féin sa drom,
fanaimís anso anocht, agus beidh an-spórt againn. —Mhuise, mo
thrua do phlaicide, arsa an t-athair, nach baoth í an óige! —Bogaimís
linn siar an fhaid a bheidh an lá againn, arsa Seán. —Tá comh
maith, arsa Muiris Eoin Bháin, níl aon ghnó againn an oíche a
ligint orainn féin.
D'imíomair linn an bóthar siar. Bhí an ghrian ag ísliú do dhroim
Shliabh an Fhiolair ó thuaidh agus boigeacht bhreá an tráthnóna
againn; sult agus greann, gairi agus búirtheach anso is ansúd tar éis
an lae; gach fear maith go leor; sobal go cluasa ar pháistí ó bheith
ag ithe milseán; ciach ar lucht cleas ó bheith ag glamail; cuma
shuaite ar lucht ráis tar éis a gcuid allais do shileadh; tincéirí sínte
ar thaobh an bhóthair ina gcnap codlata ó bheith ag siúl le cúpla
lá fé dhéin na ráiseanna; beirt anso ag bruíon, beirt eile ansúd ag
amhrán; builceanna daoine faid do radhairce uait agus gach taobh
don mbóthar acu á thabhairt isteach ag an ól agus iad ag baint na
dtithe amach i gcomhair na hoíche agus gan do chomhrá ina measc
ach Tadhg Dhiarmada agus a chriú; melódion ar gach crosaire
agus macalla aige á bhaint amach as taobh na gcnoc le ciúnas an
tráthnóna agus cóthalán deas rince ag na buachaillí agus ag na
cailíní óga; Up Cuas ag na buachaillí á rá in ard a gcinn agus a
ngutha nuair a thagadh deireadh an phoirt isteach.
—Mhuise, nach mór an trua sinne, arsa Tomás, nach féidir linn
fanacht ina measc agus greas rince a dhéanamh, ach an bóthar fada
atá againn le cur dínn, agus mar dhonas ar an scéal arís, trí mhíle
d'fharraige a chur dínn—nach ann atá an briseadh croí ar fad? ag
féachaint orm féin san aghaidh go truamhéileach. — Agus b'fhéidir
gan i oiriúnach, arsa mise. —Is fior dhuit, ar seisean, agus má
mhairimse le féasóg a bheith orm, fágfad slán ag an Oileán agus
tógfad tigh anso. —Ná feiceann tú na seandaoine bochta atá istigh
ann, arsa mise, agus nach féidir leo iad féin do dhéanamh meidh-
reach fé mar a bhíodar anso inniu. —Mhuise, ní fheadar “on
domhan, arsa Tomás, ag déanamh gáire, cé hé an t-amadán bocht
a chuaigh isteach ann an chéad lá. —Ní raibh aon léas meabhrach
aige, arsa mise, pé hé féin.
Bhíomair ag déanamh ar bharra an Chlasaigh anois, agus
ambriathar féin ná rabhamair ábalta ar choimeád suas leis an
gcuid eile, bhí a oiread san laigiochta orainn, — Dar fia, arsa mise,
táim tugtha amach ag an ocras. —Bhainis an focal céanna as mo
bhéal, arsa Tomas; ni fheadar cad a dhéanfam? —Déanfam, arsa
mise, an chéad tigh a bhuailfidh linn, dul isteach ann.
Bhiomair ag maineail linn agus is gearr go bhfeacamair tigh i
bhfad Eireann uainn agus streillin do dheatach ag éirí in airde
díreach as an simné, é suite go deas i ngleann uaigneach, crainn ag
fas ina thimpeall agus cnoc mor seasmhach os a chionn. Pé méid
craos a bhi orainn cheana, ba sheacht mheasa a bhiomair nuair a
chonaiceamair an tigh. —Téanam féna dhéin, arsa Tomas. —O, tá
sé rófhada ó láimh, arsa mise, b'fhéidir go ndéanfaimis an bheart go
Dun Chaoin. Seo linn aris agus na hioscadai ag lúbadh fúinn. Bhi
6 choiscéim go coiscéim againn riamh agus choiche no gur thanamair
go dtí Bailicin. Bhi tigh Phádraig Éamainn ansan romhainn ar
thaobh an bhóthair. — Téanam anso isteach, a Thomáis, arsa mise;
an-thigh is ea é, a dhuine. —Deinim ort é, arsa Tomas, agus tháinig
lasadh ina ghnúis ins an am chéanna.
Bhí an doras ar oscailt. D'fhéach Tomás isteach tríd an
bhfuinneoig. —Dar fia, níl éinne istigh, arsa Tomás, agus cim
bullóg aráin ar an mbord. —An bhfuil? arsa mise ag imeacht liom
isteach agus Tomás im dhiaidh. D'fhéachamair síos agus suas, ach
ní raibh éinne againn le feiscint ná fuaim le clos ach amháin na
creagair go raibh ceol binn acu istigh san adharta. D'fhéachamair fein
ar a chéile. —On uair ná fuil einne istigh, arsa mise, is fearra dhúinn
an craos a bhaint dínn féin leis an mbullóig seo, ag dul sall go dtí
an mbord agus ag breith uirthi. Do bhuaileas ar fhaobhar an bhoird
i agus do dheineas dhá leath dhi agus do thugas an leath eile do
Thomás. Do bhuail sé trasna a bhéil é agus mise mar an gcéanna.
Nuair a bhí ár sáith againn, seo linn, agus díreach agus sinn an
doras amach, do beireadh thiar ar chú] orainn agus tarraigíodh
isteach go dtí lár an urláir sinn. D'fhéachas féin agus cad a bheadh
ach Pádraig Éamainn ceangailte asam agus Cáit a bhean ceangailte
as Tomás. —Cad é an diabhal nó an deamhan a thug isteach anso
sibh agus an bhullóg a bhreith libh mar sin? —Ó, fóill ar do láimh,
a ghaiscígh, arsa mise, mar fathach mór fir ab ea Pádraig Éamainn
agus cuma mhaith mhallaithe anois air. Le linn dom na focail sin
do ra, do lig sé uaidh mé agus d'fhéach idir an dá shúil orm. —Well,
arsa mise, is amach ón Oileán sinne, agus nuair is cruaidh don
gcailligh caitheann sí rith, agus sin é an scéal céanna againne é leis
an mbullóig, mar níor bhlaiseamair greim bídh ó fhágamair an
tOileán ar ghiolc an ghealbhain, agus dá dheascaibh sin bhí ár
bputóga casta ar a chéile an Clasach aníos le hocras agus le laigíocht.
—O, go bhfóire Dia oraibh, arsa Pádraig agus cuma thruamhéileach
anois air. —Téire amach, a Cháit, agus tabhair chúchu isteach stán
bainne—is é is fearra dhóibh. Imíonn Cáit amach agus canna ina
láimh aici. —Dar fia, ar seisean aris, gur cheapas gur stócaigh ón
bparóiste seo sibh an chéad uair.
Bhíos féin agus Tomás suite ar dhá chathaoir agus gach re manta
againn á bhaint amach as an mbullóig fós. Bhí Pádraig ag coimeád
cainte dhúinn, ach deirim leat, a léitheoir, ná raibh mórán fonn
cainte orainn féin. —Tógaig go réidh é, arsa Pádraig, nó go dtioc-
faidh an bainne chughaibh. Ní fada a bhí nuair a thagann Cáit leis
an mbainne agus sineann sáspan mór chugham dó agus sáspan eile
go dti Tomás. Bhiomair ar ár dtoil anois, Pádraig “ar gceistiú i
dtaobh na ráiseanna agus gan mórán toir againn á thabhairt air
leis an ampla a bhí orainn. Nuair a bhí an bhullóg ite againn, an
dóigh leat ná gurbh fhearr linn ceann eile bheith againn, ach bhí an
iomad ite agus dá dheascaibh sin cé gheobhadh óna mhisneach a
thuilleadh do lorg? ná raibh a ndóthain ionadh agus alltacht ar
lánúin an tí agus gan a thuilleadh do chur orthu? Thugas féin féna
thuilleadh do lorg, ach do labhair rud éigin istigh ar mo chroí agus
dúirt, Ná loirg, ná tabhair náire dhuit féin.
—-Is dócha, arsa Pádraig i gceann tamaill, ná raghaidh sibh isteach
anocht. —Amhbriathar féin go ragham, arsa mise. —Agus cá bhfuil
an chuid eile do mhuintir an Oileáin”? arsa Pádraig á chorraí féin sa
chathaoir. — Bhíodar an bóthar anuas romhainn, arsa mise. —Am-
baiste, arsa Pádraig ag féachaint ar a mhnaoi, is dócha gurb” shin
iad a dh'aithníomair an bóthar siar chun na haille tá uair a chloig
ó shin ann. —Ní raibh éinne eile le bheith ann, arsa an bhean.
—Ambriathar, más ea, arsa Pádraig, go mbeidh siad imithe isteach
oraibh. —B' fhéidir go bhfuil an ceart agat, arsa mise ag éirí im
sheasamh agus Tomás mar an gcéanna. —Slán agaibh anois agus
go raibh míle maith agaibh as ucht bhur bhflaithiúlacht. — Beannacht
Dé libh, a dhalta, arsa an bheirt in aonacht.
Seo le beirt againn an bóthar siar agus gach pocléim anois
againn, bhíomair comh húr san tar éis an ghreama. Bhí an ghrian
dulta ina luí san.iarthar tar éis a slán a thabhairt don ndomhan
mhór, bearradh na gcaorach sa spéir os ár gcionn, seandaoine an
pharóiste sínte ar a bhfaid agus ar a leithead ar bharra na haille
agus a mbrollach tabhartha d'aer chumhra na farraige agus iad ag
comhrá dhóibh féin tar éis obair an Jae, ceo brothaill ag imeacht go
mall i gcom na gcnoc agus i measc na ngleannta, searraigh le cloisint
ag seitrigh agus asail ag gangarnaigh ina ndiaidh.
Ag déanamh sios dúinn ar bharra na haille, do bhuail Séamas
Beag linn. —Dia dhuit, a Shéamais, arsa mise. — Dia is Muire dhibh,
a mhaoineach, arsa Seámas go socair, cá rabhabhair ó mhaidean?
— Ar na ráiseanna, a Shéamais, arsa mise, an bhfeacais aon fhear
ón Oileán ag gabháil an bealach so? —Mhuise, a mhaoineach, arsa
Séamas, tá comh maith agaibh é bhaint as na rúitíní anois, nó
beidh siad imithe isteach oraibh.
Seo linn gan a thuilleadh do rá, agus cad a bheadh ach an
naomhóg an Coileach amach. Dheineas féin fead ghlaice orthu.
Chuir Tomás glam as. —O, an riabhach casadh a dhéanfaidh siad,
ar seisean. Dheineas fead eile. Lena linn sin stadadar agus chasadar
isteach. —Th’anam “on diucs, arsa Tomás ag léimeadh in airde
direach, cheapas go mbeimis amuigh anocht. —Dhé, dá mbeimís
féin. arsa mise, ni ar chloch thraite a bheimis. Fe mar a durais fein
ar maidin, nach fada fairsing í Éire?
D'imíomair linn chun na slipe. —Cad é an riabhach a choimeád
ó shin sibh”? arsa Muiris Eoin Bháin ag cúladh na naomhóigc isteach.
—Ambriathar gur chuamair ag ithe bídh, arsa mise, agus gá againn
leis. —Cad é an tigh” arsa Muiris aris. —I dtigh Phádraig Éamainn,
arsa mise. —I dtigh mhaith, arsa mo dheartháir Sean, is maith a
dheineabhair sin. Shuiomair siar ina deireadh. Bhí an fharraige go
han-chiúin agus corrán brea gealai thoir theas orainn sa speir agus
soilse an Oileáin againn le feiscint gan smál.
— An riabhach, a Mhuiris, arsa mise, cas suas amhrán breá
dhúinn. —Amhbaiste, ar seisean, ni bhrisfead tfhocal. Lena linn sin,
chas sé in airde Eamonn Mdgdine go brea réidh, agus ba
mhaith an sas chun a ráite é, ni raibh dabht air. Lar Ba isteach a
bhíomair anois, agus is ag neartú ar an sciúch a bhi ag Muiris. —Mo
ghrá go deo do scitich, a Mhuiris, a deireadh Sean anois is aris,
agus sin é an uair a dh éiriodh air nuair a chloiseadh sé an moladh.
Nuair a bhi an ceann san raite aige, do chas se in airde Ba na Scealg
gan tathant ó éinne, agus niorbh fhéidir é stop as san amach nó go
rabhamair ag déanamh isteach ar an gcaladh. Bhí macalla aige a
bhaint amach as na cuaiseanna anois, agus dá bhrí sin, nuair a
chuaigh an sciúch i gcluasa na madrai istigh ar an dtalamh, seo leo
féin, agus thabharfá an leabhar san am san i ndiamhaireacht na
hoíche, nuair a bhí suas le daichead madraí agus a n-olagóin féin
in airde acu. go raibh idir bheo agus marbh istigh ar an dtalamh;
agus nuair a chualaigh a raibh istigh an tiomáint amuigh, níor fhan
fear bean na paiste na gur éirigh amach. Chaitheamair fein pleas-
cadh amach ar gháirí. Thánamair isteach ar an linn agus Up Cuas!
agus Up Tadhg Dhiarmada! ag Muiris. Cúladh isteach í, agus is
gearr go raibh si a tharrac suas, greim láimhe ag gach einne uirthi,
agus Hó-lí-hó-hup! hó-li-hó-hup! acu go léir. Bhíos féin anois agus
Tomás ag seasamh ar bharra na slipe, agus deirim leat gur fúinn a
bhí an meas agus an mhóráil—cad fáth ná beadh? sinn tagaithe ós
na ráiseanna ar nós aon fhear agus ár bpócaí lán do mhilseáin
agus toitíní go leor againn.
Nuair a thánamair abhaile, mé féin agus mo dheartháir Seán,
Máire agus Eibhlin, bhí m'athair agus mo dhaideo suite cois na tine
romhainn agus iad go mórálach astu féin, fé mar is gnách le tuis-
mitheoiri nuair a chíonn siad a gclann chúchu go gealghairitheach.
—Sea, a Mhuiris, arsa daideo, is dócha go raibh an-lá inniu agat.
—O, th'anam “on diucs, arsa mise, ní raibh a leithéid riamh agam.
—Ní dóigh liom go raibh, a chroí, mar níor ithis aon ní ag fágaint
an tí ar maidin duit. An bhfeacaís an tSrúill? ar seisean arís. —Cad
é an tSrúill? arsa mise. —An mar sin atá agat, ar seisean ag déanamh
gáire, tar éis an la breá fada a bhi agat ar Thraigh Fionntra? —Nior
chuala. riamh trácht thar an Srúill, arsa mise, agus dá dheascaibh
sin ba dheacair liom é thabhairt fé ndeara. —Tá, arsa m'athair
críonna, sruthán uisce is ea i atá ag rith síos tríd an dtráigh, agus tá
sí le feiscint ag an saol mór ag brúchtaíl aníos trid an ngainimh agus
sios arís, síos agus aníos, síos agus aníos, gan aon stad.
— Ní fheadar canathaobh go bhfuil sí ag brúchtail mar sin aníos
do shior, arsa mise. —Ta, arsa m'athair crionna, nár chualais riamh
mar gheall ar an gcomhrac aonair a bhí ag Oscar agus ag an allúrach
ar an dtráigh sin nuair a bhí Cath Fionntrá ar siúl? Nuair a leagadh
Oscar an t-allúrach, do bhrúchtadh uisce anios trid an ngainimh
leis an útamáil a bhí acu, agus ansan, nuair a dh'éiríodh an t-allúrach
arís, d'imíodh an t-uisce sios tríd an ngainimh arís, agus dá dheas-
caibh sin d'fhan an t-uisce riamh ó shin mar sin. —Ní fheadar ’on
domhan, arsa mise, is deacair géilleadh dhó. —Nil aon bhaol, ar
seisean, ná gur deacair géilleadh dhó, ach caithfimid géilleadh do
rudaí ná feacamair riamh. —O, tá rudaí agus rudaí ann, arsa mise.
—O, rudaí radai ort, ar seisean ag déanamh gáire, nárbh é an scéal
céanna againn é an chéad uair a chualamair long a bheith déanta
ag an nGearmáin a bhíodh ag imeacht sa spéir? Deirim leat gur mó
amadán a glaodh ar an bhfear a chuir ar an bpáipéar a leithéid do
scéal breallach. —O, is fíor duit é sin, arsa mise. —Sea, arsa
m'athair críonna arís, caithimís uainn é mar scéal; ach an bhfeacais
aon rud gur chuiris spéis ann inniu? —Mhuise, ní fheaca, arsa mise,
ach an méid daoine a bhí ann— déarfá ná raibh a oiread sa domhan.
—Ó, mo thrua thú, ar seisean, ná fuil a dhá oiread daoine i gcathair
Lundain agus tá in Éirinn ar fad?
Is gearr anois go raibh srúmatail chodlata orm féin sa chathaoir,
agus dá dheascaibh sin ní raibh aon chloisint agam ar m'athair
críonna. Ní fada dhom i dtaibhreamh, agus tuigeadh dom go rabhas
ag troid le Tomás agus gur sháigh sé bior isteach im chluais. Tógadh
glan don gcathaoir mé. Do dhúisíos, agus cad a bheadh ach sup tuí
sáite isteach im chluais ag m'athair críonna, agus ní mór ná gur
bhris a chroí ag gáirí nuair a chonaic sé an léim a baineadh asam.
—Ó an riabhach, ar seisean nuair a stop sé do sna trithibh, ta
buaite ag an gcodladh ort sa deireadh. Fág an chathaoir agus téire
“on leabaidh.
Timpeall agus a tri a chlog ar maidin, do chuala an cnag ar an
ndoras. D'fhiafraigh m'athair críonna cé bhi ansan. —Mise, arsa
an guth, oscail.
Ní fheadar ’on domhan, arsa mise im aigne féin, cad ta ón bhfear
san an t-am so d'oíche. Chuireas cluas orm féin. Bhraitheas an
doras á oscailt ag m'athair críonna agus é ag rá: —An tú Sean? Ní
foláir nó tá rud éigin suas agus é bheith amuigh in am neamh-
.thráthúil na hoiche. Cé bheadh ann ach Seán Liam. —Ta, arsa Sean,
mo mháthair a fuair bás leathuair a chloig ó shin, agus thána ag
glaoch ar Sheán Lis chun dul ’on Daingean le haghaidh an tórraimh.
-—Mhuise, beannacht na ngrást lena hanam, arsa m'athair críonna,
nach tapaidh a dh'imigh sí! Tar isteach agus suig síos go fóill.
Nuair a chuala féin an chaint ar siúl, d'athraigh mo chuid fola
agus tuigeadh dom go raibh a bhfuair bás riamh lasmuigh don
bhfuinneoig agus seanCháit Liam ina measc. Ba shuarach an
corraí a dheineadh luch nó fiú amháin ciaróg nuair a thuigfí dhom
gurbh í seanCháit a bhí ann. Tógaim in airde mo cheann agus
breithnim uaim amach ar an bhfuinneoig, agus mas ea tuigeadh
dom gur fhéach seanCháit Liam lom díreach isteach orm. Is ag dul
in olcas a bhíos anois. Bhí an oíche comh dubh le pic. Mhuise, a
Sheáin Liam, arsa mise liom féin, conas a fuairis ód mhisneach
siúl anoir ót thigh féin agus gan éinne leat?
Bhí beirt acu suite cois na tine anois agus gan do chomhrá acu
ach seanCháit, agus deirim leat, mura raibh moladh á fháil aici,
ní lá fós é. Nach ait an obair é, arsa mise im aigne féin, gach duine
a dh fhaigheann bás, gur mór an seó ach an moladh a dh fhaigheann
sé ó sna daoine, nó canathaobh é sin? Sa mhachnamh dom do rith
smaoineamh eile fém intinn: Tá a fhios agam anois canathaobh é—
le heagla, dá mbeidis á cháineadh, go dtiocfadh sé rompu san oíche.
Do chuala m'athair críonna ag éirí ón gcathaoir, agus do chuir
san scaipeadh ar mo smaointe. —Dhera a Sheáin, ar seisean, nach
tapaidh a dh'imigh si sa deireadh! — Sin é an scéal ag an mbás é,
arsa Scán; is dócha, dá mbeadh a fhios ag gach éinne a lá, nach
fios conas a bheadh an scéal. —Is fíor é sin, arsa m'athair críonna,
agus ambriathar go raibh sé in am aici leis. —Dar fia, arsa Seán,
is dócha go raibh sí isteach is amach leis an gcéad. —Ambriathar
féin féin go raibh, arsa m'athair críonna. —Conas tá an fharraige
anocht? —Ambasa go bhfuil sí go breá bog.
San éisteacht agus sa mhachnamh dom, do thiteas i dtromshuan
arís, agus pé faid a bhíos mar sin, nuair a dhúisíos aris, chuireas
cluas orm féin féach an gcloisfinn an bheirt ag caint fós; ach ní
raibh faic agam le clos ach fuaim na dtonn a bhí ag briseadh isteach
gan staonadh fé bhun an tí thíos. Bhi Seán imithe agus da bhrí sin
do bhuail diamhaireacht aris mé go tapaidh agus do chúbas mo
cheann síos fén mblaincéad. Ansan, pé cuma gur ráinig liom strac-
fhéachaint a thabhairt amach ar an bhfuinneoig, do baineadh geit
asam, mar cad a chífinn ach an dá shúil ghorma agus gléas iontu
ag breithniú isteach orm. Níor fhan braon fola im chorp ná gur
mheasc trína chéile agus í comh fuar le leac oighre. Bhí an dá shúil
ag breithniú fós orm gan staonadh, súile seanCháit a bhí ann dar
ndóigh— nár aithníos iad? agus nár chuige a tháinig sí anois chugham
chun sasamh a bhaint diom as a bheith ag goid an tobac uaithi
fadó agus nárbh fhéidir léi rith im dhiaidh? ach anois tá sí ábalta ar
imeacht ar nós na gaoithe. Thugas fé scréachadh ach bhí an teanga
ataithe im béal, agus níorbh fhéidir liom mo dhá shúil a thógaint do
sheanCháit a bhí amuigh sa bhfuinneoig. Thugas fé scréach eile a
dhéanamh agus chuireas aon bhéic amháin nimhe asam a chuir an
tigh trína chéile.
Bhí mo dheartháir Seán i leabaidh eile ar an dtaobh istigh díom,
agus tógadh glan in airde díreach é. —Cad ta ort? ar seisean.
—Féach amach ar an bhfuinneoig, arsa mise. Lena linn sin, cé
thiocfadh isteach ’on tseomra ach mo dhaideo. —Cé dhein an
scréach san? ar seisean. —Féach amach ar an bhfuinneoig! arsa
mise arís agus nárbh fhéidir liom mo dhá shúil a thógaint dóibh.
—Mhuise, mo thrua do cheann, ar seisean, nach shin é an cat?
—Ó, ní hé, arsa mise. Cad eile, a éagain? ar seisean ag dul amach
go dti an bhfuinneoig agus á bhagairt as. Sin é an uair a thugas fé
ndeara an cat agus a dhá chluais cocálta aige. —Féach anois, arsa
m'athair críonna, cé bhi ann. Téire a chodladh, ar seisean ag
imeacht síos go dtína sheomra féin. Do shás mo cheann isteach
fén mblaincéad arís, agus ba mhar sin dom im thromshuan go
maidean.
Do bhí an lá amáireach go han-bhreá ar fad, leoithne beag do
ghaoith anoir ann, cuma uaigneach ar an mbaile beag do dheas-
caibh an chorpáin a bheith fé chlár, gach duine díomhaoin mar is
gnách lena leithéid do lá, gan scoil ar bith againn, agus deirim leat
gur orainn a bhí an lúcháir dá bharr san. D'fhéachas uaim suas ar
na Cluithiríní, an cnocán atá os cionn an bhaile, agus tuigeadh
dom go raibh cuma uaigneach ar na clocha, ar an spéir, agus ar
an bhfarraige, ach is dócha gur orm féin a bhí sé. Cim seanbhean
ag teacht orm aniar, seanbhean eile chugham anoir, ag déanamh
fé dhéin tí an choirp.
I gceann tamaill, tagann m'athair críonna amach agus breith-
níonn uaidh ina thimpeall. —Moladh go hard le Dia, ar seisean ag
tógaint a hata dá cheann, nach breá atá an lá ag coimeád ar son
seanCháit, beannacht Dé lena hanam. —Tá sé mar sin, moladh le
Dia, arsa mise. —-Dar fia, a Mhuiris, ar seisean aris ag déanamh
meangadh gáire, gur cheapas gurbh an-shaighdiiir thu go dtí
aréir. —Ambriathar féin féin, arsa mise, dá mbeifeása leis san áit
chéanna agus tú ag cuimhneamh ar sheanCháit agus go bhfeicfeá
an dá shúil mar sin sa bhfuinneoig, go mbeifeá i gcruachás. —Och,
mo thrua do cheann, ar seisean, an gcreidfeá go rabhas-sa oiche
agus gan sa tigh ach mé féin, go bhfeaca triúr ina seasamh suas le
cnaiste na leapan agam agus an triúr san caillte le trí bliana roimis
sin. —Ba chruaidh an scéal é sin, arsa mise, agus an raibh aon eagla
ort? — Ní raibh ach an oiread agus tá anois, ar seisean. —Agus
d'aithnís iad? arsa mise. —D’aithnios comh maith agus a dh’aithnios
ar an saol so iad, iad ag comhrá dhóibh féin agus mé ag éisteacht
leothu, ach amháin nárbh fhéidir liom iad do thuiscint.
Lena linn sin, d'éirigh sé ina sheasamh. —Ragham soir go dtí
tigh an choirp ar feadh tamaill, ar seisean. —Raghadsa leat, arsa
mise. —Tá go maith, ar seisean, téanam. Seo le beirt againn soir,
saghas criotháin ag teacht im chuid fola fé mar bhíos ag druideam
leis an dtigh, mar ní fheaca riamh roimis sin corpán ar chlár. Nuair
a bhíomair i ngiorracht cúig slat don ndoras, do stad m'athair
críonna agus d'fhéach orm féin agus do labhair go socair: —Nuair
a raghair isteach, ar seisean, caith dhuit do chaipín agus téire ar do
ghlúine le taobh an chorpáin agus abair paidir le hanam sheanChait.
—-Ta go maith, arsa mise ag imeacht ina dhiaidh.
Nuair a shroicheamair an doras, do tháinig crith cos agus lámh
orm, agus tuigeadh dom go rabhas istigh 1 muileann leis an
bhfothram a bhí im cheann. Nuair a chonac an t-athrú a bhí
tagaithe ar sheanCháit, bairlíntí bána os a cionn agus í sínte comh
díreach le coinneal, dath an fhalla uirthi agus í ag breithniú uaithi
in airde, tuigeadh dom fós gur cheart di éirí anios.
Seo sall lem athair críonna agus chuaigh ar a ghlúine. Stadas
féin ag an ndoras, mé ag féachaint ar m'athair críonna. Go gcuire
Dia ar mo leas mé, arsa mise liom féin—anois an t-am agam
seasamh —ní foláir nó éireoidh sí aniar mar sin agus mé dh’ithe.
Seo liom ar aghaidh go righin leisciúil, agus chuas ar mo ghlúine,
ach deirim Jeat nach ar an bpaidir a bhíos ag cuimhneamh ach mé
ag faire ar an gcorpán le heagla go gcuirfeadh sí aon chor aisti. Is
gearr go bhfeaca m'athair críonna ag éirí, agus nuair a chonac san,
seo liom féin go tapaidh, agus ba dhóbair dom m'athair crionna do
leagadh leis an bhfuirse agus leis an bhfothragadh a bhí fúm. Do
shuíos ar an stól fada a bhí sínte suas leis an bhfalla.
Bhí scata seanbhan timpeall na tine, saol ar thobac acu agus
gibris go leor. —Mhuise, ní fheadar, a Eoin, arsa seanNeil ag
iontú ar m'athair críonna agus seandhúid ina béal aici, cad é an
t-aos a bhí ag seanCháit? —Ambriathar féin gur dóigh liom go
raibh si isteach is amach leis an gcéad, ar seisean. —Mhuise,
beannacht Dé dhilis lena hanam, arsa seanNeil aris agus deatach
aici á chur ar fuaid an ti, is mó lá maith agus drochlá a chuir si dhi.
—Nil dabht air, arsa m'athair críonna.
—Ar mh'anam, a Eoin, arsa Neil ag cuimilt a láimhe siar dona
gruaig liath agus ag cur sleabhac uirthi féin chun cainte, gur maith
is cuimhin liom an chéad lá riamh a chuas in aonacht léi ag baint
craoibhc thiar sa Choinigear, agus ambriathar gur maith an tamall
ó shin é. Nuair a bhí an chraobh bainte againn agus í feistithe
isteach sna bairlíntí, shuíomair síos agus tharraig seanCháit amach
a dúid agus a bosca maitseanna, ag tabhairt súilfhéachaint sall ar an
gcorpán agus ag baint crothadh as a ceann. —Á mhuise, nár
lige Dia go gcuirfinn aon bhréag uirthi, a Eoin, ar sise ag cuimilt
a láimhe siar dona gruaig arís. —Sea, astóin, bhí Cáit ag caitheamh
a dúidín ar a sástacht agus sinn ag cur síos ar chúrsaí an tsaoil.
Nuair a bhí a dóthain don bpíp aici, do shín si chugham féin í. Seo,
ar sise, tarraig uirthi sin. Ach nior chaitheas-sa aon phip riamh:
roimis sin. Ó, go raibh maith agat, arsa mise, ní chaithim í. Ó
mhuise, loiscreán ort, arsa Cáit, beir uirthi—ná fuil a fhios agat
ná fuil aon rud comh suáilceach le gal nuair a shuifeá síos i mbun
do shuaimhnis? :
—B’fhior di, arsa m'athair crionna. —O mhuise, arsa Neil, ni
fheadar na go bhfuil si ag éisteacht anois liom, agus má ta, nílim
ag cur aon bhréige uirthi—(ag tabhairt siilfhéachaint eile ar an
georpan agus deatach aici á bhaint as an nduid a bhi aici féin).
Sea, ar sise, do bheireas uirthi, astóin. —Ambriathar gur dócha gur
bheiris, arsa m'athair críonna. —Do bheireas, arsa Neil, agus dob
fhearr liom ina dhiaidh sin ná béarfainn, mar do thug sí na crúibíní
os mo chionn, agus caitheann priosla mór isteach sa tine. —An
riabhach mise, arsa m'athair críonna, ní ag teacht romhat ar do
scéal é, gur mó banlámh tobac a thabharfadh do chrúibíní in airde
inniu. —Dar fia, níor chás duit a rá, arsa seanNeil ag déanamh
meangadh gáire. Péacu san é, ar sise, nuair a bhí beirt againn
Mullach an Bhuaicin aniar, agus sánn si isteach fé fhód dearg aris
an dúidín a bhí múchta uirthi i ndearúd ó bheith ag caint, agus
cuireann ina béal aris i, agus nil focal ar bith anois aisti ach i ag
tarrac ar a lándícheall, agus gach tarrac a bhaineann sí aisti,
cuireann si spréacha dearga in airde direach os a cionn.
—-Sea, ar sise arís, agus cuireann priosla mór eile amach, ní hé
sin é ach é siúd. Nuair a bhíomair ar Mhullach an Bhuaicín, a
deirim, do chaitheas suí síos ar an dtortóig agus a raibh do
ghreamaisc istigh im chreatlach do chur amach do dheascaibh na
pípe. Bhí seanCháit ina suí ar an dtaobh eile dhíom agus í ag dul
ins na tríthíbh dubha. Mhuise, an fear mór go mbeire uaim thú
féin agus do sheandhtid, arsa mise, muran brea atáim ar an saol
eile agat. Tugann si suilfhéachaint eile sall ar an gcorpan agus
deineann gáire. —Mhuise a Chait, ar sise, is fuirist aithint na fuil
aon anam ionat, mar is mó gáire a dhéanfá fós fén lá úd da mbeifeá
ag éisteacht liom anois. Agus lena linn sin titeann na deora le
seanNeil.
— Dar fia gur scarais go maith leis an lá san, arsa m'athair
críonna. —Sea, a Eoin, arsa seanNeil, an dóigh leat ná go rabhas
ag teacht chúichi go han-mhinic ina dhiaidh sin agus mé ag blais-
tínteacht ar an bpíp i gcónaí nó sa deireadh go rabhas im shean-
cheardaí uirthi. Féach gurb ait é an saol—seanCháit fé chlár inniu
agus mise ina diaidh. —O, sin é mar atá ag an saol, arsa m'athair
críonna ag éirí ina sheasamh. Bail ó Dhia oraibh anois, ar seisean
ag imeacht leis agus mise ina dhiaidh. —Mhuise, go n-éirí an
tráthnóna leat, arsa seanNeil.
—Th’anam ’on riabhach, arsa m'athair críonna agus sinn ar ár
mbealach abhaile, ba dhóbair duit mé leagadh an uair úd agus mé
ag éirí tar éis mo phaidir a rá le hanam sheanChait, nó cad a dh'imigh
ort? —Mhuise, geallaim duit, arsa mise, nach mór na paidreacha
a dúrtsa ach me ag faire ar an gcorpán le heagla go n-éireodh si
aniar. —Och, mo thrua do cheann, ar seisean, agus níl mórán
meabhrach fós ann. Tuigeadh dom ar an gcuma a bhí sé ag caint
go raibh fearg air. —Ná bac san, arsa mise, bíonn gach tosnú lag,
agus mise á rá leatsa ná bead comh dona an chéad uair eile.
Bhí smut maith don tráthnóna caite anois. Nuair a thánamair
abhaile, bhí an dinnéar ullamh romhainn ag Eibhlin.—Nach mór
an obair ná fuil naomhóg an tórraimh ag teacht fós, arsa m'athair
críonna ag féachaint amach ar an bhFaill. —Is dócha nach féidir
leo do bheith rofhada ó bhaile anois, arsa mise. —Ni féidir mhuise,
a chroí, ar seisean ag suí ar an gcathaoir a bhí le ceann an bhoird
agus mise ar an gcathaoir eile.
—Ambriathar féin féin, ar seisean ag tógaint a hata dá cheann,
ach gur deas an marbhán seanCháit. —Och, éist, arsa mise, ná
cuirfeadh sé eagla ar éinne féachaint uirthi? Ní fheadar “on domhan,
a dhaideo, an raibh beirt riamh fé chlár anso aon oíche amháin?
Bhuail sé a cheann fé, agus seo ag machnamh é ar feadh tamaill.
—Ambriathar féin go raibh agus triúr, ar seisean, mar is cuimhin
liom féin iad. —An mar sin é? -— Sea, ar seisean, agus mar bharr
ar an scéal, bhiodar trí oíche ar chlár do dheascaibh na droch-
aimsire. —Is dócha go raibh an baile go dubhach ar feadh an ama
san, arsa mise. —Ambriathar féin ach ná raibh sé saor air, arsa
m'athair críonna. —Nach mór an obair, arsa mise arís, ná beadh
teampall anso féin acu? Agus ambriathar, dá mbeinnse ag fáil
bháis, gurb é áit a dh'ordóinn mé féin do chur ná thuas ag an dTúr.
—O mhuise, mo chroí thú, ar seisean, gurb” shin rud ná hordéfa.
Níorbh aon tábhacht liom é dá mbeadh éinne eile curtha ann. —Ba
chuma liomsa, arsa mise, ach aeraíocht na háite a bheith agam.
Lena Jinn sin, chuas amach go dtí an doras, agus d'fhéachas idir
mé agus an Fhaill, agus dar fia tuigeadh dom go bhfeaca naomhóg
tríd an mBléin aníos. —A dhaideo, arsa mise, tá naomhóg an
tórraimh ag teacht. —An bhfuil? ar seisean. — Tá, arsa mise ag
imeacht liom go dti an gclaí. Bhi an naomhóg anois an-ghairid
don gcaladh, an chomhra le feiscint go soiléir ina deireadh, gach
duine ag déanamh fé dhéin na slipe, beag agus mór, fé mar is gnách
ina leithéid do chás. Chuas féin síos agus mé ag tabhairt gach ní fé
ndeara. Stadas ar barra, an naomhóg fém bun thíos, an chomhra
féna claspaí buíthe thiar ina deireadh, boscaí bána lán do phíopaí
cré ar thóin na naomhóige, cuma dhubhach ar gach éinne. Shleamh-
naíos liom síos ar an slip, stadas ansan arís agus mé ag breithniú
uaim síos ar na daoine. Is gearr gur tógadh amach an chomhra,
agus cuireadh aníos ar bharra na slipe í, mar a rabhas féin. Bhí sí
lem ais anois agus me a tabhairt fe ndeara. Chifea thú fein isteach
tríd an adhmad leis an ngné a bhí inti, agus is gearr go bhfeaca ainm
sheanChait scríofa ar chlaspa buí: Mrs Kate Coyne, born May 2,
1833, died Noy. 1913. Mhuise, ni fheadar ’on domhan, arsa mise im
aigne féin, canathaobh go ndeineann siad comh deas san i, mar i
gceann tri lá beidh si go doimhin i gcré. Féach gurb ait é toisc an
tsaoil.
Lena linn sin, cad a chuirfí anios ar bharra na slipe ach soitheach
pórtair, paca mór garbh lán d'arán bán, dhá bhosca agus iad lán
do phíopanna. Is gearr go bhfeaca ceathrar fear ag déanamh isteach
fén soitheach agus ag cogarnaigh le chéile á rá gur mhaith an oíche
thórraimh a dhéanfadh sí, ceathrar eile ina ndiaidh sin isteach fén
gcomhra, agus seo leo go léir tríd an slí suas. Do bhuail m'athair
crionna liom ar barra agus cuma dhubhach air. -——Féachann tú
an-bhrónach, a dhaideo, arsa mise. —Sin é mar bhíonn ag an
nduine aosta, a dhalta, ar seisean; mar, a Mhuiris, tá cos liomsa
san uaigh agus cos liom ar a bruach anois, ar seisean ag imeacht
linn suas. Thugas fé ndeara an ceathrar go raibh an chomhra ar
iompar acu, agus aistear an-fhada acu á thabhairt orthu féin, rud
a chuir ardiontas orm. —Canathaobh, a dhaideo, nár chuadar suas
tríd an mbóithrín seo? arsa mise. —Ná fuil a fhios agat, ar seisean,
nach ceart an cóngar a thógaint go tigh an choirp leis an gcomhra
ná go dtí an uaigh leis an gcorpán?
Nuair a chuamair abhaile, shuigh m'athair crionna ar an gcath-
aoir, tharraig amach a phíp agus bhuail a hata ar a leathghlúin.
— Mhuise, beannacht Dé dhilis le hanam Cháit, ar seisean, ba fhial
fairsing flaithiúil an bhean tí í nuair a bhí sí i bpríomh a maitheasa..
—Mhuise, ni fheadar 'on domhan, arsa mise, is dóigh liom, pé
cuma bheadh sí, go bhfaigheadh sí moladh anois ón uair atá sí
básaithe. —Tagaim leat ins an méid sin, arsa m'athair críonna ag
sá a phípe isteach fé fhód dearg, ach níl aon bhaol ná go raibh
Cáit Liam le moladh comh fada lem aithnese uirthi. Ach gan dabht,
ar seisean arís ag tarrac ar an bpip, ní féidir an seanfhocal a shárú—
más maith leat thú mholadh, faigh bás, agus más maith leat thú
cháineadh, pós. —Dar fia, a dhaideo, arsa mise, níor chuala riamh
é sin go dtí anois. —Ó, mo léir, arsa m'athair críonna ag déanamh
gáire, tá a lán Éireann nár chualais fós.
— An raghair go dtí an tórramh anocht? arsa mise aris. —O,
ragham, bainfeam smut don oíche ann ach go háirithe, ar seisean ag
féachaint ar an gclog agus ansan féachann orm féin: —Ar chualais
riamh, ar seisean, cad a tharlaigh i dtigh tórraimh i bParóiste
Fionntrá fadó?—Níotr chuala, arsa mise. —Wei/l, ní bheir mar sin,
ar seisean á shocrú féin sa chathaoir.
— Ní fadó do shaol é seo, a Mhuiris, agus níl aon fhocal bréige
ann. Bean a bhí ina cónaí ins an pharóiste sin, gan sa tigh ach í
féin, agus an-cháil amuigh uirthi go raibh mórán mór airgid aici.
Sea, nuair a bhuail an donacht í, fé mar a bhuaileann a lán cile,
chuir sí fios ar an sagart. Tháinig sé agus chuir an Ola uirthi. Nuair
a bhi se chun imeacht, do ghlaoigh si thar n-ais air. Cad tá uait
anois? ar seisean. Mhuise, a athair, ar sise, ar son Dé agus na
Maighdine Muire, an dtabharfá cúpla pingin dom a fhliuchfadh mo
chroí dhom? Do chuir an sagart lámh ina phóca agus thug réal di
agus bhailimh leis.
—Sea, do tharlaigh an scéal go bhfuair an tseanbhean bás an
oíche chéanna, agus lá arna mháireach, nuair a bhí an corp á
ullmhú ag na mna comharsan, do fuair bean acu ailp chruaidh eigin
casta istigh ina cuid gruaige thiar ina cúl, agus cad a bheadh ach
sparán agus céad punt istigh ann. Do shocraíodar le chéile ar é
thabhairt don tsagart. Seo leo 1 gceathrar. Cad so anois oraibh?
arsa an sagart. Mhuise, a leithéid seo, a athair, arsa an bhean ba
dheisbhéalaí acu ag insint dó tríd síos. Nuair a chualaigh an sagart
cad a tharlaigh, do dhruid sé siar agus dath an bháis air. Sa deireadh
labhair sé. Ó, Ó, ar seisean ag bualadh a bhos ar a chroí, tar éis a
iarraidh ormsa inné a oiread a thabhairt di agus a fhliuchfadh a
croí! Is é rud a dhéanfaidh sibh leis an airgead san anois, ar seisean
agus criothán ina ghuth, ná deiníg stad ná staon nó go gcuirfidh
sibh isteach i gcorplár na tine ina tigh féin é, mar ní bheadh aon
rath go deo ar an té go mbeadh an t-airgead san aige.
—Seo leo, agus do dheineadar mar a dúirt an sagart. Sea, nuair
a tháinig an oíche, bhí a lán daoine ar an dtórramh, iad ag caint
agus ag comhrá agus gan ar bun acu ach airgead na seanmhná.
Timpeall a dó dhéag a chlog, do bhuail isteach an doras fear uasal
breá scafánta dea-ghnúistineach. D'fhéach gach éinne air agus
cogarnach anso is ansúd cérbh é. Seo sall go dtí an gcorpán é, agus
tuigeadh dona raibh istigh go raibh sé ag caint os íseal. I gceann
tamaill, thóg sé amach as a phóca ciarsúir bhreá gheal. Ní raibh
focal as éinne ach iad ag breithniú air. Do chuir sé an chiarsúir suas
fé smeigín an chorpáin, agus níor thúisce sin ná mar chuir an
corpán amach an Chomaoin Bheannaithe a bhí tógtha aici an lá
roimis sin. i
— Go bhfóire Dia orainn, a dhaideo, arsa mise, is dócha gur mór
an t-uafás a tháinig ar a raibh istigh. —Níorbh aon ionadh go
dtiocfadh, arsa m'athair críonna. Sea, nuair a bhi san déanta aige,
do chas sé an chiarsúir ar a chéile agus bhailimh leis. Nuair a
chonaic a raibh istigh an sampla, do rith fear agus fear eile agus
seanbhlas ar a gcosa acu an doras amach, ach d'fhan a bhformhór,
gibris ar fuaid an tí, cuid acu á rá go raibh an tseanbhean damanta
agus gurbh é Dia na glóire a tháinig isteach, gach éinne agus a
thuairim féin aige. Sea, bhí san go maith go dtí uair a chloig eile
ina dhiaidh sin, nuair a bhuail isteach trid an ndoras stracaire
d'fhear neamhchumtha, gan bearradh gan glanadh, agus ordóga a
chos amach trína bhróga. Tháinig dhá mhogall shúl dona raibh
istigh. Do chuaigh an stracaire sall go dti an gcorpan, do chuir a
dhá láimh ina thimpeall, agus d'ardaigh leis an doras amach í, agus
ní fheacaigh éinne riamh ó shin an corpán ná aon tuairisc air.
—-[s dócha, arsa mise, gurb é an seanbhuachaill a dh'ardaigh leis
{ sa deireadh? —Ó, cad eile? Dia idir sinn agus an t-olc, arsa m'athair
crionna ag sa a phipe fen ngriosach aris. Nil a fhios ag éinne cad é
an scéal ag an saol eile e, ar seisean aris nuair a bhi an phip bogtha
ar a shástacht aige. —Dá mbeadh, a dhaideo, arsa mise, do bheadh
an saol go hait.
D'éirigh m'athair críonna ina sheasamh agus d'fhéach ar an gclog
arís. —Is dócha go bhfuil sé comh maith againn bheith ag baint
tí an tórraimh amach, ar seisean. —Ta comh maith, arsa mise ag
siúl síos go dtí an doras. —Fan go fóill anois, a Mhuiris, ar seisean,
go gcuirfead gáirleog sa dúidín, agus ansan beam ag imeacht in
ainm Dé.
Bhreithnios féin tríd an ndoras amach idir mé agus Dún Chaoin.
Bhí an ghealach go hard ar an aer anois agus an oíche go geal. Is
gearr gur tuigeadh dom go bhfeaca naomhóg ag déanamh isteach ar
an gcaladh. —Dar fia, a dhaideo, arsa mise uaim isteach, go bhfuil
naomhóg tagaithe ó shin, pé hiad féin. —Hm, arsa m'athair críonna
agus é ag priocadh na pípe lena sciain, ná feacaís an baraille ag
teacht inniu? —Ó, is fíor duit, arsa mise, is ó Dhún Chaoin iad, má
mhairim beo. —Bí go lánchinnte dhó, ar seisean, agus comh
deimhnitheach agus táim anso, ta a fhios agam cé hiad an ceathrar
san anois, mar níl aon tórramh go mbeidh deoch ann ná go mbeidh
an ceathrar san ann. —An mar sin é? arsa mise, cad as iad? —Cad
as iad ach ó Dhún Chaoin, ar seisean go tur—Donall Bán, táilliúir
na Cille, Séamas Buí, agus Mícheál Mhuiris, agus cuirfeadsa geall
leatsa gurb shin iad ata chughainn, ar seisean ag imeacht leis suas
go dti an tine agus ag dul ar a leathghlúin chun a phip a dheargadh.
— Téanam anois fé dhéin tí an tórraimh.
Bhi an tigh lán ó cheann ceann, bléas solais ann ag na coinnle a
bhi ar lasadh ar an mbord agus lampa ban ar crochadh anuas ó
bhuaic an ti. Dá dtitfeadh biorán anuas 6 sna frathacha, is ar cheann
duine thitfeadh se. Scata sean-bhan timpeall na tine, an Poncán ar
cheann an bhoird ag gearradh tobac agus Seán Fada ag líonadh na
bpiopanna, gach éinne óg agus sean agus pip chré ina bhéal aige
agus iad ag caint agus ag comhrá dhóibh féin. Nuair a bhíodh an
phip ólta ag fear, shineadh se sall go dti Sean Fada aris i chun i
fháil lan. Do chuir m'athair críonna cogar im chluais: —Conas a
thaithníonn an oíche leat? ar seisean. —Go han-ghliondarach, arsa
mise.
Lena linn sin, tagann ceathrar Dhún Chaoin isteach go cúthail,
agus más ca fuaireadh suiocháin do sna stróinséirí mar is gnách.
Phrioc m'athair críonna mé féin. —Féach anois, ar seisean, cad a
dúrt leat ach gurbh iad an ceathrar a bhí ann? — Is fíor duit, arsa
mise agus mé á dtabhairt fé ndeara.
Is gearr anois gur osclaíodh an soitheach, agus gabhadh timpeall
le bocaod pórtair. Bhí mo shúil ar an gceathrar i gcónaí do dheas-
caibh an cháil a bhi amuigh orthu, riamh agus choiche nó gur
shroich an bocaod iad. Lionadh amach piont go dti Micheal
Mhuiris, an chéad fhear don gceathrar, agus más ea, an riabhach
stad a dhein sé leis nó go raibh sé thiar thíos ina ghoile. [ gceann
tamaill, cé thagann chughainn anall ach Seán Liam, mac an fé atá
caillte, agus cuireann cogar i gcluais m'athar chríonna: —Téanaig
oraibh suas “on tseomra, ar seisean.
Seo finn suas ina dhiaidh, agus deirim leat gur ansan a bhi an
gabhar á róstadh maidir le patairí do sheanmhná agus faid banlámha
do staic phípe ina mbéal acu; agus ar fhéachaint in airde ar fhrath-
acha an tí dhom, tuigeadh dom pur cheo brothaill é a bheadh
stadaithe i gcom cnoic tráthnóna samhraidh leis an ndeatach a bhí
ar fuaid an tseomra acu. —Mhuise, Dé do bheatha, a Eoin, arsa
Cáit Sheosaimh agus is dóigh liom í gcirgéiseach go maith ag an
mbiotáille. —Go maire-se i bhfad, arsa m'athair crionna ag sui sios
ar an gcathaoir; conas tánn tú ag déanamh na laethanta so, a
Cháit? —Muise, cuíosach, slán a bheir, arsa Cáit; nach tapaidh a
dh'imigh seanCháit Liam uainn sa deireadh? —Ó, sin é mar atá
ag an mbás, arsa m'athair críonna, ach tánn tú féin Márta a tri
fós, bail ó Dhia ort. —Ó mhuise, nár agra Dia ort é, a Eoin, ná
feiceann tú ná fuil ionam ach an scáth fé láthair?
Lena linn sin. sineann si an phip go dti Maire Criomhthain.
—Seo, ar sise, bíodh gal agat ar son anam Cháit a bhí go meidhreach
'ár measc bliain an dtaca so. —Mhuise, ní fheadar, a Eoin, ar sise
aris ag tarrac an seailin dubh aniar ar a ceann, an cuimhin leat an
lá a chuas féin agus an té atá fé chlár anocht sall ar an gCois in
aonacht libh ins an bhád mhór fadó? —Ambriathar féin ach gur
cuimhin, arsa m'athair críonna ag déanamh smiota gáire. —Ni
fheadar anois cé hiad súd a bhi in aonacht linn? arsa Cáit aris ag
féachaint ar na bladhmanna dearga istigh sa tine agus a malaí
dlúite ar a chéile d'iarraidh na daoine a thabhairt chun a cuimhne.
—Do bhi mhuis, arsa m'athair críonna, Paddy Pheaid Mhóir,
Stiofán, Peats Mhicky, agus Seán Ó Duinnlé. —Ambaice, is fíor
duit, arsa Cáit ag iontú ar m'athair críonna arís agus ag tarrac a
cóta dearg isteach féna cosa. Sea go díreach agus do dheartháir
Micil, ar sise aris agus osna mór aici ina dhiaidh leis an laochas a bhí
uirthi cuimhneamh air; agus an riabhach gur mór an spórt a bhí
againn an lá úd. —Níor tháinig a leithéid riamh ó shin ormsa, arsa
m'athair crionna, agus féach gur mó lá atá curtha againn dínn ó
shin.
Lena linn sin, gabhann Seán Liam timpeall le buidéal biotáille
agus gloine ina láimh aige. Líon sé amach leathghloine go dtí
Máire Thaidhg an chéad uair, agus más ea, nuair a chonaic Cáit
Sheosaimh an buidéal ag teacht timpeall, tuigeadh dom gur tháinig
lasadh ina gnúis agus leamhgháire ar a béal. Chuireadh sí ceist ar
m'athair crionna agus ansan thugadh si stracfhéachaint ar an
mbuidéal agus neamhthor aici ar an bhfreagra a thugadh seisean
di. Nuair a bhí an leathghloine ólta ag Máire Thaidhg: —Sea, ar
sise, go raibh beannacht Dé dhílis le hanam Cháit agus le hanman
na marbh go léir. —Amen, arsa gach éinne. Bhios sa ag faire ar
Cháit Sheosaimh, agus níor fhéadas gan gáire a dhéanamh istigh
ar mo chroí. Fé mar bhí an buidéal ag druideam léi, do tháinig
coinneal ina radharc agus únfairt an domhain uirthi sa chúinne le
himní riamh agus choiche nó gur lionadh an ghloine amach
chúichi. Ní raibh a leath lán ag Seán fós. —Dhé, tá mo dhóthain
ann, a Sheáin a dhalta, ná líon suas ar fad é. —O, tá an iomad ann!
Nuair a bhí an ghloine lán, do bheir sí uirthi agus do bhain slogóg
mhaith aisti. Dhein sí casachtach agus casachtach eile. —Dar fia,
tánn tú tachtaithe aige, arsa m'athair críonna. —Tá sé laidir go
maith, arsa Cáit, agus ní chloisfeá ag poll do chluaise í, mar do
chuaigh an deoch lena hanáil. An tarna slogóg, do chaith sí siar é,
agus do thug an bheannacht chéanna do sheanCháit mar ba dhual.
D'ól m'athair críonna ceann cile ansan, agus dar fia do fuaireas
féin leathghloine, agus más ea d'ólas comh maith le cách.
Tarraigionn Maire Thaidhg a pip amach aris. agus bionn 6 bhean
go bean nó sa deireadh go raibh an seomra múchta arís leis an
ndeatach.
Bhiodar mar sin ag caint agus ag comhrá, agus m'athair críonna
ag cur síos dóibh ar an spórt a bhí acu fadó ar an gCois agus an
chuma gur bhuaidh a dhearthair Micil ar fhearaibh na Coise lena
fheabhas d'amhránaí, riamh agus choiche nó go mbuaileann Seán
Liam isteach aris agus bocaod pórtair aige: —Anois, ar seisean,
tarraigig air sin. Is orthu ná raibh an leisce, agus an bhean a bhi
go cúthail gan focal aisti roimis sin, bhí sí ag éirí anois go dtí an
bhean eile in allagar cruaidh cealganta. agus m'athair crionna
comh geirgéiseach le héinne acu.
D'éiríos im sheasamh agus do bhuaileas sios fén gcistin. Bord
mór leagtha amach i lar an urlair, cúigear nó seisear ag alpadh ina
thimpeall, aighneas an domhain ar fuaid an ti. pip chré i mbéal
gach éinne, an t-aos óg anso i gcomhghléas leo féin agus na sean-
daoine i gcúinne eile ag cur sios go heifeachtuil ar chursai an tsaoil.
Chaitheas mé féin isteach i measc mo chomhleacaithe féin, ach is
gearr go raibh tinneas orm ó bheith ag éisteacht lena ngliogarnail
gan dealramh. B'fhearr liom go mór comhrá na seandaoine, agus
riamh é sin. Bhuaileas suas arís, agus más ea bhí an dream eile
romham sa ghó cheanna. I gceann tamaill. éirionn m'athair crionna
agus féachann amach tríd an bhfuinneoig. —Dar fia, ar seisean, go
bhfuil fionnóga an lae ag teacht soir air, agus da dheascaibh sin
tá sé comh maith againn dul abhaile in ainm Dé. —Dhera mhuise,
tá a fhios agat ná fuil sé ina lá fós, a Eoin, arsa Cáit Sheosaimh.
—Téanam abhaile, a Mhuiris, ar seisean. Ní raibh uaim féin ach
gaoth an fhocail a dh'fháil, mar bhíos á dhalladh ag an gcodladh.
——Oíche mhaith anois agaibh, arsa m'athair críonna. —O mhuise,
go n-éirí an oíche libh, arsa na seanmhná in aonacht. —Ar mh'anam
féin, arsa m'athair críonna agus sinn ag imeacht ón dtigh, ná
feadair siad súd nach oíche bhainise atá acu.
Mé amuigh ar an gclaí ar maidin lá arna mháireach, bhí an
spéir gan smál ach amháin trí nó ceathair do scamaill bheaga idir
mé agus Barra Liath, agus níorbh fhada mé ag féachaint orthu
nuair a bhíodar ag greamú ina chéile sa treo gur dhein aon scamall
amháin diobh agus an scamall san ag deanamh orm aduaidh. Bhi
dath dubh ag teacht anois air, agus mé ag faire air nó gur stad sé os
cionn Ceann Sléibhe. Is gcarr anois go raibh scamaill eile ag préamhu
anso is ansúd agus ag greamú ina chéile ar an gcuma cheanna.
Chuas isteach. —-Dar fia, a dhaideo, arsa mise, ach go bhfuil
an-dhroch-chuma ag teacht ar an lá. Sánn sé féin a cheann amach
sa doras, agus lena linn sin titeann an bháisteach go trom agus é
ag séideadh aniar ‘duaidh. —Dar cnaoiose, ar seisean, go bhfuilim
in amhras go mbeidh oíche eile ag seanChdait fé chlár anso, agus
b'fhéidir amáireach comh maith. Sánn amach a cheann agus cúbann
isteach aris go hobann. -- “Cabhair Dé chughainn, ar seisean, tá an
fharraige anois in aon chóch amháin.
Ní mór an corraí amach a dhein éinne an lá san, ach lá arna
mháireach ba dhóigh leat nar tháinig aon drochlá riamh, bhí sé
comh breá san. —Tá sé ráite riamh, arsa m athair críonna, nuair is
aoirde an anaithe, gurb ea is giorra an ciúnas. Ins an am chéanna,
osclaíonn sé comhra agus tógann amach casóg, a leithéid ná feaca
riamh. spor mór fada siar aisti agus trí cnaipi thiar inti. Bhios a
thabhairt fe ndeara agus e a chur air féin i gcomhair na sochraidc.
—Th’anam “on diucs, a dhaideo, ní fheaca riamh a leithéid sin agat,
nó cad é an sórt déanamh atá uirthi? —Ohó, a bhuachaill, ar seisean
ag gáirí, sin é an seandhéantús Gaelach agat. Do bheireas thiar ar
bun uirthi agus tuigeadh dom go raibh sí comh cruaidh le clár daraí.
— Is dócha go bhfuil sí sin agat riamh, arsa mise. —Dhera a
dhuine, ar seisean, ag déanamh gáire arís, ná nílim riamh ann; ach
murab ea, tá aois mhaith aici, mar is é m'athair, beannacht na
ngrást leis, a dh'fhág í sin agamsa, agus is dócha ná fuil éinne chun
i chaitheamh inniu ach mé féin. Dhruideas amach uaidh agus
dheineas gáire: — An bhfuil a fhios agat cad e an sceal e, ar fheachaint
ort ins an staidéar go bhfuileann tú anois, gan bréag ná magadh, ná
féachann tú ach fiche blian. — Téanam, ar seisean, agus ná bí ag
magadh fúm.
Seo linn amach. —Moladh go hard le Dia, arsa m'athair críonna,
nach breá an chantaireacht atá ag an lon dubh! Bhíomair ag
imeacht linn i dtreo tí an choirp, agus nuair a dh'fhaighinn an chaoi,
d'fhanainn siar ina dhiaidh ag breithniú air i lár a dhroma, agus dar
fia ba dhóigh leat gur phiara mór é amach as cathair Lundain nuair
a bhí an treabhsar stríocach air agus an chasóg eireabaill agus léine
gheal go raibh brollach cruaidh agus bóna ard thuas féna mhuineál.
Chuaigh m'athair críonna isteach i measc na seandaoine agus mise
i measc mo chomrádaithe féin. —Ni fheadar “on domhan, arsa
Tomás Eoin Bháin, an féidir linn dul inniu go teampall Fionntrá.
—-Ó, an riabhach é, arsa mise, ní ligfí linn. Ach féach, a Thomáis,
dá mbeadh an lá inniu láidir, bheadh lá eile saoire againn ón scoil
amáireach. —Dhera, cad é an mhaith é sin? arsa Tomás ag cur
púic air féin le dochma roim an scoil, mar nuair a thiocfadh an lá
amáireach, bheimís ag lorg lae eile. —Well, ba chuma é sin, arsa
mise, nár mhór an ní bheith ag baint lae dhó i gcónaí?
Lena linn sin, bionn an chomhra á breith amach ag ceathrar fear,
agus buaileann uathu í ar dhá chathaoir. Seo leis na seanmhná
timpeall uirthi, agus casann in airde a n-olagén go brea fada binn:
—Olagon, olagón, olagón! Bhi Cait Sheosaimh ina measc, agus
bhíos ag éisteacht go haireach léi, mar bhi cáil uirthí gur chosúil i
le bean sí chun caoineadh. Thosnaíodh sí mar seo: —Ó mhuise a
Cháit, ba thú an bhean mhánla agus is beag an tairbhe mise id
dhiaidh! olagón-goile-olagón! olagón-goile-olagón! agus fonn breá
aici air. Nuair a bhí an caoineadh sin déanta acu, is gearr go bhfeaca
ag gáirí go sultmhar iad, agus arsa mise le Tomás: —Mhuise, a
Thomáis, an dóigh leat go bhfuil siad súd uaigneach i ndiaidh
sheanCháit Liam? —Dhé mo léir, arsa Tomás, níl mhuise ach
oiread leis an mbainirseach róin atá thiar i gCuas an Éin.
Tógann ceathrar fear an chomhra ar a nguailne, agus seo linn
go léir ina diaidh. —Nach ait é an saol, a Thomáis, arsa mise, dá
bhféachfa isteach ann, go mbeimid lá fós agus sinn sínte i gcomhra
gan mothú ionainn!
Bhíomair thíos ag an gcaladh anois agus shuigh beirt againn ar
barra ag féachaint uainn síos, fuirse an domhain ar na fearaibh ag
giotail le naomhóga agus le maidí rámha, nó go raibh an chomhra
istigh 1 naomhóig acu, agus seo leo go léir tríd an linn amach. an
ghrian ag taithneamh orthu agus bóithrín geal acu á fhágaint ina
ndiaidh aniar. Buaileann m'athair críonna aníos tríd an slí agus a
lán eile ná raibh ábalta ar dhul amach. Nuair a shroicheann sé
barra, stadann sé agus tugann súilfhéachaint amach ar na naomhóga.
Chloisfea an gíoscán á dhéanamh ag na maidí rámha fós. —Is mór
an obair, a dhaideo, nár chuais amach. —Mó léan géar, ar seisean,
do bhíos tamall agus go raghainn, ach farior cráite, ní inniu é! Le
linn dó na focla san do rá, d'éist sé go hobann. —Mhuise a Cháit,
ar seisean arís ag féachaint amach ar an bhfarraige, beannacht Dé
dhilis let anam. ba mhaith an pairti i mbaile mor thu!
Thugas fé ndeara na deora ag titeam leis. —Féach ar do dhaideo,
arsa Tomás liom i gcogar, agus é ag gol. Sin é an fear a déarfainnse
bheith go dubhach i ndiaidh sheanCháit agus ní hiad na mná
sleamhaine. —Ta a cumha air, arsa mise ag éiri im sheasamh
agus Tomas comh maith. —Caithfeadsa dul ag triall ar ualach móna
inniu, arsa Tomás, mar ná fuil aon fhód istigh againn. — Go n-éirí
an lá leat, arsa mise ag imeacht liom abhaile.
I mi na Samhna i gcónaí is ea a bhíonn an tnúth chun na bpollóg
ins an Oileán. Lá breá mar sin go raibh an talamh cruaidh le sioc
agus aer beag do ghaoith anoir ann agus boladh cumhra ón
bhfarraige, do bhuaileas amach as an dtigh agus do stadas tamall
ag machnamh. Bhí na héanlaithe mara ag eiteallaigh timpeall ar
thóir an éisc agus na smólaigh go flúirseach in aice liom ag teitheadh
leo féin leis an bhfuacht. Ar bheatha na n-éan a bhíos ag machnamh
agus ar imeacht na taoide ón dtráigh, ach i gceann tamaill do
thainig athrú smaoineamh chugham agus do chuireas diom soir go
dtí Pádraig Ó Dála.
Bhí Pádraig romham sa doras agus é ag breithniú soir ó dheas
agus ag cantaireacht dó féin. — Lá breá, a Phádraig. arsa mise. —Tá
sé mar sin, buíochas le Dia, ar seisean, agus is maith an lá ar an
bhfarraige é. Do bhuaileas isteach, agus cé bheadh romham ach
Paddy Tim. —Tá sé glas, a Phaddy, arsa mise. —Á, arsa Paddy, níl
sé comh glas fós agus go n-íosfadh na gabhair é. Tagann Pádraig
isteach ón ndoras. —An bhfuil a fhios agaibh cad air a bhíos ag
cuimhneamh, ar seisean, ach gur maith an lá e chun dul ar an
bhFiabhanc ag iascach pollóg? —Agus an oíche a chaitheamh san
Inis? arsa mise go ríméadach. —Is dócha gurb shin é a dhéanfam,
arsa Pádraig, ach faighig ullamh sibh féin anois agus ná big i bhfad.
Tá an Fiabhanc suite thiar theas archeann Inisícileáin tamall deas
amach ins an Bha. Scairbh is ea i ata fe uisce, ach go mbriseann agus
go réabann sí le drochaimsir, agus an-cháil ag na seandaoine uirthi
chun éisc.
Bhíomair trasna an Bhealaigh Mhóir anois, agus níl aon bhaol
ná go pcuirfeadh sé gliondar ar othar ins an am san féachaint ó
thuaidh agus ó dheas ar na héanlaithe mara ag sealgaireacht dóibh
féin ar bharra na farraige fiaine. Is gearr go bhfeacamair forcha
tamall uainn ó dheas agus a gearrcach óg ina diaidh aniar agus
caobach os a cionn in airde agus gach seáp aici á thabhairt anuas
fén ngearrcach; ach más ea, ní dheineadh an gearrcach ach é féin
do thumadh go pras agus théadh amú ar an gcaopacn. Ansan,
nuair a thagadh sé aníos aris, do thugadh an caobach seáp eile fé.
-—Mhuise, nach fealltach an t-éan an caobach, arsa Padraig O
Dála. —Ambriathar nach ea, arsa Paddy Tim; nach ag iarraidh a
bolg a líonadh atá sí? agus nach é an rud céanna atánn tusa
d'iarraidh a dhéanamh leis an bpollóig theas ar an bhFiabhanc?
—Och, caint san aer í sin agat, arsa Padraig. —Canathaobh gurb
ea? arsa Paddy, ná fuil an forcha féin ag faire ar rud éigin a chur
ina bolg, agus an scéal céanna ag an gcaobach? Ambriathar ná
feicimse aon fheall sa chaobach ach oiread leat féin.
Bhíos féin anois agus gan mórán cluaise agam á thabhairt dóibh,
ach mé ag faire ar an gcaobach agus gach seáp aici ar an ngearrcach,
an mháthair bhocht agus í go dícheallach ag iarraidh a cuid do
chosaint. Sa deireadh thiar, do thug an caobach seáp anuas agus
do bheir thiar ar eireaball ar an ngearrcach, agus ní fheacaís riamh
ach an útamáil a bhí ag an dá éan, nó sa deireadh gur chaith an
caobach scaoileadh leis an ngearrcach arís, agus ní túisce sin ná
chuaigh an gearrcach fé loch agus an mháthair ina diaidh.
—Ambaiste féin, arsa mise, go bhfuil an caobach ina hamadán
anois acu; agus d'imigh sí léi thar na tonnta siar.
Bhíomair ag déanamh siar ar an Inis fén am san agus mo chroí
ag bualadh ar nós uaireadóra le gliondar, mar ní rabhas riamh fós
in airde san Inis. —Tá sé ag fáil déanach, arsa Pádraig, agus dá
bhrí sin níl aon rud is fearra dhúinn a dhéanamh ná gabháil in airde
ar an gcloich i gcomhair na hoiche, agus is féidir linn bheith amuigh
le giolc an ghealbhain ar maidin,
D'fhéachas siar i dtreo na cloiche, an fharraige ina leamhach le
linseach, minéisc ag ráthaíocht ar bharra an uisce, an ghrian ag luí
síos do dhroim an Bhealaigh Chaoil agus a gathaí ar dhath an óir
ag caitheamh ar an bhFeo, gan aon oidhre air ach caisleán óir a
bheadh ag íor na spéire ag stealladh soilse suaithinseach uaidh.
— Mhuise, arsa mise, nach aoibhinn an radharc ata timpeall maguaird!
—Do bheirim an riabhach, arsa Padraig ag iontú orm agus ag
déanamh gáire, ní fheadar an orm féin atá se nó nach ea, ach comh
luath agus a ghlanaim siar Béal Capaill, tuigtear dom go n-eirionn scailp
dom chroi. muran toisc mé shaolú sa chloich é — is dócha gurb ea. — Is
dóigh liomsa, arsa Paddy Tim, da saolofai in airde ar an Muilcheann tú,
go mbeadh gra agat dó.
Ní raibh an focal as a bhéal nuair a chuala uaim isteach ar an
oileán glór a bhain macalla as na cuaiseanna: Gurla-gu-hú-golagón,
gurla-gu-hú-golagón! Do gheit mo chroí, mar is minic riamh roimis
sin a chuala go mbíodh sprideanna le feiscint agus ceol sí le clos
in airde san Inis. —Cad é siúd, a Phádraig? arsa mise go criothánach.
D'fhéach Pádraig orm agus dhein gáire. —Rámhaig leat, ar seisean,
agus is gearr go bhfeicfir cad é an rud é. Bhiomair ag rámhaíocht
linn agus súil againn isteach ar an dtráigh, agus is gearr gur chuala
arís é: Gurla-gu-hú-golagón! — Féach isteach anois, arsa Pádraig,
agus breithnig uait ar an ngrean.
D'fhéachas isteach, agus cad a bheadh ach suas le daichead rón
sínte ar a bhfaid agus ar a leithead á ngrianú féin ar an dtráigh.
Chuir Pádraig scréach as. Thógadar san a gcinn agus seo leo go
léir ag baint an uisce amach ar a lándícheall. Ní raibh aon rian don
dtráigh le feiscint le streancain farraige acu a chur in airde sa spéir;
agus nuair a bhíomair i ngiorracht deich slata don dtráigh, ní raibh
rón le feiscint, agus an fharraige go socair arís ach amháin na bolga-
boghaisini a bhi fágtha ar bharra an uisce acu ina ndiaidh.
D’théachas fém bun síos tríd an uisce sa tslí go raibh tón an phoill
le feiscint agam go soiléir, agus do chonac na róinte ag imeacht
laistíos amach, agus mura raibh siúl acu, ní lá fós é. —A thiarcais,
a Phádraig, arsa mise, nach éachtach an siúl atá acu! —O, ní haon
ionadh é, a bhuachaill, ar seisean; nár chualais riamh: Rutha
ranga nó rón, na trí bric is mó siúl sa bhfarraige?
Chuamair isteach ar an ngrean, agus d'fhéachas féin uaim in
airde ar an bhfaill a bhí os mo chionn, fé mar is gnách le stróinséir
nuair a thagann sé i dtír iasachta. Ansan, nuair a bhí an naomhóg
curtha ar an stáitse againn agus gach aon ghíotáil i bhfearas againn
i gcomhair na hoíche, seo liom féin ag imeacht timpeall agus ag
tabhairt gach ní fé ndeara. Ins an bhreithniú dhom, do thána trasna
ar sheanainmeacha déanta isteach i gcloich dhuibh. Níorbh fhéidir
liom iad do chomhaireamh a raibh ann acu, ach níl aon ainm is
mó a chuir ionadh orm ná é seo: W. W. Wilson, Jan. 1630. Do
ghlaos ar Phádraig, agus tagann sé chugham anall. —Th'anam ’on
diucs, a Phádraig, an gcreidfeá go bhfuil ainm anso atá déanta le
dhá chéad blian ochtmhó agus a ceathair? —Och, mo thrua do
cheann, arsa Pádraig, ná feacasa fear ó Bhaile Átha Cliath a fuair
ainm amach in airde sa teampall anso a bhí déanta le míle blian?
— Is fearr ná san é, arsa mise, agus do rith an rann so chugham,
agus dúrt amach do Phádraig é:
Maireann an breac ar an abhainn,
Maireann an lacha ar an linn,
Maireann an bláth ar an gcrann,
Ach ní mhaireann an lámh do scríobh.
-—Dar fia, a bhuachaill, arsa Pádraig ag breithniú idir an dá shúil
orm, ach gur mó ráiméis istigh id chloigeann.
Thugamair ár n-aghaidh suas fén oileán ansan, seanchosán
romhainn in airde tríd an bhfaill. —Tá cuma mhaith ársa ar an
gcosán, a Phádraig, agus is dócha gur fada déanta é. —Dhé mo
léir agus peacaí mo shaoil, tá san déanta leis na céadta. a mhic ó.
Nuair a bhíomair i ngiorracht cúpla slat do bharra, d'fhéachas fém
bun síos, agus dar fia ní raibh Paddy Tim le feiscint. —-Th’anam ‘on
diucs, a Phádraig, cá bhfuil an fear eile? —Ambaiste, b'fhéidir gurb
ea thit sé sios, ar seisean ag cur soc amach air féin agus ag féachaint
síos ar an dtráigh. Is ansan a chonac Paddy suite thíos ar charraig,
a phip aige á lionadh agus é ag feachaint uaidh in airde agus ag
leamhgháirí. D'éirigh sé ina sheasamh agus do chuir dó aníos tríd
an gcosán go righin. D’fhanamair leis.
Dob álainn an radharc a bhí againn ón áit sin: an Tiaracht
tharm ó thuaidh féna tithe breátha geala, tharm siar na Feo-—cúpla
stocan atá tri mhíle siar díreach ón ait go bhfuilim im sheasamh
anois—agus gan le feiscint laistiar díobh ach an spéir ar nós falla
mór gléigeal, agus an ghrian go mór cruinn ag druideam síos i
bhfarraige: agus tharm soir arís do bhí Bá an Daingin agus cuma
dhubhach ag teacht ar na sléibhte le caolú na hoiche.
Tagann Paddy Tim os ár gcomhair agus braon bog allais air.
—Nach mór an saoltacht atá ar bheirt agaibhse, ar seisean. —Ar
mh'anam féin, arsa Pádraig leis, go gcaithfimid oibriú níos crua
ná san, a bhuachaill. Seo linn suas, féar ag dul go glúine orainn,
agus is gearr gur thugas fé ndeara an tigh uaim suas fé bhun
cnocáin agus páirceanna breátha ina thimpeall. Bhí trí cinn do
mhadraí againn, agus seo leo féin go haerach tríd an oileán agus a
gcluasa cocálta acu. Nuair a bhraitheadar na gadhair, bhí na céadta
agus na milte coinini le feiscint ag baint na gcoinigear amach go
deifriúil, iad ag imeacht tharm ar nós na seangán, a gcluasa scúite
siar agus a n-eireabaill in airde le racht siúil agus a súile ag dul
amach as a gceann le scanradh roimh an namhaid. I gceann cúpla
nóimint eile, bhí an t-oileán trí chéile: an chaora ag imeacht fiain,
an gabhar ag teitheadh lena anam agus ag baint an ribe íochtarach
amach le racht uafais, agus na heanlaithe féin ag scréachail go
dúthrachtach trasna na páirce ó thuaidh i dtreo na bhfochaisí uaig-
neach—cérbh ionadh ná beadh”? cad é an uair cheana a chonaiceadar
daoine saolta? Do rith an smaoineamh chugham go tapaidh ar
Robinson Crusoe, nuair a tháinig sé 1 dtalamh ar a mhacsamhail
d'oilean-——nach mó rud a thabharfadh se ar bheith ina ghabhar,
nuair a chonaic sé scata acu ag imeacht in aonacht agus gan páirtí
ar bith aige féin!
Do bhi an gliondar ar mo chroí ag dul i dtreise, fé mar a bhíos
ag druideam suas le diamhaireacht an oileáin, ach do tháinig
maoithneachas orm nuair a chuimhníos ar a raibh beo riamh inti
agus iad ag maireachtaint ar nós na ngabhar fiaine, agus gan duine
acu san beo inniu.
Cad a chifinn chugham anuas ansan ach dhá mhadra agus coinín
trasna i mbéal gach ceann acu. Nuair a thánadar go dtí ár gcosa,
chaitheadar uathu ansan iad agus bhailimh leothu arís do theip.
—Ó, a Phádraig, arsa mise, nach múinte atá na madraí. —Féach
gurb ea, ar seisean á bpriocadh suas. Ambriathar féin, ar seisean
arís á láimhseáil, go bhfuil saill orthu so—an bhfuil scian agat?
— Fá, ar mh'anam, arsa mise ag cur lámh im póca agus á síneadh
chuige. Is gearr go raibh na putóga bainte aige astu, agus ní fada
suas a bhíomair nuair a tháinig an dá mhadra chéanna agus dhá
choinin eile acu. —Dar fia, arsa mise, má leanann siad mar seo
dhó, go mbeidh seilg amáireach againn.
Nuair a thánamair go dtí claí na páirce atá ar an dtaobh amuigh
don dtigh, baineadh geit asam. Stadas. Chuireas cluas orm féin.
Cloisim é, arsa mise im aigne féin, an ceol is binne a chuala riamh.
Chuala arís é. Do gheit mo chroí. —A Phádraig! arsa mise. —Sea,
ar seisean, —An gcloiseann tú aon ní? D'fhéach sé orm agus chuir
cluas air féin. —Do-bheirim an riabhach, ar seisean. go bhfuil a
bhfuair bas riamh ar an oilean thuas ins an tigh agus rí-rá acu. ag
baint a chaipín dó agus ag tochas a chinn.
Chreideas féin go blasta é, go mórmhór toisc cáil na síóg a bheith
ar an ait. agus da dheascaibh sin do bhraitheas codladh grifin ag
imeacht ó lúidín mo choise go dtí bunrútaí mo ghruaige. D'fhéach
Pádraig aris orm agus dhein leamhghaire, —Nár chualais riamh, ar
seisean, guardal? Níor chuala, arsa mise. —Sin guardal anois, ar
seisean. —Agus cá bhfuil sé? arsa mise. —Tá sé istigh sa chlaí,
arsa Pádraig. Chuireas cluas orm féin aris, agus más ea, b'fhíor dó
é—chuala anois go soiléir é agus é ag cantaireacht dó féin, an
chantaireacht is binne dár chualaigh cluas duine riamh. Do thabhar-
fainn an tráthnóna go léir ag éisteacht leis mura mbeadh Pádraig
a bheith ag stealla-mhagadh fúm.
Seo linn suas go dtí an tigh. Bothán beag íseal agus díon peilte
air, fothracha go leor ina thimpeall agus fiaile agus neantóga ag fás
ina measc. —Féachann an scéal, a Phádraig, go raibh a lán daoine
anso tamall don tsaol. —Dhera a dhuine, arsa Pádraig, ná raibh
tigh agus fiche anso tamall? ag baint an glas don ndoras ins an am
chéanna.
Chuamair isteach, agus is é a bhí go deas glan, na fallaí gealta
le haol agus seomra beag thíos ann. Seo liom síos, agus cad a
chífinn ach dhá choinín ag teitheadh uaim amach trí pholl a bhí
déanta sa bhfalla acu. —Th’anam “on diucs, arsa mise, ba dhóbair
dom dhá choinín a bheith agam go han-shaoráideach an uair sin.
Seo le Pádraig anuas, D'fhéach ina thimpeall agus do chaith eascaine
leis na coiníní nuair a chonaic sé an poll déanta tríd an bhfalla acu.
— Dar fia, ar seisean, leagfaidh sibh an tigh orm ar an bhfuadar atá
fúibh.
D'fheachas féin uaim in airde ar na fallai, mar a raibh neadacha
damháin alla go leor, agus cad a thabharfainn fé ndeara ach pictiúir
Mhaoise agus é comh dubh leis an sú. Thógas anuas é ach níor
fhéadas é léamh. —Is dócha, a Phádraig, arsa mise, go bhfuil sé
seo anso ó rugadh tusa? Ta, ar seisean, agus na cianta romham.
Níl aon rud is fearra dhúinn a dhéanamh anois ná dul amach agus
raithneach bhreá thirim a bhaint i gcomhair na hoíche.
Seo linn amach, agus ní fada suas a bhíomair nuair a bhuail sí
linn gan cháim, raithneach a bhí comh fada linn féin, agus b'sheo
linn á stothadh nó go raibh abhar maith leapan bainte ag gach
éinne againn. Chuireamair ag stáiú ansan i ag bun an ti, agus seo
linn isteach aris, fear againn ag adú tine, fear eile ag triall ar uisce,
fear eile ag scuabadh an urláir, gach éinne agus a chúram féin air.
Nochtas féin an dá choinín agus chuireas an da choinín eile ar
crochadh ar an dtaobh amuigh don ndoras. Is gearr anois go raibh
cosúlacht tinteáin ag teacht air, an lampa lasta ar thaobh an fhalla
againn, tine bhreá chraorac thíos agus teas ar fuaid an tí aici.
Shuíomair síos chun dínnéir ansan, agus b'é sin an dínnéar sobhlasta
maidir le hoigheann breá do choinini agus anaithre go leor.
Nuair a bhí ár sáith ite againn, —Dar fia, arsa Pádraig, tá comh
maith agamsa imeacht amach agus suas le fiche súilíní do chur, agus
b'fhéidir go mbeadh dosaen coinini eile amaireach againn. Tarraig
ionn se amach a phip san am cheanna agus lasadh ina ghnúis:
—Ha, ar seisean á líonadh, is maith an t-anlann an t-ocras.
Imíonn sé Jeis agus na súilíní aige, agus ní bhíonn sé leathuair a
chloig amuigh nuair a thagann arís agus iad curtha aige. —Sea,
ar seisean ag teacht isteach dó, nach maith an rud an raithneach a
thabhairt isteach anois, mar tá gá le síneadh againn? Seo linn
amach, agus ní fada a bhí nuair a bhí a leabaidh féin déanta ag gach
éinne ins na cúinní, agus shíneamair siar tar éis tuirse an lae.
—Ná bíodh aon chodladh ar maidin oraibh, arsa Pádraig, mar
tá an diabhal féin ar na caobaigh anso chun na gcoiníní. Mhuise,
th'anam ’on riabhach, arsa Pádraig aris ag déanamh gaire, a phip
ina bhéal aige agus é sínte sa raithnigh ar a shástacht, is mó lá a
chaitheas anso le linn m'óige dhom gan cios cás ná cathú orm, agus
deirimse libh go raibh fairsinge san am úd anso maidir le bainne
go leor agus im—bhi dhá bhó déag ag m'athair anso tamall, agus
dá bhrí sin is mó feircín ime a dhíol sé ar an margadh; ach faríor
géar, féach inniu gan ann ach raithneach agus neantóga!
Ní fada sa chaint dúinn gur thit ár gcodladh orainn. Timpeall a
dó a chlog do dhúisíos. D'fhéachas im thimpeall. Ní raibh ann ach
doircheacht, an bheirt eile ag srantarnaigh ar a ndícheall. Do bhuail
faitios mé nuair a chonac cá rabhas agus mé ag smaoineamh ar ar
chuala riamh mar gheall ar na sióga.
Bhi an ghealach ag caitheamh isteach tríd an bhfuinneoig. Ba
mhór é m’fhormad leis an mbeirt eile agus iad ag srantarnaigh in
am mhairbh na hoíche. Ins an mhachnamh dom, cad a chífinn ach
lámh an duine ag dul trasna na fuinneoige agus ag breith leis an dá
choinín a bhí crochta agam féin ar thairne. Léimeas in airde díreach
agus thugas fé scréach, ach do dh'at an teanga im cheann. Chonac é
go soiléir anois, caipín boise adhairce air agus culaith mairnéalaigh.
Chuala na coiscéimí lasmuigh tar éis iad do bhreith leiss —Ó a
“Thiarna, arsa mise, sábháil mé ar na síóga!
D'éiríos im sheasamh ar chuma éigin agus do bhuaileas Pádraig
le speach a thóg glan ón raithnigh é. D'fhéach sé in airde le scáth na
gealai. —Cad ta ort? ar seisean. —O, Ó. a Phádraig, an duine a
chonac amuigh sa bhfuinneoig ag breith an da choinín leis!— Ó
mhuise, mo thrua do cheann práis, arsa Pádraig ag sineadh siar ins
an raithnigh aris.
Shineas siar aris, agus b'é deireadh na mbeart gur thit srumatail
éigin codlata orm. Pé faid a bhíos ann, níl a fhios agam; ach nuair
a dhúisíos arís, bhí Pádraig ag glaoch orm, —Ó a thiarcais, ar
seisean, tá an lá geal ann. —Nil, arsa mise, níl:ansan ach solas na
Bealaí. Chuaigh sé síos ansan ag glaoch ar Phaddy Tim a bhí ina
chodladh an uair sin go sámh. —A Phaddy, Phaddy! —Hm! arsa
Paddy sa deireadh. —Tá comh maith agatsa fanacht anso, a Phaddy,
go raghaidh beirt againne ag tarrac na súilíní, agus bíodh an
breicfeasta ullamh agat romhainn nuair a thiocfam. —Hm, hm!
arsa Paddy ag síneadh siar arís.
—Cad iad na speallraoidi a tháinig aréir ort? arsa Pádraig liom
féin ag lasadh an lampa. —Ambriathar féin nach aon speallraoidí
iad, arsa mise, ach go raibh sé ann ina chrot féin, agus cuirfead aon
gheall leat ná fuil na coiníní ar an dtairne anois. —Dhera a dhuine,
ar seisean ag iontú orm nuair a bhí an lampa lasta aige, ná fuil a
fhios agat ná tabharfadh éinne marbh na coiminí leis? —Ní fheadar
é sin, arsa mise, ach pé beo nó marbh é, thug sé leis iad. —Agus
cá bhfuil an duine beo ar an oileán so? arsa Pádraig. —Nach shin
é an scéal anois agat? arsa mise. Tháinig saghas misnigh anois dom
nuair a bhí an lampa lasta. —Téire amach anois, arsa Pádraig, féach
an bhfuil na coiníní fós ann. —Ambriathar ná raghad, arsa mise, ach
teire-se féin—is fada mar phaiste orm e.
Seo leis. Díreach agus é ag déanamh síos ar an ndoras, do bhuail
sé rud éigin lena chois agus meáchaint dheas ann. —Cad é an
riabhach rud é seo? ar seisean ag lubadh síos agus á thógaint.
Dhera, th'anam ’on riabhach, tá, bosca mór tobac. Dar fia, a
Mhuiris, bhí an ceart agat i dtaobh an fhir a dh fheiscint aréir.
D'imigh sé an doras amach, agus is gearr gur tháinig arís. —Bhí an
ceart ar fad agat. ar seisean, mar ta na coinini imithe ag mairnéalach
eigin a tháinig i dtalamh, agus feach cad a dhein sé ach an bosca
tobac so a scaoileadh isteach tri bhun an doiris, mar a dheinid i
gcónai.
B'shiúd linn amach chun na súilíní do tharrac. An ghealach ag
imeacht go mall i measc na réalta os ár gcionn, glioscarnach ar
dhath an airgid aice ar an bhfarraige trí Bhá an Daingin soir, agus
súilíní gléasta ar an ndrúcht a bhí go trom ins an bhféar; an
fharraige ina báinté agus gan leoithne as na spéartha; féar agus
raithneach ag dul go glúine orainn, agus fuaim tríd an raithnigh ar
nós camfheothain ghaoithe ag na coiníní a bhí ag rith tríthe agus
na madraí ina ndiaidh; foscread ón gcorriasc anois is arís le
breáthacht na hoiche, an guardal agus a cantaireacht féin aici,
céch-céch-céch ag an gcaobach trasna an oileáin ó thuaidh, meige-
geig-geig ag na gabhair i measc na gcloch, bed-bea ag caora i bhfad
i gcéin, agus gan dearúd ag an rón ar a olagón féin i gcuas éigin
fém bun.
Bhíos féin agus Pádraig anois trasna na pairce ó dheas agus sinn
comh haerach le haon choinin sa chloich. I gceann tamaill, chual-
amair caobach agus caobach eile ag cácharnaigh fé mar a bheidís
ag bruion timpeall rud éigin. —Och, léan orthu, tá na coiníní ite acu,
arsa Pádraig ag tabhairt aon léim amháin thar stocán agus mise ina
dhiaidh, riamh agus choíche nó gur thánamair go dtí an chéad
súilín, agus cad a bheadh ach dhá chaobach agus coinín acu á
stracadh as a chéile, Hucs, hucs, hucs! ag Pádraig mar bhí sé ag
déanamh orthu; agus lena linn sin léimeadar, ach ní fada as láimh
a chuadar nuair a stadadar ar bharra stocáin os ár gcionn in airde
agus cág-cág cág-cág acu.
Ní raibh mórán diomáiste déanta acu don gcoinín. Tharraigiomair
é, agus seo linn ar bhás agus ar dhícheall Bun na Raithní soir agus
ansan Páirc an Earraigh ó dheas, ceann ar cheann againn a tharrac
agus coinín ins gach súilín fós. Seo linn arís siar Cuas an Éin nó gur
thánamair go dtí barra an chuasa, agus sin é an áit go raibh na
holagóin ag na róinte ar an ngrean thíos—ba dhóigh le duine a
bheadh gan aon eolas orthu go raibh idir bheo agus marbh thios ann.
Shuíomair síos ar feadh tamaill ag éisteacht leo agus an ghealach
ag taithneamh isteach orainn. —Ní fheadar, a Phádraig, arsa mise
agus a dhrom liom ins an am chéanna ag deargadh a phipe, an
gcreidfeá gur daoine fé dhraíocht iad san? —Do chuala é sin, ar
seisean. agus do-bheirim an riabhach go gcreidfinn e, mar na fuil
aon oidhre orthu ach seanmhná a bheadh ag caoineadh.
Lena linn sin, léimeann sé ó thalamh. —Och, ar seisean, ni
fhanann tráigh le headartha. Seo leis agus mise ina dhiaidh, mo
chroi amuigh ar mo bhois agam, mar do bhi dosaen coinin thiar
ar mo dhrom agam agus a leithéid sin do thiomáint a bhí á fháil
agam d'iarraidh coimeád suas le Pádraig; ach ni ansan a bhí an
obair, ach do bhí an t-oileán lán do phoill agus iad clúdaithe le
raithneach, sa tslí gur minic nuair a chuirinn amach mo chos, gur
síos 1 bpoll a théinn go dtí mo chromán, agus amach liom ansan ar
mhullach mo chinn agus na coiníní anuas orm. Bhíos dall amach,
mé sios i bpoll agus mé síos i bpoll go rabhas comh cancarach sa
deireadh gur fhógraíos an t-oileán agus na coiníní don sean-
bhuachaill. Ní raibh aon radharc ar Phádraig agam agus mé báite
ag an allas agus gan a fhios agam soir seachas siar. Shuíos síos,
bhuaileas mo bheartán coiníní tharm ar an dtortóig, chaitheas díom
mo chaipin, agus chuimleas bos dom mhalainn. Sea, arsa mise im
aigne féin. taim im aonracan sa deireadh, agus nior ghá dhomsa
nár thóg bog ó thúis é,
Bhreithnios uaim im thimpeall, gan éinne uaim ná chugham, agus
ná feadar cad é an taobh don oileán go raibh stad orm, ach mé ag
éisteacht le gach re malairt scread ag na héanlaithe agus ag féachaint
ar an ndrúcht ag spréacharnaigh le solas na gealaí, agus coiníní ag
sceinniúint tharm soir agus siar, agus bóithre dubha á dhéanamh
acu trid an ndrúcht. Do rith ceathrú do Chuúirí an Mhean Oiche
isteach im cheann, agus leis an ngliondar a bhí ar mo chroí do
chaitheas é rá amach go hard:
Ba ghnáth mé ag siúl le cinmhais na habhann
Ar bhainseach úr is an drúcht go trom,
In aice na gcoillte, i gcoim an tsléibhe
Gan mhairg gan mhoill le soilse an lae.
I gceann tamaill bhíogas suas. Ní fheadar an bhfuilim i bhfad
anso; déarfaidh Pádraig gurb ea chuas le faill éigin—ag éirí im
sheasamh agus ag caitheamh mo bheartán siar ar mo dhrom.
D'fhéachas soir agus d'fhéachas siar. Go gcuire Dia ar bhealach
mo leasa mé! cá bhfuil an tigh orm fé láthair? nó cá bhfuil Pádraig?
Bhíos ag imeacht liom i measc na gcloch agus cabha fúm, agus mé
ag machnamh arís ar a bhfuair bás riamh ins an oileán; agus do
réir mar bhíos ag machnamh, is ea bhi an faitíos ag méadú orm.
Nach mór an obair nach féidir liom cuimhneamh ar aon ní eile a
scaipfeadh na smaointe uafásacha san as m'aigne! Thugainn iarracht
air agus theipeadh orm, stracfhéachaint agam isteach fé gach com
cloiche le heagla go mbeadh éinne neamhshaolta istigh ann; agus
ni fada a bhios nuair a tuigeadh dom gur chuala cupla casachtach
fé mar a dhéanfadh seanduine.
Do gheit mo chroí. Do stadas. Bhíos ansan im staidéar, cos liom
i bhfeac, agus gan aon oidhre orm ach an fear fadó go raibh an
ghrian agus an ghaoth ag féachaint ciacu a bhainfeadh an chasóg
dó agus é ina sheasamh i lár an bhóthair gan corraí. Do bhíos ansan
ins an staidéar céanna agus mo dha shúil saite agam isteach i
bpoll dhorcha, mar tuigeadh dom gur amach as an bpoll san a
tháinig an chasachtach, mé ag faire ar an bpoll fós agus crith fuachta
ag imeacht trím chorp nó go raibh gach ruainne dhíom ar crith ó
bhonn baitheas.
Is gearr gur dhein sé cúpla casachtach cile maith láidir, agus nuair
a chuala é sin, do bhris ar an bhfoighne agam agus do dheineas aon
scréach amháin. Más ea, nuair a chualaigh an rud istigh an scréach,
seo leis féin amach ar bhás agus ar dhícheall; agus nuair a chonac
an allait mhór bhán ag déanamh orm amach as an bpoll, do chuireas
aon liú amháin eile asam agus do thiteas as mo sheasamh ar an
dtortóig. Le linn dom titeam, sin e an uair a thugas fe ndeara cad a
bhi ann, moltachan mór caorach le Padraig Ó Dála, agus seo leis
ins na cosa in airde tharm sios. A mhuise, arsa mise nuair a
fuaireas m’urlabhra, an fear mér go mbaine an ceann don scrogall
duitse muran brea atá an liathbhui curtha agat orm!
D’éirios im sheasamh agus d’fhéachas im thimpeall. Féach anois,
arsa mise, gur mairg a bheadh gan foighne, agus is é mo mhór-
thuairim gur mar seo a deintear púcaí do mhórán ar an oileán so,
mar comh fada liom féin dó, tá dhá shamhlaoid fachta agam aon
oiche amháin. Chuireas mo bheartán ar mo dhrom agus seo liom.
Ní rabhas istigh liom féin fós comh fada le lagachar dó, ach do
dhearbhaios, pé rud eile a chloisfinn, ná cuirfeadh sé aon mhairg
orm.
Ní fada gur chuala fead ghlaice, agus do gheit mo chroí arís,
Chuireas cluas orm féin go haireach, agus deineadh fead eile, níos
giorra dhom anois. Seo Pádraig ar mo thóir féin, arsa mise ag cur
méar im béal agus ag déanamh fead eile á fhreagairt. —Cá bhfuil-
eann ti? arsa guth Phádraig. — Táim anso! arsa mise in ard mo
chinn, cá bhfuileann tú féin? — Táim ag Log na bhFiolar, arsa an
guth. —Och, Dia go léir liom, arsa mise, cá bhfuil Log na bhFiolar?
Is gearr go ndúirt sé arís amach os ard: —Cá bhfuileann tusa? —An
riabhach a bhfeadar, arsa mise, cá bhfuilim, táim ag dul amú. —An
bhfeiceann tú an Tiaracht? ar seisean arís go ciachánach. —Ní
fheicim, arsa mise, ach feicim na Feo. —Na corraig, mar sin, nó
go bhfaighead amach thú.
Shuíos síos ar thortóig agus mé tabhartha amach. Is gearr go
raibh sé os mo chionn in airde. — Far aníos, ar seisean. D'éirios.
—Th’anam “on riabhach, ar seisean, cá bhfuileann tú ar feadh na
hoiche? —Dhera a dhuine, arsa mise, chaitheas déanamh amach
dom féin nuair nárbh fhéidir liom solas a choimeád duitse. —Dar
fia, ar seisean aris, cheapas-sa go rabhais thuas ag an dtigh fadó
riamh anocht, ach nuair a chuas suas, ní rabhais romham, —Bead
luath go leor ann, arsa mise, ach ní dúrt faic leis mar gheall ar an
moltachán, mar is dócha go mbeadh magadh go deo aige fúm.
Seo linn suas fé dhéin an tí, agus nuair a chuamair isteach, cad a
bheadh ach Paddy Tim ina chnap codlata fós. Thugas speach sa
chliathán do. Léimeann sé ó thalamh, féachann ina thimpeall agus
cuimleann bos dá shúilibh. —An bhfuil sibh tagaithe ó shin? ar
seisean. —Dhera a dhuine, arsa mise, ná fuil ceithre chúinne an
Oileáin tabhartha isteach againn? —Ni foláir nó tá an lá ann, ar
seisean. —-Nil fós, arsa Padraig, ach ní fada uainn é.
Chuireas féin tine síos agus chuas amach ag triall ar uisce go dtí
an tobar. Anois a bhi fionnóga an lae ag oscailt thoir: an ghealach
ina luí laistiar do sna Feo agus dath dearg na gréine ag ardú os
cionn na gCruacha Dubha agus mar sin anoir thar Bá an Daingin:
solas na hoíche á mhúchadh ag solas an lae.
Nuair a thána abhaile, do chuireas an t-uisce sa chiotal agus do
chrochas os cionn na tine é. Ansan do bhuail mian siúlóide mé le
fonn an teampall d'fheiscint, mar b'fhada mé ag cuimhneamh air,
agus anois an t-am agam an fhaid a bheadh an ciotal ar an dtine.
Seo liom. Ní raibh sé ach trí céad slat suas ón dtigh. Fuaireas
amach é. Bhi sé ann go deas feistithe, agus taobh leis bhí sean-
sháipéal, cros dheas déanta sa chloich ina seasamh ar an dteampall
agus i ag féachaint go hársa, faid mo láimhe do dhuileascar ar gach
spalla cloiche. Féach go dtagann an t-aos leis an gcloich féin! Tá
sé ráite gur sagart atá curtha ann ón aimsir a bhí an léirscrios á
dhéanamh ar an gcléir, cé gur mór an t-athrú atá ar an saol inniu,
moladh go hard leis an Athair Siorai.
Bhi an mhaidean go haoibhinn agus gal ag éirí ón bhféar agus
ón raithnigh do dheascaibh na gréine bheith ag tabhairt an drúchta
léithi in airde; an gabhar agus an chaora agus fiú amháin an t-éan
ag baint searradh astu féin tar éis codladh na hoíche. Nuair a bhí
an teampall scrúdaithe go maith agam, thugas cuaird ar an sáipéal,
ceithre troithe do dhoras ag dul isteach ann agus ionad altóra ins
an bhfalla do leac bhreá shocair. Thugas fé ndeara a lán ainmneacha
déanta anso is ansúd ar na clocha. Gach duine a thug cuaird riamh
air, d'fhág sé a ainm ina dhiaidh. [s gearr go bhfeaca seanscríbhinn
ina measc nárbh fhéidir liom aon lámh a dhéanamh air. Bhíos ag
gabháil dó agus mo mheabhair á chaitheamh leis, ach is gearr gur
chuala fead ghlaice. Dar fia, arsa mise, tá an lá caite agam agus a
rá go bhfuil siad ag feadaíl orm, agus seo liom sna cosa in airde fé
dhéin an tí.
Bhí an bheirt eile ag ithe a mbreicfeasta romham. —Féachann an
scéal, arsa Pádraig nuair a ghabhas isteach chúchu, go bhfuileann
tú ag imeacht aerach ins an chloich. —An bhfuil a fhios agat, arsa
mise, cad a tharlaigh dom? Do thána trasna ar sheanscríbhinn sa
tsáipéal, agus bhíos ag iarraidh é léamh, ach níorbh fhéidir liom
aon lámh a dhéanamh air. —Ó, tá a fhios agam cá bhfuil sé sin,
arsa Pádraig ag cur na tae amach. —An riabhach, arsa mise, gur
cheapas ná fuair éinne riamh amach é. —Hó hó! ar seisean ag
iontú ar Phaddy Tim, clois cad deir sé! Is cuimhin liomsa, ar seisean
ag iontú ormsa arís, nuair ná rabhas ach deich mbliana d'aois, gur
tháinig scoláire mór ó Shasana anso ag lorg seanscríbhinní, agus do
chaith sé seachtain ins an oileán, agus tar éis an scrúduithe go léir
ní bhfuair sé amach an scríbhinn sin a deir tusa anois. An riabhach
dom féin agus dom dheirféir atá i Meirice anois ná gur chuaigh in
aonacht leis lá timpeall na cloiche, agus dúramair le chéile gurbh
fhearra dhúinn an scríbhinn sin a thaspaint dó. Thugamair suas go
dtí an ait é, agus an riabhach gurbh an-mhaith leis é fháil. Bhi sé
ansan ag gabháil do agus gloiní móra ar a shúile aige nó gur thóg sé
síos gach focal dó; agus nuair a bhí an méid sin déanta aige, chuir
sé lámh ina phóca agus thug scilling don nduine againn.
— Féach gur mhaith an fear é, arsa mise. —Dar fia gur dóigh liom
gurb é an fear uasal is lách a chonac riamh é, arsa Pádraig ag
líonadh na pípe san am chéanna. — Is dócha, arsa Paddy Tim, gurb
é an scilling a dhein an fear lách dó. —Ambriathar nach é, arsa
Pádraig, mar go raibh sé lách ar gach aon tslí. Ach an bhfuil a fhios
agaibh anois cad é an fhaid go bhfuil an scríbhinn sin déanta? —Ni
fheadar, arsa mise, — Tabhair do thuairim. —Céad, arsa mise. —Ni
hea. —Tri céad, arsa Paddy Tim agus caitheann amach priosla ina
dhiaidh. —Dhá chéad déag, arsa Pádraig. —Conas go mbeadh a
fhios san aige? arsa Paddy Tim. —Dhera a dhuine, arsa Pádraig,
ná fuil an dáta thíos leis?
I gceann tamaill do bhuaileas amach, agus nil aon bhaol ná go
raibh an uain go tógálchroíoch san am san. Nuair a dh’fhéachas
soir idir mé agus an Bealach Mór, bhí an fharraige dubh cíorubh le
héanlaithe, cuid acu stadaithe ar an uisce, cuid eile ag eiteallaigh
ins an aer agus cuid eile ag dul fé loch, agus ceol binn ag imeacht
trim chluasa. Nuair a bhíos tuirseach do radharc mo shúl, do
thána isteach arís. —Dar fia, a fheara, arsa mise, tá gach dealramh
go mbeidh an-lá iascaigh ar an bhFiabhanc againn. —Tá comh
maith againn bheith ag bogadh linn in ainm Dé, arsa Pádraig ag
éirí ina sheasamh agus ag tógaint na n-áraistí ón mbord.
Seo linn fé dhéin na trá, agus is gearr go raibh gach ní curtha i
bhfearas againn i gcomhair an lae, agus dá bhrí sin thugamair ár
n-aghaidh don oileán agus ár gcúl don bhFiabhanc, mé féin i
dtosach agus an bheirt eile ag cur na ndoirithe i bhfearas, an
fharraige ina pána le leamhach agus rabh go leor ag imeacht ar
bharra an uisce tar éis cuan éigin a dh'fhágaint.
—An bhfuil a fhios agat anois, arsa Pádraig ag tabhairt strac-
fhéachaint amach chun tosaigh, cad é an comhartha talún a chaithfeá
a thógaint chun a bheith ar an bhFiabhanc? —Fan go fóill, arsa mise
ag bualadh mo cheann fúm agus ag machnamh, mar is minic roimis
sin a chuala an comhartha céanna ag m'athair crionna. Dar fia,
thugas chun mo chuimhne é agus thógas mo cheann. -— Tá sé
agam, a Phadraig. arsa mise. —Cad e? —Ta, arsa mise, Banc
Gharraí an Bhéil do dhroim na Claise Báine. —An-cheart, arsa
Pádraig. —Ach, arsa mise, tá an scéal comh dona agus bhí riamh,
mar ná fuil a fhios agam cá bhfuil Banc Gharraí an Bhéil ná an
Chlais Bhán ach oiread. —O, tá an scéal ina phraisigh mar sin
agat, arsa Pádraig, ach neosadsa dhuit anois cá bhfuil siad, ar
seisean ag síneadh a mhéire ó thuaidh díreach; an bhfeiceann tú an
chlais sin atá i ndrom Inis na Bró? Sin í an Chlais Bhán. Agus
timpeall agus dhá mhile ó thuaidh dírcach uaithi sin tá scairbh go
nglaonn siad Banc Gharraí an Bhéil air—an dtuigeann tú? —Tuigim
go maith, arsa mise. Bi ag rámhaíocht leat anois, arsa Pádraig,
agus comh luath agus a chífir an scairbh do dhroim na Claise
Báine díreach, tánn tú ar an bhFiabhanc. —Dar fia, a Phádraig,
arsa mise ag cur na maidí amach, ná fuil aon teora leis an eolas.
Ba mé ainlitheoir na naomhdige, agus ar an ábhar san do bhí mo
dhá shúil sáite in ior na spéire agam do dhroim Inis na Bró chun
an scairbh d'fheiscint. Bhios ag máineáil liom ar mo shuaimhneas
riamh agus choíche nó gur léir dom Banc Gharraí an Bhéil do
dhroim na Claise Báine. —Anois! arsa mise ag cur scréach asam
le ríméad, cuirig amach na doirithe, agus dar fia go bhfuil cosúlacht
éisc air. Bhi, leis, ins an am san maidir le forchain crosáin liaigh
mhara agus faoileain bheaga a dtumadh fein go tiubh ar thóir an
éisc. agus foléim ag pollog a chuireadh streanc saile in airde direach
agus glioscarnach ag an ngréin air sa tsli go gcuireadh sé réilthíní
ar mo shúile.
Éirionn Padraig ina sheasamh. tarraigionn amach a phip. agus
deargaionn. Bhios féin ag ainliú go mall timpeall na scairbhe, na
doirithe amuigh ag an mbeirt, dhá cheann ag gach duine acu, agus
iad ag faire. Ní fada a bhí nuair a baineadh stracadh as dorú
Phádraig. Seo ag tarrac é, ach más ea, ní raibh aon lámh aige á
dhéanamh air. —Is dóigh liom, arsa mise, nach aon phollóg atá
ort. —Don riabhach ab ea, ar seisean, ach rón, agus déanfaidh sé
dhá leath dom dhorú.
Uaireanta thagadh sé go breá réidh, agus uaireanta eile bhíodh
scaimh ar Phádraig d'iarraidh é choimeád. —Fan go breá socair,
arsa mise. Bhí sé ag gabháil dó riamh agus choíche nó go raibh sé
le feiscint síos trid an uisce, agus cad a bheadh ann ach eascú mhór
gheal go raibh faid na naomhóige inti. —Th’anam ‘on diucs, a
Phaddy, arsa mise, bíodh do ghatha ullamh agat ina comhair. Lena
linn sin, beireann Paddy Tim ar an ngatha agus cuireann ina
sceolbhaigh go haiclí é agus tógann isteach í. —Dar fia gur breá
fáinneach an breac í, arsa Pádraig ag déanamh gáire le háthas.
—Ó, féachann an scéal, arsa Paddy Tim, an breac a gheobhair anso,
gur fiú breac a thabhairt air.
Lena linn sin, éiríonn sé do theip ón dtochta, mar do bhí breac
eile air féin. Seo leis ag tarrac agus scéan ina radharc le heagla go
n-imeodh sí uaidh. —Go réidh, a Phaddy, arsa Padraig. Cúl léithi,
a Mhuiris, ar seisean arís go socair, ins an tslí gur dhóigh leat go
raibh faitíos air labhairt amach ar eagla go gcloisfeadh an breac é.
Bhí Paddy anois agus saothar air ag tarrac riamh agus choíche nó
gur thug sé isteach sa naomhdig i, an pholldég is breátha a chonac
riamh.
B'é deireadh agus crioch na mbeart é go raibh an naomhóg síos
go gunnail le hiasc. IS gearr ansan gur chas an taoide, agus ní
phriocfadh an ceann cruaidh féin sinn ina dhiaidh sin, agus dá bhrí
sin do thugamair ár n-aghaidh fén mbaile agus sinn sásta go maith
le sealgaireacht an lae.
Bhí puth deas do ghaoith aniar ann. — Is dócha, a Phádraig, arsa
mise, go dtabharfadh an seol soir sinn? —Gan dabht, arsa Pádraig,
canathaobh ná tabharfadh? Tarraig in airde chúichi é. Thégamair
isteach na maidí, agus ní fada a bhíos féin ag tarrac an chrainn
in airde, agus chaitheas uaim siar an siota go dtí Paddy a bhí ina
lár. Nuair a bhí gach ní curtha i bhfearas againn: —An bhfuileann
tú réidh, a Phádraig? arsa mise. —Taim, arsa Padraig. Lena linn
sinn, do tharraigíos in airde an seol go dtí barr an chrainn, agus
do shnámhchán sí léithi soir.
Bhíomair suite síos ar ár sástacht anois gan cíos cás ná cathú
orainn. cé gurb annamh a bhionn sé ar fhear farraige, mar ba
chompordach an uain 1, an naomhóg sios go slait le pollóga breátha,
gan rian struis orainn ag déanamh an bhaile ach i féin ag bogadh
léithi agus ag treabhadh na farraige soir, tarrac againn ar thobac
agus sinn ag cur agus ag cúiteamh ar chúrsaí an tsaoil.
La Domhnaigh brea fomhair, bhios féin agus Tomas sinte ar ar
sliosta ar Bhun na Cúlóige ag fanacht leis na naomhoga a bhi imithe
ó mhaidin go dti an Aifreann; mar is gnás ag na daoine. an méid
acu na bionn abalta ar dhul amach, bheith suite ar na poirt ar bhruach
an chaladh, na seandaoine bailithe ar phort leo féin ag sean-
chaiocht agus ag cur an tsaoil tri chéile, na buachaillí óga agus na
cailíní ar phort eile agus a gcuideachta féin acu, agus na páistí in
ait eile mar an gcéanna. Is gearr gur tháinig na naomhóga isteach,
agus ce bhi in aonacht lem athair agus lem dhearthair ach stroinseir
a thugadar leo 6 Dhtin Chaoin. Seo leo abhaile agus mise lena
gcois. Chuir m'athair críonna fáilte roim an stréinséir agus dúirt
leis suí cois na tine.
Fear teann téagartha ab ea é, dea-ghnúistineach go maith, faid
mo láimhe do chroiméal air, cuma thámáilteach fós air agus é ag
féachaint isteach i gcorplár na tine, fé mar a bheadh sé ag smaoin-
eamh ar an áit go raibh sé fé láthair. [I gceann tamaill, tógann sé
amach as a phóca seandhúid a bhí comh dubh leis an sú agus sánn
isteach fén ngriosach i. Gan focal fós as ach fé mar a chuirfeá
ceist chuige.
Ní fada go raibh an tae ullamh ag Eibhlin agus e leagtha amach ar
an mbord. —Anois, a stróinséir, arsa m'athair leis, tar anall chun
an bhoird. Níl aon ghnó agat bheith cúthail anso, ach dein do thigh
féin dó an fhaid a bheir ann. —Go raibh maith agat, arsa an
stróinséir agus do shuigh isteach chun an bhoird.
—Mbhuise, muran miste leat a fhiafraí dhuit, cad as tú, a stróinséir?
arsa m'athair críonna i gceann tamaill. —Well, ar seisean ag baint
crothadh as a shlinneain agus a bhéal lan—nior tháinig focal eile
uaidh nó go raibh an greim sin scaoilte siar aige. —Is é an áit go
rugadh mise, ar seisean, i gCúil na gCopóg ar an dtaobh thoir do
Dhaingean Uí Chúise, —Agus cá bhfuileann tú ag caitheamh do
bheatha ó shin? arsa m'athair críonna ag cur cos leis ar a leath-
ghlúin mar ba ghnách. —Mhuise, tá an domhan mór siúlta fé dhó
agam, a dhaoine muinteartha, arsa an stróinséir. —Dar fia, arsa
m'athair críonna, ach gur maith thú, mar an té a bhíonn siúlach
bíonn sé scéalach. —Is fíor é sin, arsa an stróinséir ag baint
crothadh as a cheann. Nior cuireadh a thuilleadh cainte air nó
go raibh a dhóthain ite aige, agus is dóigh liom go raibh ga aige leis.
Nuair a bhi sé !an ar a shástacht, do shuigh sé cois na tine aris,
agus deirim leat gurb ann a bhi si, tine bhrea dhearg, mar is gnách
lem athair crionna i gcónaí le lui na hoiche. Do bhi Máire agus
Eibhlín ullamh agus bhailiodar leo féin ag bothántaíocht, ach do
tháinig machnamh chugham féin fanacht istigh an oíche sin, mar
go mbeadh a lán eachtraí ag an stréins¢ir, dar ndóigh. Do las
m'athair críonna an lampa. Bhi deatach ag an stróinséir á bhaint as
an seandhúid, agus m'athair agus mo dhaideo mar an gcéanna.
— Nach breá deas an áit é seo, arsa an stróinséir i gceann tamaill
agus cuma shásta anois air, dar liom. —Hm, arsa m'athair ag
déanamh miongháire, tá cuma dheas anois air, pé scéal é; ach
ambriathar, a dhuine, ná déarfá é sin dá mbeifeá anso i lár an
gheimhridh. —Is dócha é sin, arsa an s'róinséir agus caitheann
amach priosla tar éis na pipe. —Is dócha, a dhuine chóir, arsa
m'athair críonna ag iontú ar an stróinséir agus ag déanamh gáirc,
gur mó iontas feicithe ar do shiulta agat. —Mhuise, deirim leat, a
dhaoine muinteartha. ar seisean. gur mó madra mallaithe agus
drochbhean ti a chastar ar mo leithéidse, agus da bhri sin is mó
callaoth curtha agam díom ó thugas mo shála don mbóthar. —Á
Mhuire, is fíor an chaint i, arsa m'athair críonna agus cuireann
cuma thruamhéileach air féin. —-Ach comh fada lem chúrsaí féin
dé, arsa an stróinséir, neosad díbh chun an oíche do chaitheamh.
—-An-cheart, arsa m'athair á shocrú féin sa chathaoir. —Gaibh síos
as san, agus dalladh agus caochadh ort muran fada isteach atánn
tú inti, arsa m'athair críonna leis an madra a bhí féna chosa. [Imíonn
an madra síos go cúthail.
—-JWell, arsa an stróinséir, fé mar a dúrt cheana, do rugadh mise
i gCúil na gCopóg. Bhí beirt dearthár agam, ach má bhí, ní fada
gur ardaigh an bás leis iad. —Ó, sin é mar bhíonn, arsa m'athair
críonna. —Bhi píosa breá talún againn, arsa an stróinséir, ach fé
mar a bhuaileann an dícéille a lán, do dhiolas amach é nuair a
fuair m'athair bás, agus thugas mo bhrollach don ndomhan mhór.
Is é an áit gur chuas ná go dtí an tOileán Úr, agus an t-iontas is
mó a chonac riamh, is ansan a chonac é. Mé féin agus fear ó
Chontae an Chláir a bhí ag bordáil ar feadh trí bliana in aon tigh
amháin i gcathair Springfield agus sinn ag obair in aon phost
amháin. Dá bhrí sin, nuair a bhíodh obair an lae déanta, do nimis
agus do ghlanaimís sinn féin, agus thógaimís siúl breá amach.
—Anso is ansúd, a mhic ó, arsa m'athair críonna ag lúbadh síos
chun a phip a dheargadh.
——Sea, arsa an stróinséir, aon tráthnóna amháin Shathairn tar éis
obair an lae, do níomair agus do ghlanamair sinn féin agus do
bhuaileamair linn an tsráid síos gan cíos cás ná cathú orainn. —Is
dócha é, arsa m'athair críonna ag aistriú na coise a bhí ar a leath-
ghlúin go dtí an ghlúin eile. —Sea, arsa an stróinséir, ní fada síos
a bhíomair nuair a léim an Cláiríneach taobh liom agus chuir glam
as: Cad e an diabhal madra e sin, ar seisean, atá idir bheirt againn
istigh ar feadh na hoiche? D’fheachas fein ansan agus do
chonac an madra mór dubh idir bheirt againn istigh. Dar fia. arsa
mise leis an gClairineach, ni fheadar cad é an sórt madra é, na ni
heolach dom a leithéid d'fheiscint anso. Seo linn ag iarraidh é
thiomáint abhaile, ach ambriathar mas ea na corrédh an madra.
Fan go foill agus cuirfeadsa deabhadh air, arsa an Clairineach ag
rith leis sall go dtí taobh na sráide agus ag breith ar bhric. Stad, arsa
mise, ná bain leis an madra. Wé// anois, a sheanduine, arsa an
stroinseir lem athair crionna ag cur bior ina shúilibh. an gcreidfeadh
sibh gur tógadh glan don tsráid mé, ach dar an leabhar níl a fhios
agam conas—níl a fhios agam cad a tharlaigh nó cá rabhas nó cad
é an fhaid a bhíos ann, ach gurb é an áit a dhúisíos ná istigh i roilig
ná feaca riamh a leithéid im dhá shúil. —Ambaiste féin, arsa m'athair,
ach gurbh ait an rud é. —Níl dabht air, arsa m'athair críonna.
—Sea, d'éiríos. arsa an stróinséir, agus d'fhéachas im thimpeall.
Ní raibh tigh ná treabh le feiscint agam. Do chuimlios bos dom
shúilibh. A Dhia mhór na bhfeart. arsa mise. cá bhfuilim? nó an
bhfuilim 1 dtromlui? nó cá bhfuil an Cláiríneach? Dar mo leabhar
díbh, a fheara, arsa an stróinséir, go rabhas mar a bheadh fear as a
chéill. —Ambriathar nárbh aon ionadh dhuit, arsa m'athair críonna
agus fonn chun éisteacht air. Maidir liom féin dó, do bhí gach léim
ag mo chroí le gliondar, ins an tslí dhuit gur tuigeadh dom go
rabhas féin ann an uair sin.
—-Dar fia, a fheara, arsa an stróinseir aris, gur thainig crith cos
agus lamh orm. Seo liom, agus do thugas dhá chúrsa déag isteach
sarar fhéadas gabháil amach as an roilig, agus mé ag dul síos go dtí
mo chromán in áiteanna ann ag sceacha agus ag féar. Do ghabhas
amach sa deireadh, ach más ea bhíos comh dall agus bhíos riamh
ar cá rabhas, ar a shon go raibh eolas maith agam ar Springfield.
Páirc mhór ghlas a bhí im thimpeall agus gan solas ó Dhia anuas
le feiscint. Bhíos ag imeacht liom agus ag imeacht liom agus cosainin
beag caol romham amach, go dtí sa deireadh go bhfeaca a lán soilse
uaim. D'oscail mo chroi. Dar fia, arsa mise im aigne fein, gurb e sin
an chathair, pé ait go bhfuilim fé láthair. Seo liom féna dhéin. agus
is gearr gur thugas fé ndeara gur chaisleán mór aonarach a bhi ann.
Muran fearr, nára measa, arsa mise im aigne féin, ach cá bhfuilim
ag dul? —Ambaiste go raibh do dhóthain le déanamh agat, arsa
m'athair. —Ambriathar go raibh, arsa m'athair críonna.
—Agus an rud is mó a bhí ag cur mearbhaill orm, arsa an stróin-
séir, ach an fear a bhí in aonacht liom an tráthnóna roimis sin agus
an madra dubh—cad é an chuma nó cad iad na speallraoidí a bhí
orm nó conas do thalamh an domhain a scaras uathu? —A mbriathar,
arsa m'athair críonna, go gcuirfeadh sé mearbhall ar éinne. -—Nil
dabht air, arsa m'athair.
—Sea, péacu san é, do dheineas fé dhéin an tsolais, mar dúrt
liom féin, pé áit go rabhas, go stiúródh muintir an ti sin mé. Bhí an
cosán is deise a chonaic súil pheacaigh riamh ag déanamh suas air,
staighre deas ag dul in airde go dtí an doras, agus bláthanna ar gach
dath sínte suas ar gach taobh. Seo liom agus soilse an chaisleáin
ag baint radharc mo shúlach diom. Ni fada a bhios nuair a bhuailcas
mé féin corp ar aghaidh i gcoinne crainn a bhí ag fás ar an gcosán,
agus cuireadh siar i ndiaidh mo chúil mé. Stadas agus d'fhéachas
in airde air. Do-bheirim an riabhach gurb ait an crann tusa. arsa
mise liom féin ag bailiú liom arís trid an gcosán. Bhí bladhm solais
amach tríd an ndoras, boladh cumhra le fáil agam agus fuaim ag
feoil a róstadh. Seo liom suas tri sna staighrí. Bhi fear ansan romham
ina sheasamh taobh amuigh don ndoras, a dhá láimh féna ascaill
aige agus a mhuinchillí tógtha suas aige. D'fhéachas air chun
labhairt leis, ach más ea níor dhein sé ach a cheann do bhualadh
fé, mar seo.
Lena linn sin, éiríonn an stróinséir ina sheasamh, cuireann a dhá
láimh féna ascaill, agus buaileann a cheann fé. Suíonn sé ar an
gcathaoir aris. —Do-bheirim an leabhar, a fheara, nuair a chonac
é sin, gur bhraitheas an-ait ar fad mé féin, agus do tháinig fuacht
im chuid fola. Stadas. D'fhéachas uaim isteach tríd an ndoras. Bhí
seomra ar m'aghaidh isteach, agus do thugas fé ndeara cailín breá
dathúil thiar ann ag cur faobhar ar sceana agus aighneas an domhain
aici. D'fhéachas arís ar an bhfear a bhí taobh liom. Bhí a cheann fé
fós aige. Chuireas cluas le héisteacht orm féin, agus tuigeadh dom
do réir chaint an chailín gurbh Éireannach í. Chuas isteach corp
ar aghaidh, agus níor thúisce sin ná thugas fé ndeara bord mór lán
d'ollmhaitheas ar thaobh mo láimhe cléithe, seisear fear ina
thimpeall, scian agus forc i láimh gach duine acu, iad ag ithe agus
ag comhchaint lena chéile. Más ea, nuair a chonaiceadar mise, níor
fhan focal cainte acu, do chuireadar a lámha féna n-ascaill, agus
do bhuaileadar a gcinn fúthu; agus comh maith agus atáim anso
anocht, a sheanduine, arsa an stróinséir ag bualadh a dhoirn ar
ghlúin m'athar chríonna ag deimhniú an scéil, gur aithníos gach
duine don seisear agus iad caillte le trí bliana roimis sin.
Lena linn sin, ritheann síoga fuachta suas trím dhromsa agus
bhaincas crothadh asam féin. —Wel/ well well, arsa m'athair
crionna, is ididir nár thit an t-anam asat. —An riabhach féin gur
laidir. arsa m'athair agus a phip ina láimh aige.
— An fial mé, arsa an stróinséir, go raibh mo mhisneach agam
an uair sin comh maith agus tá anois, ach amháin go raibh an-
ghreannuireacht ar fad orm; agus an bhfuil a fhios agaibh, nuair a
dh’aithnios an seisear, gur chuas i ngiorracht an orlaigh do labhairt
leothu, ach ní ligfeadh an teanga dhom é. —Ni haon ionadh dhuit
6. arsa m'athair crionna. —Seasamh maith a dhein se, arsa
m'athair agus é ag deargadh na pípe ins an am chéanna. —Tabhair
fé ndeara gurb ea, arsa m'athair críonna. —-Lean leat, a strdéinséir
arsa mise. Tuigeadh dom go rabhas féin ag féachaint ar an seisear
fear agus a gcinn fúthu. agus da bhri sin nior mhaith liom go
mbainfí aon stop as.
— Sea, arsa an stróinséir, nuair ná fuaireas aon tor, do bhuaileas
amach aris. Más ea, bhi an fear amuigh romham fós agus é ins an
staidéar céanna. Do ghabhas thairis gan aon chathbhuaic do chur
air. Seo liom sios trid an gcosán céanna, agus ni nach ionadh. do
cheapas gurbh ar an saol eile a bhíos. Sea, bhíos ag imeacht liom
agus gan cathair Springfield le feiscint fós agam ná aon tuairisc air.
Bhíos ag imeacht liom agus gan a fhios agam soir seachas siar riamh
agus choíche nó gur casadh mé isteach ar bhóithrín ná raibh ann
ach mo leithead féin, falla mór tátháin ar gach taobh díom a bhí
breis agus deich dtroithe ar aoirde. Bhíos ag imeacht liom tríd an
mbóithrín sin ar feadh leathuaire chloig, nuair a chuala cloigín
éigin ag bualadh im dhiaidh. D’fhéachas tharm, agus cad a bheadh
ach rothar ag teacht orm ar nós na gaoithe. Níorbh fhéidir liom
an bealach d'fhágaint ná aon dul air. Dia lem anam, arsa mise,
scoiltfidh sé mé. D’fhéachas tharm aris. Bhí sé níos giorra dhom
anois, lampa mór solais air aige, agus gan é ag maolú sa tsiúl.
D’fhéachas uaim in airde ar an bhfalla, féach arbh fhéidir aon
strapaíocht a dhéanamh, agus dar mo leabhar, ní raibh san ach
déanta agam nuair a bhí an rothar imithe tharm ar nós sí gaoithe.
B'é sin an obair ab iontaí a chonac riamh, conas a ghaibh sé tharm
agus nár bhraitheas é, agus gan do shlí sa bhóithrín ach mo leithead
féin. Mhuise, arsa mise, go gcuire Dia mór na glóire ar bhealach
mo leasa me; nó ca bhfuilim ag dul? nó an b'é seo bóthar na
síoraíochta?
—Seo liom arís tríd an mbóithrín go mall righin. —Is dócha é,
arsa m'athair críonna agus a bhos féna smeigín aige ag éisteacht,
go mórmhór nuair a cheapais go rabhais ar bhóthar na síoraíochta.
—-Mhuise, go bhfóire Dia orainn an lá déanach, ar seisean ag
tógaint a hata dá cheann ag umhlú d'ainm Dé agus á chur ar a
cheann arís. .
—Sea, arsa an strdinséir, bhíos ag imeacht liom arís agus ag
imeacht liom ar feadh uaire chloig, agus is gearr gur tuigeadh dom
gur chuala glór cairte im dhiaidh. D'fhéachas tharm. Bhí sé i bhfad
uaim fós. Bhíos ag máineáil liom nó go raibh sé an-ghairid anois
dom, agus d'fhéachas tharm arís, agus dar fia gur tuigeadh dom
gurbh e fear an bhainne a bhi ann. —Mhuise, ni ag teacht romhat
ar do scéal e, arsa m'athair crionna, cad e an sórt e fear an bhainne?
—-Ta, arsa an stroinseir, fear a ghabhann timpeall gach maidean ó
thig go tigh le bainne, agus dá bhrí sin bhí aithne mhaith agam air.
Do stadas ansan, agus ar ámharaí an tsaoil is é a bhí ann. Bheannaíos
dó agus bheannaigh dom. Th’anam ‘on diabhal. a Dhónaill, ar
seisean liam féin, cad tá ort agus a bheith amuigh comh moch so
ar maidin” Cad é an t-am é? arsa mise. Nil sé ach a ceathair a
chlog fos, ar seisean, is dócha gurb ar an ól a bhís ar feadh na
hoíche? Dhera a dhuine, arsa mise, lig dom, ach is ag Dia amháin
atá a fhios san. ( -Moladh go hard leis, arsa m'athair críonna ag
tógaint a hata dá cheann arís.) Cad é an áit é seo? arsa mise le fear
an bhainne. Dhein sé gaire mór fúm: An ba amhlaidh na haithnionn
tú an tsráid eo bhfuileann tú it sheasamh anois? ar seisean. Le linn
dé an méid sin do rá, d'fhéachas tharm, agus dar mo leabhar duit,
a sheanduine, gur leath no dhá shúil orm nuair a chonac an áit go
rabhas. Bhíos im sheasamh anois i gcorplár na sráide agus gan
roimis sin ann ach hóithrín na síoraíochta. Bhí aithne mhaith agam
ar an sraid—ead fáth ná beadh agus gan mé ach céad slat óm thigh
féin” Níor than focal agam. Chuimhnios láithreach ar na daoine
maithe, gurbh iad a chuir dallamullóg orm. Suig isteach ar an
gcairt. arsa fear an bhainne. Do shuios, agus mise á rá libh gur
agam a bhí ga leis. . Má dúrais, ní bréag, arsa m'athair críonna ag
tarrac a dhúidin amach agus á shá fén ngriosach.
-—Sea, bhí san go maith, arsa an stróinséir, nó gur thána abhaile.
Bhi bean an tí ina suí romham agus d'fhéach si orm go truamh-
éileach. Ó, a Dhónaill, ar sise. cad a dheinis led pháirtí aréir? Níor
thugas aon fhreagra ar an gceist sin, ach: Ca bhfuil se? arsa mise.
Ta sé in airde sa leabaidh agus nil aon dul go mairfidh sé, ar sise,
Seo liom in airde gan a thuilleadh do ra, agus cad a bheadh ach an
Clairineach sinte ansan romham agus gach ruainne dhó comh dubh
leis an ngual. Labhras leis, ach ní raibh aon mhaith dhom ann.
Nuair a chonac san, nior dheineas ach imeacht ag triall ar an
sagart. Tháinig an sagart, agus d'fhanas taobh amuigh don tseomra
nó go raibh sé ullamh. 1 gceann tamaill, tháinig sé amach. An bhfuil
baol bais air. a athair? arsa mise. Ta go deimhin. ar seisean. ni fada
uaidh aneis, agus rud eile atá air, tá bás mínádúrtha fachta aige. Is
fior san. a athair, arsa mise ag insint dó trid síos. Á, arsa an sagart
nuair a bhí deireadh ráite agam. creidim go blasta thú, agus an
caisleán mór san agus an seisear fear a dh'aithnís, sin iad a shábháil
tusa ón madra dubh.
—WHell well, arsa m'athair crionna ag tarrac cúpla fód amach as
an gcúinne agus á gcur síos ar an dtine, is iontach an t-anró gur
ghabhais tríd. — Nár lige Dia go ngeobhainn trína leithéid arís, arsa
an stróinséir ag cur lámh ina phóca agus ag tarrac na dúide amach
aris, ——Amén, a Thiarna, arsa m'athair críonna agus m'athair
comh maith. —De dhealramh, arsa m'athair nuair a bhi an phip
bogtha ar a shástacht aige, go bhfuil saol maith ar an dtaobh eile
acu.
Is gcarr anois go raibh deatach ag an dtriúr ar fuaid an ti, mé
féin ag éisteacht leothu agus súil in airde agam le scéal eile dh'fháil
ón stróinséir. Bhí sé ag caitheamh na pipe go sásta agus a dhá shúil
sáite aige isteach sa tine, agus é dar liom ar nós duine a bheadh ag
cuimhneamh ar eachtra eile. Bhí mo chroí ar sciobadh féach an
dtiocfadh a mhacsamhail eile as a bhéal, ach do chuimhníos arís gur
dhócha go raibh an iomad dúil sa ghal aige. Nuair a bhí a dhóthain
caite aige don bpip, do shín sé go dui m'athair críonna í: — Seo, ar
seisean, tarraig uirthi sin. Beireann m athair críonna uirthi. Síneann
an stróinséir a dhrom siar i gcoinne na cathaoireach agus aniar arís,
Cuimlionn sé bos dá bhéal.
—Ar mh'anam, a sheanduine, ar seisean arís, gur ghabhas-sa tri
chruatan maith ó rugadh mé, ach is é an áit a mhairbh ar fad mé
ná ins an arm dhearg 1 Sasana. —Ambriathar gur dócha nach aon
dea-ghéag é, arsa m'athair. — Deirim leat nach ea, arsa an stróinséir
agus caitheann priosla amach. Cúpla bliain roim cogadh na
mBórach ab ea é, ar seisean, agus do bhíos comh ciapaithe ag an
saol gur fhágas an tOileán Úr agus gur thána go Sasana, agus cad
a dheineas ach liostáil ins an arm dhearg. Más ea, dob fhearr liom
ina dhiaidh sin na déanfainn. —O tar éis gach beart is ea tuigtear.
arsa m'athair crionna. —Is fíor é, arsa an stróinséir, mar pé áit go
raibh an diabhal bui, is ann a bhi sé maidir le cruatan, agus nuair
a bhíos trí seachtainí ag gleacaíocht, dar mo leabhar go raibh
tinneas i ngach cnámh liom ó lúidín mo choise go dti bunrúta mo
ghruaige. —Amhbriathar gur minic a chuala daoine á rá san, arsa
m'athair críonna. —Ó mo léir, is agamsa atá a fhios, arsa an
stróinséir. Má dhéanfá aon ní mícheart ansúd, ní raibh faic le
déanamh leat ach stialláil trasna an choirp gan trua ná taise dhuit.
—Ó, is dócha é, a mhic ó, arsa m'athair críonna agus baineann
casadh as féin sa chathaoir.
Ach dar fia gur chuimhnios-sa ar sheift—mo leathphunt
gallúnaí dh'fháil agus gach ruainne dhi dh’alpadh siar nó go rabhas
comh breoite le madra. Tagann an dochtúir chugham agus ordaíonn
go dtí an t-óspaidéal mé. Chuas ann, is dó, agus más ea do bhíos
sásta go maith an méid sin suaimhnis a bheith agam. Ach deirim
leat, comh luath agus a bheadh aon bhiseach agat, go rabhais le
tógaint isteach aris go tapaidh acu. Bhíos cúpla lá ansan sinte ar
fhleasc mo dhroma, agus do tharlaigh do sheanfhear bheith sa
leabaidh ba ghiorra dhom. Chuireamair aithne ar a chéile, agus ar
nós aon bheirte a chuireann aithne ar a chéile mar sin in áit iasachta,
bhí an-mhuinín againn as a chéile, ins an tslí dhuit go mbíodh
comhrá maith fada againn gach lá ina dhiaidh sin ag cur síos ar
bhearta an tsaoil.
— Ins an deireadh thiar thall, an riabhach dom ná gur inis mo
chúrsa don seanfhear, agus mas ea do dhein sé gáire brea sultmhar.
Nuair a bhi an gáire sin curtha aige dhó: Dar fia. ar seisean. gur
deartháir do Thadhg riabhach Dónall gránna. Canathaobh go ndeir-
eann tú € sin? arsa mise leis. Ta, ar seisean, mar is fear mise a
chaith smut dom shaol ins an arm san, agus más ea do fuaireas
callaoth an domhain d'iarraidh é fhagaint. Mhuise, cad e an tseift,
arsa mise, gur scarais thú féin leothu? Well, arsa an seanduine, tá a
fhios agam go maith cad é an píonós atá ortsa, agus dá bhrí sin tá
an-thrua agam duit agus déanfad mo dhícheall chun cúnamh a
thabhairt duit, is é sin má dheineann an tseift a cheapas-sa an bheart
duitse. —Ambriathar, arsa m'athair críonna, gur maith carthanúil
an fear a bhí ann. —De dhealramh gurb ea, arsa m'athair.
—-Sea, arsa an stróinséir, do labhair an seanfhear. Nuair a bhíos-sa
mar tusa, ar seisean, do bhíos ciapaithe cráite ag an saol, agus mo
mhallachtsa ar an ól, is é fé ndeara e. Ó, ní tú éinne amháin. arsa
mise, gur dhein an t-ól daorsclábhaí dhó. Tá a fhios agam, ar
seisean, ach péacu san é, do liostálas ins an arm dhearg ar do
chumasa, agus tá a fhios agat cad é an scéal ag an rookie an chéad
uair é. Ambriathar go bhfuil a fhiosa, arsa mise. Sea, arsa an
seanfhear, do bhí fadhb anso agus fadhb ansúd orm, agus dar fia
sa deireadh go mb'fhearr liom bheith báite ná bheith ann. Do
fuaireas comhairle ó sheanshaighdiúir an ghallúnach d'ithe, agus
do dheineas; ach más ea, nuair a bhínn go maith arís, do thógtaí
isteach mé, sa tslí dhuit go rabhas comh dona agus a bhíos riamh.
An bhfuil a fhios agat, a Dhónaill, cad a cheapas sa deireadh ach
ligint orm féin bheith comh bodhar leis an gcloich agus bheith
greannúr, agus dar fia gur chaitheadar mé scaoileadh uathu sa
deireadh. Ach, má dheineann tusa an cleas céanna, níl aon bhaol
ná go bhfaighir do dhóthain le déanamh, mar tástálfaidh siad so
leat agus tástálfaidh siad súd leat, ach ná géill, ar do chluais ná
géill. —Ambaiste mhuise, arsa m'athair, ach gurbh an-sheift e. —An
dóigh leat ná gurbh ea? arsa m'athair críonna ag iontd air.
—Sea, trí lá ina dhiaidh sin, arsa an stróinséir, d'fhágas an
t óspaidéal, agus an chéad mhaidean a chuas amach ar an gcearnóig
chun gleacaiochta, do chuireas droinn mhór ar mo dhrom agus
gach cuma ait orm féin. Dírigh do dhrom! arsa an t-oifigeach liom
go feargach, ach níor thugas aon tor air. Dírigh do dhrom! arsa an
t-oifigeach arís go mallaithe, ach níor thugas aon tor air. Dhera a
ghrá na gcarad, níor thúisce sin ná thug sé iarracht do cheap an
ghunna aniar sa drom dom a bhain crothadh maith as mo
bhallaibh. Léimeas in airde díreach agus ionadh mór orm mar dhea.
Ó gabhaim pardún agat, a dhuine uasail, arsa mise, níor chuala thu,
Cad é sin agat á ra? arsa an t-oifigeach ag cur púic air féin. —-Conas
a bheadh an scéal an uair sin agat, arsa m'athair críonna, dá
dtiocfá chuige go deas agus é bhualadh i ndroichead na sréna?
—Dhé mo léir, arsa an stréinséir, dá ndéanfainn, gurb é stracadh
an leoin a bheadh acu orm, a mhic ó. —Dar fia go ndéanfainnse é,
arsa m'athair críonna agus cuma chlóchaiseach ag teacht air.
—Ambriathar féin ná déanfá, arsa m'athair leis, mar gur caint cois
tine atá agat, a bhuachaill.
— Sea, arsa an stróinséir, do dhirios suas mé féin ansan, agus
d'fhanas mar sin nó gur thug an t-oifigeach ordú eile uaidh. Ar aire!
ar seisean. Ach mo chreach, níor chorraíos féin. Seo chugham anall
é agus cuma an diabhail air, go maithe Dia dhom é rá leis. Cad tá
ortsa? ar seisean. Níor labhras. Cad tá ortsa? ar seisean arís ag
tabhairt sonc dom. Do phreabas. Táim bodhar, a dhuine uasail,
arsa mise. D'fhéach sé in airde orm agus i gceann tamaill tharraig
amach as an rang mé agus chuir im sheasamh ansan mé timpeall
agus deich slata amach. D'imigh sé Jeis, ach dar fia ní fada go
dtagann sé thar n-ais agus oifigeach níos aoirde ná é féin aige. Cad
tá ortsa? ar seisean liom. Níor fhreagraíos. Bhí an dá oifigeach ag
comhchaint le chéile ansan, agus i gceann tamaill tagann fear acu
1 leith mo dhroma agus an fear eile ar m'aghaidh amach. Ach bhí
an ceacht foghlumtha agam ón seanshaighdiúir, agus dá bhrí sin
bhí a fhios agam cad a bhí le teacht. Ní fada gur scaoil an fear thiar
ruchar do dhroim mo chinn, ach mas ea d'fhanas ansan comh
staidéartha le polla. Is gearr go rabhadar ag cogarnaigh arís á rá
lena chéile go raibh sé comh bodhar leis an gcloich.
—Do choimeádadar ansan ar feadh cúpla lá mé agus gach cleas
acu a thastail liom, arsa an stróinséir ag déanamh gáire. Ni
fhéadaim gan gáire a dhéanamh nuair a chuimhním ar an gcleas
eile a bhí acu. Dúradar liom lá amháin siúl amach dom féin. Seo
liom síos trí phóirse caoi, agus ar gach taobh díom bhí tithe stóir;
ach más ea, bhí a fhios agam nach ar mhaithe liom a thugadar cead
siuloide dhom. Cad a tharlaigh, astóin. ach go raibh cuid do sna
hoifigigh istigh ins na tithe, agus anois is arís chaitheadh duine acu
pinginí im dhiaidh, mar dhea go gcasfainn. Bhíos ag siúl liom agus
glór im chiuasa ag an airgead im dhiaidh, ach sin ar chuireas do
spéis ann. Agus chun an scéal a dhéanamh gearr, arsa an stróinséir,
do chaitheadar mé scaoileadh uathu sa deireadh, agus deirim leat
ná raibh aon chathú orm. Sin é mar fhágas an t-arm dearg, a
dhaoine muinteartha.
—Mhuise, gur fearr a bheir bliain ó inniu, arsa m'athair críonna
ag féachaint siar ar an gclog, agus féachann ansan ar an stróinséir.
Féach anois, ar seisean leis, go bhfuil an oiche ciorraithe go suáil-
ceach agat. —-Ó, níl aon teora leis an bhfear a shiúlaíonn, arsa
m'athair. —Is fíor é, arsa mé féin ag cur mo ghutha in úil, ar a shon
gurbh é mo chéad fhocal i rith na hoíche é, —Is maith an rud
bheith ag dul ’on bhinn bháin anois, arsa m'athair críonna. —Ta
sé comh fearr, arsa m'athair ag dul ar a ghlúine, agus seo linn go
léir mar an gcéanna ag rá na Corónach.
Lá arna mháireach, comh luath agus a thógas an brat don
bhfuinneoig, seo chugham isteach gathaí na gréine a bhain lasracha
as mo shúilibh, bhi an mhaidean comh brea san. Más ea, ní fada
sa bhreithniú dhom gur rith an scoil isteach ar m'aigne, agus do
scaip san breáthacht na gréine as m'intinn. Dar fia, arsa mise liom
féin, gur tapaidh scópúil a bhcinnse ag dul isteach ins an arm dhearg
seachas bheith ag dul ar scoil. Nuair a bhios nite glanta, do shuíos
chun boird. Bhí m'athair críonna ann cheana agus an stróinséir
lena thaobh. I gceann tamaill, do labhair m'athair críonna agus
dúirt: —An riabhach a Mhuiris, ar seisean, níl aon rud is fearra
dhuitse a dhéanamh ná an t-asal a dh'fháil agus ualach móna a
bhreith leat abhaile ón sliabh.
Nuair a chuala fein é sin, d'éirigh mo chroi in airde go dtim beal
le riméad. ——Dar fia go bhfuil an ceart agat, arsa mise agus do
bhraitheas mo liopaí ar crith le lúcháir. Bhí oiread san sceitiminí
orm nár itheas leath mo dhóthain, ach seo liom an doras amach
siar chun na Duimhche agus gach pocléim agam le háthas ar an lá
breá eile a bheadh istigh ón scoil agam. Siar ar Gharraí an Ghála,
do bhuail Seán Fada liom agus a dhá asal féin aige. —Ni fheadar,
a Sheain. arsa mise, an bhfeacais m'asalsa siar chun na Duimhche?
Stad sé agus d'fhéach orm, féachann as san ó dheas ar an mBealach.
-M’anam ón ndiabhal, ar seisean sa deireadh, go bhfeaca taoide an
Bhealaigh ó thuaidh é agus caobach air. Ag cleithmhagadh fúm a
bhi sé. —-Caobach fada ort, arsa mise ag imeacht liom arís chun
na Duimhche siar, agus is é an áit go bhfuaireas m'asal thiar ar
Speir Chuas na Rón.
Léimeas in airde ar a dhrom, agus ní fada a bhíomair, mise agus
m'asal beag dubh, nuair a thánamair suas le Seán an Gleann Mór
soir. —Dar fia. tá sé agat ó shin, arsa Seán ag baint macalla as an
ngleann. —Fag an bealach, arsa mise, m'asal an uair sin ins na
cosa in airde, a chluasa scúite siar díreach aige, gach stiall agam
féin air, agus sinn ag déanamh aniar ar Sheán. Léim sé i leataoibh.
—Th’anam “on dial, ar seisean agus mé ag imeacht thairis ar nós na
gaoithe. cad é an fuadar ata fut, nó an b'ea ta fonn ort a bhfuil ar
an mbóthar romhat a mharú”? Níor labhras féin focal ach stiall eile
a tharrac ar an asal, agus as go brách linn le ríméad. Ní fada go
raibh an t-asal fé ghléas agam, agus do bhuaileas isteach ag triall
ar mo bhata, — B'fhéidir gur mhaith leat cnoc an Oileáin d'fheiscint,
arsa mise leis an stróinséir. —Dar fia, ar seisean, ní fearr liom
bheith istigh, ag éirí ina sheasamh.
Seo linn an Tóchar amach. Bhí páistí an bhaile ag teacht fé dhéin
na scoile. Bhuail Tomas Eoin Bháin liom agus a mhála leabhar
fena ascaill aige. Dheineas féin gaire nuair a chonac an chuma
bhrónach a bhí air. —Nach breá dhuitse bheith ag dul ar an gcnoc,
ar seisean go cráite, ach sin ar thug sé do chaint dom, mar bhí sé
cúthail roim an stróinséir. —Go n-éirí an lá leat, a Thomáis, arsa
mise ag tabhairt stiall don asal agus ag bailiú liom an bóthar suas.
Nuair a thánamair go dtí barra an bhóthair, do stad an stróinséir
agus d'fhéach o dheas: —An b'e sin Uibh Ráthach? ar seisean ag
sineadh a mhéire amach. —Is e, arsa mise. —Ar mh'anam gur breá
an chianradharc atá as so, ar seisean arís. —Ó, is mór an seó é, arsa
mise, nuair a bhíonn an spéir glan. Bhiomair ag imeacht linn nó
gur thánamair go dtí Fiaraí an Dúna, agus shuíomair síos ansan ar
thortoig. —Cad a ghlaotar ar an gcarraig mhór san thiar thuaidh?
arsa an stróinséir ag sineadh a mhéire ina treo. —Sin i an Tiaracht,
arsa mise, mar a bhfuil an tigh solais. — An bY sin anois an Tiaracht?
ar seisean ag déanamh gáire agus é ag féachaint go dlúth uirthi.
Do-bheirim an riabhach, ar seisean, gur maith an tamall ó shin ó
chuala fear thall i Nua-Eabhrach ag rá amhrán mar gheall ar an
dTiaracht, agus nuair a bhí sé ráite aige, do chuir sé glam as: Mo lá
go dóite. ar seisean, gan me timpeall inniu uirthi! —De dhealramh.
arsa mise, go raibh eolas maith aige uirthi, pé hé féin, —Is aige a
bhí sé, ar seisean. Buaileann sé a cheann fé. —Fan go fóill, ar
seisean, is dóigh liom go bhfuil sí fós agam an cheathrú a phriocas
uaidh an lá san. Ó sea, ar seisean agus canann leis:
Lá breá aoibhinn grianmhar is mé ag trácht na mara siar dom,
Do casadh mé ar an dTiaracht i bhfad amach ón dtir,
Mar a raibh ceol ag na héanaibh ag eiteall ar an bhfear glas
Agus éiscíní ina gcéadta ag pilleáil ins an líon.
Is dóigh liom, ar seisean, gur ceathrú don nGarbhchnoicin Fraoigh é.
Agus ón la a chualasa é sin, ar seisean, do chuaigh se isteach im
aigne, agus ta sé agam ó shin. —Tuigim go maith e sin. arsa mise,
mar tá sé go gliondarach, agus go mórmhór, arsa mise aris, nuair
a chloisfeá in áit iasachta é ag duine dot threabhachas féin. —An
diabhal bréag agat ráite sa méid sin, ar seisean ag tarrac a phípe
amach agus á deargadh.
“Tháinig an-scóp orm féin nuair a chonac an phip, mar ba mhór
í mo dhúil inti ins an am san, comh maith le haon seanfhear. Dá
bhrí sin, tháinig an-chaint anois dom; níor fhágas cnoc ná sliabh,
cuas ná faill, tráigh ná carraig, ná go rabhas ag tabhairt ainm dó
orthu, le súil agus go bhfaighinn gal uaidh.
Comh luath agus a chualaigh sé Bá an Daingin, do dhein sé
gáire eile. —Mhuise, ar seisean ag iontú orm, an bhfuil a fhios agat
cad a tharlaigh domsa tar éis an t-arm dearg a dh’fhagaint, mar is
é Ba an Daingin a chuireann i gcuimhne dhom é? Nuair a thana
abhaile, ni raibh tigh ná treabh romham, ach oíche anso agus oíche
ansúd agus gan leathphingin im phóca. —Bhí sé cruaidh go maith
ort, arsa mise agus súil agam ar an bpíp. —Sea, péacu san é, do
thána isteach ‘on Daingean lá aonaigh agus do thugas cuaird síos
ar an gcé. Bhi long gaile sinte suas leis an gcé. agus an riabhach
ná go raibh easpa fear ar an gcaptaen. An bhfuil aon fhear ansan,
arsa an captaen, a dh'oibreodh a phasáiste sall go Sasana? Nuair
a chuala é sin, do chocálas mo chluasa agus do chuas féna dhéin.
Táimse, arsa mise. Tá go maith, arsa an captaen, bí ar bord anois,
mar tá an long le gluaiseacht. Do chuas ar bord, agus is é an obair
a fuaireas ná bheith ag coimeád guail leis an mbeiriúchán, agus b'é
an diabhal féin le teas an áit sin—an bhfuil a fhios agat, ar seisean,
i gceann gach leathuaire go gcaithinn mo bhróga a chaitheamh diom
agus an t-allas a scaoileadh amach astu.
—Ó a thiarcais, arsa mise, agus cad é an fhaid a bhíodh agat ar
an obair sin? —Bhiodh ceithre huaire chloig, ar seisean. —Och,
bhí sé rófhada, arsa mise ag tabhairt stracfhéachaint “ile ar an bpip,
féach an raibh sí ligithe i bhfailli aige. Thugas fé ndeara go raibh sí
múchta air agus gan aon éileamh aige gal a thabhairt domsa. Dá
bhrí sin, ní rabhas róshásta liom féin. Thugas fé í do lorg air, ach
ní raibh misneach mo dhóthain agam. An riabhach dom ná gur
chuimhnigh ar sheift eile, Chuireas mo lámh im póca agus thugas
amach seanphip chre agus bhuaileas ar mo bhois i. —Dar fia.
arsa mise ag cur lámh im póca arís, tá dearúd déanta agam ar an
dtobac—d’fhagas im dhiaidh sa bhaile é. Ach a léitheoir, ní raibh
a leithéid sa bhaile agamsa, ach á chur in úil don stróinséir go raibh
dúil agam ann, —Ó, ná bíodh san le rá agat, a bhuachaill, arsa an
stróinséir, tá go leor anso dhó, ag cur lámh ina phóca agus ag
tarrac stráice mór tobac amach. Seo, ar seisean, tarraig air sin. —Go
raibh maith agat, arsa misc ag breith air san am chéanna. Sea, lean
ar do scéal, arsa mise agus mé comh sásta anois le diúc.
— Sea, geallaim duit, arsa an stróinséir, nuair a bhí an bealach
déanta sall agam agus mo chosa ar thalamh Shasana, gur fhágas
an long agus an captaen agus bhailíos liom. Bhíos cúpla lá ansan
agus mé ag imeacht im liairne díomhaoin, agus is é an meá a bhí
agam éalú go dtí Meirice i gceann do sna laidhnéirí ó Liverpool.
Aon tráthnóna amháin, agus mé ag máineáil liom ar an gcé agus
seanbhalcaisí orm chun ná tópfaí aon cheann dom, do chonac trí
laidhnéir suas leis an gcé ullamh le himeacht. Ach aon rud amháina
bhí ag déanamh mearbhaill dom, ní raibh a fhios agam cá rabhadar
le dul, agus dá bhrí sin níor mhaith liom éalú isteach i gceann acu
ar eagla nach go Meirice a raghadh si. Chuas chun cainte le fear a
bhi ina sheasamh taobh liom. Nior ligeas aon ni orm, an dtuigeann
tú? —O, tuigim go maith, arsa mise agus saol an mhadra agam ar
an bpip.
—Sea. do labhras leis go cneasta: Nach brea na tri longa iad
san, arsa mise. Nil aon bhaol ná go bhfuil siad go maith, ar seisean
agus cuireann sé an dá shúil tríom. Is dócha, arsa mise aris, gur
ag dul go Meirice atá na tri cinn? Ó ni hea, ar seisean. ach
amháin an ceann láir. Ó tuigim, arsa mise, agus dar fia, nuair a
bhí a fhios agam an ceann ceart, do chuireas ceist eile chuige go
deas simplí: Is dócha go mbeidh sí ag imeacht láithreach? arsa mise
leis. Tá sí le himeacht ar a sé a chlog ar maidin, ar seisean.
—Sea, arsa an stróinséir, nuair a bhí gach aon tuairisc fachta
agam uaidh, do shleamhnaíos liom i leataoibh; agus nuair a tháinig
an oíche, an riabhach dom ná gur shleamhnaigh síos ar an gcé arís,
máilin aráin fem ascaill agam agus me ar nós na luiche chun ealú
isteach inti. Dar fia, do bhí gach cúinne agus gach geá agam á
thabhairt isteach riamh agus choíche nó go bhfuaireas an chaoi ar
éalú ar bord i gan fhios do sna mairnéalaigh.
— Agus cad e an ait don loing go rabhais? arsa mise. —Dhera a
dhuine, chuas amach i dtosach i bpip mhór shalach, ach ba chuma
lom ach mo chosa do bhreith liom sail. Sea, bhíos ansan istigh
agus gan radharc agam ar lá ná ar oíche, bhí sé comh dorcha san;
ach ba chuma é, bhí gach ní ag dul chun mo mhaitheasa nó go
raibh deireadh mo lóin ite agam—thit an lug ar an lag ansan agam.
—-Ambriathar nárbh aon ionadh dhuit é, arsa mise. —Niorbh ea,
ar seisean ag cur crothadh ina cheann agus ag lionadh a phipc
arís. Nuair a bhí sí líonta aige, do shín sé chugham féin an tobac.
—Sea, ar seisean, lion do phip—ón uair gur rainig sé bheith
agamsa inniu, ní bheidh aon cheal ar bheirt againn. —Go raibh
mile maith agat, arsa mise agus do bheireas aris air.
—-Sea, arsa an stróinséir nuair a bhi an phip dearg, ar a thoil
féin aige, sin é an áit go raibh an obair—an t-ocras ag teacht orm
agus gan aon dul agam ar ghreim d'fháil. Do bhris ar an bhfoighne
agam. Chaithfinn rud éigin a dhéanamh nó bás d'fháil don ocras.
Sea, bhíos ag cuimhneamh agus ag síorsmaoineamh, agus b'é
toradh mo smaointe gur chuimhníos ar na báid a bhí in airde ar
deic a bheith lán do bhrioscaí mar ba ghnách. Dá bhrí sin, is é an
meá a bhí agam ná éalú in airde nuair a thiocfadh an oíche agus
dul isteach i gceann acu, mar ná feicfí go brách mé istigh inti sin,
óir bíonn na báid seo clúdaithe le canfás i gcónaí. Nuair a tháinig
an oíche, d'éiríos amach go cúthail agus d'fhéachas im thimpeall.
Más ea, bhi gach ní go ciúin ach amháin an fheadail a bhí ag na
puilíní agus fuaim na dtonn isteach le taobh na loinge. Shleamhnaíos
amach ar mo chamruathar agus d'éiríos im sheasamh; agus más ea,
ar seisean ag bualadh a dha bhois ar a dha ghlúin, is ar éigean a
choimead an da chois sin in airde mé, bhi na hioscadai comh lag
san fúm. Ni raibh éinne beo ar deic san am san, agus do bhíos ó
choiscéim go coiscéim nó gur chuas in airde i gceann do sna báid.
Thogas in airde an canfás agus d'éalaíos isteach agus do luíos síos
go breá suáilceach idir dhá thochta; ach th'anam “on diabhal, a
Mhuiris, arsa an stróinséir ag bualadh bos ar mo ghualainn agus is
asamsa a baineadh an gheit. nuair osclaios an bosca agus e folamh!
—-Och, Dia linn, arsa mise, is olc an seans a bhí leat. —Ná bí ag
caint air, ar seisean, agus nar lige Dia go mbéarfadh a leithéid do
chás go deo arís orm. Ba chuma liom bás nó beatha ansan, bhíos
tabhartha amach ag an ocras, ní raibh aon dul chun cinn agam le
déanamh. -—Ni fheadar an rabhais i bhfad ón dtalamh thall an
uair sin? arsa mise. —Dhera a dhuine. arsa an stróinséir. ná raibh
sí suas le cé Nua-Eabhrach lá arna mháireach? —Ó a dhuine, arsa
mise agus suáilceas ar mo chroí an uair sin leis an bpip. —Sea, arsa
an strdinséir, is anois a bhí an obair agam, cad e an tseift a dhéan-
fainn ar dhul amach aisti; 1s anois a bhi na sceitimíní eagla ar mo
chroí agus codladh grifín ag imeacht trím chorp nuair a chloisinn
na mairnéalaigh ag caint agus ag siúl timpeall agus mé ag ceapadh
gach re nóimint go dtógfaidís an brat in airde don mbád. Níl aon
bhaol ná gur bhraitheas bliain ar fad ins an lá san—canathaobh ná
braithfinn agus gan deoch ná greim dulta im putóig le dhá lá roimis
sin. Ach ar deireadh do tháinig an oíche. Bhí saghas eolais agam ar
dhiútae na n-oifigeach, mar bíonn cúig nóimintí gan éinne in aon
chor ar deic, ach cén mhaith sin nuair ná raibh aon am ar iompar
agam”? Ní raibh le déanamh agam, mar sin, ach tuai-im a thabhairt
air, agus níl aon dabht ná gur dheacair dom. Sea, timpeall a dó a
chlog ar maidin, déarfainn go raibh an t-am tagaithe, mar sin é an
tam a bhionn sos acu. Thógas in airde an brat go haiclí agus shás
amach mo cheann. D'fhéachas im thimpeall. Ní raibh éinne beo
agam le feiscint ar bord, ach soilse go leor agus radharc bhreá
isteach ar an gcé, sclábhaithe ag imeacht tharna chéile ann, agus iad
ag giotáil le boscaí. Ó, nach agam a bhí an formad leo agus nach
mó rud a thabharfainn ar bheith ina measc! Do shearras in airde
mé féin ansan, agus deirim leat gur ghliúcaíos im thimpeall go maith.
Dúrt gurbh é am an tsois é, siúrálta.
—D’éirios im sheasamh, agus do chuireas cos liom amach go
haiclí, mar is bróga tairní a bhí orm. Nuair a bhíos amuigh as an
mbád, níor fhágas orlach don deic gan scrúdú lem radharc go beacht.
Ní raibh duinc ná daonnaí le feiscint. Ach mar dhonas ar an scéal,
do bhí staighre iarainn ag dul ón mbád síos go dtí an deic íochtarach,
agus chaithfinn an staighre sin a chur diom ar ais no ar eigean. Dhá
runga déag a bhí ann, agus deirim leat nár mhór duit bheith láidir
acmhainneach agus aicli go maith chun é chur duit. —Is dócha é,
arsa mise, agus is tusa na raibh mar sin ina an am ud. —O. abair c.
arsa an stroinseir ag cur crothadh ina cheann. —Sea. arsa mise liom
féin, go gcuire Dia ar mo leas mé, nó an dtabharfad fé síos? Do
bhuail saghas misnigh ansan mé, agus seo liom ar aghaidh go dtí
an staighre. Do thugas fé síos ó runga go runga, ach nuair a bhí an
seachtú runga curtha agam díom, an diabhal dom ná gur shleamh-
naigh, agus sec liom im thrompallán síos isteach ar deic, agus
bhaineas fothram agus macalla amach as an long,
—Ó a dhuine, arsa mise, nár mhór an trua é, agus nár mhór an
obair nár chuimhnís ar na bróga tairní a bhaint díot. —Is fíor duit,
arsa an stróinséir go truamhéileach, ach tar éis gach beart is ea
tuigtear. Sea, do thugas fé éirí, ach do bhíos rólag agus sceitimíní
an domhain orm sara bhfeicfeadh éinne mé. Níorbh fhada ansan mé
gur chuala siúl na mbróg ag teacht. D'aithníos go raibh beirthe orm.
Dia lem anam, arsa mise. Ní raibh an focal as mo bhéal nuair a
bhí an t-oifigeach ar m'aghaidh amach. D'fhéach sé orm, do bheir
ar ghualainn orm, agus dúirt: Cad a thug anso tusa? ar seisean go
feargach. Mhuise, ceann do sna mairnéalaigh is ea mé, arsa mise.
Agus cad a thug anso thú” ar seisean arís. — Do thug mhuise, arsa
misc, breoiteacht a bhuail sa leabaidh mé, agus do thána aníos ar
deic chun an t-aer a thógaint. Do stad sé ansan ar feadh tamaill ag
breithniú orm go dúthrachtach agus mo chroí féin ag léimrigh go
n-imcodh sé uaim arís. Sa deireadh labhair sé: Téanam liom, ar
seisean am tharrac leis. Seo liom nó gur thug sé ar aghaidh an
tsolais mé, agus mo léir, b'fhuirist aithint cad é an sórt mé an uair
sin, mar bhíos salach bréan agus éadach bun os cionn orm. D'fhéach
sé arís orm agus gach iompú aige á bhaint asam: / guess you are a
stowaway, at seisean, come on!
—O a dhuine, arsa mise, nár mhór an trua é agus tú suas le cé
Nua-Eabhrach. —Ó, ní fheadraís a leath nuair ná rabhais im bhróga,
ar seisean agus do thugas fé ndeara na deora ag teacht leis. —Is fíor
é, arsa mise, agus go mórmhór ins an áit go raibh do chroí. —Nach
shin é a mhairbh ar fad mé, ar seisean aris, ach ní raibh leigheas air.
Do bhíos dhá lá déag ansan 1 bpríosún acu nó go raibh an long le
himeacht arís, agus nuair a tháinig an long go Sasana thar n-ais,
do scaoileadar uathu mé, agus táim ag Imeacht anso is ansúd riamh
ó shin.
—Faid ar do shaol, arsa mise, tá an mhaidean ciorraithe go
maith agat. Is féidir leatsa fanúint ansan anois nó go dtiocfad
chughat aniar arís. Sin é thiar an chruach, arsa mise ag síneadh
mo mhéire siar ina treo. Seo liom siar, agus ní fada a thóg sé uaim
an t-ualach móna a lionadh. Aniar liom arís, agus is ea bhí an
stróinséir sínte ar a fhaid agus ar a leithead ar an bhféar. —Nach
brea folláin an t-aer ata ar mhullach an chnoic seo, ar seisean. —An
dóigh leat na gurb ea, arsa mise, is ann ata sé. B'é críoch agus
deireadh na mbeart é gur shroicheamair an tigh go hocrach ins an
tslí dhuit go raibh gach goblach ag dul chun sástachta dhúinn.
Trathnona brea tamall ina dhiaidh sin, do bhi gach éinne ar an
gcaladh roimis an Ri, le súil is go mbeadh nuacht éigin aige ón dtír
mhór; na cailiní agus a súil in airde le litir, b'fheidir; fear eile go
raibh fios curtha ar thobac aige, agus gan aon ní ag cur tinnis air
ach amháin goblach dó a bheith aige le cur ina chúilfhiacla. Nuair
a bhí na litreacha tabhartha amach ag an Rí, do shuigh sé ar a
chorrghiob agus do tharraig amach a phip agus a chuid tobac
mar ba ghnách.
Ar chualaís aon rafláil amuigh inniu, a Phádraig? arsa Seán
Mhíchíl leis. —An fial mé, arsa an Rí, gurb é mo mhórthuairim
nach fada a bheimid beo anois, —Eachbháin, arsa Seán Mhíchíl,
ní foláir nó tá pláigh chughainn mar sin. —Tá rud níos measa ná
pláigh, arsa an Rí, is é sin dhá thaobh an domhain a bheith pléas-
caithe ar a chéile aon nóimint anois. —Dona go leor dar fia, arsa
Seán Fada. —Dhera a dhuine, arsa m'athair críonna, cad a bhéar-
fadh go mbeadh sé go dona? —Th'anam ’on diabhal, arsa Seán
Fada, cé cheannóidh an breac éisc? cé cheannóidh an mhuc ná an
bhó? nó cá mbeidh na margántaithe? Caint san aer atá agat, a
bhuachaill, arsa Seán Fada agus caitheann amach priosla. —Bain
barra mo chluaise dhíomsa, arsa m'athair críonna agus an dá shúil
aige á chur trí Sheán, nár tháinig aon chonách riamh ar cheann-
aitheoirí go dtí an saol san. —Bíodh ciall agat, a dhuine, arsa Seán
Fada ag iontú a dhroma lem athair críonna agus ag imeacht leis
abhaile.
Seachtain ón lá san do bhí tuairisc fachta againn ins an Bhlascaod
go raibh Sasana agus an Ghearmáin buailte in aghaidh a chéile.
Gach turas a thugadh an Rí go Dún Chaoin, do bhíodh páipéar
nuachta aige á thabhairt abhaile leis, agus dá bhrí sin do bhíodh
gach seanduine ins an bhaile bailithe isteach go dtí tigh an Rí,
agus is fiormhinic a bhíodh se ina bhruion chaorthainn eatarthu,
cuid acu leis an Sasanach agus cuid eile acu leis an nGearmánach.
Aon mhaidean amháin, do bhí muintir an bhaile ag dul suas “on
gcnoc lena gcuid stoic mar ba ghnách, agus an chéad fhear a
tháinig ar radharc Bhá an Daingin, do baineadh leathadh as a
shúile. Ní raibh orlach don bhfarraige ná go raibh fé chláracha
bána. Is ansan a bhi an fothragadh tríd an d Tóchar anuas, an fuirse
agus an fothram, gach duine ag baint as na cosa fé dhéin an chaladh,
gioscán agus raitleail á bhaint as téada agus as dolaí, naomhóga ar
stáitsí nár corraíodh le sé bliana roimis sin á gcaitheamh anuas,
agus gach duine go raibh aon scrothaiocht ann. do bhi sé ar a dhá
mhaide rámha.
Bhíos féin ar scoil an lá céanna agus mórán eile nach mé, ach
mas ea, ni raibh éinne againne ábalta ar thosach naomhdige a chur
suas an lá úd. Nuair a thánamair abhaile lar an lae, is é an chéad
scéal a bhí ag mo dheirfiúr Máire dhom, agus sceitimíní uirthi, go
raibh an taobh theas ar fad lán do raic. Seo liom gan freagra do
thabhairt uirthi, agus an riabhach do Thomás Eoin Bháin ná gur
bhuail liom ar an mbóthar. —Th’anam “on diucs, arsa Tomas, tá
an taobh theas lán do raic. — [Téanam ó dheas, arsa mise agus
saothar orm.
Seo linn ó dheas ar an bPointe, agus mas ea, do baineadh leathadh
as na súile againn nuair a chonaiceamair an fharraige dubh cíorubh
le claracha bana, biomai, stráici agus roillsi móra fada; naomhóg.
dhá naomhóig ag teacht orainn aneas agus iad suas go gunnail le
cláracha, agus suas le daichead ceann eile ina ndiaidh aniar;
nuomhog cile faid do radhairce ó dheas ins an Bha; naomhog eile
ag teacht ón gcaladh tar eis last a bheith curtha sabhalta ar an
dtalamh aici. Ba dheacair dúinn ár súile a thógaint don radharc,
ach bhí an aimsir á chaitheamh againn, agus dá bhrí sin do chaith-
eamair imeacht chun na scoile arís.
Sea, nuair a bhí an scoil i leataoibh, agus b'fhada linn an fhaid
a bhíomair uirthi, deirim leat nach mór an chaint a bhí againn le
chéile ach seanbhlas ins na cosa againn ag baint an tí amach. Bhí
Eibhlín agus Máire istigh romham: m'athair, m'athair críonna agus
mo dheartháir Seán ag bailiú na raice. Geallaim duit nach mór an
mhoill a dheineas lem dhínnéar, agus nuair a bhí sé alpaithe siar
agam, seo liom ins na cosa in airde fé dhéin an chaladh.
D'fhéachas uaim síos ó bharra na haille. Baineadh geit asam. Ní
raibh faic le feiscint agam ach cláracha bána sínte ar a bhfaid agus
ar a leithead ins gach áit. Ansan do thugas stracfhéachaint siar fé
dhéin na Trá Báine, agus do bhíog mo chroí arís nuair a chonac an
tráigh lán suas do bhiomai go raibh trí fichid troigh ar fhaid i gcuid
acu. [ns an bhfeachaint uafasach san, ce thiocfadh anuas trid an
mbóithrín ach Tomás Eoin Bháin agus saothar buile air. —Och,
th'anam “on diucs, a Thomáis, brostaig anuas, tá an caladh lán
do raic. —An bhfuil? ar seisean agus an dá shúil ag dul amach as
a cheann. Nuair a chonaic sé an radharc, bhí gach pocléim aige
agus agam féin comh maith. —Th’anam ’on diucs, a Thomáis,
téanam ó dheas ar an bPointe. ——Hú hucs! arsa Tomás agcaitheamh
a chaipín ins an aer le lúcháir.
Nuair a shroicheamair an Pointe, ní raibh páiste ná seanbhean
ins an bhaile ná go raibh suite ar a gcorrghiob ar bharra gach
stocáin ag féachaint uathu ó dheas ar Bhá an Daingin. Bhi an
fharraige go breá ciúin, aer beag do ghaoith aneas ann, agus cláracha
bána le feiscint faid do radhairce amach ar an mBá. Timpeall agus
fiche slat amach ón dtalamh, do bhí stráice adhmaid agus na céadta
caobach ina stad air ag priocadh na bpilibini a bhi ag fas air. Ni
fada go bhfeaca dha chaobach ag baint fuil mhairt as a chéile, agus
ar nós aon dream, is gearr gur chabhraigh ceann acu leis an gceann
eile agus mar sin dóibh nó go rabhadar go léir in achrann ina chéile,
agus bhailiodar leo leis an dtaoide 6 thuaidh.
Ansan do thugas súil eile ó dheas idir mé agus na Sceilgi, agus
mas ea bhi naomhóg agus naomhóg eile ag déanamh orm aneas
agus iad síos go gunnail le cláracha. D’fhanamair leo nó go rabhadar
an Pointe anuas, agus seo linn go léir ansan fé dhéin an chaladh, ar
nós na bhfaoilean féin, agus deirimse leat gur orainn a bhi an scóp
ag tarrac na raice ar barra. Is gearr anois go raibh solas an lae 4
mhúchadh, agus da dheascaibh sin dob éigean do lucht na raice
na naomhoga do chur ar na staitsi, ach ambriathar más ea go
rabhadar sásta tar éis an lae agus dóthanach go maith, leis, maidir
le tinneas ina genamhaibh ag an sior-ramhaioccht 6 mhaidin,
Lá arna mháireach, ba bhreá leat féachaint uait síos ar an gcaladh
agus na tránna, binsí móra do chláracha anso is ansúd, agus an
naomhóg is lú go raibh seilg aici, do bhí os cionn céad clár aici.
—Dar fia, a deireadh fear, gur maith é an cogadh. —Dhera a
dhuine, a deireadh fear eile, má fhanann sé ann, beidh an t-oileán
so ina Thír na nÓg againn.
Ba mhór an t-athrú a chuir an cogadh ar dhaoine. Chonac iad,
liairní diomhaoine a chodlaíodh amach go headartha, bhíodar san
anois amuigh le giolc an ghealbhain ag bailiú agus ag síorbhailiú.
Deirim leat, a léitheoir, go raibh saol ins an Bhlascaod ins an am
úd—carnáil airgid. Cá raibh an caitheamh? Ni raibh faic le ceannach,
ní raibh aon chall leis, bhí sé le fáil ar bharra na farraige—an plúr,
feoil, blonag, geas, geir, margarine, fion go leor, fiú amháin an
bhróg agus an stoca agus an t-éadach—féach anois cá raibh an
caitheamh” Ní raibh tigh ins an Oileán né go raibh seomra stóir
déanta acu le haghaidh a bheith ag bailiú isteach, agus gan aon
áiféis, nuair a raghfá isteach i gceann acu san, ba dhóigh leat gur
istigh i mbaile mór a bheifeá, barailli móra plúir os cionn a chéile
agus soithí móra geas agus gach uile ollmhaitheas; agus ansan,
nuair a bhuaileadh tart an tseanbhean nó an seanfhear, ní raibh
le déanamh acu ach sá go dtí an baraille fíona agus slogóg a bhaint
as. Ba mhór an saol é, ceannaitheoirí ag teacht ós gach páirt do
Chiarraí ag ceannach an adhmaid, ag ceannach na geire agus gach
aon tsaghas íle, ins an tslí dhuit go raibh airgead á charnáil go
tiubh. Níl aon bhaol ná gurb iontach an seasamh atá i naomhóig
i bhfarraige chaiteach, óir comh fada lem eolas féin uirthi, tá se le
rá agam ón aimsir úd; mar pé rud a thagadh, bhíodh sí amuigh ar
nós an chleite ag imeacht do dhroim bharra na dtonn ag bailiú na
raice agus gan a fhios gach uair agat cathain a bheadh sí imithe síos.
Tagann lá Aoine go dtéann an Ri go Dun Chaoin ag triall ar an
bpost, agus fé mar atá luaite agam cheana, do chaitheadh an baile
go léir idir óg agus aosta bheith thíos roimis.
—Conas tá Sasana ag déanamh, a Phádraig? arsa an Poncan
nuair a bhí na litreacha tabhartha amach ag an Rí. An fial mé,
arsa an Rí, go bhfuil siad go hait. Is dócha gurb é deireadh an
tsaoil a thiocfaidh as, mar níl aon stop orthu, agus tá Sasana chun
preasail do chur amach ar fuaid na hÉireann. —Dona go maith so,
dona go maith so, arsa an Poncan agus caitheann amach priosla
tobac. —Á, ní hé sin an tuairisc atá uainn, arsa fear eile, ach ar
chualais gur cuireadh síos aon long in aon áit ó shin? —An fial mé,
arsa an Rí, gur cuireadh ceann síos ar maidin inné i mbéal Chuan
Chorcaí gurb ainm di an Lusitania, an long is breátha a bhí riamh
ag an Meiriceánach, agus tá sé ráite go raibh milliúnaeirí go leor
uirthi, agus nár mhór an scrupall go deo é nár tháinig peacach beo
saor aisti, agus más rud é go bhfanfaidh an t-aer beag so do ghaoith
aneas anocht ann, beidh taobh an Oileáin lán do dhaoine báite
amáireach.
Is anois ná raibh an codladh á dhéanamh ins an Bhlascaod, ach
amuigh ar gach spor agus ar gach pointe thuaidh theas thoir agus
thiar. Bhí cuid do mhuintir an Oileáin imithe ó ghlaoch an choiligh
ar maidin lá arna mháireach ar thóir na milliúnaeiri. Lá Sathairn
do bhí ann, agus dá bhrí sin ní raibh aon scoil againn. Nuair a
dh éiríos féin, is é an chéad áit gur chuas ná ó dheas ar an bPointe,
Maidean bhreá agus gan puth as an spéir. Bhios ansan ar mo
chorrghiob, agus geallaim duit nár fhágas orlach don mBá gan mo
shúil do luí air. Thugas leathuair a chloig go maith ins an staidéar
san, agus dar fia ins an deireadh do tuigeadh dom go bhfeaca rud
eigin i bhfad amach sa Bha, ach mas ea do chuaigh dom a dhéanamh
amach cad é an sórt rud é, Chuimlios bos dom shúilibh ar eagla gur
scáthshúilí a bhí orm, agus más ea do chonac arís é agus caobach
ina stad air. Do dheineas deimhin dom thuairim anois, agus seo liom
abhaile.
— Dar fia, a athair, arsa misc, go bhfuil rud éigin feicithe agam,
pé rud é. —An bhfuil? ar seisean go hiontaiseach ag éirí ina
sheasamh. Téire ó dheas aris, ar seisean, agus raghadsa ag glaoch
ar Mhic (dearthair do).
Seo leis, agus seo liomsa ó dheas ar an bPointe arís go faobhrúil;
agus nuair a chuas ó dheas, cé bheadh romham agus grung air ag
gliucaiocht ach Liam Thaidhg. —An bhfuil aon raic ins an Bha. a
Liam? arsa mise. —Ceapaim go bhfuil rud éigin idir mé agus
Ceann Sléibhe, ar seisean ag sineadh a mheéire soir ó dheas, feach an
bhfeadfása a dhéanamh amach cad é an rud ¢. —Dar fia, a Liam.
arsa mise, gur ceann do sna milliúnaceirí é. —Comh siúrálta agus
atáim beo, arsa Liam ag imeacht leis an Leaca siar.
Seo liom go dtí an claí ina dhiaidh, agus is ea bhí Liam agus gach
truslóg aige ag déanamh siar ar an mbaile. Thugas stracfhéachaint
síos ar an gcaladh agus is ea chonac m'athair agus m'uncail ag
déanamh orm aniar, stracadh maith rámhaíochta Tobar na hAille
ó dheas acu. Nuair a chonaic Liam iad ag fágaint an chaladh, do
stad sé agus a theanga ina leathbhéal aige leis an saothar a bhí air.
—Ó a bhithiúnaigh, ar seisean ag teacht chugham aniar arís, is
maith a bhí a fhios agat go raibh t'athair ag dul ag triall air sin.
—-An b'e m'athair ata ann? arsa mise ag fonóid fé. —ls maith ata
a fhios agat gurb é, ar seisean.
Seo le beirt againn arís ag féachaint ó dheas agus m'athair an
uair sin go han-ghairid don ailp, pén sórt rud a bhí ann. —Dar fia,
arsa Liam i gceann tamaill, gur duine atá ann. Bhíomair ag féachaint
anois orthu agus iad taobh leis. Is gearr go bhfeacamair an fear
deiridh ag léimeadh go tosach agus an fear tosaigh ag dul go
deireadh. ——Dar fia, arsa Liam arís, gur duine atá ann agus na
raibh misneach a dhóthain ag an bhfear tosaigh chun an téadán a
chur air. Bhí an ailp ceangailte ag m'athair anois agus iad á tharrac
leo aneas. D'fhanamair ansan riamh agus choíche nó gur thánadar
isteach go dtí an bPointe. —Ambriathar, a Liam, arsa mise, is
corpán duine atá ann—an bhfeiceann tú ina sheasamh síos direach
ins an uisce é? —Tá an ceart agat, arsa Liam, mar sin é an t-éad-
román thíos féna cheann. [s gearr anois gur baineadh stracadh eile
as, agus dá bhrí sin d'iompaigh an aghaidh bhán isteach orainn,
agus an ghrian ag taithneamh uirthi. B uafásach an radharc é: gan
aon tsúil ina cheann ag na caobaigh; an aghaidh ataithe amach;
an t-éadach i riocht pléascadh le hat an choirp.
—Cad e siúd a bhi agaibh? arsa Eibhlin lem athair nuair a
thánadar abhaile. —Corpán duine, ar seisean. —Agus cad a dhéan-
faidh sibh leis? ar sise go leanbaí. —Ó, tabharfam abhaile é, arsa
m'athair ag leamhgháirí. Lena linn sin do chuas féin amach go
dtí an doras. Do chonac naomhóg ag déanamh isteach ar an
gcaladh, agus tuigeadh dom gur póilíní a bhí inti. Ritheas isteach go
scailéathanach. —Ta póiliní tagaithe ar an gcaladh, arsa mise.
—An bhfuil? arsa m'athair ag éirí do cheann an bhoird. Chuaigh
m'athair chun cainte leis an sáirsint, agus tar éis tamall cainte a
bheith acu d'ordaigh an sáirsint an corp a thabhairt amach go Dún
Chaoin agus go dtabharfaidis féin aire dhó ina dhiaidh sin nó go
dtabharfadh a mhuintir leothu é.
Seo leothu, agus do chuas féin sa naomhóig comh maith le fear—
mé féin agus m'athair agus m'uncail i naomhóig agus naomhóg
Dhún Chaoin go raibh na poilini inti suas lenár dtaobh riamh agus
choíche nó gur shroicheamair Faill Móir. Tógadh suas an corpán
agus sineadh in airde ar an gcé é. Seo chuige an sáirsint chun na
pócaí do chuardach. sinn go léir ina thimpeall, ach mas ea is gearr
gur dhruid sé siar uaidh aris, mar bhi an boladh róláidir uaidh. Ni
raibh éinne ar an gcaladh go raibh sé do mhisneach aige dul ina
ghoire. Ach bhí aon fhear amháin fós ann go nglaoidis Micil an
Chnoic mar ainm air ina sheasamh taobh linn agus a dhá láimh ina
phócaí aige. Tagann sé chughainn anall go brea righin, seasaíonn
sé os cionn an choirp. cuireann cos leis ar gach taobh dó, tarraigíonn
a lámha as a phécai, féachann sé orainne agus as san ar an gcorpán.
Ansan téann sé ar a dhá ghlúin agus seo ag oscailt na casóige é.
Nuair a bhí an chasóg agus an bheist oscailte aige, do chuir sé lamh
leis 1 bpóca agus tharraig amach dialann bheag agus do shin sé go
dti an sáirsint é. D'oscail an sáirsint amach an leabhairín. Bhíos
féin im sheasamh taobh leis an sáirsint, agus is é an chéad rud a
chonac ná ainm an duine bháite scriofa mar seo:
Henry Atkinson
3 Edward Street, London W.C.
First Class O:fcer ss. Lusitania.
Chuardaigh Micil na pocai aris, agus is gearr go bhfuair sé uair-
eadóir agus slabhra óir. raca agus scáthán 1 bpóca eile, agus tri
réalacha. —A, biodh na tri réalacha agat féin, arsa an sairsint, mar
ta siad saothraithe go maith agat. —Mhuise, go bhfaga Dia do
shláinte agat, a mhic 6, arsa Micil á gcur ina phóca. Tógadh suas
an corpán ar bharra na haille ansan le cabhair a chéile, cuireadh
isteach i ngluaisteán a bhi ag an sáirsint é, agus as go brách leo ó
thuaidh go Baile an Fheirtéaraigh.
Nuair a dhéirios amach tar éis mo bhreicfeasta lá arna mháireach,
bhí an uain go breá bog, súrac tarraic ar na clocha agus ba dhóigh
leat ar bhreithniú uait ar an spéir gur peata lae a bhí ann. Bhíos
ansan. cos liom in airde ar an gclai, agus me ag dearcadh uaim o
dheas agus ó thuaidh agus ag siormhachnamh dom féin, nuair cé
bhuailfeadh chugham aniar ach Tomas Eoin Bhain, cuma iontaiseach
air, an dá shúil ag dul amach as a cheann agus saothar an domhain
air. —Go réidh, a Thomais, tóg bog é, arsa mise, is dóigh liom ar
fhéachaint ort go bhfuil raic éigin feicithe agat. ——Ó, a thiarcais, ar
seisean, níl. ach bád mór lán do mhairnéalaigh atá fachta ag Seán
Léan. —Ó éist, a Thomáis, arsa mise, ná bí ag insint bréag mar sin.
—Ó, an riabhach focal bréige ann, ar seisean, tá siad Ceann
Charraig Fhada aniar agus í acu.
D'imigh uaim soir ins na cosa in airde gan aon fhocal eile do rá.
Do bhreithníos féin ina dhiaidh agus d'aithníos ar an bhfoth-
ragadh a bhí fé gurbh fhíor cad dúirt sé. Do ritheas isteach abhaile.
— Th anam ‘on diucs, arsa mise lem athair agus lem athair crionna
a bhí suite cois na tine, tá bád lán do mhairnéalaigh Ceann Charraig
Fhada aniar ag Sean Léan. —Cé dúirt é sin leat? arsa m'athair.
— Dúirt Tomás Eoin Bháin, arsa mise. -—Och, is dealrach leat féin
Tomas, arsa m'athair críonna ag éirí don gcathaoir agus ag breith
ar an scuab agus ag scuabadh an urláir.
Bhuaileas amach arís, cos liom in airde ar an gclaí agus mo bhos
fém leathcheann agam, mé ag breithniú ar an Speir go dúthrachtach
le súil.go bhfeicfinn an bád orm aniar. Dar fia nach fada ansan dom
nuair a thugas fé ndeara tosach na naomhóige do dhroim na Speire
aniar agus iad ag rámhaíocht ar a ndícheall. Is dóigh liom, a
Thomáis, aisa mise im aigne féin, go bhfuil an ceart agat i dtaobh
an bháid. Ní raibh ach an focal as mo bhéal nuair a chonac an bád
mar an gcéanna agus í lán suas do dhaoine. Seo liom isteach aris.
—Th’anam “on diucs, arsa mise, tá an bád an Speir aniar anois. Seo
leo go léir amach. —Dar fia, tá sí ann, arsa m'athair críonna.
An fhaid a bheifeá ag bualadh do bhosa ar a chéile, do rith an
sceal ar fuaid an bhaile, idir óg agus aosta amuigh ar gach tortóg
agus a gcaint féin ag gach éinne acu, na páistí ag dul isteach i bpoll
miongáin le scanradh a n-anma rompu, cuid eile acu ag rith go
scailéathanach, seanphinsinéiri na raibh abalta ar éiri as an
gcúinne ag lamhancan go dtí an doras chun radharc a dh'fháil
orthu. Seo linn go léir fé dhéin an chaladh. Bhí an baile ar fad
anois le chéile ann agus oiread brútam thíos ar an slip go raibh cuid
acu ag dul amach go dtina nglúine ins an uisce, ach ba rochuma leo
ach radharc a dh'fháil ar na mairnéalaigh.
Is gearr gur tháinig an bad isteach ar an linn. Is é an chéad ruda
thugamair fé ndeara ná triúr do dhaoine dubha a bheith inti. Bhí
fear eile leis le feiscint agus Sineach ab ea e—aghaidh bheag chruinn
agus srón gheancach, bior ina shúilibh, gruaig fhada dhubh sios go
hioscadaí air. Bhí cuid acu ag amhrán inti, cuid acu ina gcodladh,
cuid eile acu agus teangacha na feadar, a leitheid do hurlamaburla
dhóigh leat gur scata geánna iad, Béarla ag cuid acu, Jodailis ag
cuid eile acu agus teangacha ná feadar, a leithéid do hurla-ma-burla
agus do dhul trí chéile a bhí ar an gcaladh. Léimeadar amach ar an
slip, cúig fheara déag acu, cuid acu láidir go maith, cuid acu ná
raibh ábalta ar sheasamh.
Aon fhear amháin a bhí taobh liom féin, bhí sé glan go hard os
cionn sé troithe ar aoirde, aghaidh fhada chaol aige, féasóg síos
go dtina bhrollach air, srón mhór ramhar agus dha shúil bheaga
dhubha, agus os a gcionn san dhá mhala ag éirí amach, carabhat
mór casta féna mhuineál, caipín boise adhairce air agus dhá bhuatais
ag dul go glúine air. Ni fheadar, arsa mise im aigne féin ag feachaint
in airde air, an bhfiafród dó cad as é? Thugas fé labhairt, ach más ea
tháinig rud éigin im scornaigh. Thugas fé arís agus d'fhiafraíos dó:
—Cad as tú? arsa mise. D'fhéach sé anuas orm agus do dhein
gáire. —Me no sava, me no sava—sin é mar a tuigeadh dom a dúirt
sé agus do chuir rais mhér eile cainte as. Lena linn sin, tugann fear
eile freagra air, agus dar mo leabhar, a léitheoir, go raghfa in aon
ait ag éisteacht leo, agus gan aon dul ar iad do thuiscint. Ach an
fear deireanach a léim amach as an mbád, an riabhach do na gur
bheannaigh dona raibh ann i dteanga Bhéarla, agus ba dhoigh liom
ar fhéachaint air gurbh Éireannach é. Do labhair m'athair leis as
Béarla. —Is dóigh liom gur tú an captaen, ar seisean. Ní mé, arsa
an fear eile, ach an máta; ach murab ea, a dhuine chóir, neosad
duit cad a tharlaigh don gcaptaen.
Bhailimh gach éinne timpeall air. —Taimid ar an bhfarraige le
seachtain, ar seisean, á chaitheamh soir siar ar bharra na dtonn.
Is é an áit a dh'fhágamair ná Buenos Aires agus sinn ag teacht go
Corcaigh. Bhíomair timpeall agus fiche míle siar ó dheas ón dTiaracht
nuair a bhuail an long fá thoinn linn. D'eirigh si anios lenar dtaobh.
Do labhair an captaen linn. Do thug sé ordú dhúinn dul ins na báid
mar go raibh sé chun an long do chur fé chois. Dheineamair do
réir an ordú, Cúig bháid a bhí againn agus chuireamair anuas go
tapaidh iad. Ní fada a bhiomair ón long nuair a chonaiceamair ag
dul síos i leith a deiridh i. Sea, a dhaoine muinteartha, táimíd a
chaitheamh soir siar ó shin, mar bhí an aimsir go holc, agus mar
dhonas ar an scéal, do cuireadh scaipeadh Chlann Lir orainn. Och,
ar seisean, is mór an scrios é (ag síneadh a dhá láimh in airde sa
spéir agus na deora ag titeam leis)—triúr dearthár liom ins na báid
eile agus gan tásc ná tuairisc agam orthu! -——Tá siad san sábhálta le
cúnamh Dé, arsa m'athair, ná bíodh aon tinneas ina dtaobh ort.
—Ni fheadar 'on domhan, ar seisean, ach mar gheall ar an
gcaptaen anois, níl aon bhaol ná gurbh an-dhrochghéag ar fad é.
Ní raibh blúire bídh ins na báid ach amháin go raibh brioscaí go
leor againn. Ni raibh ag an gcaptaen á thabhairt dóibh ach aon
bhriosca amháin is ló, agus gan aon dul go dtabharfadh sé an
t-uisce dhóibh. Bhí sé ag tabhairt mo dhóthain dom féin ach níor
thaithnigh cleas na coda eile liom. Is gearr gur éirigh an criú ina
choinne agus dúradar leis trí huaire, mura dtabharfadh sé a cheart
féin dos gach éinne, go gcaithfidís amach "on pholl é. Ansan, arsa
an máta, an bhfeiceann sibh an fear mór dubh san thall? ag síneadh
a mhéire sall ina threo. D'fhéachamair go léir sall i dtreo an fhir.
—-An diabhal mise, a bhranaigh, arsa sean-Mhicil ag breithniú
air, ná fuil aon dea-shúil aige siúd.
— Sea, arsa an mata, agus d'fhéachamair go léir aris air. Do
tháinig tart ar an bhfear san agus do loirg sé deoch ar an gcaptaen.
Dúirt an captaen ná faigheadh. Cad a dhein an fear thall nuair a
fuair sé an diúltadh ach léimeadh ó thosach agus breith ar phíopán
ar an gcaptaen agus é chaitheamh amach “on pholl. —Ó, nárbh olc
an scéal é, arsa m'athair. —Ni raibh leigheas air, arsa an mata,
mar dá labharfadh éinne focal chuige, do bhí an scian mhór a bhí
aige curtha trína phutóga aige.
Sea, nuair a bhí deireadh ráite ag an máta, do tugadh na mair-
néalaigh suas fén mbaile agus do friotháladh go maith orthu,
comh fada agus bhi se i gcumas mhuintir an Bhlascaoid é dheanamh.
Nuair a bhí trí huaire chloig tabhartha ar an mbaile acu, gach fear
acu nite glan bearrtha agus é go compordach tar éis uaire chloig
chodlata, ba dhóigh leat nárbh iad na daoine céanna in aon chor
iad—ach amháin na daoine dubha, ní raibh aon athrú orthu san
ach go raibh gléas ina n-aghaidh tar éis an niochain.
Seo leo anuas arís fé dhéin an chaladh agus a ngibris féin ag gach
éinne acu, agus seo leis an mbaile ina ndiaidh, idir óg agus sean,
mar dob uafásach leo an chaint a bhí acu agus go mórmhór na
daoine dubha. —A Rí mhór na bhfeart, a deireadh seanbhean ná
géillfeadh in aon chor a leithéidí a bheith ar an saol, canathaobh
ná glanfaidís iad féin? —Dhera a Mháire, a deireadh bean eile, ní
salach atá siad san ach iad a bheith dubh ó rugadh iad. —Ó mhuise,
mo thrua thú ar fad, a deireadh Máire, nach ortsa atá an cloigeann
circe a rá go bhfuil a leithéidí sin do dhaoine ar an saol. —Dhera
a dhiabhail, a Mháire, nach minic a chuala seanAindriú a tháinig
abhaile 6 Mheirice a rá go bhfeacaigh se na ceadta acu san ann—na
bi comh baoth sin, a óinseach.
Seo linn go léir síos ar an gcaladh, mar bhí na mairnéalaigh le
dul go Dún Chaoin. Bhíos féin im sheasamh in aice le Seán Mhichíl
agus le seanMhicil ar barra. Do chonaiceamair na mairnéalaigh an
Tóchar anuas agus an triúr fear dubh roim na fir bhána amach.
—Eachbhain, arsa Seán Mhíchíl, gur mór an obair nár ghlanadar
san an gual dona n-aghaidh. —An diabhal mise, a bhranaigh,
arsa seanMhicil, ná glanfadh a bhfuil d'uisce i dTobar an Bhuail-
teora an triúr san, mar nach salachar atá orthu ach craiceann dubh.
1 gceann tamaill, do stop an triúr fear dubh in aice liom agus iad
ag féachaint amach ar an bhfarraige agus ag comhchaint lena chéile,
pén teanga a bhi acu. —An diabhal mise, a bhranaigh, arsa sean-
Mhicil, nach aon dea-chuma atá ar an bhfear mor, pe ait gurb as e.
—-Seachain tú féin air so, arsa an Poncan a bhi direach tar éis teacht
anuas, íosfaidh sé id bheathaidh thú. —-Á mhuise, arsa seanMhicil
ag iontú air, go n-ithe sé tusa id bheathaidh muran goidiad na
prioslaí atá anuas led dhraid.
Nuair a chuala féin é sin, do dheineas gáire mór, sa tslí gur
fhéach an triúr anuas orm agus súil mhaith mhallaithe leis acu,
aighneas an domhain acu le chéile, agus ní raibh aon choinne agam
ná go mbeidís chugham anuas ar an nóimint, mar is dóigh liom gur
thuigeadar gur fúthu féin a dheineas an gáire. Bogann siad go léir
anuas go dtí an slip, cuid acu ag comhrá le chéile, cuid eile acu gan
focal astu ach a gceann fúthu fé mar bheidís i dtrioblóid. Chuadar
go léir isteach sa bhád ach aon fhear amháin a bhí amuigh ar an
slip fós agus gach glam agus scréach aige agus gan aon dul go
dtuigfí é.
— Dar fia, a deireadh fear, b'fhéidir gur ag dul as a cheann atá sé,
Dia idir sinn agus an t-olc. Bhí gach léim in airde díreach anois
aige le feirg. —An diabhal mise, a bhranaigh, arsa sean-Mhicil,
mura gceanglófar an fear thíos, go ndéanfaidh sé coirp ar an
bhfuadar atá fé. Is gearr anois go raibh gáire á dhéanamh anso fé
agus gáire ansúd. Nuair a chualaigh sé na gáirí, seo leis aníos agus
fuadar nimhe fé, aighneas cruaidh cealgánta aige á thabhairt dúinn
agus gan aon tuiscint againn air. Do shin se suas a mhear fé uachtar
an bhaile, agus is iad so na focail a bhí aige á ra: —-Sdeca, saca, saca,
saca! agus aighneas maith cruaidh aige ina ndiaidh. Is gearr gur
chuir an máta thíos ins an bhád glam as ag glaoch ar an bhfear
in airde, agus más ea do thug an fear in airde freagra maith dána
air—b’fhuirist aithint go raibh sé dána mar bhí fuinneamh ina
chaint. Nuair a bhí an freagra san tugtha aige uaidh, níor dhein sé
faic an bharra ach imeacht leis ins an rith suas fén mbaile.
Do thuig gach éinne anois gur as a mheabhair a bhi sé. —Dia
idir sinn agus an t-olc, a deireadh fear, cad dob fhearr a dhéanamh
leis? — Tugtar faid a théide go fóill dó, a deireadh fear eile, go
bhfeicfeam an bhfuil aon drochfhuadar fé. —-Ambriathar go
mb'fheidir gurb ea ideoidh se e fein i ndrocháit eigin agus go mb'fhearr
rith ina dhiaidh. —Ar mh'anam féin, dá mbeadh sé chun é féin a
dh'idiú, nach fén dTóchar suas a thabharfadh sé a aghaidh. Bhíomair
ag faire air riamh agus choíche nó gur chuaigh sé isteach i dtigh
Liam Thaidhg, agus ní fada istigh dó nuair a thagann amach aris
agus mála ina láimh aige. —Och, th'anam “on riabhach, arsa Seán
Mhíchíl, is é an mála a dhearúd sé ina dhiaidh. —Is é go díreach
mhuise, arsa Seán Léan, mar sin é an sac sac a bhí aige á lorg.
Bhí sé chughainn anuas ins na cosa in airde riamh agus choíche
nó go raibh sé ag gabháil tharainn síos i dtreo na slipe. D'iontaigh
sé aníos orainn ansan agus dúirt, fé mar a tuigeadh dom:
—Gurlamacras, gurlamacras! —Go n-éirí do bhóthar leat, arsa sean-
Mhicil á fhreagairt. —Gurlamacras! ar seisean arís agus é ag gáirí.
— An diabhal mise, arsa Micil, ná raibh gurlamacras ó chianaibh
agat nuair a bhí an mála uait.
Isteach leis ins an bhád agus as go brách leo an linn amach,
ciarsúiri póca acu a gcrothadh le gaoith linn nó go rabhadar as
amharc.
La Mairte i mi na Bealtaine, do níos agus do ghlanas mé féin go
trom leisciúil le dochma roim an scoil. Do bhuaileas amach agus
do shuios síos ag ceann an bhóithrín ag fanacht lem chomrádaí,
Tomas Eoin Bháin. Ni fada ansan dom nuair a chonac an máistir
an gleann anuas chun na scoile. Lena linn sin, do bhuail tuirse an
tsaoil mé. Is agam a bhi an formad leis na seandaoine a bhi an
Tóchar amach lena gcuid stoic chun an chnoic, fiú amháin leis an
éan a stadadh os mo chomhair amach, gan aon ni ag cur tinnis air
ach ag cantain dó féin nuair ba mhaith leis é agus ag léimeadh nuair
ba mhaith leis é agus ag dul a chodladh nuair ba mhaith leis é.
Cathain a bhead im fhear? cathain a bhead saor 6 smacht an
mháistir a chim an gleann anuas?
Lena linn sin tagann Tomas orm. —Beam déanach, ar seisean.
—O ni bheam, arsa mise. Tomas an uair sin go gealghdiritheach.
—An mbíonn aon leisce ort roimis an scoil, a Thomáis? arsa mise
leis. —O mhuise, ar seisean ag cur púic air féin, ma ta gach éinne
comh holc liomsa, ni fheadar cad é an scéal é. —Comh holc leatsa?
arsa mise. Ó a Thomáis, má tánn tusa comh holc liomsa, táim sásta,
mar cheapas ná raibh éinne ar an saol comh holc liom féin.
Seo linn isteach agus shuiomair síos ar an mbinse. I gceann
tamaill, do bheir an máistir ar leabhar. —Sea anois, ar seisean, beidh
tamall againn ar dheachtú. —Ó a thiarcais, arsa Tomás am
phriocadh sa cheathrúin. — Long long ago there was a man living in
the village of Ballyboy. Ní raibh ráite aige ach an méid sin nuair a
chualamair an gheoin lasmuigh. D’fhéachas féin amach tríd an
bhfuinneoig agus is ea chonac an Poncán agus an Ri an Tóchar
anuas agus téadáin agus dolaí go flúirseach acu, triúr agus ceathrar
ina ndiaidh ar saothar agus na fearaistí céanna acu. —Th’anam “on
diucs, a Thomáis, arsa mise, raic eile.
Seo leis an máistir go dtí an doras. D'fhan sé ansan ar feadh
tamaill, agus ansan tagann isteach agus siúlaionn suas go dtí an
mháistreás. —Ta rud eigin iontach titithe amach. ar seisean léi,
téire amach féach cad tá ar siúl. —Th'anam “on diucs, arsa Tomás
i gcogar liom féin, tá an deachtú i leataoibh. I gceann tamaill,
tagann an mháistreás isteach arís agus dath bán uirthi. —Cad ta
titithe amach? arsa an máistir, agus cluas le héisteacht orainn fein.
—-Ta, ar sise, long mhór ata curtha sios thiar sa Leaca Dhubhach. Do
leath a dhá shúil ar an máistir. —Tabhair aire don scoil go fóill,
ar seisean, nó go dtiocfad thar n-ais. —Féach anois, arsa Tomás,
go bhfuil an lá fén dtor againn.
Bhí a fhios againn go léir anois cad a bhí ar siúl agus deabhadh
an anma orainn lena dó dhéag. Do bhí gleo an domhain ar siúl
againn agus gan aon chuimhneamh againn ar an ndeachtu, mar ni
raibh aon eagla roim an máistreás orainn. Bhíodh si féin isteach is
amach i gcónaí, riamh agus choiche nó gur tháinig a dó dhéag, agus
as go brách linn ins na cosa in airde go scopuil.
A Rí mhór na bhfeart, dob iontach an radharc a bhi le feiscint
uait síos ins an am san—soithí, baraillí plúir, boscaí móra dubha,
boscai móra bána, boscaí móra bagúin; ach ní raibh aon duine
beo le feiscint ná fiú aon naomhóg amháin ar aon stáitse. —-Th’anam
"on diucs, a Thomáis, téanam siar ar Speir Chuas na Rón, mar is
ann atá an baile go léir. Seo linn agus gach pocléim againn le
meidhir.
Ag déanamh siar ar an nGleann Mór dúinn, cé bhuailfeadh linn
ach Máire Aindriú agus trí cinn do bhoscaí páipéir aici. —Ó
cnaiosc, tá sé caillte agaibh, ar sise agus scéan ina súilibh. —Cad tá
ann, a Mháire? arsa mise. —O tá, a chroi, ar sise, long mhór ata
buailte thiar ar Charraig an Lóchair, agus tá an fharraige lán suas
do gach saghas ollmhaitheas, fiú amháin na chocolates, ar sise ag
oscailt amach ceann do sna boscaí agus ag tabhairt cúig cinn don
nduine againn. Nuair a chonaiceamair na chocolates, seo linn fiain
plan gan fiú amháin go raibh maith agat a rá le Máire. Bhíomair ar
nós an éin an bóthar siar nó gur chuamair síos isteach ar Thráigh
Ghearaí.
Ba mhór an dul trí chéile a bhí ansan romhainn: gach saghas
déantúis bhosca ar gach dath, baraillí, comhrai—ní raibh leath-
throigh don ngrean ná go raibh clúdaithe le raic. —Ó a thiarcais,
arsa Tomás ag caitheamh a chaipín ins an aer, táimid saibhir go deo.
Nuair a bhuaileas cos ar an ngrean, cad a chifinn ar thaobh mo
láimhe cléithe ach Micil Shéamais, ceann bainte as baraille aige
agus é féin sáite síos go dtína leath ann, Diarmaid Ó Sé ina sheasamh
In aice leis agus dríob go cluasa air ag an ndeoch a bhí sa bharaille,
pé deoch ar domhan a bhí istigh ann. —Cad tá sa bharaille, a
Dhiarmaid? arsa mise. Lena linn sin, tógann Micil Shéamais a
cheann amach as agus an dríob chéanna air. —Anois an t-am
agaibh, arsa Diarmaid linn féin, chun bhur gcaolán do shéideadh
amach. —-Cad é, a Dhiarmaid? arsa mise. —-Cod-liver oil, ar seisean.
Chuireas mo cheann os cionn an bharaille. —Och, ná bi ag
bolathaíl air, arsa Diarmaid, ach ól siar é, agus cuirfidh sé smior id
chnamha, rud na fuil iontu. Thugas fe agus thogas lan mo bhéil
dó, ach dar go deimhin, dá bhfaighinn mile punt, ná féadfainn é
scaoileadh siar, bhí blas comh gránna san air, agus dá bhrí sin
chaitheas amach é: —Och, th’anam “on riabhach, arsa mise, conas
a dh'ólann sibh é? Lena linn sin, do chuala scréach ó Thomás.
—-Fh'anam “on diucs, a Mhuiris, féach soir ar na chocolates go
léir ag an Rí.
Seo linn gan an tarna focal do ra. Bhi comhra mhór oscailte aige
agus boscaí dearga istigh ann agus é á dtégaint amach ar an ngrean.
-——Seo anois, a bhuachaillí, má ta fiacla maithe agaibh! agus do
shín sé bosca do gach duine againn. Do ghabhamair buíochas leis
an Rí agus seo linn soir t measc na gcloch. Shuíomair síos ar ár
sástacht gan focal cainte as éinne againn ach ag cogaint go dicheall-
ach, agus deirim leat nach fada go bhfuaireamair blas an seachtú
crosán orthu, mar do bhíodar an-láidir. —Th'anam “on diucs, a
Thomais, nach maith a dheineamair agus teacht. —Th'anam ‘on
diucs, is fíor duit é.
Bhí fothram agus fuarmáil anois ó cheann ceann na trá; mar fé
mar a thagadh an naomhóg isteach i gcónaí, bhí gach éinne ag obair
go cruaidh ag iompú baraillí agus comhraí suas ar an mbarra
taoide. Bhiomair lár na trá siar nuair cé bheadh ag iompú baraille
aníos ach Peig Mhór agus Máire Mháire Eoin. Bhí an-obair ag an
mbeirt á fháil ón mbaraille, agus an riabhach dúinn ná gur thug
cabhair dóibh. —Mhuise, mo chroí go dec sibh, arsa Peig, is maith
i an óige, agus fé mar a dúirt an dreoilín fadó, nuair a tharraig sé an
phiast as an sioc ... —Cad dúirt sé, a Pheig? arsa mise. —Á, ar
seisean, is brea é an neart, agus is é an sceal céanna ag beirt againn
€. Bhiomair ag iompú an bharaille suas linn i gcónai agus gairi an
domhain againn á dhéanamh fé Pheig agus a cuid ráiméise, mar
réadóir mór is ea i. Is gearr gur bhuail cloch mhór linn. —Mo
ghrása Dia, arsa Peig, dá mbeadh sé inár gcumas é chur thar an
gcloch san, do bheimís ar muin na muice. Guala ar ghuala, a
chairde, ar sise ag baint searradh as a slinneánaibh agus ag déanamh
fé isteach. D'imríomair ár neart in aonacht air agus do chuireamair
do dhroim na cloiche é. Ní raibh a fhios againn fós cad a bhí istigh
ann; ach más ea, ní fada a bhíomair mar sin, óir nuair a thit an
baraille ar an dtaobh eile síos don gcloich, do phléasc na fonsaí
agus do thit an baraille as a chéile. Lena linn sin, cad a scéithigh
amach ach úlla breátha dearga, gach hop acu ar nós liathróidí, agus
seo leo ar fuaid na trá.
—Och, arsa Peig, tá an scéal ina phraisigh. Seo léi, i féin agus
Maire Mháire Eoin, á mbailiú aris: ach más ea, ní raibh bean na
páiste ná go raibh sa sciobadh anois. Sin é an áit go raibh an gleo—
Peig thoir agus Máire thiar agus gach diabhal! agus deamhan acu
á chaitheamh ligint do sna húlla; ach dar fia, nuair a bhíodar réidh
leo, gurbh fhuiriste a raibh bailithe ag an mbeirt do chomhaireamh.
Agus comh fada liom féin agus le Tomas, deirim leat na rabhamair
siar ar an seilg in aon chor, agus an méid a bhí bailithe againn, do
chuireamair i bhfolach sa cheann toir don dtráigh iad.
Ar ár slí anoir arís dúinn, do thugamair fé ndeara beirt fhear
thuas i bPoll Shiobhán de Lóndra agus rud éigin acu á dhéanamh
fé cheilt. Seo linn suas. Ni fheacadar fós sinn. Cad a chifimis ach
bosca deas suaithinseach ná raibh a leithéid sa tráigh agus é lan do
uaireadóirí. —O a Thiarna, arsa Tomás, féach na huaireadoiri: Do
chualadar uaidh é sin agus do chlúdaigh an bosca go tapaidh. — Fág
an áit sin, arsa Peats Léan ag rith “ar ndiaidh chun an teitheadh do
chur orainn. Seo linn. I gceann tamaill stadamair. —Hucs! arsa
Tomás, tá a fhios againn cad tá agaibh. —Fág mo radharc, arsa
Peats Léan go bagarthach ag breith ar chloich. —Hucs, hucs!
arsa sinne in aonacht ag imeacht linn an tráigh siar.
B'é deireadh agus críoch na mbeart é go rabhamair tuirseach ó
bheith ag féachaint ar an raic go léir —Th’anam “on diucs, a
'Thomáis, cad mar gheall ar dhul ag féachaint ar an long? —Ó a
thiarcais, ar seisean, tá an ceart agat. Amach linn, agus nuair a
thánamair go dtí béal na sli, do bhí Seán Liam agus beirt eile ansan
romhainn agus bosca mór acu á oscailt. —Fan go bhfeicfeam cad
tá sa bhosca so, arsa mise le Tomás. Ní fada a bhíodar leis nuair a
bhi an ceann bainte acu as le tuaigh, agus do bhi se istigh ann rolla
mór casta ar a chéile ar nós gloine, --Dar fia, arsa Seán Liam, go
bhfuilimíd comh dall agus a bhíomair riamh. —Fan go foill, arsa
Muiris Pheats ag tarrac bosca maitseanna amach as a phóca.
Tugann maits don stuif a bhí sa bhosca. Comh luath agus a
bhuail an maits air do thóg se tine go tapaidh, do rith an lasair
tríd agus glór uafásach aige á dhéanamh. —O, dar cnaíosc, arsa
Seán Liam, druidíg siar amach uaidh, mar déanfaidh sé díobháil.
—Mo ghrása Dia, arsa Peig Mhór, ta an diabhal déanta agus an
baile beag dóite.
Do theitheamair go léir isteach i bPoll Shiobhán de Lóndra agus
d'fhanamair ansan faid gach n'fhaid go gcloisfimís an phléasc a
dhéanfadh sé, ach dar fia níor dhein. D'éiríomair amach arís, agus
más ea ba mhór go léir an leathadh a baineadh as ár súile. Do bhi
an lasair an uair sin ag dul in airde sa spéir agus fothram thar barr
aici. —Go dtuga Dia grásta na foighne dhúinn, arsa Peig, ní raibh
aon choinne agam ná go gcuirfeadh sé an tráigh agus a raibh ann
ina mionrabh in airde sa spéir.
Lena linn sin, cé bhuailfeadh an tslí anuas ach an máistir agus
saothar an domhain air, mar fear mór beathaithe dob ea é. —Cada
dhóigh an bosca? ar seisean. —Mhuise, a mháistir, arsa Seán Liam,
gur tórmach mór a theacht ina mharbhlao é, agus ná raibh aon
choinne agam ná go bpléascfadh sé. —Cad a bhí ann? arsa an
máistir. —An riabhach a bhfeadar cad a bhí ann, a mháistir. Bhíos
féin agus Tomás an uair sin ag féachaint ar an ngríosach a bhí i
ndiaidh an dóiteáin, agus do thugas fé ndeara blúire dhó gan dó
fós. Do shíneas go dtí an máistir é. —Hó hó, ar seisean ag breithniú
air, is mór an trua go deo é bheith dóite, mar gelatine a bhi
ann, stuif an-dhaor ar fad.
—Och, Dia linn, arsa Sean Liam ag tochas a chinn. nach mor an
ball airgid ata dóite againn. —Mo ghrasa Dia, arsa Peig ag sineadh
a dha láimh uaithi amach, an méid atá agamsa le rá, agus ni dóigh
liom gur féidir aon bhrabúch a dh'fháil air, is é sin, dá mbeadh a
fhios ag na fearaibh cad é cúram gach ruda, cad air gur maith é,
agus cad é a luach, ná beadh éinne bocht ar a gcine ar feadh seacht
nglún.
Seo liom féin agus le Tomás an bóithrín suas. Nuair a thánamair
lastuas don Leaca Dhubhach, dob uafásach an radharc a bhí os
comhair ár súl, gan faic le feiscint againn ach raic, raic—gan aon
aifeis, do shiúlófa ó Speir Chuas na Rón amach trasna na bá agus
do thiocfá i dtalamh in Inis Tuaisceart gan cos leat do fhliuchadh, do
bhí a oiread san do bhéilí cadáis, do bhoscaí agus do chomhraí
agus do ghleothálacha ar an bhfarraige. —Ó a thiarcais, arsa Tomás,
conas a thug aon long léithi an méid sin ar fad? — Dar fia, a Thomáis,
arsa mise, ní féidir léamh air mar scéal,
Is gearr anois go rabhamair ar radharc Charraig an Lóchair, mar
a raibh an long buailte. Bhí a dhá crann in airde os cionn an uisce
agus a simné comh maith. —Nil aon bhaol ná go bhfuil sí mór go
maith, arsa mise le Tomas, mar feach an bha farraige atá idir an dá
chrann. Bhí seanmhná an bhaile anois ina suí ar a gcorrghiob ag
féachaint uathu amach: naomhóg ag teacht go dtí an caladh le
ládáil do gach aon tsaghas agus naomhóg eile ag imeacht tar éis a
ládáil féin a bheith curtha isteach aici; macalla ins na cuaiseanna
ag fuaim láidir na mbuillí a bhí á bhaint amach as na comhraí ar
bharra na farraige, mar ni raibh naomhóg gan tuaigh inti. agus aon
chomhra mhór nárbh fhéidir leo a thógaint isteach, ní raibh acu le
déanamh ach an ceann do bhriseadh leis an dtuaigh, agus mura
dtaithneodh an stuif leo, é scaoileadh uathu; fuaim na mbuillí
sin ag imeacht trí gach cuas agus scoilt, agus an rón a chuireadh a
cheann anios chun a dhóthain aeir a thógaint, ni bhiodh ach a
chaincin anios aige nuair a chloiseadh se fuaim na mbuilli, agus sios
leis aris go faitiosach.
I gceann tamaill eile, do chonaiceamair naomhóg bun Rinn an
Tobair aniar agus bad ina diaidh go raibh beirt mhairnéalach inti
leis an long a bhí buailte, dar ndóigh. Do chuireamair go léir dínn
ins na cosa in airde fé dhéin an chaladh. Seo aniar an naomhóg
agus an bád ina diaidh, agus tógadh amach ar an slip iad. Do labhair
an Rí leo agus do fhreagair duine acu é. Thugas féin stracfhéachaint
isteach sa bhád, agus cad a chífinn ach fear eile, é sínte ar a bhéal
agus ar a fhiacla agus gan aon chor as. —Ó a thiarcais, a Thomáis,
féach an mairnéalach marbh atá istigh sa bhád. D'fhéach Tomás
isteach inti agus tháinig dhá mhogall shúl dó. —Ó, th'anam ’on
diucs, ar seisean, tá sé marbh. Lena linn sin, do chuaigh Tomas
Ó Cearna agus Sean Thomáis isteach inti agus do thógadar amach é.
Bhi an t-anam fós ann ach amháin nárbh fhéidir leis seasamh.
Thoégadar suas le cabhair a chéile é go dtí tigh Mhicil Neil.
—-Féachann an scéal, arsa an Rí leis an mairnéalach a bhí ina
sheasamh taobh Jeis, go bhfuil an fear thuas an-lag. —O tá, arsa an
mairnéalach. —Conas a tharlaigh don long dul ansan isteach aréir?
arsa an Rí arís. —Do tharlaigh, arsa an mairnéalach, is mise an
captaen agus is é seo an máta agus mairnéalach is ea an fear thuas.
D'fhágamair Nua-Eabhrach le teacht go Lundain agus gach saghas
ar bord againn. Ar ár slí aniar dúinn, do fuaireamair tuairisc go
raibh long fá thoinn ar an líne romhainn agus faire amach a bheith
againn. —Tuigim go maith thú, arsa an Ri ag cur crothadh ina
cheann.
-—Níor dheineas féin ansan, arsa an captaen, ach an line d'athrú
agus imeacht soir ó thuaidh. Do tharlaigh ansan gur thit an ceo,
agus dá bhrí sin ní raibh a fhios agam cad é an pointe don gcruinne
go rabhas, agus do bhíos dall amach. —Ni nach ionadh san, arsa an
Ri agus cuireann crothadh eile ina cheann. —Is e rud a dheineas
ansan, arsa an captaen, an long do dhíriú siar ó dheas, agus an
riabhach di ná gur bhuail ansan isteach; agus an dóigh leat, leathuair
a chloig sarar bhuail si, ná gur scríob sí do charraig éigin. —An fial
mé go gcreidfinn ansan tú, arsa an Ri, mar ni fhéadfa gan Carraig
an Eireabaill do bhualadh ar an dtreo gur ghabhais.
—Timpeall a trí a chlog ar maidin is ea bhuail sí, arsa an captaen,
agus do thugas ordú dom chuid fear na báid do chur ar snámh
agus bheith istigh iontu. Tháinig gach duine saor aisti, ar seisean,
trí báid ar fad a bhí ann, agus ní fheadar “on domhan cár ghaibh
an dá cheann eile. —Ó, ambriathar féin go bhfuil siad san beo,
arsa an Rí, mar do chonacthas trí Bhá an Dainein soir inniu iad.
-—Ó, tá san go han-mhaith mar sin, arsa an captaen ag cuimilt a
dhá bhois ar a chéile. Do cheapas ansan, ar seisean, gurbh fhéidir
dul ar an dtalamh mar ar bhuail an long. Agus an mairnéalach atá
imithe suas, dúirt sé liom téadán do chur trasna ar a chom féin agus
go mbeadh a fhios aige cad é an sórt an talamh a bhí ann. Fuaireas
an téadán agus chuireamair trasna ar a chom é, agus amach leis "on
pholl. —Ó, a Thiarna, arsa an Rí, is dócha go raibh sé an-dhorcha
ins an am san. —Ní chífeá méar a chur it shúil, arsa an captaen.
— Well well, arsa an Rí agus dúnann a shúile ins an am chéanna ag
déanamh trua dhóibh.
—Sea, arsa an captaen, do shnámhaigh sé isteach ansan, agus
sinne ag coimead na téide. Bhí sé leathuair a chloig go maith san
uisce, agus más ea níorbh fhéidir leis dul i dtalamh in aon áit, agus
ina theannta san do bhí an-shlotharam tarraic ar na clocha.
Dheineamair amach ansan gur thalamh éigin iargúlta é ná raibh
éinne beo ina chónaí ann. Ach ambriathar, ar seisean ag féachaint
ina thimpeall, go bhfuileann sibh ann—daoine breátha dea-
ghnúistineach go maith, tuisceanach múinte béasach fáilteach
flaithiúil. —An fial mé, arsa an Rí, go bhfuilimíd an-bhuíoch duit as
ucht do mholadh; ach geallaim duit, ó thosnaigh an cogadh, gur
mó duine sábhálta ón bhfarraige anso againn, agus comh fada le
friotháladh maith a dhéanamh orthu, do fuaireadar a raibh againn
le tabhairt dóibh. Is dócha, arsa an Rí arís, go bhfuileann sibh fuar
fliuch ansan—téanaig oraibh suas fén mbaile.
Nuair a bhí na mairnéalaigh timpeall agus trí huaire chloig ar
an mbaile agus iad déanta suas go glan córach, d'fhágadar slán ag
muintir an Oileáin agus tugadh amach go Dún Chaoin iad.
Ba mhór an fhlúirse agus an fhairsinge bhí ins an Bhlascaod anois,
gach uile shórt bidh, éadach ó bhonn baitheas, agus gan fear bean
leanbh ná páiste ná go raibh uaireadóir ina phóca aige; gan pingin
airgid ag imeacht ach é ag teacht isteach leis an dtaoide i gcónaí,
gach rud a dh'iarrfadh do bhéal ach amháin an siúicre—do leagh-
aidh sé sin go tapaidh nuair a fuair sé an t-uisce.
Seachtain ina dhiaidh sin, do tháinig stoirm mhór aniar
'duaidh go raibh gach banc ag briseadh agus ag réabadh,
tarrac ag dul ar an bhfear glas, glór uafasach ag na tonnta ag
briseadh isteach ar an dtráigh, madrai uisce ag feadail san oíche
do dheascaibh na scríbe mar is gnách; fuaim ag caimfheothan
gaoithe i measc na bpóirsí, agus ba dhóigh leat gach am go sciobfadh
sí an ceann don dtigh. Bhí súil gach duine in airde anois, mar ná
feadair éinne cad d'éireodh as an long dá mbrisfeadh an stoirm i.
Dá bhrí sin, ní mór an codladh a bhí á dhéanamh acu ach ag faire
ar na tránna agus ar na cuaiseanna agus ag imeacht suas chun
an chnoic ag breithniú ar an long.
Maidean Luain do bhí ann. Bhíos féin agus Tomás ag caint le
chéile ag bun an bhóithrín, gan aon chuimhneamh ar aon scoil
anois againn ach ar an raic agus ar na cladaí. —Cad mar gheall ar
dhul siar go Tráigh Ghearai, arsa mise leis, feach an bhfaighimis
aon raic caite isteach ann? —Th’anam “on diucs, téanam, arsa
Tomás go fonnmhar. Seo linn an bóthar siar go mear, ardscríob
ins an am san ann agus feadaíl aici trasna Mám na Leacan aniar.
Nuair a shroicheamair an Duimhe, do chaitheamair greim do
bhreith isteach ar a chéile, mar bhí an gála an-láidir ar fad. Seo linn
síos go dtí an tráigh.
Is ansan a bhí an fothram uafásach, an slothram agus an suathadh.
Do bhriseadh tonn mhór éachtach isteach, réabadh sí léithi aníos an
grean, agus nuair a bhíodh sí ag scuabadh léithi amach arís, do
bhíodh clocha agus grean aici á chur tharna cheile, agus chaithimis
ár méara a chur inár gcluasa leis an bhfothram a bhi ann aici. —O
a thiarcais, a Thomais, na téimis sios in aon chor—do bhafai sinn.
—Ta an ceart agat, ar seisean agus cuma eaglach air.
Chasamair suas aris. —An bhfuil a fhios agat ca ragham? arsa
Tomas, siar ar Speir Chuas na Rón ag féachaint ar an raic sa Leaca
Dhubhach. Seo linn an Duimhe suas, fuaim agus fothram ag an
ngaoith trasna na Speire aduaidh, greim an duine bhaite againn
ar a chéile, agus ó am go ham do leagadh feothan gaoithe beirt
againn ansúd ar an dtalamh. D’éirimis aris, gach re tamall againn
ag dul ar aghaidh agus gach re tamall ag dul ar gcúl, —Is dóigh
liomsa, arsa Tomas, nach aon iontaoibh dul siar ar an Speir.
Ni raibh an focal as a bhéal nuair a clúdaíodh beirt againn le
streanc farraige a ghaibh aniar do dhroim na Speire, agus cuireadh
an braon isteach ó bhonn baitheas orainn. Do baineadh an bonn
dínn agus sinn inár dhá liosta sínte ar an dtalamh ar feadh cúig
nóimintí sarar fhéad éinne againn labhairt. —Ca bhfuileann tú, a
Thomáis? arsa mise in ard mo chinn. —Taimse anso, arsa Tomás
am fhreagairt go hardghlórach. Ansan do chuimlíos bos dom
shúilibh, agus is ea chonac Tomás ag déanamh an rud céanna.
D'éiríos im sheasamh, agus más ea tuigeadh dom go raibh tonna
meáchaint im chorp ag an bhfliuchan. —Éirig, a Thomáis, arsa
mise, sara bhfaighimid an rud céanna aris, nach linne a bhi an
t-ádh nár chuaigh siar, mar is dócha go mbeimis dulta le haill.
Shiúlaíomair linn suas ansan go dtí Speir Dhuinnlé. Bhí scalladh
maith gréine anois ann, agus dá bhrí sin do chaitheamair dínn anuas
go dtí an gcraiceann, beirt againn suite ansan agus sinn “ar dhá
ngealt ag fáscadh an uisce as ár gcuid éadaigh. Leathnaiomair
amach fén ngréin iad agus thugamair leathuair a chloig go maith
dhóibh ar an gcuma san. Bhí ár bhfiacla ag cnagarnaigh ar a chéile
leis an bhfuacht. ——Dar fia, arsa Tomás, gur dócha go bhfaighimid
eitinn as so. —Ni haon iontaoibh é, arsa mise. I gceann tamaill, do
chuireamair orainn aris. —Ta smut maith don uisce tráite 6 shin,
arsa Tomás, nar mhaith an rud tabhairt fén dtráigh aris? —An-
cheart, arsa mise.
Seo linn siar síos isteach ar an dtráigh, mé'féin sa cheann toir
agus Tomás sa cheann tiar. Is gearr ins an chuardach dom go
bhfuaireas píosa breá do leathar dubh; agus más ea, ní raibh sé
ach priocaithe don ngrean agam, agus mé ag gliúcaiocht air, nuair
a chuala Tomás ag glaoch orm. D'fhéachas siar, agus is ea bhí sé
ansan ina sheasamh ar chloich, an t-uisce ina thimpeall agus rud
éigin dearg aige 4 chrothadh san aer. Seo liom siar, agus cad a
bheadh aige ina laimh ach piosa brea do leathar dearg. —Th’anam
‘on riabhach, conas a thiocfair isteach don gcloich sin, a Thomais?
arsa mise. —O, tiocfad, a bhuachaill, ar seisean go gealgháiritheach
ag léimeadh amach ins an uisce agus ag dul sios go dtina chroman.
—Och, an riabhach, a Thomáis, arsa mise, tánn tu go léir fliuch.
—Nach cuma liomsa, arsa Tomás, na fuil píosa brea do leathar
dearg agam? —Ná fuil píosa dubh agamsa? arsa mise, agus táim
tirim.
Bhí sé a cuig a chlog nuair a thugamair ár n-aghaidh soir fén
mbaile, agus stracadh maith ocrais orainn. Más ea, do bhí boladh
na feola le fáil go breá againn agus fuaim aici ag róstadh ins gach
tigh. Nuair a bhuaileas isteach im thigh féin, d'fhéachas ar an urlár,
agus cad a bheadh ach e lan do leathar, streillini, agus dromai móra
bo. —A Ri na bhfeart, ca bhfuairis an leathar? arsa mise lem athair
a bhí ag ithe romham ag an mbord. —Ó, ná fuil na cladaí go léir
lastuaidh lán dó”? ar seisean. —Féach an píosa a fuaireas féin ar an
dtráigh, arsa mise. —Ó tá, ar seisean ag breith air ins an am chéanna,
nach mór an obair ná raibh a thuilleadh ann dó. —Is dócha go bhfuil,
leis, arsa mise, dá mbeadh tráigh mhór ann.
Bhí gach fear agus bean anois ag féachaint amach don dtráigh
rabharta, iad ag imeacht le giolc an ghealbhain ins gach poll cuas
faill tráigh agus scoilt agus ag teacht abhaile tráthnóna le beartáin
mhóra leathair, casóga fearthainne, léinteacha breátha, ceirteacha do
gach saghas, agus caipíní go leor. Níl aon am anois go bhféachfá
uait idir tú agus Mám na Leacan, nó barra an bhóthair, nó an
bóthar siar, ná go bhfeicfeá fear éigin ag déanamh ort agus beart
thiar ar a dhrom. D'imigh seachtain agus mí thart agus gan mé ag
dul ar scoil ná fiú amháin cuimhneamh uirthi, agus fé mar a deir
an seanrá, an rud a théann i bhfaid, téann sé i bhfuaire, agus b'é
an scéal céanna agamsa é leis an scoil. B'é deireadh last na loinge
anois é agus gan faic le fáil ar bharra na farraige, ach gach duine ag
tabhairt fé sna cladaí agus fé sna tránna ag bailiú an éadaigh agus
an leathair. Bhíos-sa agus Tomás rólag agus ró-óg chun dul ins na
cladaí lastuaidh, ach ambriathar más ea ná rabhamair siar ar an
seilg ar a shon ná raibh á chuardach againn ach Cuas Dall, Cuas an
Bháid agus Tráigh Ghearaí.
Mar a dart cheana, do bhi an scoil ligithe ar lar agam le tamall,
agus mas ea b'é an raic fé ndeara é. Bhíos ag fas suas anois gan cíos
cás na cathú orm. Ni raibh ceachtanna sa bhaile gach oíche ag cur
tinnis orm na ni bhiodh faitios orm istoiche Dé Domhnaigh ag
brath le maidean an Luain. Bhíos imithe ó dhaorsmacht an mháistir.
I mí na Bealtaine 1919 tagann m'athair chugham. —Ni fheadar
“on domhan, a Mhuiris, ar seisean, an mbeadh aon leisce ort biaiste
gliomach a dhéanamh i mbliana? —Th'anam “on diucs, ní bheidh,
arsa mise agus scóp ceart orm. Do dhein sé gáire, gáire a tuigeadh
dom go ndúirt sé istigh ina chroí, Ambriathar féin, a bhuachaill,
ach go mbeidh sé fós ort.
Is orm a bhí an riméad anois, mé im fhear déanta agus bheith ag
iascach gliomach in aonacht lem athair. B'fhada liom uaim an
Meitheamh chun a bheith amuigh ar bharra na farraige. Is gearr
ina dhiaidh sin gur thosnaiomair ar bheith ag deanamh na bpotai,
sinn striopalta go dti an leine ag obair orthu amuigh ar an mbuaile,
agus m'athair crionna suite ar an bhféar glas ag cur barra ar na
miothain.
—Is dócha, a dhaideo, arsa mise, gur mó lá ó dheinis an chéad
phota. —Well, arsa m'athair críonna, ta suas le daichead blian go
maith anois ann. —An b'shin uile? arsa mise go hiontaiseach.
—Sin uile mhuise ambriathar, ar seisean, mar ná raibh an t-eolas
againn orthu roimis sin. —An mar sin é? arsa mise, agus conas a
fuaireabhair an t-eolas? —Neosadsa san anois duit, ar seisean ag
caitheamh uaidh an miothán go raibh barra curtha aige air.
— Sasanaigh a tháinig go Beiginis an chéad uair, ar seisean ag
breithniú uaidh amach ar Bheiginis ins an am chéanna, agus bád
mór acu, agus d'fhanadar ann ó cheann ceann na seachtaine ag
iascach. Sin e an fáth go bhfuil an seanfhothrach le feiscint fós
ann. Aon lá amháin, a Mhuiris, agus sinn ag dul amach go dti
an Aifreann, mé féin agus Seán Fada agus an Rí, agus sinn ag
ramhaíocht taobh Beiginis ó thuaidh ar ár suaimhneas, do chuaigh
mo mhaide féin in achrann i dtéadán. Dhera, tarraig isteach é, arsa
Seán, go bhfeicfeam cad is bun agus barr leis,
—Seo liom á tharrac isteach, agus ambaiste ar gach aon fhea dhó
do bhí corc. B'ait liom é sin, agus is gearr gur bhaindeálas meáchaint
mhór éigin air. Bhíos ag tarrac liom agus ag tarrac liom nó go raibh
sé an-ghairid don ngunnail agam, agus cad a bheadh ann ach pota
agus piardóg mhór dhearg thíos ann, cé ná raibh a fhios againne fós
cad é an sórt breac an phiardóg. Mo chroi ón riabhach, arsa
Sean Fada, gurb é an diabhal féin atá ann—caith i bhfarraige é go
tapaidh. Ná caith, arsa an Rí, ach tabharfaimíd isteach go dtí
x
muintir Shasana é, mar is dócha gurb é sin an t-iasc atá acu á
mharú, pén sort é.
—Sea, ní ansan a bhí an obair ach ag iarraidh é thógaint aníos
as an bpota, mar nuair a chuirinn síos mo lámh chun breith air, do
thugadh an phiardog leim agus gach cleatar aici thios ann. Do chuir
Sean glam eile as: Th’anam “on riabhach, caith amach e idir phota
agus uile, mar is é an buachaill atá ann. Ná caith, arsa an Rí. mar ba
mhór an peaca é sin do dhéanamh.
— Sea, do bhíos léithi riamh agus choíche nó gur thugas aníos i,
agus is anois a bhí an chleataráil aici ag imeacht i leith a heireabaill
ar fuaid na naomhóige. Seo léithi amach fé chosa Shcáin. Do chuir
Sean glam eile as: Mo chroí agus mo chorp ón ndiabhal, ar seisean,
go ndéanfaidh sí siúd obair, agus do léim sé ón dtochta ins an am
chéanna. Tóg bog é, arsa an Rí, ní foláir nó ní mharóidh sí thú.
Ar mh'anam féin mhuise, arsa Seán, na feadrais cad a dhéanfaidh
si siúd, mar tá fuadar an diabhail fúithi——ná feiceann sibh na
spiocai agus na hadharca go léir ata uirthi? Tóg go réidh e. arsa an
Rí arís, go rámhóm isteach go Beiginis, agus beidh a thios againn
ansan cad é an sort é.
—Seo linn isteach, agus más ea do bhí beirt do sna Sasanaigh
romhainn ar an ngrean. Bheannaíodar dúinn agus bheannaíomair
aóibh, Gaelainn bhreá bhlasta ag fear acu fé mar a bhi againn féin.
Dhera, cá bhfuaireabhair an phiardóg? ar seisean. Dar fia, arsa
Sean Fada a fhreagairt, gurb shin ainm nár chualamair riamh. a
dhuine mhuinteartha, D'insíomair dóibh conas mar a fuaireamair
i agus an t-iontas a bhí againn á dhéanamh do sna potaí. Ansan do
thug an bheirt suas go dtí an tigh sinn, agus más ea do chaitheamair
an lá ina dteannta riamh agus choíche nó gur insiodar dúinn conas
na potaí do dhéanamh, agus riamh ó shin tá muintir an Oileáin ag
iascach gliomach. —Dar fia, a dhaideo, arsa mise, nár chuala riamh
é sin uait. —Ó, sin é mar tharlaigh, ar seisean, ag breith ar mhiothán
eile.
‘Mi an Mheithimh ina dhiaidh sin, bhí sé an-bhreá ar fad. Do
chuirfeadh sé gliondar ar do chroí féachaint uait ar an bhfarraige,
an fiach dubh stadaithe ar chloich agus a sciatháin ar leathadh aige,
an circin trá agus an rilleog ag sealgaireacht dóibh féin i measc na
gcloch, an caobach agus an faoileán ag priocadh na mbairneach,
an bairneach féin ag bogadh a ghreama agus an miongán mar an
gcéanna, an portán agus an donán ag teacht amach as a dhaighe
féin le ciúnas na mara chun an t-aer aoibhinn cumhra do shlogadh,
agus dá bhri sin niorbh aon ionadh don bpeacach suáilceas aigne
do bheith air ag siúl an bhóthair.
Nuair a bhi na potaí déanta againn gan cháim, do thugamair ár
n-aghaidh siar fé Inis na Bró, mé féin m'athair agus m'uncail. Ba
mhór an t-athrú saoil domsa é, ni nach ionadh, seilg fir agam á
dhéanamh anois. Chuireamair pota amach ins gach scoilt lastuaidh
siar do Inis na Bró. Áit fhiain iargúlta go maith, faillte móra
diamhaire os mo chionn, na céadta agus na mílte éanlaithe ag
neadú iontu—an forcha, an fuipin, an crosán, faoilean na droma
duibhe, an chánóg, an guardal, an fiach mara, agus iad go léir
neadaithe le chéile ins na faillteacha fiaine: róinte ina gcúplaí anso
is ansúd á ngrianú féin in airde ar na clocha, a scréach féin ag gach
éan agus a liú féin ag na róinte, an plána ar an bhfarraige le linseach
ach amháin na cuilithíní beaga a bhíodh ag imeacht leo isteach agus
glug-glag acu suas trí sna scoilteacha. Mé féin suite i lár na naomh-
óige ag tabhairt gach ní fé ndeara agus m'aigne comh sásta an uair
sin le haon mhac máthar, Anois is arís do chínn éan dearg ag teacht
chugham isteach ón muir agus beart salán ina ghob aige, agus dá
bhrí sin do rith smaoineamh isteach ar m'aigne ar nádúir na n-éan,
gur mhór an chiall a bhí acu agus bheith ag soláthar do sna gearr-
caigh: agus bhios ag siormhachnamh mar sin cad e an difriocht a
bhí idir nádúir an duine, nádúir an éin, agus nádúir an roin—sinne
ansan ag iascach gliomach chun sinn féin do bheathú, an t-éan
dearg ag soláthar don ngearrcach, agus an rón sínte in airde ar an
gcloich tar éis obair chruaidh do dhéanamh—agus dúrt liom féin
sa deireadh gurbh ait é toisc an tsaoil.
Nuair a bhi deireadh na bpotaí curtha i bhfarraige againn, do
chuamair in airde san oileán. Ba mhór an t-aoibhneas ach bheith
in airde inti, na clocha i riocht pléascadh le teas, rabháin ar gach
orlach don dtalamh agus bláthanna geala ag fás ar gach rabhán,
mé féin suite ar cheann acu agus éanlaithe ina gcéadta ina stad
orthu im thimpeall, a lán eile acu ag eiteallaigh san aer agus cleatarail
an domhain acu ag teacht isteach ón muir, ceo brothaill ag imeacht
do dhroim gach sléibhe agus in íochtar gach faille, bóthar ar dhath
an óir ar m'aghaidh amach idir mé agus Ceann Bré, agus gach
cuilithín ag spréacharnaigh le taithneamh na gréine.
D'éiríos im sheasamh agus do dhearcas im thimpeall. Ní raibh
m'athair ná m'uncail le feiscint agam. Thugas m'aghaidh ó thuaidh
díreach tríd an gClais Bháin. Bhí coiníní ina gcéadta ag teitheadh
uaim ar gach taobh. Leanas ó thuaidh nó gur thána go dtí barra
Chladach na Mairnéalach, mar a bhfuil na céadta troigh ar aoirde.
Bhí eanlaithe le feiscint agam neadaithe isteach sa bhfaill dubh.
a thuilleadh acu ag teacht isteach orm ón muir sa tslí gur cheapas
gur ag déanamh clis orm a bhíodar, mar do dheinidís isteach orm
lom díreach corp ar aghaidh, ní mór ná go scriobaidis a sciatháin
diom féin, ansan amach leo ins an scriob chéanna agus an scriob
chéanna isteach arís. D’fhéachas síos ansan ar an gcladach a bhí
faid mo radhairce fém bun, agus is ea thugas fé ndeara na róinte
sínte in airde ar gach scairbh. Thugas tamall deas ansan ag breithniú
uaim agus ag éisteacht le glór na n-éan, liú na róinte, agus fuaim na
dtonn, agus ansan do thugas m'aghaidh suas arís fé sna Bearna,
an cnocán is aoirde ins an oileán, rabháin bhoga fém chosa agus
radharc fairsing scópúil tharm ó dheas ar Uíbh Ráthach agus ar na
Sceilgí, mar a neadaíonn an gainéad, agus as san soir ar Bhá an
Daingin agus ar Cheann Chiarraí. Bhíos suite ansan ar rabhán breá
bog go rabhas síos go dtí mo leath ann, agus mé ag síorsmaoineamh
agus ag machnamh ar dhéantús an domhain, nuair a chuala an
fhead ghlaice. Thógas mo cheann agus dhearcas timpeall, ach más
ea ní fheaca éinne. Ansan, stracfhéachaint a thugas faid mo radhairce
sios fé dhein na hinneonach, mar a raibh an naomhóg ródálta
againn, do chonac m'athair ina sheasamh, a chaipín ina láimh aige
agus é ag sméideadh orm. D'éiríos. Dar fia, arsa mise, tá siad ag
imeacht ag tarrac na bpotaí.
Seo liom le fánaidh an chnoic síos agus gach pocléim agam ó
rabhán go rabhán. Leath slí síos, do baineadh geit asam, mar do
chuala an screach nimhe fem chosaibh. D’fheachas, agus cad a
bheadh ach mé léimithe sa drom ar choinín a bhí suite ar a chorr-
ghiob idir dhá rabhán amuigh i mbéal an phoill. Do bheireas air,
ach más ea do bhí an t-anam séidte agam as, ceann breá saille. Seo
liom aris le fánaidh agus laochas an domhain orm coinin a bheith
agam gan madra gan slat, rud ná déanfadh Cos fé Chrios an lá is
fearr a bhí sé. Stad ná staon níor dheineas nó gur bhaineas amach
an inneoin.
Bhí an bheirt istigh sa naomhóig romham. Seo linn an Bealach
Caol siar; gan corraí tarraic ar na clocha, an chorriasc ina stad ar
m'aghaidh isteach agus a scrogall ina sheasamh in airde díreach
aici, fé mar a bheadh sí ag faire ar bhreac; an circín trá agus an
rilleog in aice léi, agus ba dhóigh leat gur fathach an chorriasc suas
leo; ach ba chuma é, mar is beag an t-eagla a bhí orthu roimpi—
féach gurb iontach é an nádúir. Bhíomair ag tarrac linn anois nó
go raibh an ceann déanach tarraigthe againn, agus más ea, is deas
an taoscán gliomach a bhí againn.
Do bhí mí caite go maith anois agam ar an bhfarraige agus mé
comh sásta le diúc ag teacht abhaile gach tráthnóna agus ag imeacht
gach maidean le giolc an ghealbhain agus brothall ceart ins an
aimsir. Ach aon lá amháin ina dhiaidh sin, go rabhamair ag iascach
mar ba ghnách, do thugas fé ndeara an difríocht a bhí ar an áit an
lá san seachas an mí roimis sin. Ní raibh an radharc breá úd le
feiscint agam, ní raibh an gliondar úd ar mo chroí, ní raibh an t-éan
ag cantaireacht dó féin, ní raibh an rón á ghrianú féin ar an scairbh,
ní raibh an chorriasc, an circín trá ná an rilleog ar bhruach na
farraige ag priocadh na mbairneach, ní raibh an bóithrín ar dhath
an óir le feiscint i mBá an Daingin, ná na cuilithini ag glioscarnaigh
le taithneamh na gréine, ni raibh an brothall ud ag imeacht i gcom
na gcnoc, na an coinín amuigh suite ar a chorrghiob ar an rabhan
agus a chluas cocalta—ni raibh, a léitheoir, mar ni raibh an la fé
dhóibh. Do bhi scríob do ghaoith aneas ann, agus an ait go mbíodh
glug-glag roimis sin ann, is ea bhi fuaim uafásach anois ag na tonnta
a stealladh féin in aghaidh na gcloch, gan scréach éin le cloisint
agus fiú amháin gan é le feiscint ach sáite isteach i bpoll, agus an
coinín comh maith; scamaill mhóra ag imeacht trasna na spéire
agus iad i riocht titeam le meáchaint na báistí; glór ag an ngaoith
á dhéanamh trí sna cuaiseanna, na bláthanna geala úd uaim in
airde á chasadh ar a chéile ag an scríb, agus ní gliondar a bhí ar
mo chroí ach fuacht agus anró.
— Dar fia, arsa m'athair, gur dóigh liom go bhfuil drochfhuadar
fén lá agus go mb’fhearra dhúinn bheith ag baint an tí amach. Seo
linn ag rámhaíocht ar ár lándicheall amach direach go dtí Ceann
Scillit go dtiocfaimis os cionn na gaoithe chun an seol do chur in
airde, Do bhí an craiceann ar fad imithe dom lámha ag an rámh-
aíocht chruaidh chealgánta, ach nuair a shroicheamair Ceann
Scillit, tarraigíodh in airde an seol. Bhíos féin i lár na naomhóige
agus an greim ar an siota agam, gach streall sáile ag teacht isteach
inti, an fharraige aici 4 brú roimpi amach, glór uafásach ag na
tonnta ag briseadh 'ár dtimpeall, bóthar geal do shobal ina diaidh
aniar, feadaíl ag an bpuilin ar bharr an chrainn, an bháisteach ag
titeam go trom ach ná raibh aon bheann againn uirthi, mar do bhí
culaith mhaith ile orainn. A thiarcais, nár mhór an siúl é—nuair a
thagadh an feothan i gcónaí, do luíodh an naomhóg comh mór fé
uisce agus go dtógadh sí streall mór sáile. Is mise ná raibh istigh
liom féin anois—an sáile ag imeacht san aer agus an scríob ag
séideadh riamh agus choíche nó gur thánamair ar an gcaladh; agus
deirim leat, a léitheoir, nach mór an fonn a bhí orm bheith ag cur
síos ar bhreáthacht agus ar gheanúlacht na háite ná ar na héanlaithe
mara dom athair críonna an oíche úd.
— Dar fia, a Mhuirisin, ar seisean, ach go bhfuil an chéad lá do
strácáil an tsaoil beirthe inniu ort. —Is dóigh liom, a dhaideo, arsa
mise, gurb é an t-iascach díg. —Bí go deimhnitheach dó san, a ghrá
dhil, ar seisean.
Is mó ráfla agus caint sheanbhan a bhíonn ag imeacht i rith na
hInide, cois tine, i mbdithrin, i ngort, ar an dtráigh, nó ar mhullach
an chnoic. Do chífeá seanmhná ag bothantaiocht 6 thigh go tigh
ins an am san na cífeá aon am eile don mbliain. Is é mo mhor-
thuairim go n-aontdédh a lan leis an gcaint sin, mar ni gan údar ata
sé ráite agam. Chonac féin iad agus dathacha iontu i rith na bliana,
ach comh deimhnitheach agus tá cros ar an asal, do bhainidis sin
searradh as na seanchnamha san Inid, agus amach leo ó thigh go
tigh ag lorg scéalta, suite ansan cois na tine, seandhúid acu á síneadh
chun a chéile, agus mura mbíodh paidreacha acu, ní lá fós é. Nuair
a bheifeá ag siúl an bhóthair, chífeá beirt triúr acu suite ar a
gcorrghiob anso is ansúd agus gan ar siúl acu ach cleamhnas an
bhuachalla so agus cleamhnas an chailín úd a bheith déanta, agus
cé gur cleamhnaistí bréige iad go léir, ba chuma é—chreidfidis na
leipreacháin, mar cuireann sé suáilceas aigne orthu bheith ag caint
mar sin, is dóigh liom féin.
An riabhach dom féin ná gur bhuail siar go dtí tigh sheanNeil
lá breá Inide. Bhí sí suite sa chúinne romham go haonarach agus a
dúid ina béal aici.
— Dia anso, arsa mise nuair a chuireas mo cheann isteach. —Bail
ó Dhia ort, a ghrá dhil, arsa Neil, suig aníos chun na tine, tá an
lá beagainin fuar. —Ambriathar go bhfuil, a Neil, arsa mise ag suí
sios ar an gcathaoir cois tine a bhí snoite go maith ag an aois.
—Mhuise, an bhfuil aon nuacht ón dtaobh amuigh agat? arsa Neil.
— Níl mhuise, a Neil, arsa mise, mura bhfuil sé agat féin. —Dhé mo
léir agus peacaí mo shaoil, ar sise, ní fheadar cá bhfaighinnse
scéalta suite anso ó lá go lá, a ghrá dhil. —Ach bíonn an-chab ar
na seanmhná a thagann isteach chughat chun aighnis, a Neil, arsa
mise, —Mhuise, ní mór an tor a thugaim ar a lán acu, ar sise, mar
is é an rud is mó a thugann chugham isteach iad ná tobac, agus dá
bhfaighidís é sin, bheadh sleabhac chun cainte orthu. —Ach is
dóigh liomsa, arsa mise, mura bhfaighidís é sin uait, ná beadh aon
mhaith iontu. —Ó mhuise, beagán ratha orthu, arsa Neil, dá mbeadh
aon ni le déanamh acu, ní chughamsa a bheidís ag teacht. —Ó
well, a Neil, arsa mise, ná fuil a fhios agat gur brea i an chuideachta?
—Ó, admhaim, arsa Neil ag baint stracadh don seáilín siar ar a
ceann a bhí ag titeam anuas ar na súilibh aici.
—Caithimis uainn iad mar sheanmhná, arsa Neil aris ag breith
ar an dtli agus ag priocadh na tine san am chéanna, ach ar chualais
éinne bheith ag pósadh? —An riabhach a gcuala, a Neil. arsa mise.
—Cad mar gheall ar Sheán na Tae, arsa Neil go hiseal sa tslí dhuit
gur dhóigh leat go raibh faitíos uirthi go gcloisfi i, ná fuil sé in am
ag an mbranach san crioch éigin a chur air fein? —Ambriathar
féin ach go bhfuil na fiacla caite go maith anois aige, arsa mise.
Lena linn sin, cé thiocfadh isteach ach Maire Ni Dhala. —Bail ó
Dhia anso oraibh, arsa Maire. —Dia is Muire dhuit, arsa Neil á
socrú féin sa chúinne agus miongháire ina béal, mar. fé mar a
mhachnaíos féin, gur thuig sí go raibh a lán scéalta ag Máire.
—Suig aníos anso, arsa Neil. Do shuigh Máire ar a corrghiob in
aice le Neil, agus ambriathar féin, más ea, gur thug Neil a seandhúid
do Mháire go tapaidh chun fonn cainte do chur uirthi, is dócha, fé
mar a thuigeas. —Sea, is dócha nár chualaís aon nuacht ar do
chamruathar, a Mháire, arsa Neil. Níor fhreagair Máire fós ach i
i riocht i féin do thachtadh leis an ndeatach a bhi aici á bhaint as an
seandhúid.
Sa deireadh do labhair si. —Dar fia, ar sise ag féachaint isteach
i gcorplár na tine, go bhfuil cleamhnas déanta don bhfear san
amuigh ó aréir. —Mhuise, cen fear e? arsa Neil ag baint crothadh
aisti féin agus ag tarrac a cóta dearg isteach féna cosa. —An
Gearaltach, arsa Máire ag deimhniú lena ceann do Neil. —Mhuise,
beannacht Dé dhílis le hanman do mharbh, arsa Neil ag baint
searradh siar as a drom agus ag tarrac osna. —-Dar cnaiosc go
bhfuil, arsa Máire aris ag caitheamh priosla isteach sa tine.
—Mhuise, cé hí an cailin go raibh an t-ádh uirthi? arsa Neil aris
go brea fada reidh. —Siobhan Liam ambriathar, arsa Maire agus
tarraigionn gal mhór eile as an seandhúid. —Mhuise, beannacht Dé
leat, arsa Neil ag bualadh a bos go breá réidh ar ghualainn Mháire.
—An dóigh leat go bhfuil sé fior? ar sise aris ag breith ar an bpip 6
Mháire. —Tá sé comh fíor agus atánn tú suite ansan, arsa Máire
ag síneadh na pipe uaithi agus tosnaíonn Neil ar bheith á líonadh
aris. —Fan go neosad duit, arsa Máire ag cuimilt a dhá bois
siar dona gruaig agus á socrú féin chun aighnis.
—Timpeall a haon a chlog aréir, arsa Máire, do bhíomair go
léir “ár gcodladh ... —Sea, ambaist, arsa Neil ag cur fonn chun
éisteacht uirthi féin. —Nuair a buaileadh cnag ar an ndoras, arsa
Máire. Dar fia gur éirigh Tadhg aniar sa leabhaidh. Cé tá ansan?
arsa Tadhg. Táimse, arsa an guth. D'éirigh Tadhg, astóin, agus
d'oscail sé an doras, agus cé bheadh ann ach Seán Mac Gearailt
agus Muiris Eoin Bháin. Isteach leo. Chuireas féin cluas orm féin
ansan, arsa Máire. —Gan dabht, arsa Neil ag cur smeachaide tine
ar an ndúidín.
Lena linn sin, iontaíonn Máire orm féin: —Is docha gur chualaís
é seo? ar sise, —Níor chuala mhuis, ambriathar, arsa mise. —Lean
leat, arsa Neil. —Sea, d'fhanas ansan ar mo chorrghiob agus an
fuacht ag gabháil stealladh dhom agus cluas le héisteacht orm. Do
chuimhnios láithreach gur chleamhnas éigin a bhí idir lámhaibh
acu. —Go mórmhór an aimsir do bhi ann, arsa Neil, —Sea a
nDónach, arsa Maire ag déanamh casachtach chun faobhar do chur
ar a scitich. Dar fia, ni fada a bhíos nuair a chuala an corc á bhaint
as an mbuidéal, agus líonadh gloine amach go dtí Tadhg. Lena linn
sin, cé thiocfadh anios go dti doras an tseomra chugham ach Muiris.
Eoin Bháin. An bhfuileann tú id chodladh, a Mháire? ar seisean.
Dar fia, nílim, a Mhuiris, arsa mise. Éirig aníos ar an dtinteán
mar sin, ar seisean. Dhera, cad tá ar siúl? arsa mise. Tar anuas,
arsa Muiris, agus ná bí comh fiafraitheach san.
— Dar fia gur chuireas orm go tapaidh, agus anuas liom. Bail ó
Dhia oraibh, arsa mise. Dia is Muire dhuit, ar siad san i dtriúr.
Shuíos síos ar an stóilín cois na tine. Dar fia, arsa mise leo, dá
mbeadh cailín óg sa tigh seo, go ndéarfainn gur cleamhnas éigin a
bheadh ar siúl agaibh. Ambriathar, arsa Muiris Eoin Bháin, gurb
ea leis. Ambaice go mb'fhéidir gurb é Seán atá ag déanamh aon ní?
arsa mise arís. Tá sé ag cuimhneamh air, arsa Muiris. Mhuise, go
n-éirí san leis, a mhic ó, arsa mise.
— Lena linn sin, do líonadh gloine amach chugham féin. Do
chuireas suas dó, ach bhí Muiris ag tathant orm riamh agus choiche
nó gur chaitheas a leath d'ól. —O, is maith chuige Muiris, arsa Neil
ag tarrac ar an ndúidín. —Nili dabht air, arsa Máire ag tarrac bosca
snaoisín as a póca agus á chur féna sróin agus ansan á shíneadh go
dtí Neil. Seo le Máire ansan ag sraotharnaigh. —Dar fia, a Neil, arsa
mise, má leanann Máire dhó ar an gcuma san, go gcaithfeam an
scéal do chur ar gcúl. —Mhuise, ambriathar, arsa Neil ag déanamh
gáire agus ag féachaint orm féin, nach fearr linn rud dó dá gcaith-
feadh sí an lá leis. —Téire ar aghaidh, a Mháire, arsa mise.
—Loiscrean air mar snaoisin, arsa Máire, táim plúchta aige. —O
mhuise, arsa Neil, is é “Tóg uaim é agus gan uaim ach é' agat.
— Sea, arsa Máire, níl aon ghnó agam bheith ag déanamh scéal
Thaidhg dó. Nuair a bhí an leathghloine ólta agam: An mbeadh
aon mhisneach agat, a Mháire, arsa Muiris liom féin, le dul siar in
aonacht Jinn go dtí tigh Liam Pheig chun an cleamhnas a dhéanamh,
mar is dóigh liom gur maith an sas chuige thú? Mhuise, dar fia, a
Mhuiris, arsa mise, ná cuirfead suas dó, más dóigh libh go ndéan-
fainn aon mhaith dhíbh.
—Sea, do thoiliodar go léir liom féin a dhul leothu, agus seo linn
an bóithrín siar nó gur thanamair go dtí tigh Liam. Bhuaileas féin ar
an bhfuinneoig. Cé tá ansan? arsa Bríde istigh. Oscail, a Bhríde,
arsa mise. Dhera, an tú Máire? ar sise. Is mé, arsa mise, oscail go
tapaidh. Ní foláir nó tá deabhadh mór éigin ort, arsa Bríde arís.
Dhé mhuise, níl, arsa mise, ach go bhfuilim préachta leis an bhfuacht.
Ó mhuise, fuacht fada ort, arsa Bríde istigh, ná tabharfá aga dhom
chun mo sheanbhalcaisí a tharrac in airde orm ach go háirithe?
—Chis gháire ó Dhia chughainn, arsa Neil ag déanamh gáire í féin
leis an ngreann a bhí aici á fháil sa scéal. —Sea, arsa Máire, i gceann
tamaill d'oscail sí an doras. A Dhia mhór na bhfeart, arsa Bríde
nuair a chonaic sí an triúr eile im dhiaidh, cad so oraibh? Luíos
féin mo shúil uirthi, arsa Máire ag deimhniú lena ceann do Neil,
agus dá dheascaibh sin thuig sí láithreach cad a bhí ar siúl. Nuair a
bhí fios fátha an scéil aici, thug sí cathaoir do gach duine le sui
uirthi, chuir sí síos tine bhreá dhearg, agus ambriathar féin gurb i
a bhi go pealgháiritheach ag gíotáil léi. Cá bhfuil Liam, a Bhríde,
arsa Muiris Eoin Bháin, ní foláir nó tá codladh an traona air.
Mhuise, tá sé riamh air, a dhalta, arsa Bríde ag imeacht léi suas “on
tscomra agus á dhúiseacht.
— Ach a Neil, arsa Máire ag bualadh a bos ar ghlúin Neil agus ag
tabhairt stracfhéachaint orm féin, sara raghad a thuilleadh ar an
scéal, is mór go léir an t-anbhá a bhíonn ar an té a bhíonn ag lorg
mná. —Mhuise, níl dabht air, arsa Neil ag bualadh a dha bois ar a
chéile agus ag déanamh gáire. —-Ni fheadar, a Neil, arsa mise, an
mbíonn an bhean amhlaidh? —Amhlaidh? arsa Neil ag cur púic
uirthi féin, is measa a bhíonn sí go mór agus go fada ná an fear;
mar an oíche a bhí mo chleamhnas-sa á dhéanamh, an bhfuil a fhios
agat go mb'fhearr liom an oiche sin bheith báite thiar i mBéal na
Trá Báine. —Há há, arsa Maire ag féachaint orm féin, ná creid i,
mar is uirthi a bhí na sceitimíní an oiche sin fé mar a bhí orm féin.
—Sin é direach a chreidfinn, a Mháire, arsa mise.
—Sea, caithimís uainn é mar scéal, arsa Máire arís, ach péacu san
é, d'éirigh Liam anuas ón seomra. Dhera, bail ó Dhia oraibh, ar
seisean go breá réidh socair. Dia is Muire dhuit, arsa Muiris Eoin
Bháin ag éirí ina sheasamh agus braon maith thiar san am san aige.
—-Ba dhual athar dó ambriathar, arsa Neil. —Mas ea, sin é an fear
breá suáilceach nuair a bhíonn sé thiar aige, arsa mise. —Á, abair é,
arsa Neil,
—Is gearr anois, arsa Máire, gur oscail Muiris an buidéal, Do
líon amach gloine go dtí Bríde, agus más ea d'ól go milis é, agus
ceann eile do Liam. Do líon amach ceann eile dhom féin ansan, ach
más ea d'ólas a leath. Ó mhuise, ciachán ort, arsa Muiris liom féin,
ná hólfá é? Mhuise, beannacht Dé dhílis le hanman do mharbh,
arsa mise, ní féidir liom, á shíneadh go dtí Bríde, agus más ea d'ól
sí é go blasta, Nuair a bhí sé ólta ag Bride, do líon sé amach ceann
eile go dtí Seán Mac Gearailt. —Och, arsa Seán, tá ardaithreachas
orm ná féadfainn é ól], mar ní ólaim in aon chor,
—O mhuise, arsa Neil ag déanamh scarta mór gaire, an spreallaire
sin a dh’olfadh an sup as an srathair! —Mhuise, do bhainis an focal
as mo bheal, arsa Maire, ach a Neil, dá bhfeicfeá aréir é, ba dhóigh
leat gurbh é an fear ba chiallmhaire ar domhan é agus an chuma
naofa a bhi air, gan focal as agus an da shuil ag dul amach as a
cheann chuige an uair sin. —O a thiarcais, arsa Neil ag tarrac an
dúidin amach agus ag cur smeachaide eile do thine uirthi.
—Sea, arsa Maire, i ndeireadh na hoiche thiar, a mhic 6, do bhi
gach éinne geirgéiseach go maith agus an focal bog agus an focal
cruaidh ag teacht. Is gearr gur chuir Bride cogar im chluais féin.
Mhuise, a Mhaire, ar sise, an b’t Siobhan ata uaidh? Is i, arsa mise,
agus mas ea, beidh fear aici. Dar cnaiosc, arsa Bride, ni bhréagnéinn
thú, ta sé ráite go bhfuil lan an chomhra d'airgead aige. Bi deimh-
nitheach dó, arsa mise, agus rud eile atá sa scéal, a Bhride—cuir i
gcás go raghadh Siobhan go Meirice, b'fhéidir na feicfed go deo
aris i agus nach fios di féin na duitse cad é an sórt sramaire a bhuail-
feadh léithi ansan thall; mar do chuala 6 Mháire Pheats a tháinig
abhaile an lá eile ná beadh a fhios agat cad é an sórt an buachaill
no go mbeadh sé posta leat, agus gurb shin é an uair a bhionn na
mná in iomar na haimléise. Ó, creidim go blasta sa méid sin tú, a
Mháire, ar sise go tapaidh; agus rud eile atá air, nár dheas an seh
inion féin a bheith pósta ag béal an doiris agat! A, abair é, a
Bhride, arsa mise.
-—Is dócha liom, arsa Neil ag déanamh gáire, go raibh si bogtha
an uair sin agat. —Bhi a fhios agam féin go maith go raibh, arsa
Maire, agus da bhrí sin durt liom féin, dá mbeadh Liam comh
bogtha léi, go mbeadh an bua ag Sean. Bhi an ceathrar thall sa
chúinne, agus pén chaint a bhi ar sid] acu, stopadar go hobann, agus
da bhri sin do stopamair féin. D’éirigh Muiris aris, do fuair an
buidéal, agus do thug timpeall eile leis.
——Sea, arsa Muiris ag sui ar an gcathaoir agus ag breith ar láimh
ar Liam, mhuise nar chaille Dia ar do sciúch agus cas in airde Bean
an Fhir Ruaidh. Mo lá go dóite, arsa Liam, gan mé comh maith
chun a ráite agus bhíos fiche blian ó shin, a Mhuiris. Bog suas do
chroí, a dhuine, arsa Bride, agus scaoil ar aghaidh an chuideachta.
Dhein Liam cúpla casachtach chun a sciúch do ghlanadh agus do
chas in airde Bean an Fhir Ruaidh, agus ar mh'anam, a Neil, arsa
Máire, go raghfá in aon áit ag éisteacht leis. —Well, arsa Neil,
murar chaill sé an guth a bhí aige tamall, ba mhór an ionadh é.
—-Ambriathar féin nár chaill, arsa Maire. Sea astóin, ní raibh aon
fhocal as éinne anois ach ag éisteacht le Liam, agus níl aon dabht
ná gur mhaith an sás chuige é. —Sea, agus go mórmhór, arsa Néil,
nuair a bhí ciúnas na hoiche ann. —Is fíor dhuit, a Neil, arsa mise,
mar comh fada liom féin dó, ní fheaca aon aoibhneas riamh ach
bheith ag éisteacht le hamhránaí maith in am mhairbh na hoíche.
—-Tá an ceart agat, arsa Néil, chuirfeadh sé gliondar ar do chroí.
— Dar fia, arsa Máire, nuair a bhí an t-amhrán ráite aige, an
dóigh leat na go raibh cóta allais ar an bhfear bocht. —Is dócha é,
arsa Neil, mar ta sé an-aosta anois. —Sea, agus ina theannta san,
arsa mise, nil sé láidir. —Do labhair Muiris Eoin Bháin leis ansan,
arsa Maire: Ambaiste mhuise, ar seisean, ach gur brea binn an
guth atá fós agat. Dhé mhuise, nílim leath comh maith agus bhíos,
arsa Liam, mura mbeadh an braoinín a bhí thiar agam a thug
misneach agus cúnamh dom. Sea, a Bhríde, cad mar gheal] ortsa
anois? arsa Muiris arís. Dhé, arsa Bríde, ná bac le cailleach dom
shórtsa, mar b’fhearra dhuit go mór agus go fada bheith ag éisteacht
leis an ngandal ná bheith ag tabhairt cluaise dhomsa. Á, seo leat,
arsa Muiris aris, cas suas Cailin Deas Cruite na mBo. Dar fia. mas
ea, arsa Maire, na raibh an tarna focal air nuair a chas si in airde
an t-amhran. —A, mhuise, beagan ratha uirthi, arsa Neil, i féin
agus a sciúch gadhair. Chaitheas féin pléascadh amach ar ghairi
agus Máire comh maith nuair a chualamair cad dúirt Neil. —Ó, do
bhrí an leabhair go bhfuil an ceart ar fad agat, a Neil, arsa Máire.
——Sea, arsa Máire, nuair a bhi an t-amhrán ráite ag Bride, agus
go deimhin b'fhada linn é, do thug Muiris timpeall eile leis an
mbuidéal, agus ambriathar más ea go raibh gach éinne bog go maith
anois. D'éirigh Muiris Eoin Bháin. Sea anois, a Bhríde agus a Liam,
ar seisean, taimse an-cheanúil oraibhse riamh. agus da bhri sin ba
mhaith liom gach duine agaibh bheith go sásta compordach; agus
an bhfeiceann sibh an fear san? (ag sineadh a mhéire sall go dtí
Seán Mac Gearailt) sin fear atá comh múinte comh béasach agus
comh staidéartha le haon fhear istigh ar an mbaile. Níl dabht air,
arsa Liam. Agus an dóigh leat ná gur maith an céile do Shiobhán é?
arsa Muiris.
— Well, a Neil, d'fhéachas féin ar an nGearaltach san am san,
agus dar mo leabhar duit go raibh sé comh cúthail gur dhóigh leat
gurbh aingeal é—bhí an dá shúil ag dul amach as a cheann le Jinn
do Mhuiris an méid sin do rá, thugadh sé stracfhéachaint ar Liam
agus as san ar Bhríde.
—- Is dócha gurb eagla bhi air go bhfaigheadh sé an t-eiteach, arsa
Neil ag déanamh gáire. —Sea, arsa Máire, do dhein Liam casachtach
nuair a chualaigh sé é sin, agus do thug casadh súl ar Bhríde. Bhí
Bríde go gealgháiritheach san am san agus Seán bocht agus fuarallas
tríd amach le scanradh. Do chorraigh Liam é féin agus thug féach-
aint eile ar Bhríde. Dar mo leabhar duit, a Liam, arsa Bride, gur
maith an seans do Shiobhán é. Níl dabht air, arsa Liam, tá talamh
BO leor agus an talamh is fearr aige, tá na céadta caorach ar na
cnoic aige, agus gan trácht ar an airgead a bheith sábhálta aige.
Agus, a Liam, cá bhfaigheadh sí fear comh maith leis? arsa Muiris.
— Lena linn sin. éiríonn Liam don gcathaoir:. Tabhair dom do
lámh, a Sheáin, ar seisean. Do shín Seán a lámh chuige go tapaidh.
Bhí meas agamsa riamh ortsa, a Sheáin, arsa Liam agus greim
daingean ar a láimh aige, comh fada le bheith múinte béasach, agus
más ea ba dhual athar duit bheith mar sin, agus geallaimse dhuit,
comh fada lem fhocalsa dhó, go mbeadsa sásta le Siobhán a bheith
agat, agus is maith liom go mór thú bheith mar chliamhain agam.
Cad mar gheall ortsa, a Bhríde? ar seisean ag féachaint sall ar a
bhean. An focal céanna dar fia, arsa Bríde ag léimeadh ina seasamh
agus ag dul anonn go dtí Seán ag breith ar láimh air. Ar m'fhocal,
a Sheáin, ar sise, ná fuil sé ón ndomhan toir go dtí an domhan tiar
an fear do gheobhadh í ach tú féin amháin,
—Sea sea ambaic, arsa Neil, nil aon bhaol ná gur chuir san
misneach ar Sheán. —A, abair é, arsa Máire. Lena linn sin, síneann
Neil geanc tobac chugham féin le gearradh agus an dúidín do
lionadh. Thóg san mo chroí féin, mar ba mhór é mo dhúil ann comh
maith le cách. Bhíos ag gearradh Jiom, agus nuair a thána ar an
dtaobh caoch do Neil, do ghearras lan na pipe go maith dhó agus
do chuireas im póca é. Nuair a bhí an dúidín lán agam, shineas go
dtí Neil í. —Cuir smeachaide uirthi agus bíodh gal agat aisti, arsa
Neil. Seo liom féin ag cur tine uirthi. —Sea, arsa Neil le Maire, cad
mar gheall ar Shiobhan?
—Sea díreach, arsa Maire, an riabhach do Bhríde na gur ghlaoigh
ar Shiobhán, agus ní fada a bhí nuair a thagann sí anuas ón seomra
agus cuma an chodlata uirthi. Bail ó Dhia oraibh, arsa Siobhan. Dia
is Muire dhuit, arsa sinne in aonacht. D’fhéachas féin ar Shean
anois, arsa Máire, agus deirim leat, a Neil, gur tháinig lasadh ina
ghnúis agus coinneal ina shúile. —Bí siúrálta dhó, arsa Neil, nuair
a chonaic sé an chúilfhionn ina seasamh sa doras, agus ní déarfainn
ná go raibh grá aige dhi i gcónaí. —Ní bhréagnóinn thú ná go raibh
grá fé cheilt aige dhi, arsa Máire, agus an bhfuil a fhios agaibh ná
go raibh an lasadh céanna i ngnúis Shiobhán ? — Is dócha, arsa mise,
go raibh a fhios aici sarar tháinig sí anuas ón seomra go raibh an
cleamhnas déanta? —Dhé mo léir, bhí, a mhic ó, arsa Máire. Do
shuigh sí síos in aice le Seán, astóin, agus ambriathar más ea gurb
iad a bhí go gealgháiritheach agus go compordach le chéile. Dar
fia, arsa Bríde ag cur cogar im chluais, an dóigh leat ná go ndéan-
faidh an bheirt thall go maith? Abair é, arsa mise. Well, fé cheann
leathuaire chloig ina dhiaidh sin, do bhí gach ní socair.
— Ní fheadar ‘on domhan, arsa Neil, cad é an spré a fuair sé
léithi? —Ó, ná fiafraig díom, a dhalta, arsa Máire, ach gur chuala
inniu go bhfuair sé ceithre scóir léithi. —A dhóthain, arsa Neil.
—Ambriathar gur fiú san é, arsa Máire, ná feiceann tú an talamh
breá fairsing atá aige, an talamh is breátha agus is torthúla ón
nDaingean aníos? —Och, gan an talamh do bhac, arsa Neil, ná
mairfidís go sásta ar a bhfuil do chaoirigh féin aige? —Féach féin
sin, arsa Máire.
Éirím féin im sheasamh. —An ag dul abhaile ataoi? arsa Neil.
--Taim ag cuimhneamh air, arsa mise. —-Dar fia, arsa Maire ag
éirí ina seasamh, gur fhágas bulldg ar an dtine nuair a thana amach,
agus is dócha go bhfuil sí loiscithe fén dtráth so. D’fhagamair slán
agus beannacht ag Neil agus thugamair ár n-aghaidh ar an dtigh,
mise soir agus Máire siar.
Tráthnóna lá arna mháireach, tagann naomhóg isteach ó Dhún
Chaoin ag tabhairt cuireadh do mhuintir an Oileáin, go raibh Sean
Mac Gearailt le pósadh amáireach, Máirt Inide, ar an mBuailtín.
Ba bhreá an tráthnóna é. Bhíos im shuí ar stocán os cionn na
farraige. Aer beag do ghaoith anoir ann; sioc ar an dtalamh:
préacháin dubha ag imeacht trasna na ngort agus cág-cág acu;
smólaigh, céirseacha, druideanna agus lonta dubha ina scuainibh
ins na páirceanna agus ceol binn acu á chanadh; agus súil dá
dtabharfá amach ar an bhfarraige, bhí faoileáin bhána agus caobaigh
á dtumadh féin san uisce agus an fiach dubh ina bhfuaid ag rith i
ndiaidh screathnairt mhinéisc. Uaim amach do bhí Cnoc Bréanainn,
Shabh an Fhiolair agus Cruacha Mhic Giolla Choda agus iad go
léir gan ceo gan smúit orthu. Dob aoibhinn an radharc é, moladh
go hard le Dia a cheap neamh agus talamh, agus pé cuma é, do
thainig machnamh chugham ar na lacthanta aoibhnc go léir a bhi
caite agam i radharc na sléibhte sin, agus do chuimhnios láithreach
ar an rud a dúirt m'athair crionna liom: Fiche blian ag fás, fiche
blian fé bhláth, fiche blian ag cromadh, agus fiche bhan ag dul ar
lár. D’fhéachas fém bun síos mar a raibh an rón ag crónán os iscal.
Ní fheadar “on domhan, arsa mise liom féin, an bhfuil na smaointe
céanna ag gabháil duitse? Tánn tú ag caoineadh go dubhach duit
féin, is dócha, i ndiaidh do leanbh bán do sciob an tarrac uait as an
bpoll, nó crónán éigin mar é.
Bhí an oíche ag titeam. D’éirios im sheasamh agus do chuas suas
tamall. Shuios síos ar thortóig bhreá ghlas, agus nuair a bhreithníos
uaim amach ar Shliabh an Fhiolair, is ea chonac an corrán óir ag
druideam aníos do dhroim an tsléibhe. An ghealach a bhí ann,
dar ndóigh. Cím anois í ag cur di aníos go mall righin agus dath an
óir ag teacht ar na cumaracha dubha. Cloisim dar liom na gleannta
agus na bánta ag cur liúgháire astu mar bheidís ag fáiltiú roim an
bplainéad agus i féin ag gáirí agus ag cur failte roim Chorca Dhuibhne.
Cim dar liom os mo chomhair amach na buachaillí agus na cailini
go gpealgháiritheach a bhíodh liom nuair a bhíos beag, cim anois iad
ag rith i measc na bpóirsí agus ag dul i bhfolach (mar b'é sin an cleas
a bhíodh againn le linn na gealaí) agus cloisim seanPhaidí ay rá i
gcéin, Fógraím dóite ort! ... Bíogaim suas go mall agus siúlaim
fé dhéin mo thí.
Nuair a thána abhaile, is ea bhí Máire agus Eibhlín go gnóthach
ag iarnáil i gcomhair an lae amáirigh. —Dar fia, arsa m'athair
críonna, ach go mbeidh an-lá agaibh amáireach ar an mBuailtin,
mar beidh an fharraige ina báinté comh fada le cosúlacht na hoíche
dhó.
D'itheas mo shuipéar agus bhailios liom ag bothantaiocht siar
go dtí tigh Sheán Ó Sé, mar ba ghnách leis na buachailli agus leis
na cailíní teacht le chéile. Bhíodar ansan romham agus gan ar siúl
acu ach an bhainis amáireach. Shuíos féin in aice le Máiréad Ní
Bhuachalla, cailín deas go raibh gruaig chas dhubh aici agus súile
móra gorma, agus dar ndóigh is é an scéal céanna a bhí á tharrac
againn féin. I gceann tamaill, do bhraitheas mé féin an-chompordach
ar fad. B'ait liom é. Tuigeadh dom an oíche sin go raibh Máiréad
ar an gcailín ba dheise san Oileán. Ní raibh aon dul go n-éireoinn
tuirseach do bheith ag caint léi, ar a shon gur minic roimis sin a
bhíomair i dteannta chéile ach níor thaithnigh sí riamh comh mór
liom.
—A Mháiréad, arsa mise sa deireadh, is mór go léir an compord
atá orm anocht bheith ag caint leat. Tháinig lasadh ina gnúis agus
i gceann tamaill dhein sí gáire. —Canathaobh go ndeireann tú é
sin? ar sise agus i ag féachaint ar an dtalamh. —Gra a bheith agam
duit, is dócha, arsa mise go simpli. Ní dúirt sí focal ar feadh tamaill,
ach sa deireadh labhair sí os íseal: —Tá grá agamsa dhuitse, ar
sise, péacu mar mhagadh nó dáiríribh atánn tusa.
Nuair a dúirt sí é sin, do léim mo chroí in airde le ríméad. Féach,
a léitheoir, gur mór an chumhacht atá ag Dia an Ghrá. Is é a chuir
cathair na Trae trí chéile sa tslí gur maraíodh na mílte fear mar
gheall ar aon bhean amháin, agus dá bhrí sin níorbh aon ionadh
gurbh fhuiriste dhó cur fúmsa an uair sin a bhí óg dicéilli. Gach
focal a thagadh ó bhéal Mháiréad, do bhíodh sé comh binn leis an
bhfuiscoig, agus féach gur mór an dallamullóg a chuir Cúipid orm.
— An bhfuileann tú ag dul go dti an bhainis amáireach? arsa
Máiréad. —Taim, arsa mise, an bhfuileann tú féin ag dul ann?
— Táim, ar sise go gealgháiritheach. D'fhanamair beirt againn agcomh-
rá ansan nó go raibh sé a haon déag a chlog, agus deirim leat gur beag
codladh na tuirse a bhuailfeadh me dá bhfanfainn go maidean ann.
I gceann tamaill, éiríonn Seán Ó Sé, fear an tí, agus baineann
crothadh as a shlinneain. Osclaionn se an doras. — Seo libh. ar
seisean, tá sé ina am agaibh bheith ag dul *on bhinn bháin. —O
mhuise a Sheáin, arsa Mícheál Pheaid, nach breá nár fhág an codladh
riamh thú. —Dar fia, a Mhíchíl, arsa Seán á fhreagairt, gurb é
casadh an chitil leis an gcorcán agat é. —Ba chóir, arsa Mícheál arís,
ná beadh aon deabhadh ortsa ach go háirithe—nár chualaís riamh:
Fear gan bean gan clann, fear gan beann ar éinne? Tháinig saghas
cochall! ar Sheán ansan. —Ambaiste, ar seisean ag cur grung air
féin, nil si agatsa fós. —Más ea, arsa Mícheál, níor shiúlaíos na
paróistí fós á tóraiocht, fé mar a dheinis-se—téanaíg abhaile, ar
seisean ag éirí ina sheasamh. Seo linn go léir amach agus d'fhág-
amair slán ag Seán.
Ar a sé a chlog ar maidin amáireach, d’éirios féin, Maire, Eibhlín
agus Seán. Dob aoibhinn an mhaidean í. Stríoca solais ag an
ngréin do dhroim Chnoc an Choma anoir agus anam ag teacht i
ngach aon rud: an chaora a bhí suite sa chlais i rith na hoíche, bhí
si ag éirí agus á searradh féin: an duilleog a bhí cúbálta isteach ar a
chéile, bhí sí ag oscailt amach; an chearc go raibh a ceann féna
sciatháin aici, bhí gog-gog-gog anois aici chun í ligint amach fén
mbán, ins an tslí dhuit go raibh an t-éan, an t-ainmhí agus an duinc
á mhúscailt féin agus ag umhlú don ngréin. Ní raibh giog ná míog
le cloisint roimis sin, ach anois do bhí na héanlaithe ag cantain go
binn, bhí an bhó, an chaora, an t-asal agus fiú amháin an duine
agus scol amhráin casta in airde aige.
Bhíos féin, Seán, Máire agus Eibhlín scriosta glanta agus ullamh
i gcomhair an bhóthair, gliondar agus ríméad ar ár gcroí, uair an
chloig faid againn á fháil ins gach nóimint, bhí oiread san deifir
orainn chun na bainise—féach gurb aerach a bhíonn an óige, gan
cíos cás ná cathú orthu ach i gcónaí go haiteasach scipiúil, go mbain-
feadh dhá chirc a bheadh ag troid gáire astu.
Seo linn sios ar an inneoin, agus ni rabhamair ach ar barra “ar
seasamh nuair a bhí stócaigh agus pearrchailí ag teacht as gach
aird go gealgháiritheach fé dhéin an chaladh. Nuair a chuimhním
ar an maidean ud fos, gluaisim ar ais ar bhóithrin na smaointe—cim
anois féin ag teacht anuas iad agus cloisim an scarta mór gáire á
dhéanamh ag Siobhán Rua, an ghibris agus an ráiméis. ... Ach
faríor géar, táimid comh fada óna chéile inniu agus tá an réalt ón
Spáinn.
Ní fada anois go raibh na naomhóga ar snámh againn, agus seo
ar aghaidh sinn striopálta go dtí an léine ag rámhaíocht ar ár
ndícheall riamh agus choíche nó gur shroicheamair Faill Móir |
nDún Chaoin. Níl aon bhaol ná go bhfuil draíocht éigin ag baint
leis an bhfarraige, mar is ormsa do chuir sí an gliondar an mhaidean
úd. Bhí sí ina lag trá mara gan corraí san uisce; na dúlamáin agus
an fheamainn dhearg sinte go socair ar an ngainimh; carraigeacha
ina gcéadta máguaird agus a bplaoisc anois acu á ngrianú; an
bairneach agus an miongán agus a ngreama bogtha don gcloich acu
agus iad ag máineáil leo ar a suaimhneas; scuainí portán ag teacht
amach as na daigheanna; an fiach mara agus an bradhall ina stad
ar fhochais, a sciatháin ar leathadh in aghaidh na mara acu agus a
scrogall sínte amach acu ag breithniú orainn agus comh fada lem
thuairim iad ag ra lena cheile: —Ni fheadar an baol dúinn iad?
D’fhéachadh an bradhail ar an bhfiach agus d'fhéachadh an fiach
ar an mbradhall agus ansan orainn féin arís.
Níorbh fhéidir linn dul suas go dtí an cé leis na naomhóga toisc
an lag trá a bheith ann. Do bhí liútar-éitear anois againn cad a bhi
le déanamh. Do thoiligh duine le teacht amach astu agus na bróga
do chaitheamh dínn agus siúl suas, duine a bhí sásta agus dáréag
ná raibh. 1 gceann tamaill, do labhair Seán Thomáis: —Na fuil a
fhios agaibh cad is fearra dhúinn a dhéanamh? ar seisean—téimís
orainn suas go dtí Faill Cliath. —Dar fia go bhfuil an ceart agat,
ar siad go léir.
Seo linn ar aghaidh nó gur shroicheamair Faill Cliath. Cuaisín
deas socair sásta is ca é agus tráigh bheag ghrin thuas ann. Léim-
eamair amach agus chuireamair feiste agus fáscadh ar na naomhóga,
agus ansan thugamair aghaidh fén míntír, agus deirim leat gur
orainn a bhí an scóp, fé mar is gnách leis an Oileánach nuair a
dh'fhaipheann sé cead a chos. Do bhi Mairéad liom féin cois ar
chois an bóthar ó thuaidh. agus dá bhrí sin ní fheadar an ar aer nó
ar thalamh a bhíos leis an ngliondar a bhí ar mo chroí.
Nuair a thánamair go dtí Mám na Ceathrún, do stadas féin agus
d'[héachas im thimpeall. Bhí an Blascaod sínte siar díreach ar
dhroim na mara, agus ba chosúil le long mhór i a bheadh ag réabadh
nu farraige ar gach taobh di, na tithe bana go dlúite ina chéile agus
an deatach ag éiri in airde uathu, agus ansan na Blascaodai beaga
ina timpeall ar nós cráin mhuice go mbeadh a hal ina diaidh.
ldur fia, a Mhairéad, arsa mise, da bhféachfa isteach sa scéal, is
iontach go léir mar atáimid scriosta amach ón mintir; agus is dóigh
liom. dá dtabharfainn trí la anso amuigh, ná raghainn isteach go
deo aris. —Ni fheadar ‘on domhan, arsa Máiréad, ach is é an rud
is mó a thagann ormsa ná cumha nuair a dh'fhagaim amach €e.
Tiocfaidh an la. a Mhairead. arsa mise, go mbeidh an cumha
san ort. —O, éist, arsa Máiréad, ná habair é— cá bhfios duit ná go
bpostainn ann? — Sin rud ná déanfairse go deo ann, a Mháiréad,
arsa mise, mar tá an saol san ag imeacht go raibh neart ag fear
agus ag bean pósadh ann. —Dar fia, a Mhuiris, arsa Máiréad, gur
geall le fáidh thú. — Ná feiceann tú féin, arsa mise, an sli beatha ba
thabhachtai, is € sin an t-iascach. ag dul fe chois. agus nuair a
chuaigh san fé chois. tá an Blascaod fé chois, mar imeoidh na
buachaillí óga agus na cailíní óga go mbeidh aon taithneasc iontu
thar lear, agus bain barra na cluaise dhiomsa, a Mháiréad, muran
uearr uainn réin an lá san. -—Agus cad a dhéanfaidh ár dtuismith-
coirí nuair a bheidh siad ag dul san aois? arsa Máiréad go leanbaí.
4s é mo mhórthuairim, arsa mise, go gcaithfidh siad déanamh 'ár
gceal. —Ó a Mhuiris, is cruaidh an scéal é sin, má tharlaíonn sé, ar
sisc, —Cuir i gcás anois, a Mháiréad, arsa mise, dá bhfanfaimis ag
tabhairt aire dhóibh, b'fhéidir go mbeimis trí fichid blian sara
gcuirfimís an scaob déanach orthu i dteampall Fionntrá, agus ansan
ní bheimís ábalta ar dhul in aon áit, agus cé chuirfeadh an scaob
orainn féin? —O, is Fíor an chaint í sin, arsa Máiréad, ach ta Dia
láidir, a Mhuiris. —Gan dabht, arsa mise, ach nár chualais riamh
gur ordaigh Dia cúnamh?
—Cé tá chughainn anoir an bóthar? arsa mise aris i gceann
tamaill. Féachann Máiréad soir. —Nach cosúil le Liam Beag é?
ar sise. Is é go direach mhuis, arsa mise, cé gur cheapas nárbh
fhéidir leis an bhfear san Mám na Ceathrún suas do chur dó. Is
gearr go dtagann Liam suas linn, fear caol caite ná fuil ann ach an
cnámh agus an craiceann agus é comh folláin leis an scadán féin.
Bhí brollach na léine oscailte sios aige mar ba ghnách.
—A ghra na gcarad, muintir an Oileain! ar seisean, an bhfuil
aon nuacht aniar agaibh? —Dar fia, níl, a Liam, arsa mise, mura
bhfuil sé agat féin. —Nil, a dhalta, is dócha gur ag dul go dtí an
bhainis atánn sibh? — Sea, a Liam, arsa mise, an bhfuil aon bhailiú
mór thoir ann? —Mhuise, ní fheadar é sin, arsa Liam, ach go bhfeaca
go leor ag gabháil an bóthar soir im choinne. Ach é seo, a bhuachaill
ón Oileán, arsa Liam aris, do bhuail fear liom ó chianaibh agus gan
focal Gaelainne aige. —Cad é an sórt duine é, a Liam? arsa Máiréad.
-—-Dhé mo chroí thú, arsa Liam, ní raibh mórán le rá ann ach
stracaire bocht gioblach agus a mhala fena ascaill aige. —Is mor
an obair nár thuig sé thú, mar sin, arsa mise, mar is dócha gur fear
é go bhfuil taithí ar an nGaeltacht aige.
— Dhé mo thrua do cheann, arsa Liam, má tá féin, ní dhéanfadh
san é. Fan go fóill, ar seisean, go neosadsa scéal duit 1 dtaobh na
Gaelainne. Chonacsa saol, ach ní fheacaís-se é mar ní rabhais ann
ná aon chuimhneamh ort—nuair a bhíos-sa ag dul ar scoil, ar
seisean ag cur leathcheann air féin, dá gcloisfeadh an máistir aon
fhocal Gaelainne ag teacht as do phus an fhaid a bheifeá uirthi,
deirim leat go mbeadh Dónall na Gréine agat á chasadh in airde fé
dheireadh an lae; agus an gcreidfeá go raibh clairin ceangailte
thiar ar mo dhrom agus na focail seo scríofa air: Má Jabhrann tu
aon fhocal Gaelainne, gheobhair ar do thaobh agus ar do leithead é.
—Mhuise, a Liam, arsa mise, nar mhór an éagóir é! —A. arsa
Liam ag cur snaidhm ar a bhéal, ach moladh agus buíochas le Dia
(ag tógaint a chaipín dá cheann) ní mar sin atá inniu. Agus más ea,
ar seisean arís go tapaidh, cé air gur ceart a bhuíochas a bheith?
Ar na Soupers, ar seisean. —Conas é sin? arsa mise. —Ta, ar
seisean, nuair a bhiodar san anso thiar i mBaile na Rátha agus
bíoblaí móra Gaelainne acu agus iad ag tabhairt leathchoróin do
gach fear a léifeadh cúpla líne dhó, gan bréag ná magadh ní raibh
fear sa pharóiste ná go raibh ag dul chúchu gach oíche, agus dá
bhrí sin bhi gach duine in ann i léamh go blasta, ins an tslr dhuit.
arsa Liam, gurb iad a dh'athbheoigh í agus a leasaigh í agus a chuir
in uachtar i—lá maith agaibh, ar seisean ag bailiú leis an bóthar
siar agus faobhar fé.
Ni fada go raibh radharc againn ó thuaidh ar Pharóiste an
Fheirtéaraigh, Paróiste Mórach agus Paróiste na Cille; an talamh
máguaird ina fhleasc agus Cuan Ard na Caithne ag dul suas tríd;
Cruach Mhárthain, Sliabh an Fhiolair agus Cnoc Bréanainn na
mílte troigh ar aoirde gan ceo ina mbarra; na mílte tithe féna
bhfallaí aolda breacaithe anso is ansúd; na coiligh ag glaoch go
hard agus ag freagairt a chéile: beá-beá ag na caoire os ár gcionn
thuas ar na sléibhte; sceamhaíl na gcon agus seitreach na gcapall le
clos ins na páirceanna fénar mbun sios; an t-aiteann féna bhláth
bui ag taithneamh fé sholas na gréine agus an solas ceanna ag
glioscarnaigh ar dhíon na dtithe.
—Ó a Mhuiris, arsa Máiréad, nach mór an tógaint chroí atá sa
radharc san! —Nach fíor duit, a Mháiréad, arsa mise go geanúil ag
féachaint idir an dá shúil uirthi. —An gcíonn tú an dá thigh aonair
úd thuaidh go léir? ar sise arís ag síneadh a méire ina dtreo, cad é
an ainm atá ar an áit sin? —Cén áit thuaidh? arsa mise ag druideam
isteach léi agus ag féachaint i ndtaidh a méire ó thuaidh. —Faid do
radhairce ó thuaidh go léir léir, ar sise. —QO, cim anois iad, arsa
mise, sin é an áit go nglaonn siad Com Dubh air. —Mhuise, ní
haon bhréag an ainm sin a thabhairt air agus an chuma atá sé suite
i gcom an chnoic, arsa Máiréad ag déanamh gáire, gáire ba bhinne
liomsa ná ceol na n-éan.
Seo linn ar aghaidh arís. Bhíomair i ngiorracht ceathrú míle don
mBuailtín anois, mar a raibh sluaite móra daoine anoir agus aniar
ann, mar bhi se phósadh ann an lá céanna. Bhi óg agus aosta ann.
saibhir agus daibhir, an bacach, an tincéir agus gach uile chineál,
duine gan focal as ach é ag breithniú uaidh ar an slua, fear eile
meidhreach go maith, fear eile as a cheann le deoch, fear ag amhrán,
fear ag gibris agus fear eile ag glamail, stócaigh ag spochaíocht ar a
chéile sa tsráid, tithe an óil agus iad lán go barra, mé féin agus
Máiréad brúite bascaithe ina measc d'iarraidh ár gcomrádaithe féin
do bhaint amach. —Beir thiar ar eireaball casóige orm agus
coimeád i, a Mháiréad, arsa mise, nó má ligeann tú uait í, is é lorg
na snáthaide i bpáirc chruithneachta a bheidh agam. — Tá go maith,
arsa Máiréad, tá greim an duine bháite agam ort.
Seo liom ar aghaidh ar mo landicheall, ach más ea ní raibh aon
dul chun cinn agam á dhéanamh, mar nuair a théinn ar aghaidh,
do théinn ar gcúl aris leis an suathadh a bhí ag an mbulc. Ba mhór
go léir an gleo agus an ghlamail a bhí ann, mar do bhí a bhformhór
agus a mboilg ar an gcúinne acu le deoch sa tslí nárbh fhéidir leo
srian do chur lena dteangain. Bhíos ag brú liom agus Máiréad am
shá riamh agus choíche nó gur bhaineamair amach tigh tábhairne
Shéamais Ó Catháin; ach más ea, b'é teacht ón olcas go dti an donas
againn é, mar níorbh fhéidir linn ár srón do chur isteach thar doras
leis an mbailiú a bhi istigh, gleo aighneas agus dul tri chéile ann
agus deoch ag imeacht san aer. —Fanse ansan, a Mhairéad, arsa
mise, go raghad isteach ar chuma éigin, agus má ta ár gcomrádaithe
istigh, tiocfad amach aris ag triall ort. —Fanfad, arsa Mairéad go
tamailteach.
Seo liom isteach ag brú agus ag brú romham, agus dar fia is gearr
gur thit an caipín dom cheann. Do lúbas síos chun é thógaint, ach
má lúbas, níorbh fhéidir liom éirí. An riabhach dom ins an útamáil
ná go bhfuaireas mo chaipín, ach is anois a bhí an obair agam —
níorbh fhéidir liom mé féin do shearradh in airde, mar do bhí an
mheáchaint róthrom sa mhullach orm. Do bhí fear mór in aice liom
agus durt leis tógaint suas díom, ach mo chreach, do bhí a ghlamaíl
féin air sin. Do bhí beagán feirge agus clóchais ag teacht anois orm
agus gan aon tor agam á fháil. An riabhach dom sa deireadh ná go
bhfuaireas ar an urlar thíos fém chosa biorán beag a bhí géar go
maith, agus do shás isteach 1 gceathrúin an fhir mhóir é, isteach go
maith leis, ins an tsli dhuit gur chuir sé béic as. Do thóg sé a chos
don dtalamh san am chéanna agus leis an speach a chuir sé uaidh
do bhuail se fear eile a bhi ar a aghaidh amach go raibh piont
portair ina laimh aige agus do chuir sé é féin agus an piont ar
fhleasc a dhroma ar an urlár.
Is anois a bhí an fuirse, an spochaireacht agus an gíoscán fiacal
ann, mar nuair a dh'éirigh an fear eile, focal níor labhair sé ach an
fear a thug an speach dó a bhualadh i ndroichead na srónach.
D'éiríos féin im sheasamh nuair a fuaireas an chaoi agus seo liom
sna cosa in airde isteach sa chistin. Ní raibh éinne dom mhuintir
féin le fáil agam. Amach liom aris, agus sin é an áit go raibh an
radharc agam—fuil ag dul in airde go frathacha an ti, ceolán éigin
agus é ag moiadh fear na fola: —Th’anam “on diabhal, cuimhnigh
ar do sheanmhuintir, a deireadh sé, ná lig síos Cathair Bó Sine,
buail an breallán, agus mar sin dó.
Do bhaineas an doras amach ar chuma éigin, ach más ea, ní
raibh Máiréad le feiscint agam. Dia go deo liom, arsa mise, táim
im chaonnaí aonair sa deireadh. Seo liom síos fén sráid, agus dar
fia ní fada gur bhuail Máiréad liom go cúthail ina seasamh suas le
falla tí Liam de Lóndra, agus an bhean bhocht, do bhí an oiread
san riméid uirthi nuair a chonaic si mise: —O a thiarcais, ar sise,
cheapas ná tiocfá amach go deo, nó cad é an stró a bheir ort? =
leithéid seo, a Mhairéad, arsa mise ag insint di trid síos. —O, arsa
Mairéad, is agamsa ata fios na bruine sin—ni raibh aon choinne
agam ná go bpas4lfaidis féna gcosa mé. —Dar mo leabhar, a
Mháiréad, arsa mise, dá ndéanfaidís, ní fhagfaidis an Buailtin ach
marbh. Do dhéin sí gáire eile a chuir gliondar ar mo chroí.
Lena linn sin, do chualamair ceol melódion istigh i dtigh Liam
de Léndra. —-Comh deimhnitheach agus táim anso. arsa mise, is
anso istigh atá siad. —Téanam, a chuid, ar sise. Nuair a chuala
féin ‘a chuid', do bhiogas suas ar nós seanchat a ghlaofa chun
bainne, mar do thuigeas láithreach go raibh grá aici dhom. Seo
linn ar aghaidh isteach, agus is ansan a bhí an ri-ra agus an t-éirí
in airde agus an tógaint chroí ag rince agus ag amhrán agus ag
déanamh cuideachta, an chuid eile do mhuintir an Oileáin istigh
romhainn agus iad geirgéiseach go maith, ní nach ionadh. Deirim
leat, a léitheoir, gur rinceas féin agus Máiréad an lá úd agus gur
sinne a bhí go sásta.
Bhí beirt againn suite síos anois agus cóta maith allais orainn,
cúpla set á rince ar an urlár agus sinn ag tabhairt gach ní fé ndeara.
1 gceann tamaill, do bhuail stracaire isteach sa doras, cragadán do
bhuachaill iseal agus coinneal ina radharc. Stop sé, bhreithnigh ina
thimpeall, thug gach éinne fé ndeara, d'fhan ansan ina sheasamh nó
go raibh an rince sin i leataoibh, do léim ansan síos go dtí an
gceoltóir, do chuir cogar ina chluais, agus do thug pocléim amach
ar Jar an urláir. Lena linn sin, do sheim an ceoltóir corrphíop, agus
más ca, do bhuail fear an urláir gan cháim í. Ní raibh focal as
éinne anois ach iad ag breithniú ar an rinceoir, agus mise á rá leat,
a léitheoir, gurb iontach na cosa a bhí fé, gan nóta don gceol ag dul
amú air, é ina sheasamh comh díreach le coinneal, gan rian dá
cholainn ag corraí ach óna dhá ghiuin síos. Thug sé ceathrú uaire
chloig go maith ar an gcuma san, gan gíog ná míog as éinne ach
anal an chomhthionóil le cloisint go soiléir. I gceann tamaill, do
bhuail sé an speach déanach, do bhreithnigh ina thimpeall, agus do
labhair amach mar seo:
Is mise an scuab ó bharr Chnoc Mhárthain,
Agus ba mhaith liom fear a bhuailfeadh clár liom.
Níor fhreagair éinne, agus nuair ná feacaigh sé éinne ag éirí chun
clár do bhualadh leis, seo leis amach an doras.
Bhí an lá beagnach caite. Bhí an ghrian ag dul ina leabaidh féin,
an bhó ag teacht fé dhéin an sciobóil, an chearc ag baint na cúibe
amach, an phiast ag dul fé scáth na copóige, fiú amháin an stócach
agus an ghirseach ag fáil cortha don éirim agus don éirí in airde a
bhí iontu roimis sin; agus dá bhrí sin, bhí an chuideachta ag fuarú
agus ag dul chun laige misnigh. Feach gur mór an chumhacht ata sa
ghréin. Do chuas féin agus mo chomrádaithe i ndáil le chéile chun
socrú a dhéanamh ar dhul abhaile. Thoiligh gach éinne leis, agus
do chuireamair sa tsiúl an bóthar siar, lán na pípe againn á bhaint
dó i gcónaí agus sinn go breá aerach compordach ag cur síos ar
chúrsaí an lae. Más ea, níor dhearúdas féin ná Máiréad ar bheith in
aonacht riamh agus choiche no gur shroicheamair Faill Cliath i
nDún Chaoin, mar a raibh na naomhóga feistithe againn.
Ní fada go raibh na naomhóga curtha i bhfearas againn, gach
duine ina shuíochán féin, agus sinn ag rámhaíocht linn ar ár
suaimhneas. Bhí an ghealach ag taithneamh go breá, na mílte agus
na mílte súilíní gléasta ag glioscarnaigh ar uachtar na farraige, agus
an Blascaod sínte uainn siar agus ceo brothaill ina thimpeall. Más
ea, nuair a bhíomair Lár Bá isteach, do ritheamair isteach sa cheo
is troime a thit riamh. Do thit an lug ar an lag againn. Do stop an
chaint agus na hamhráin. Chailleamair radharc ar na naomhóga a
bhí in aonacht linn, chailleamair radharc ar an dtalamh. Ní raibh
le feiscint againn ach boghaisin beag d'fharraige a bhí “ár dtimpeall.
Ní raibh a fhios againn soir seachas siar. Ní raibh miam gaoithe
as an spéir ach an ceo in aon scailp amháin anuas ar an bhfarraige.
Bhíomair ‘ar ndallacáin déanta. Is gearr gur chualamair fead agus
fead eile. Do dheineas féin fead eile á bhfreagairt. Bhíomair go léir
anois ag feadaíl ar a chéile ar feadh uaire chloig, ach sin a raibh do
mhaith dhúinn ann, mar níorbh fhéidir linn a chéile dh'fháil amach.
Bhí Máiréad anois agus gach liú aici go raibh sí caillte go deo, mise
ag cur misnigh uirthi, mar do chasainn in airde scol amhráin i
gcónaí chun i bhiogadh suas. Dar fia go ndeineadh san maitheas di,
ach nuair a stadainn, do bhiodh si sa chas ceanna aris, sa tslí dhuit
go rabhas ar nós máthar ag peataíocht lena páiste chun suaimhneas
a chur air, agus dar fia go rabhas á chiapadh sa deireadh aici, dá
mhéad mo chion uirthi.
Lena linn sin, do chuala féin glór mar seo: Ding-deang cú-hú!
ding-deang cú-hú ti-hi! —Éistig! arsa mise os ard ag cur cluas orm
féin. —Cad tá ort? arsa Seán Thomáis. —An gcloiseann sibh aon
ni? arsa mise.
Do chuir gach duine sa naomhdig cluas air féin, agus is gearr
gur chualamair go léir é ar an nós céanna, mar a bheadh iarnai a
bhualadh ar a chéile. —Dar fia, arsa Paddy Tim, taimid buailte le
cathair éigin. —-Buiochas mór le Dia, arsa Máiréad, ait éigin a
bheith bainte amach againn. —Ní fheadar cad is fearra dhúinn a
dhéanamh, arsa Seán Thomáis, an stopfam don rámhaíocht nó an
rámhóm ar aghaidh? —Ambaiste, arsa Paddy Tim, gurb é an rud
is fearra dhúinn a dhéanamh ná an glór san do bhaint amach ach
go háirithe. —MÁás féidir linn in aon chor é, arsa mise. —Nach shin
í an fhadhb, arsa Seán Thomáis, conas is féidir linn é do bhaint
amach nó cad as go bhfuil sé ag teacht? —Is dóigh liomsa, arsa
Paddy Tim, gur tharm ó thuaidh atá sé, —Dar fia nach ea, arsa
Tadhg Ó Sé, ach gur theas orainn atá sé. —Is é mo mhórthuairim.
arsa Seán Thomáis, gur “ár ndiaidh aniar atá sé. —Fanaig go fóill
agus éistíg arís, arsa mise, b'fhéidir go bhféadfaimís a dhéanamh
amach cad as go bhfuil sé ag teacht orainn.
Chuir gach éinne cluas air féin aris. Ding-deang cú-hú ti-hi
ding-deang! —Tá sé romhat amach ar «wo thosach, ma mhairim
beo, arsa mise. —Dhera a dhuine, arsa Paddy Tim, na cloisim
thuaidh orm é? —Ni hea, arsa Máiréad, ach romhainn amach ata
sé, -—Is fior dhuit, a Mháiréad, arsa mise. —-Och, arsa Paddy, nár
cchualais riamh gurb éinne amháin Muiris agus Cait? Shuios féin ar
mo thochta ar ais agus chuireas amach mo dhá mhaide. —Rámhaig
libh díreach, arsa mise ag baint stracadh maith rámhaíochta amach,
agus deirim libh nach fada go mbeidh talamh againn. Seo linn ar ár
lándícheall, agus más ea ní fada a bhíomair nuair a chuir Máiréad
a bhí suite thiar ina deireadh scréach aisti: —Ó, ar sise go háthastúil,
féachaíg na soilse go léir atá romhainn amuigh!
D'fhéachamair go léir in aonacht, agus cad a bheadh ach na mílte
soilse againn le feiscint tríd an gceo agus ding-deang ding-deang
againn le cloisint go soiléir. —Th’anam ’on diabhal, is é Cathair
Uibh Ráthach é, arsa Sean Thomais. —Nach e an Daingean é? arsa
Paddy Tim. —Dar fia gurb é Tir na nÓg é, arsa Tadhg Ó Sé go
brea bog réidh. —Ambaiste, arsa mise, pé áit é, druidíg isteach leis
le heagla na heagla go gcaillfimis amharc air. Seo linn arís ag
rámhaíocht go breá réidh nó go rabhamair i ngiorracht deich slata
do sna soilse, agus cad a bheadh ann ach long mhór fé ancaire, an
‘chlach loinge is mó a chonaiceamair riamh.
—Dar fia go bhfuilimíd istigh i gcuan éigin, arsa Tadhg Ó Se, Lena
linn sin, do séideadh an adharc a bhain macalla as na faillte agus
as an long. Do thit na maidí as ár lámha, agus maidir le Máiréad,
ní raibh aon choinne agam ná go dtitfeadh sí 1 laige leis an ngeit a
baineadh aisti. — Go réidh, a Mháiréad, arsa mise, nach ag séideadh
na hadhairce atá sé chun a chur in úil do sna longa eile, má tá siad
ar an líne, fanacht amach uaidh?
Dhruideamair isteach léi agus shineamair suas lena taobh. Do
chuir Tadhg glam as: —Down téaddn throw! I gceann tamaill,
tagann stumpa d'fhear mor dubh go dtí gunnail na loinge: —Who’s
there? ar seisean. —Blasket last night, arsa Tadhg, down téadan!
D'imigh an mairnéalach aris agus níorbh fhada gur tháinig an
captaen, —Cad é an Béarla atá ar théadán? arsa Tadhg ag iontú
ar Phaddy Tim. —Ambaiste ná feadar, arsa Paddy. —Rope, arsa
Seán Thomáis. —Rope please, arsa Tadhg in ard a chinn leis an
gcaptaen. Do chuir an captaen glam isteach sa long uaidh agus ní
fada a bhí nuair a thagann mairnéalach chughainn agus caitheann
anuas téadan mór ramhar. Do bheir Tadhg air go tapaidh agus do
cheangail don dtochta é. Bhí an captaen in airde ag féachaint anuas
orainn. —Will you come on board? ar seisean.
Chuir sé dréimire anuas le taobh na loinge, agus seo linn in airde,
mise ag teanntt le Máiréad le heagla go dtitfeadh si. Bhi soilse ina
gcéadta le feiscint thall is abhus, na mairnéalaigh ina seasamh anso
is ansúd ag cur na sul trinn, cuid acu dubh agus cuid acu ban. pip
mhór amach as béal gach duine acu agus gibris an domhain acu.
Tugann an captaen isteach i seomra deas sinn agus suimid
síos ar chathaoireacha. Nuair a fuair Tadhg suite é féin: —Gldire
do Dhia go hard, ar seisean, an áit seo do bheith bainte amach
againn. Féachann ina thimpeall. —A Rí mhór na bhfcart, ar seisean
ag iontu orainne aris, nach breá an saol a ceapadh don bhfear san,
ag sineadh a mhéire chun an chaptaen. Níorbh fhada gur oscail an
captaen dha bhuidéal, agus do líon amach gloine biotáilie do gach
duine againn agus gloine fiona do Mháiréad. —Seo do shláinte, a
chaptaen, arsa Tadhg á chaitheamh siar. —Good luck, arsa an
captaen. —Do bhí Tadhg anois ag caint leis an gcaptacn eo tiubh,
cé nach mór an tuiscint a bhí aige siúd ann agus sinne ins na trithíbh
dubha ag gáirí fén mBéarla briste a bhí aige.
I gceann tamaill, d'éiríos féin agus Máiréad amach ar urlár na
loinge, agus an chéad siolla dom shúil dár thugas uaim siar, cad a
chifinn ach an Blascaod, an ceo scaipithe agus na réalta ag glioscar-
naigh le breáthacht na hoiche.
Ritheas isteach sa chábán go suáilceach. —Dar fia, a fheara, arsa
mise, tá an oiche glanta suas go breá. —Beannacht Dé leat, arsa
Tadhg ag éirí ina sheasamh agus ag siúl amach. Chuamair go léir
suas ar deic anois, agus deirim leat go raibh riméad orainn ag baint
na naomhóige amach arís, go mórmhór nuair a bhíomair comh
gairid don Oileán. D'fhágamair sian agus beannacht ag criú na
loinge agus bhailíomair linn; agus más ea, bhí an lá amáireach
snoite amach go maith nuair a tháinig an chuid eile do sna naomhóga
anoir agus aniar.
—Sea, arsa Maire lá agus í ag ní na n-araisti. Bhi an chuid eile
againn suite timpeall na tine. D’iontaiomair go léir sall. —Cad is ea?
arsa mo dheartháir Sean. Lena linn sin, iontaionn Maire isteach ar
an mbord aris agus í ag leamhghairi. Tógann cupán don mbord
agus iontaionn orainn féin aris. —Ís é an sea é, ar sise, go bhfuil
an-mheá agam ar dhul go Meirice.
—Ó, tá mhuise, a óinseach, arsa Mícheál. —Cad do chuir id
cheann é sin? arsa m'athair ag iontú uirthi agus lasadh ina ghnúis.
—-Tá, arsa Máire ag cromadh ar ghol, mar tá Cáit Pheig ag dul ann,
agus níl aon ghnó agamsa anso nuair atá na cailíní go léir ag imeacht.
— Dein do rogha rud, arsa m'athair, níl éinne ad stop. —Ní
raghaidh sí ann, arsa Eibhlín ag pusail ghoil, mar má théann,
raghadsa leis ann. -—Dhera, léimig láithreach, arsa m'athair agus a
dha laimh aige á chrothadh san aer, seo libh sall agus beidh an
t-ór le fáil ar na sráideanna agaibh.
Lá arna mháireach, do scríobh Máire go dtína haintín ag triall
ar an gcostas. Bhíodh Cáit Pheig ag teacht isteach chughainn i
gcónaí agus gan ar siúl aici féin agus ag Máire ach Meirice. Rithidís
sall go dtí an bhfalla, mar a raibh pictiúirí 6 Springfield. —Ó, a
deireadh Cait, raghaimid isteach sa tigh mhór san an chéad la, a
Mháire; agus ansan do ritheadh beirt acu amach ar an urlár ag
déanamh bolga-boghaisín le racht áthais. —Agus cuirfidh sibh rudaí
deasa chughamsa, a deireadh Eibhlín. —Ó, cuirfeam gan dabht, a
deireadh Cait ar nós cuma liom, agus lena linn sin do léimeadh
Eibhlín féin amach ag rince.
Trí seachtaine ina dhiaidh sin, do tháinig an costas go dtí Máire,
agus is uirthi a tháinig an t-athrú mór an tráthnóna san, í ag gol go
dubhach agus an litir idir lámhaibh aici. —Cad é an mhaith dhuit
bheith ag gol mar sin, a leadhbóg? arsa m'athair a bhí suite sa
chathaoir cois na tine agus cuma dhubhach air.
Is gearr go dtagann Cáit Pheig isteach agus a súile féin comh
dearg le rós ó bheith ag gol. —Sea, a Cháit, arsa m'athair, cad é an
nuacht agat? —An riabhach nuacht, a dhalta, arsa Cáit, ach gur
tháinig an costas inniu chugham, agus chuala gur tháinig sé go dtí
Máire leis. —Thainig, arsa m'athair, agus más ea tá sí ina hóinsigh
ó shin. —Canathaobh go bhfuileann tú ag caoineadh mar sin, a
Mháire? arsa Cait ag tógaint a ceann in airde, ná feacais Nóra
Pheats a chuaigh sall gan éinne muinteartha thall léi, an cailín bocht?
agus ní mar sin duitse—nach thall atá do mhuintir ar fad?
“Thugas féin fé ndeara an caipín i bhfad anuas ar shúilibh m'athar
an tráthnóna san, rud nár thugas fé ndeara riamh roimis sin. Bhí
Eibhlín thall sa chúinne eile agus í féin ag pusaíl ghoil. —An raibh
aon scéal nua isteach ag an Ri, a Chait? arsa m'athair aris ag cur
cos leis ar a leathghluin. —An riabhach a gcuala é, arsa Cáit, ach
go bhfuil an seó daoine ag imeacht 'on Oileán Úr sa tseachtain seo.
—Go bhfóire Dia ar na seandaoine, arsa m'athair, ní fhanfaidh
éinne chun iad do chur ar an bhfuadar atá fén saol. —Nil aon
bhaol, arsa Cait, ná gur mór an t-athrú sa tsaol é. —Ar mh'anam,
a Cháit, arsa m'athair ag tarrac osna eile, gur cuimhin liomsa saol
anso agus ná raibh do chuimhne ar Mheirice ach oiread leis an
gcathaoir atá fúm, agus más ea ba bhreá suáilceach an saol é.
Bhíodh Máire gach lá anois ag caoineadh. -—Mhuise, ní fheadar
?on domhan, a deireadh sí nuair a bhíodh si ag ní na n-áraistí, an
dtiocfaidh an lá go deo arís go mbead á ní seo? Mar an gcéanna
nuair a bhiodh si ag scuabadh an urláir. D'fheachadh ar an scuaib.
thiteadh na deora léi, ritheadh as san go dtí Rós mo madra agus
bheireadh barróg isteach uirthi. —Mhuise, a Róisín, a deireadh si,
nach mó lá a bhíodh beirt againn thiar ar an dTráigh Bháin, mise
ag caitheamh cloch amach san uisce agus Róisín ag rith amach sa
tsnamh ina ndiaidh! Bhiodh Ros ag crothadh a heireabaill agus
chuireadh sceamh aisti anois is arís le lúcháir i dtaobh Máire bheith
ag Imirt léi.
Sea, do bhí an aimsir á caitheamh agus Máire ag druideam leis
an sprioclá. Thugas fé ndeara cuma dhubhach ag teacht ar chreat-
lach an tí, agus tuigeadh dom go raibh an cnoc os cionn an bhaile
a bhí ag déanamh foscadh do sna tithe, go raibh sé ag athrú datha
ar nós fear mór stuama a bhuailfeadh a cheann fé le cumha. Ní
raibh do phort ar fuaid an bhaile anois ach mar gheall ar Mháire
agus ar Cháit Pheig do bheith ag imeacht anonn. An oíche dhéanach,
do bhí tórramh Meiriceánach againn, gach éinne bailithe isteach,
idir óg agus aosta, agus cé go raibh ceol agus amhráin, rince agus
rí-rá, ag dul san aer, do bhí cuma dhubhach ar a raibh istigh.
Níorbh aon ionadh é sin, mar ba chosúil leis an t-aon chlann iad,
aos óg an Oileáin—abair leat féin, a léitheoir, oileán beag scriosta
amach ón míntír agus gan fiche slat idir aon dá thigh acu, na
buachaillí agus na cailíní gach oiche ghealaí ag rince thiar ar an
nDuimhe nó suite i dteannta chéile. ag éisteacht le fuaim na dtonn
ó Thráigh an Ghrin aníos, agus ansan, nuair a thagadh an duibhré,
iad do bheith bailithe le chéile ag caint agus ag comhrá i dtigh
sheanNeil. Níorbh aon ionadh iad do bheith tromchroíoch nuair a
bhíodh éinne ag scarúint uathu.
Bhí smúit á bhaint as an urlár anois ag stócaigh agus ag girseacha
acmhainneacha preabúil. D'éiríos féin amach ar an bport. Bhí an
ghealach go hard ar an aer agus an Láir Bhán sínte trasna soir ó
dheas. Do chuala glór uaigneach na dtonn ag briseadh isteach ar an
dTráigh Bháin, agus do tháinig cumha orm. Lena linn sin, tagann
Maire féin amach. —O, a Mhuirisin, ar sise ag breith barróg
isteach orm agus ag briseadh fé ghol, cad a dhéanfad id dhiaidh?
—- Tóg go réidh é, arsa mise, ná feiceann tú gach éinne ag imeacht
anois. agus is gearr go bhfeicfir mise thall comh maith le cach.
Éist do bhéal, téire isteach agus bí ag rince leat. Bhog sí dhiom
ansan agus do shuigh síos ar an gclaí. —Tog suas do chroí, arsa
mise arís, téanam liom isteach agus déanfaidh beirt againn set.
Comh luath agus a chuamair isteach: —Mhuise, mo ghraidhin
go deo thú, a Mháire, arsa Peig Eoinín ag breith barróg isteach
uirthi agus ag cromadh ar ghol, ní fada mo shaolsa id dhiaidh. —Cas
in airde port, a Sheáin, arsa mise le Seán Pheats go raibh an
melódion aige. Do chas. D'éirigh ceathrar againn amach agus do
ghlaos féin ar mo dheirfiúr.
Do bhi an la ag gealadh thoir theas. Do niomair agus do ghlan-
amair sinn féin i gcomhair an bhóthair go dtí an Daingean chun an
slán déanach d'fhágaint ag Máire. Bhí an ghrian ag éirí go solasmhar
agus na coiligh ag glaoch ar fuaid an bhaile. Nuair a tháinig a naoi
a chlog, do bhí gach seanfhear agus seanbhean ag teacht fé dhéin
an tí. Ba mhór an dul trí chéile a bhí istigh ann an mhaidean úd.
Do bhogamair fé dhéin an chaladh, Máire agus Cáit Pheig romhainn
amach agus an baile go léir ina ndiaidh. Gach aon liú ag na sean-
mhna: —Mhuise, mo chroi go deo thú, a deireadh bean, nach é an
trua go deo thú bheith ag imeacht! —Ó mhuise, a Mháire, a deireadh
bean eile, conas a mhairfead id dhiaidh nuair a thiocfaidh an oíche
fhada gheimhrigh agus gan tú ag teacht go dtí an doras ná do gháire
agam le cloisint?
Do scaramair leo sa deireadh. Is gearr go rabhamair Lár Bá
amach agus sinn ag féachaint ar mhuintir an bhaile istigh ar an
gcaladh fós ag sméideadh a lámha agus a seálanna linn. Thugamair
an oíche sin sa Daingean agus ar maidin amáireach do chuamair
sios go dtí an stáisiún agus d'fhágamair slán agus beannacht ag an
mbeirt go dubhach deorach. Do chuir an traen fead aistí agus fead
eile, agus i gceann leathnóimint do bhíodar ó léargas orainn.
La brea gréine sa mbliain 1923, do bhios ag féachaint i ndiaidh
caorach ar thaobh an chnoic, an ghrian go bui tharm siar agus
fuiseog ag cantain os mo chionn in airde. Do thégas mo cheann
agus leathchiuas orm ag éisteacht. Dar mo leabhar, a éinín, arsa
mise, ach go bhfuilim meallta agat, dá shuarai thú. Lena linn sin,
critheann an talamh fim. D’fhéachas tharm agus cad a bheadh ach
cúig no sé d’uain oga agus iad ag damhsa dhóibh fein. Is gearr gur
chuala cleatar eile. Chuireas cluas orm féin. Chuala aris é, ar nós
grean a chaithfí isteach sa bhfarraige. D'fhéachas fém bun síos
agus is ea chonac paiste mór éisc ag ráthaíocht agus cleataráil
cheart acu á baint amach as an uisce.
Do tháimg saghas spreang im chuid fola, agus do léimeas ó
thalamh. Cad tá orm in aon chor? an doircheacht ag titeam sa
mhullach orm agus gan an chaora dhubh feicithe agam fós. Seo
liom ar aghaidh an díog siar ag bogfheadaíl dom féin.
Do bhíos timpeall agus fiche slat nuair a chonac dar liom an fear
ag déanamh orm aniar, a leithéid d'fhear ná raibh ins an Bhlascaod.
Stadas. Bhíos ag gliúcaíocht uaim. Dar fia, a bhuachaill, arsa mise
liom féin, go bhfuileann tú ann; agus más ón saol eile thú, féachann
tú dhom gan a bheith bocht. Is anois an t-am agam an fód do
sheasamh, mar b'fheidir gurb é mo shaibhreas a bheadh ann, is e sin,
má tá oiread cumhachta agat agus a bhíodh ag na leipreacháin sa
tseanshaol.
Tuigeadh dom anois go raibh miongháire ar a ghnúis. Dar fia ná
fuil aon droch-chuma ort, pé scéal é. Bhí sé i ngiorracht daichead
slat anois dom, fear ná raibh ró-ard ná ró-íseal, bríste glúnach air
agus clóca guailne, é ceann-lomnocht agus stothadh do ghruaig
chíorubh bailithe siar díreach air. Ambriathar go raibh saghas eagla
ag teacht orm roimis. Ní raibh a leithéid san Oileán. Cad as gur
tháinig sé? é ag teacht orm aniar díreach ó mhullach an chnoic in
am doircheachta an lae. Bhuaileas mo cheann isteach le port na
digeach. Tharraigios amach mo phíp agus lasas i, deatach brea
agam á bhaint aistí agus mé ag féachaint uaim soir ó dheas, mar
do cheapas, ní nach ionadh, go ngeobhadh sé tharm soir agus go
dtégfainn a thoise go maith, sa tslí go mbeadh sé le rá agam go
bhfeaca féin ceann do sna leipreacháin.
Ní raibh san ach ráite istigh im aigne agam nuair a chuala an
guth ar mo chúl. —Dia dhuit, ar seisean. D'fhéachas tharm. Do
dhein sé gáire. —Dia is Muire dhuit, a dhuine uasail, arsa mise go
támáilteach.
Shuigh sé síos ar stocán in aice liom agus tharraig amach bosca
toitíní. —Will you have one? ar seisean ag síneadh an bhosca
chugham. --Ni bheidh, go raibh maith agat, arsa mise. Bhíos ag
tógaint a thoise go maith san am chéanna agus é ag breithniú uaidh
amach ar Uíbh Ráthach. Ní raibh focal ar bith as éinne againn
anois go ceann i bhfad. Sa deireadh do thug sé fé labhairt as
Gaelainn, ach más ea do theip air. Dá bhrí sin, do chuaigh sé ins
an Bhéarla: —What do you call that place out there? ar seisean i
dteanga mhaith chrochta. —They call it Valentia Island, arsa mise.
—And how would you say that in Irish? ar seisean aris. —Glaonn
siad Oileán Dairire air, arsa mise. Thóg sé amach as a phóca
leabhairin beag agus peann lua, agus seo leis ag scríobh an méid sin
sios go pras. Dar fia, a bhranaigh, arsa mise liom féin nach é do
chéad uair ag scríobh na Gaelainne é.
Nuair a bhí sé scríofa aige, do labhras leis. —Cad as tú, let thoil?
arsa mise. —Repeat that, please, ar seisean. —Cad as tu, let thoil?
arsa mise go brea bog réidh. Lena linn sin, do bhuail sé a cheann fé
agus seo ag ra na bhfocal é féna fhiacla. I gceann tamaill, do
labhair sé aris. —J am from London, and I came to the Blasket today,
ar seisean ag deanamh gaire. Gaire Shasanaigh, arsa mise im aigne
féin, nach minic a chuala é do sheachaint! I gceann tamaill eile,
d'fhiafraigh sé dhiom m'ainm. Thugas dó é. —Seoirse Mac Tomáis
atá ormsa, ar seisean amach as Gaelainn. —Ís dóigh liom go bhfuil
Gaelainn leis agat, arsa mise. —-Beagan, ar seisean ag déanamh
gaire eile.
Do bhí sé ag fáil dorcha anois agus do bhogamair linn soir fé
dhéin na dtithe, focal ar fhocal Gaelainne aige á chur chugham
agus mise ag tabhairt an bhrí dhó. Nuair a thánamair go dtí ceann
an bhóithrín: —-Ca bhfuil tú ag fanacht? arsa mise. Do stop sé ag
cuimhneamh, agus ins an deireadh labhair sé: —Táim i dtigh
Mhícheál Ó Guithín, ar seisean, an bhfuil sé sin ceart? —Tá, arsa
mise, agus fé mar a dúrt leat, ní bheidh tú i bhfad ag dul i bhfeabhas.
Níl aon bhaol ná gur mór an teacht abhaile a bhíonn ins an óige.
Do bhínn féin agus Seoirse gach lá ar feadh sé seachtaine ag imeacht
le cois a chéile ar an dtráigh agus ar shliabh agus ar chnoc, agus
nuair a bhí an téarma san caite aige im theannta, is aige a bhí an
Ghaelainn go blasta. Deirim leat, a léitheoir, dá mbeadh gach duine
in Éirinn comh dúthrachtach leis chun na Gaelainne, go mbeadh
seanÉire na nGael arís againn gan mórán moille; ach faríor, ní
hamhlaidh atá, mar má tá duine dúthrachtach léi, tá dáréag ná fuil,
ce go bhfuil saghas dúiseacht anois aici á dhéanamh, buiochas mór
le Dia.
Aon mhaidean bhreá amháin, do bhíos féin agus m'athair ag
tógaint ár mbreicfeasta. Ga gréine isteach tríd an bhfuinneoig,
crónán na mbeach ar fuaid na háite, an cat amuigh ar bhonn na
fuinneoige agus gach seáp aige á thabhairt ar bheach a bhí ag siúl
ar an bpana. Is gearr gur thugas fé ndeara nead damháin alla in
aice leis an bhfuinneoig ar thaobh an fhalla agus é féin ina chodladh
go sámh istigh ina lar. Pé cuma gur chorraigh an bheach an nead
san, do mhúscail an damhán alla as a chodladh, agus nuair a
corraíodh a threantán dar ndóigh, do léim sé as a chorp agus do
thug .fén mbeach. Lena linn sin, cocálann an cat a chluasa ag
breithniú ar an mbeirt agus (fé mar a thuigeas) é ag fáil an-shult
ann. Is gearr go bhfuair sé in achrann na chéile iad, do thug fogha
fúthu agus do mhairbh an bheach agus an damhán alla d'aon
iarracht amháin. Bhí deireadh leis an ngreann ansan.
— Dar fia, arsa m'athair ag féachaint amach tríd an bhfuinneoig,
gur maith an lá é chun an dá chaora atá thiar sa Drom Rua do
thabhairt abhaile. —An riabhach gurb ea agus is fearra dhúinn dul,
arsa mise.
Do bhuaileamair an Tóchar amach agus cé bhuailfeadh linn ach
Seoirse agus é ag teacht anuas chugham féin. —Cá bhfuileann tú ag
dul inniu? ar seisean. —Táim ag dul ar an gcnoc, arsa mise, ag
triall ar dhá chaora, mé féin agus m'athair. —Beadsa leat, mar sin,
ar seisean. —Ó, ní bheir, arsa mise, mar go raghfá le haill. —Ni
raghad ambaiste, ar seisean ag iontú ar a shálaibh agus ag imeacht
linn.
Do bhí an lá go breá agus go brothallach, agus dá bhrí sin do
bhí caite againn dínn go dtí an léine. Do bhuaileamair linn an
cnoc amach, triúr againn agus sinn comh meidhreach le triúr páistí
ag comhrá agus ag caint agus ag tabhairt focla Gaelainne do
Sheoirse. Níor bhraitheamair an bóthar ag ciorrú go dtí gur
bhaineamair amach an Drom Rua. Stadamair ansan agus do
shuíomair síos ar ár scíth agus sinn ag breithniú uainn ó dheas ar
na Sceilgí.
— Nach mór an difríocht atá idir an áit seo agus cathair Lundain,
arsa m'athair. —O, tá, an-mhór ar fad, arsa Seoirse ag cuimilt a
mhéaranna siar trina ghruaig chas dhubh. —Is trua gan mise i
gcathair Lundain inniu, arsa mise, ba bhreá an radharc a bheadh
agam ann. —Cad é sin? arsa Seoirse ag iontú orm, agus tháinig
filltiocha ina mhalainn le hiontas na cainte, Is agat ná beadh, ar
seisean, ach an teas ad mharú agus an tsláinte ag cailliúint ort do
cheal aeir, agus comh fada le radharc, ní bheifeá ach ag féachaint
ar an rud céanna i geénai—chifea daoine ag siúl na sráideanna agus
gan iontu ach an dé, agus an gcreidfeá é, dá bhfeicfeadh duine acu
súd an radharc so anois atá os mo chomhair, go dtabharfadh sé a
shaibhreas air?
—-Tá an ceart agat, a Sheoirse, arsa m'athair ag éirí ina sheasamh.
Ambaiste, ar seisean arís, b'fhéidir go mbeadh ocras ortsa bheith
rófhada ar céalacan. —Ambaiste mhuise, arsa Seoirse, ná beathódh
na briathra na bráithre. —Dar fia, arsa mise, ach go bhfuileann tú
comh dea-bhriathrach anois le haon seanduine istigh ar an mbaile,
agus is mise ná dúirt sin an chéad oíche a bhuailis liom. —O, dar go
deimhin, arsa m'athair, nach minic a chuala, Mol an óige agus
tiocfaidh sí!
—Tá comh maith ag beirt agaibhse anois, arsa mise, fanacht
anso go raghad ó thuaidh go dtí bun Foithir na hAlabairde chun an
tseanchaora do chur aduaidh. —Tá go maith, arsa m'athair.
Seo Jiom ó thuaidh tríd an Scornaigh agus síos tríd an raithnigh,
craobh agus luibhearnach ag dul go cromán orm, cumaracha
diamhaire fém bun síos agus os mo chionn, agus an fharraige thíos
ag siorstealladh in aghaidh na gcarraigeacha. Bhi a lán caorach im
thimpeall anso is ansúd, ach más ea, ní raibh mo sheanchaorasa le
fáil, mar b'fhuirist aithint í toisc gan í bheith bearrtha. Bhí a fhios
agam pur dhreapadóir maith i, agus dá dheascaibh sin do bhaineas
amach na faillteacha. Ní raibh fém bun síos anois, ach an fharraige
ghorm, agus deirim leat gur shuarach an barrthuisle a bhainfí asam
nuair a bheinn im cheirtlín amuigh ar an bpoll mar anlann ag na
portáin. Stadas arís agus d'fhéachas síos mar a raibh na scuainí
d'éanlaithe mara neadaithe istigh sa chloich dhuibh, cuid acu ag
eiteallaigh timpeall agus cuid acu ar uachtar na farraige. Dar fia,
a Sheoirse, arsa mise im aigne fein, da mbeifeá anso anois agus an
radharc so d'fheiscint, is dócha ná raghfá sall go Sasana go deo arís.
Ní raibh san ach ráite agam nuair a bhraitheas an talamh ag
crith fúm, agus seo anuas tríd an bhfaill dubhadh na spéire do
phortach mór móna. Dia lem anam, arsa mise, buailfidh se me
siúrálta, agus do léimeas as mo chorp i leataoibh. Nuair a bhuail-
eadh sé an talamh i gcónaí, do théadh sé in airde sa spéir ar nós
caide. Seo leis tharm síos agus fothram uafásach aige. Do bhíos ag
gliúcaíocht ina dhiaidh riamh agus choíche nó gur bhuail sé ar an
uisce. Do chuir sé streancaí farraige in airde san aer agus do thit
anuas arís in aon scaob amháin a bhain tralabhait amach as an
bhfaill. Is anois a bhi an saothar agus an ruaille-buaille ag na
héanlaithe ag imeacht trína chéile agus ag déanamh amach ar an
muir agus a scréach féin acu go léir. Is trua ná rabhas ábalta ar iad
do thuiscint an lá úd; mar maidir le gibris, is acu do bhí sé ar nós
aon náisiún go dtagann crith talún ann agus na daoine ag teitheadh
lena n-anam.
Do chuireas díom trasna Bun na Raithní siar, stracfhéachaint
agam á thabhairt thall is abhus agus mé ag imeacht liom ar mo
chamruathar nó gur bhaineas amach Bun an Dóiteáin, agus dar fia
go bhfeaca mo phliospa caorach uaim síos ar an ribe íochtarach.
Tá go maith agus níl go holc, arsa mise liom féin, muran fada
anuas a tháinís ó sna plíomaí cnoc. Seo liom síos, agus dar fia gur
chuireas céimeanna agus strapai dhíom an lá úd ná beadh do
mhisneach inniu agam fiú amháin féachaint orthu. Nuair a bhíos i
ngiorracht fiche slat di, stadas agus chuireas glam asam. Thóg sí
a ceann go breá bog réidh, ach sin ar chuir do spéis ionam. Chuireas
glam eile asam agus glam eile, ach níorbh aon mhaith dhom é.
Thógas cloch agus chaitheas siar díreach i dtreo na caorach í,
feadaíl aici á dhéanamh tríd an aer, agus dar fia gur bhuaileas ilog
na droma í. Seo léi ar aghaidh i gcoinne na faille agus mise ina
diaidh ar saothar. Bhí sí fiain glan anois, cad fáth ná beadh, caora
nár beireadh le trí bliana roimis sin uirthi agus í ag imeacht riamh
ó shin i measc na gcumaracha úd ná raibh oiriúnach ach d'éanlaithe
na mara. Bhí si ag imeacht gan aon mheabhair agus súil á choimeád
agamsa uirthi i gcónaí, riamh agus choíche nó gur tógadh léithi, a
cosa os a cionn agus í ag teacht orm anuas ar nós liathróide sneach-
taidh. Ó, Ó! arsa mise agus anbhá mo chroí orm, tá sí anuas! Más
ea, is gearr gur stad sí i gclais raithni, agus d'éirigh mo chroí orm
le corp áthais. —Á, tá sé ráite riamh, arsa mise, nach fearr Éire ná
orlach. Seo liom suas. Bhí sí ansan Teme, a ceithre cosa san aer
agus i ag raideadh ar a landicheall. Dar cnaiosc go bhfuileann ta ar
míchothrom, arsa mise ag léimeadh chuichi. Bheireas uirthi, thógas
ina seasamh i, léim si ó thalamh, ach mas ea, choimeadas mo ghreim
uirthi, agus ba chonturthach an greim é i gcorplar na faille.
Bhíos i gcás idir dha chomhairle anois, ciacu a dhéanfainn, i
choimeád nó í scaoileadh uaim. Dúrt liom féin sa deireadh, má
choimeádfainn í, go mbeinn féin agus í féin amuigh ar an bpoll.
Dá dheascaibh sin, do ligeas di a srón do leanúint an fhaill amach
agus mise ina diaidh ar saothar. Do rith léi an Fiarraí do bhaint
amach ins an scríb sin, agus más ea do bhíos-sa comh tapaidh léi
ar barra. Seo léi soir agus mise ina diaidh arís, cóta allais orm agus
an raithneach am dhalladh. Bhí gach glam agam ina diaidh, ach
níorbh aon mhaith é—bhi sí ag baint an íochtair amach aris, mar is
gnách le caoirigh nuair a bhíonn siad lag; agus deirim leat go raibh
si seo lag go maith do dheascaibh na haoise, agus do chloisfeá i
bhfad uaithi an gíoscán a bhí ag na ruitini nuair a bhí sí sa rith. Seo
liom ina diaidh, an t-éan an coinín agus an chaora ag teitheadh uaim
ar gach taobh le barr scanradh nuair a chonaiceadar an fear gan
chiall agus gach glam aige tríd an raithnigh. Do sháraíos ins an
deireadh í. Stad si. Stadas-sa. D'fhéachamair féin ar a chéile. Bhi si
ag cur na súl tríom ar nós duine a déarfadh leat nuair a bheadh sé
saraithe: Na ligfea dhom? Chaitheas cloch lei. —Suas leat, arsa
mise. Seo léi agus mise ina diaidh ag caitheamh cloch ar gach taobh
di. Stadadh sí uaireanta agus d'fhéachadh uaithi anuas orm go
truamhéileach agus an teanga amuigh aici. Bhí sí á traochadh
amach anois, agus seo léi go breá réidh in airde i gcoinne na
gcuinaracha nó gur bhain si amach an Fiarrai. Bhi si comh tabhartha
amach gurb ar éigean a bhi si ag cur na ruitini gioscanach tharna
chéile. Mhuise, nach mé d'oscail mo chroí nuair a fuaireas an t-aer
breá cumhra a bhí ag teacht orm thar an mullach aneas ó sna
Sceilgi. Do shús lán mo bhoilg dó agus do shuios sios ar thortoig
agus gá agam leis.
Do bhreithníos uaim thall agus abhus féach an bhfeicinn m'athair
ná Seoirse, ach ní fheaca. Do chuireas méar im béal agus do dheineas
fead ghlaice. Ní raibh an fhead ach déanta agam nuair a chonac
Seoirse ag éirí ina sheasamh go tapaidh as an raithnigh agus é ag
leamhgháirí mar ba ghnách. Seo chugham aníos é.
—Ó, ar seisean á shearradh féin, táim marbh ag an ngréin. Do
chaith sé é féin sa raithnigh taobh liom. —Tá sé an-bhrothallach,
arsa mise, ach cad mar gheall ar an bhfear nár stad riamh ó shin
ach ag rith anonn is anall tríd an bhfaill sin i ndiaidh na caorach?
— Is dócha go bhfuil taithí agat air sin, ar seisean ag cur lámh ina
phóca agus ag tarrac na pípe agus an tobac amach. Dheineas féin
an cleas céanna, agus bhiomair ansan ag caitheamh tobac ar ár
sástacht agus ag cur síos ar chúrsaí an tsaoil, súilfhéachaint agam
féin á thabhairt anois is aris ar an seanchaora le heagla na heagla
go dtabharfadh si aon tseap eile ó thuaidh fén bhfaill; ach dar fia
go raibh sí an-shocair ar fad ach amháin ná raibh aon éileamh ar
an bhféar aici.
Le linn dom mo cheann d'iompú sios, cad a thabharfainn fe
ndeara ach m'athair thios amuigh ag na Poirt Bhuithe agus é ag
rith i ndiaidh na caorach eile. Do léimeas ó thalamh. —Th’anam “on
diucs, arsa mise le Seoirse, ná corraig as san anois agus ná bíodh
sé don diabhal ort an tseanchaora úd a ligint ó thuaidh aris. —Ca
bhfuileann tú ag dul? ar seisean agus cuma iontaiseach air ag éirí
ina sheasamh. —Taim, arsa mise, an bhfeiceann tú m'athair? (ag
sineadh mo mhéire síos ina threo)—tá sé ag dul dó an chaora eile
do thabhairt leis, agus raghad féin síos chun cabhair a thabhairt dó.
Beam chughat aníos ar an spota, ach a dhiabhail, ná lig i sin ó
thuaidh aris.
Seo liom sa rith le fánaidh i dtreo na Boise riamh agus choíche
nó gur sháraíos an chaora, agus chuireamair romhainn aniar í, mé
féin agus m'athair, nó gur stad an chaora ag na Clocháin Gheala.
Do thóg beirt againn ár scíth ansan. [ gceann tamaill d'éiríos. —Ní
fheadar ’on domhan, arsa mise lem athair, an bhféadfa an chaora
san a choimeád ansan go gcuirfinn aduaidh an ceann eile? —Tá go
maith, arsa m'athair.
Seo liom aris ó thuaidh mar ar fhágas Seoirse agus an chaora.
Nuair a thána go dtí radharc na Scornaí, cad a chífinn ach Seoirse,
a chasóg ina láimh aige, suas le dhá chéad caora a bhí bearrtha
cheana roimis amach agus é ins na cosa in airde ina ndiaidh trasna
an Droma Ruaidh síos. Stadas ag féachaint air. Nár mhór agus
nárbh éachtach an obair a bhí idir lámhaibh aige, an dá chéad san
a thabhairt le chéile! Ó, th’ anam ’on diucs, arsa mise, tá an chaora
a chuireas aduaidh ina measc, má mhairim beo, agus sin é an fáth
go bhfuil sé ina ndiaidh. An riabhach dom ansan ná gur fhéach uaim
suas ar an áit gur fhágas an chaora roimis sin, agus dar mo leabhar,
a léitheoir, go raibh sí ann fós. Is anois a bhí an t-iontas orm,
canathaobh nó cad é an t-ádh a tháinig air agus imeacht ina ndiaidh
sin? Dheineas fead air agus dhá fhead, ach más ea ní raibh aon tor
aige orm. Dheineas fead eile agus fead eile, ach bhí sé ag imeacht
fós gan aon chuimhneamh aigc ar stop. Comh deimhnitheach agus
taim beo agus tá cros ar an asal, arsa mise im aigne féin, is le haill
a gheobhair. Chuireas glam mhór anois asam, agus lena linn sin
do chonac é ag caitheamh na casóige san aer ina ndiaidh, agus níor
thúisce sin ná chonac é féin ag imeacht amach ar mhullach a chinn
sa bhfraoch.
Gheit mo chroí orm. Sea, ní foláir nó tánn tú gortaithe, arsa mise
ag rith liom sios féna bhráid. Nuair a bhíos i ngiorracht fiche slat
do, d'eirigh sé agus d'fhéach ina thimpeall. agus nuair a chonaic s¢
mise, do dhein se gáire brea suáilceach. —An bhfuil aon mhachail
Ort? arsa mise agus mo chroí ag bualadh. —Nil ambaist, ar seisean
agus d'fhéach sé arís i ndiaidh na gcaorach. —Ar mh'anam, a
Sheoirse, arsa mise, gur tusa an fear maraithe céad. —Ó, a Mhuiris,
ar seisean, do chaitheas scaoileadh leo. —Dhera a dhuine, arsa mise,
cad a tháinig ort nó cad é an t-ordú a fuairis faire amach a bheith
agat ar na caoirigh bearrtha san? — Ná dúraís féin liom é? ar seisean
go hiontaiseach. —Ni dúrt, arsa mise, ach dúrt leat bheith ag faire
ar an gcaora a chuireas aduaidh an uair sin. —Ó, tuigim, ar seisean,
agus cá bhfuil an chaora san anois? —Dar fia go bhfuil sí san áit
chéanna fós, arsa mise. —Tá san go maith mar sin, ar seisean, ach
do cheapas gur leat féin na caoirigh sin go léir agus gur theastaigh
uait iad do bhreith leat. —Is dócha, arsa mise, mura mbeadh an
trascairt a fuairis, go mbeifeá ina ndiaidh fós, agus tabhair fé ndeara
nach shin iad páilí sleamhaine Shasana agat, a bhuachaill. —Ó,.a
Mhuiris, ar seisean ag déanamh gáire, tabhairse fé ndeara leis go
gcuirfinn iallach ar na háiteanna anso mé phógadh. —Ambriathar
féin mhuis, arsa mise, gurb ea chuirfidís iallach ort iad do phógadh.
Téanam anois go gcuirfeam soir an chaora fhiain, mar tá m'athair
ag braith linn thoir ag na Searra agus an chaora eile aige.
Nuair a thánamair go dtí m'athair, do chuireamair an dá chaora
le chéile agus do shuíomair síos ar bharr stocáin ag ligint ár scith agus
ag breithniú amach ar Bhá an Daingin, mar a raibh tráiléirí go
fairsing ag iascach agus éanlaithe na mara ag eiteallaigh ina dtimpeall
ar thóir an éisc.
I gceann tamaill, d’éirios im sheasamh agus do thugas strac-
fhéachaint suas i dtreo na gcaorach. —Is dócha go bhfuil sé comh
maith, arsa mise, bheith ag baint lan na pipe soir dhó, sara mbeidh
an oíche againn. Seo linn ar aghaidh, raithneach agus luachair ag
dul go glúine orainn, mise thuas, Seoirse i lár baill, m'athair sa
bhun, agus an madra ar an ard os mo chionn féin. Ba chiallmhar an
madra Rós. Deirim leat nach mór an corraí tuathalach a dheineadh
ceann do sna caoirigh nuair a bhíodh Rós ceangailte thiar ar a
rúitín deiridh agus an tuathal curtha ar deiseal aici. Bhíomair ag
ciorrú na slí ar ár suaimhneas ag caint agus ag comhrá lena chéile
riamh agus choíche nó gur bhaineamair amach Tráigh Ghearaí, mar
is gnách linn na caoirigh do theanntú, agus gach sceamh ag Rós
romhainn amach nó gur chuir sí an dá chaora síos isteach i bPoll
Shiobhán de Lóndra.
Seo linn síos, agus dúrt le Seoirse fanacht amuigh i mbéal an
phoill, agus má gheobhadh aon cheann chuige amach, seáp do
thabhairt fúithi. —Tá go maith, arsa Seoirse agus cuireann a dhá
láimh ar gach taobh don bpoll. Lena linn sin, thugas féin seáp
isteach agus léim ceann acu amach. Bheireas ar an gceann eile agus
leagas. D'fhéachas amach ansan, agus cad a bheadh ach an chaora
eile ag tabhairt síos fén muir agus Seoirse i ngreim ina heireaball.
—Th’anam ’on diabhal, arsa mise, scaoil uait i, nó báfaidh sí thú.
Do scaoil sé uaidh í sa deireadh, agus seo le Rós sa tsnámh ina
diaidh nó go dtagann ar an dtaobh amuigh dhi. Casann an chaora
isteach arís agus is gearr go raibh sí sa pholl arís agam. Bhí Seoirse
an uair sin ar scáth cloiche agus na bróga bainte aige dhó ag fáscadh
an uisce as a stocaí.
Nuair a bhí na caoirigh bearrtha againn; —Sea, a Sheoirse, arsa
m'athair, is dócha go bhfuil ocras anois ort. —Ni raibh a leithéid
d'ocras riamh orm, ar seisean, —Sea anois, arsa mise leis, an dóigh
leat ná gur mór an obair a bhíonn anso i ndiaidh na gcaorach? —-Níl
dabht air, ar seisean, agus nach mór an obair ná téann éinne le
haill ina ndiaidh?
D'imíomair linn an bóthar soir.
Bhi athrú mór ag teacht ar an Oileán. On uair go raibh an
t-iascach dulta fé chois, do bhi na daoine óga go léir ag bailiú leo
sall go Meirice, cúigear nó seisear acu le cois a chéile gach bliain.
Ni raibh Maire imithe ach cúpla bliain nuair a cuireadh an costas
anall go dtí Seán. Bliain eile ina dhiaidh sin d'imigh Eibhlín. Bhí
Tomás Eoin Bháin imithe le tamall roimis sin agus é ag scríobh
nDaingean Uí Chúise, agus dá bhrí sin ní raibh sa tigh ach mé féin,
m'athair agus m'athair críonna. Bhíodh Seoirse ag teacht ar cuaird
chughainn gach samhradh agus beirt againn i gcomhluadar a chéile
1 gcónaí.
Is cuimhin liom go maith maidean bhreá aerach sa mbliain 1926
gur éiríos amach ar an gclaí. Bhí caiplíní bána ag imeacht an
Bealach ó thuaidh agus iad go deas cruinn bailithe le chéile ar
uachtar na farraige, ach nuair a théidís isteach i sruth taoide, do
chasaidís ar a chéile go dtí ná bíodh ruainne le feiscint diobh.
B'iontach an ciúnas é. Bhí na sléibhte go soiléir os mo chomhair ag
bagairt a gcinn i bhfad in airde sa spéir. Nach acu atá an meas orthu
fein an chumhacht san a dh'fháil chun a bheith nios aoirde ná an
chuid eile; ach más ea, ní maoite an aoirde sin orthu sa dú-
luachair, nuair a chaitheann siad seasamh go dána in aghaidh
sionta na spéire. D’fhéachas im thimpeall ar na streillini deataigh a
bhi ag éiri ó sna tithe agus gan do neart ins an aer iad do
scaipeadh ach an spéir ghorm nárbh fhéidir a dath a phéinteáil á shú
chúichi in airde. D'fhéachas ansan ar scáth na gcarraigeacha a bhí
le feiscint go soiléir ins an bhfarraige, agus nuair a thumadh fiach
nara é féin, chuireadh sé cuilithini beaga in aon bhoghaisin
mháin ag leathnú leothu amach riamh agus choíche nó go dtéann
lo radharc na súl iad do thabhairt fé ndeara. Is gearr anois gur
ghaibh árthach gaile an Gob aneas agus í go han-ghairid don
gcloich. Lig sí béic aisti a chuir madraí an bhaile le haer an tsaoil ag
sceamhaíl, agus deirim leat gur mhúscail sí an fharraige a bhí go
ciúin socair roimis sin, do réab sí ar gach taobh í, agus seo leis na
cuilithíní móra ag déanamh orm isteach nó gur dheineadar glug-
glag suas trí scoilteacha na gcloch. Ansan do chiúinigh an fharraige
arís sa tslí dhuit gur dhóigh leat nár chorraigh sí riamh.
Bhí m'athair agus m'uncail á n-ullmhú féin san am chéanna i
gcomhair na hInise. Seo liom féin isteach, agus nuair a chuireas mo
cheann thar tairsigh: —An bhfuil a fhios agat, a dhaid, arsa mise,
cad tá beartaithe agam a dhéanamh ach mé féin agus Seoirse a
dhul go hInisícíleáin in aonacht libh? —Nf fearra dhíbh a bheith
istigh, ar seisean, má théann Seoirse ann. —Tá go maith, arsa miise,
raghad suas chuige anois féach an bhfuil aon fhonn air.
Nuair a chuas isteach go dtí Tigh an Ghabha (mar sin é an ainm
a tugtar ar an dtigh mar a mbíodh Seoirse ag fanacht i gcónaí). is
ea bhi sé istigh romham ag ithe a bhreicfeasta. —Bail 6 Dhia anso
oraibh, arsa mise. —Dia is Muire dhuit, ar siad go léir d'aonghuth.
Do shuíos síos ar an seitil. —An mbeadh aon fhonn inniu ort?
arsa mise le Seoirse i gceann tamaill. —Cad chuige? ar seisean.
—Ar mhaith leat turas a thabhairt go dtí Inisícíleáin? —Sin é anois
díreach a bhí bean an tí a rá liom sarar thainis isteach, gur brea an
lá thiar ins na hoileáin é, agus dá bhrí sin tá ardfhonn orm dul ann,
mar do réir ráiteachais bhéil is oileán an-aerach é. —Ta comh
maith agam lón bóthair a dhéanamh suas duit mar sin, arsa bean
an tí. —Tá comh maith, arsa Seoirse. —Ó dein, arsa mise, mar is
oileán i a thabharfaidh goile an chaobaigh dó.
Naair a bhí gach ní curtha chun fearais againn, do bhogamair
chun bóthair an Tóchar síos, agus más ea chonaiceamair m'athair
thíos ar an gcaladh agus é ag sméideadh orainn brostú. Do dhein-
eamair gach deabhadh síos agus as go brách linn taobh an Oileáin
siar, mé féin agus Seoirse ag rámhaíocht ar ár lándícheall, an
fharraige ina léinsigh agus brothall thar barr ann, agus nuair a
dh’fhéachainn soir ó dheas idir mé féin agus Ceann Sléibhe, do bhí
sé ina aon bhóthar amháin ag glioscarnaigh ag an ngréin a bhi ag
taithneamh gan smal sa spéir.
Bhiomair siar go hard ar an mBois anois, róinte ina gcúplaí sínte
in airde ar na fochaisi agus gach glam agus olagón acu. —An
riabhach, arsa Seoirse, nach cosúil le daoine iad san istigh ar an
leac!
—Ambriathar féin, arsa m'athair, go bhfuil sé ráite gur cuireadh
a lán daoine fé dhraíocht anso fadó, agus b'fhéidir gur cuid acu
iad san. Tamall maith do bhlianta ó shin, ar seisean, do chuaigh
fear as so ag marú róinte—uair éigin i mí na Samhna do réir deal-
raimh, mar do bhí éan róin saolaithe. Thiar i gCuas an Éin a thar-
laigh sé seo. —Cá bhfuil an cuas san? arsa Seoirse. —TA sé ar an
dtaobh theas don Inis, arsa m'athair. Nuair a tháinig sé amach as
an mbád, do chonaic sé an t-éan róin thuas i dtóin an phoill. Seo
suas é agus maide ina láimh aige, mar ba ghnách leothu a bheith
acu ag marú na róinte. —Tuigim, arsa Seoirse, -—-Sea, fé mar a dúrt,
arsa m'athair, seo suas é agus an maide aige; ach más ea, níor
mhaith an mhaise sin dó, mar do léim an bhainirseach chuige go
tapaidh, a béal ar leathadh aici agus gach srann aici. Dar fia gur
ráinig leis féin dul in airde ar strapa éigin a bhí ar thaobh an chuasa,
agus nuair a bhí sé ansan thuas, an gcreidfeá, a Sheoirse, ná gur
labhair an bhainirseach uaithi in airde leis? Ma ta an t-ádh ort.
ar sise, fagfair an cuas so le deabhadh, mar bíodh a fhios agat ná
marófá mo mhaicin comh bog san. Lena linn sin, d'imigh si léi
suas go dtína gearrcach. Tháinig crith cos agus lámh ar an bhfear
in airde. Ar son an tsaoil, ar seisean leis an bhfear a bhi ag ainlit
an bháid, cúl isteach comh mear in Éirinn agus is féidir leat é. Agus.
on la san go dtí an lá a fuair sé bas, a Sheoirse, arsa m'athair, ni
fheacaigh sé aon lá amháin sláintiúil. —Dar fia, arsa Seoirse, sin
scéal nar chuala riamh. —Ambriathar féin, arsa m'athair aris, gur
mó scéal a chloisfeá anso i measc na n-oileán ná cloisfeá go deo ins
na cathracha.
Stracfhéachaint dár thugas féin ó thuaidh agus sinn lár an
Bhealaigh Mhóir siar, cad a chífinn ach ainmhí éigin ag tabhairt
léim táilliúra as an uisce in airde sa spéir. —Ó a thiarcais, arsa mise,
an bhfeiceann sibh cad é sin thuaidh? D'fhéachadar go léir ó thuaidh.
Nuair a thit sé anuas aris, do chuir sé sáile in airde san aer. —Tá,a
bhuachaill, arsa m'athair, ar chualaís riamh trácht ar an mbradán
fearna? —Is minic minic a chuala trácht air sin, arsa Seoirse. —-Sin
í anois agat í, arsa m'athair, agus an áit go léimeann sí mar sin,
bíonn go leor leor eile acu féna bun.
Ni fada gur bhaineamair amach Tráigh na hInise, agus thug
beirt againn ar n-aghaidh fén oilean suas. Bhi an ghrian gan
scamall sa spéir, an fharraige ina báinté, éanlaithe na mara agus na
talún ag cantaireacht dóibh féin go binn. Chuir radharc mo shúli
smaointibh mé. D'fhéachas siar ar ior na spéire agus chonac dar
liom Tír na nÓg go soiléir—na bláthanna ioldathacha istigh ins na
gairdini, na tithe breátha geala ag glioscarnaigh le taithneamh na
gréine, na maighdeana maorga aghaidhsciamhacha féna bhfolt
órga ag siúl trí sna páirceanna agus ag baint na mbláth. Ó, nach
trua ná tiocfadh Niamh Chinn Óir anso anois, mar is mear a
raghainn léi do dhroim bharr na dtonn! Is gearr ins na smaointe sin
mé nuair a chuala Seoirse ag glaoch orm. Bhí a chasóg caite aige
dhó agus é suite ar bharra stocáin ag féachaint anuas orm. —Cad a
chíonn tú san iarthar? ar seisean. —Ambriathar, a Sheoirse, arsa
mise, go rabhas ag féachaint ar Thír na nÓg 6 shin. —Dar fia, ar
seisean, ná fuil aon oidhre ort ach Eoinín na nEan.
D'éiríos féin in airde ar an stocán, agus bhíomair ansan gan focal
as éinne againn ach ag féachaint uainn amach ar an bhfarraige:
móir—an Sceilg uainn ó dheas agus cubhrán bán ina timpeall, an
Tiaracht siar ó thuaidh agus an bóthar bán ag dul suas go dtí an
tigh solais le feiscint go soiléir, na Feo tharainn siar díreach fé ior
na spéire agus gan faic le feiscint ar an dtaobh thiar díobh san ach
aer agus uisce.
—An dóigh leat, a Mhuiris, arsa Seoirse i gceann tamaill, ná go-
bhfuil uaigneas orm bheith ag imeacht amáireach? —Ó, is fíor
dhuit, arsa mise ag iontú air, agus is ormsa a bheidh sé id dhiaidh.
D'fhéach sé idir an dá shúil anois orm agus i gceann tamaill do
labhair go staidéartha. —Sea anois, ar seisean, níl anso ach beirt
againn ar oileáinín uaigneach, agus dá bhrí sin tá súil agam go
gcuirfir misneach ar mo chroí. —Gan dabht, arsa mise, má tá sé
im chumhacht—cuir an cheist. Más ea, is maith a bhí a fhios agam
cad i an cheist a bhí aige le cur orm. —Is i an cheist i, ar seisean, an
bhfuil Meirice caite as do cheann agat ó shin?
D'éiríos im sheasamh gan focal do labhairt. Is mion minic roimis
sin a bhí Seoirse ag spochaireacht liom gan dul go Meirice in aon
chor ach dul isteach ins na Gardaí; ach más ea do bhí leisce an
domhain orm rud a dhéanamh air, agus do bhínn ag iarraidh an
scéal do chur ar cairde i gcónaí. Ach bhí an lá deireanach tagtha
anois, agus bhí a fhios ag beirt againn, mura n-aontóinn leis an lá
san, go mbeinn bailithe liom sara dtiocfadh an samhradh arís.
D'fhéachas siar fé íor na spéire, an áit is ceart do Mheirice bheith
ina luí, agus do ghluais m'aigne chun smaointe arís. Tuigeadh dom
anois go raibh an tOileán Úr le feiscint os mo chomhair féna
shráideanna breátha agus a thithe móra groí, cuid acu ag scríobadh
na spéire le haoirde, an t-ór agus an t-airgead amuigh ar na clathacha
agus gan le déanamh ach é bhailiú. Cim na buachaillí agus na cailíní
a bhí im chuideachta féin tamall don tsaol ag siúl na sráide go
gealghairitheach agus go compordach; cim anois mo dheartháir
Seán agus mo dheirféaracha Máire agus Eibhlín ag siúl le cois a
chéile mar an gcéanna agus iad ag caint orm féin. Do bhí na deora
ag bogadh im shúilibh ach níor shileas. Fé mar a deir an seanrá, is
goirt iad na deora a shileann, ach is goirte ná san na deora ná sileann.
Bhíos rófhada sa stadsmaoineamh san agus gan freagra a thabhairt
ar mo chara. Cad é an freagra a thabharfainn air? An ndéarfainn
leis gurbh fhearr liom dul i measc mo chomrádaithe thall ná tabhairt
fé phríomhchathair na hÉireann lena chois?
D'iontaíos air. Bhí sé ag féachaint soir ó dheas ar Uibh Ráthach
sa tslí na raibh agam le feiscint ach a leicin. —A Sheoirse, arsa mise i
gceann tamaill, — Sea, ar seisean ag iontú orm, —Cad é do chomh-
airlese? arsa mise. —Is é mo chomhairlese dhuit, ar seisean, nach
ar na sráideanna i Meirice a gheobhair airgead, fé mar a mheasann
a lán.
D'fhéachas amach ar an bhfarraige arís. Tuigeadh dom anois go
raibh Máire ag tomhas a doirn liom agus í ag rá amach: Ná bac
leis sin ach tar anso amach mar a bhfuil do dhaoine féin, nó má
théann tú go Baile Atha Cliath, ní fheicfir éinne dod mhuintir go
deo arís.
D'fhéachas ar Sheoirse arís agus do dhein sé gáire. —Is mór go
léir a chuireann tú trí chéile, ar seisean. Ach cogar é seo liom, ar
seisean ag deimhniú lena láimh, más maith leatsa stair Mheirice a
bheith agat. féach ar an bponcan a thagann abhaile, feach an cló a
bhíonn air, gan braon fola ina chorp ná go mbíonn fágtha ansúd
thall aige; féach an cailín a théann sall féna haghaidh bhrea
sciamhach, nuair a thagann sí anall abhaile, bíonn cuma mhílítheach
uirthi agus an craiceann go casta ar a héadan—da dtabharfá é sin
fé ndeara, a Mhuiris, ní raghfá go deo ins an áit sin.
Bhíomair ag caint mar sin riamh agus choiche nó gur aontaíos leis
agus dúrt go raghainn go Baile Átha Cliath. —Ach más ea, arsa
mise, ní bhead leat amáireach, pé scéal é. —Ó, tá a lán aimsire fós
agat, ar seisean, ach gan tabhairt fén áit thall, sin é mo chomhairlese
dhuit.
Nuair a bhi gach ní curtha trí chéile againn, do bhogamair linn
fe dhéin na trá mar a raibh an naomhóg ag brath linn. —Th’anam “on
riabhach, arsa m'uncail, tá an oiche tithe orainn, nó cá rabhabhair
ó shin? Déarfainn go mbeadh an t-oileán siúlta fé cheathair agaibh.
—Och, tamall mar seo agus tamall mar siúd, arsa mise ag léimeadh
isteach sa naomhóig, agus seo linn amach go trom leisciúil tar éis
cúrsa an lae a bheith curtha isteach againn. Do thugas féin strac-
fhéachaint soir fén mBa a chuir dochma orm. —Ó a thiarcais, arsa
mise, nach mó buille rámhaíochta romhainn fós sara mbainfeam
amach an tigh. —Tá sé ráite riamh, arsa m'athair, dá fhaid bóthar,
go dtagann casadh ann.
Do shroicheamair an caladh timpeall a hocht a chlog, agus ag
siúl suas dom féin agus do Sheoirse: —Sea, a Sheoirse, arsa mise,
beidh tú ag imeacht amáireach uainn, agus is dócha go bhfuil comh
maith againn an oíche dhéanach a chaitheamh go compordach.
— Dar fia go bhfuil, arsa Seoirse, agus beir leat suas do bheidhlín.
—Ó, is beag an baol, arsa mise ag casadh liom siar ón mbóithrín
agus Seoirse suas go dtína thigh féin.
Nuair a bhí mo shuipéar caite agam, do thógas mo bheidhlín
anuas ón lochta. —De dhealramh go mbeidh rince thuas i mbarra
an bhaile anocht, arsa m'athair críonna nuair a chonaic sé an
bheidhlín im lámhaibh agam. —Dar mo leabhar duit, a dhaideo,
arsa mise, dá mbeinn i ngá sagairt go raghainn suas anocht.
—-Canathaobh? ar seisean. —Ná beidh Seoirse ag imeacht amáir-
each? arsa mise. —Eachbháin, más mar sin é, ar seisean, tá comh
maith agaibh an oíche anocht do chaitheamh go súgach i dteannta
chéile in ainm Dé.
Seo liom suas fé dhéin tí Sheoirse, agus nuair a chuas isteach ann,
is ea bhí Seoirse suite ar an stól beag, a dhá láimh féna smeigín aige,
agus é ag féachaint isteach i gcorplár na tine go dúthrachtach.
Bhuaileas mo bhos anuas ar a ghualainn. Thóg sé a cheann go
tapaidh. —Tá grá ort, a bhuachaill, arsa mise. —Cad fáth go
ndeireann tú é sin? ar seisean, —Mar tá sé cloiste riamh agam, arsa
mise, an té a bhionn ag féachaint mar sin i gcorplar na tine, go
mbíonn gra trom air. —Ná bac le pastaireacht Thaidhg, ar seisean,
ach cuir an bheidhlin i dtiúin. Chaitheas gáire a dhéanamh nuair a
chuala an freagra a thug sé orm. —Mhuise, a Sheoirse, arsa mise,
is blasta an Ghaelainn ata anois agat.
Is gearr anois go raibh an ceol ag dul i gcluasa na n-éganach
amuigh ar an mbéithrin, agus ni fada go rabhadar ar an urlár ag
rince go pras, Seoirse agus é striopalta go dtí an léine comh maith
leo féin, mar do bhí an oíche an-bhog ar fad. Ba bhreá leat féachaint
amach uait ar na buachaillí agus ar na cailiní san am san, sult agus
greann acu á bhaint as gach cor, agus fiú amháin na seanmhná go
raibh aon éirim iontu bailithe isteach ar thóir an cheoil.
Timpeall a deich a chlog, do shiúlaíos féin agus Seoirse tamall
don mbóthar amach agus sinn ag cur is ag cúiteamh linn féin, —Sea
anois, a Mhuiris, arsa Seoirse, beadsa ag fágaint amáireach, agus
más ca, beidh mo shúil in airde leatsa gach uile lá as so amach;
agus ná dein dearúd, nuair a raghair go Trá Lí, gan srangscéal a
chur chugham, agus bead romhat ag an stad i mBaile Átha Cliath.
—Ta go maith, arsa mise go tromchroioch agus leisce an domhain
orm nuair a chuimhnios ar an mbóthar fada a bhi romham. An
fhaid a bhí Seoirse ag cur síos dom ar an aistear go Baile Átha
Cliath, do bhios fein ag cuimhneamh ar na laethanta breatha a
chaitheas ag fiach ar mhullach an chnoic agus ag iascach ar bharra
na farraige—chonac dar liom coinín os mo chomhair amach agus
Rós ina dhiaidh. Ó, conas a dh’fhagfainn bánta an Bhlascaoid
go deo?
Is gearr gur phrioc Seoirse mé. —Biog suas, ar seisean. —Ó, tá
an-chumha orm, a Sheoirse, arsa mise, scarúint leis an áit seo—nil
leigheas agam air, mar tá an scarúint ródhian. —Ná feiceann tú
mise, ar seisean, a dh'fhág Sasana amach agus a tháinig go hÉirinn
gan aithne ar éinne beo agam? —Ó, ní mar a chéile mise agus tusa,
arsa mise, mar ní rabhas-sa riamh thar an nDaingean soir.
Do chasamair suas ansan arís agus do chuamair thar n-ais go dtí
an rince. Do bhí greadadh ceart anois acu agus ceol ag dul san aer,
agus do chaitheamair an chuid eile don oiche go suáilceach.
Lá ar na mháireach, do bhí sé bioranta fuar go maith aduaidh,
D'éiríos amach agus d'fhéachas im thimpeall. Bhí cuma bhagarthach
ar an lá, suaitheadh ar na clocha, ceathanna á bhaint fé íor na
spéire agus banc na Carraige Duibhe ag briseadh agus ag réabadh
aduaidh. —Dar fia, arsa mise liom féin, go mbeidh lá eile ag an
bPaorach.
Ní raibh an focal as mo bhéal i gceart nuair a chonac chugham
an Tóchar anuas Seoirse agus an Rí agus a lán eile ina ndiaidh.
M'anam ón ndiabhal, arsa mise, go bhfuil sé ag tabhairt fé amach.
Thugas fé ndeara anois rud nar thugas riamh roimis sin—is é sin,
ní fheaca fáth an gháire i mbéal Sheoirse an turas so. Níor bheag
san. Do bhi a dhóthain do chumha anois air agus do dhuibh mo
chroí féin mar an gcéanna. Bhuail sé chugham anuas agus isteach
leis chun slán a dh fhágaint ag m'athair críonna. Nuair a tháinig sé
amach aris, do shiúlaíomair linn síos go dti an gcaladh, mar a raibh
an naomhóg ag brath leis ar an linn. —Corraig ort, a Sheoirse,
arsa Seán an Rí a bhí ag cur na maidí amach. D'fhéach beirt againn
ar a chéile go huaigneach. Do bheireamair ar láimh ar a chéile gan
smiog do labhairt. Ansan do tháinig miongháire ar a bhéal agus
d'fhéach sé idir an dá shúil orm. —Sl4n leat go fóill, ar seisean.
— Go n-éirí do bhóthar leat, arsa mise,
Cúpla lá ina dhiaidh sin, do fuaireas litir óm chara agus gan óna
tosach go dtína deireadh ach cur síos ar an spórt a bheadh againn i
bpríomhchathair na hÉireann. Chun mo mhisneach do choimeád
suas, dar ndóigh. D'imigh lá agus dhá lá. Do scríobhas chuige, pé
scéal é, á chur in úil dó go raibh m'aigne déanta suas agam malairt
saoil do tharrac orm féin; ach más ea, is ag dul i Jeisciúlacht a
bhíos, mar ba mhór an t-athrú é, a léitheoir, ag buachaill a bhí
scriosta amach ón saol mór agus gan eolas aige ar a chúrsaí.
Lá agus me istigh cois na tine agus gan faic sa domhan braonach
ag cur imní orm ach an turas fada neamheolach a bhi romham:
—Sea, a athair, arsa mise agus é ar an dtaobh eile dhom ag léamh
litir a bhí tagtha chuige ó Mheirice an lá céanna, cad é do thuairim
fén dturas mór fada romhamsa amach anois? —Cad é an turas é
sin? ar seisean ag tógaint a chinn go tapaidh agus ag feachaint do
dhroim na spéaclaí orm. —Tá, arsa mise, is gearr anois go bhfeicfir
culaith an gharda orm.
Stad sé. D'fhéach isteach i gcorplár na tine agus seo ag machnamh
é ar feadh tamaill. Sa deireadh thóg sé a cheann arís agus d'fhéach
orm féin. —An dáiríribh atánn tú? ar seisean. —Sea go deimhin,
arsa mise. —Cathain a bheidh tú ag imeacht? ar seisean agus
tarraigionn osna san am chéanna. —Amáireach, arsa mise. —Well,
bheirim mo bheannacht leat, ar seisean, mar comh fada leis an áit
seo, nil aon bhaol ná go bhfuil sé imithe chun an donais. —Dhé, is
fada tá, a mhic ó, arsa mise, agus mura mbeadh féin, cad tá ann
ach sealgaireacht, fiach agus minfhiach, agus fé mar a deir an
seanrá, is iad san na tri gnótha is neamhthairbhi amuigh. — Is fior é,
arsa m'athair go tromchroíoch agus tosnaíonn ag léamh aris.
Lá arna mháireach, do bhí an uain go breá bog. Máirt a bhí ann,
an tríú lá déag do Mhárta 1927. D’ullmhaios mé féin suas ar maidin
go moch, mar dob é lá an Rí é chun dul amach ag triall ar an bpost,
agus dá bhrí sin do bhios im sheasamh amuigh sa mhacha ag faire
ar an Rí ar eagla na heagla go n-imeodh sé i ganfhios dom. Bhí gach
ní curtha i bhfearas agam, m'aigne dulta ar suaimhneas, mo chuid
éadaigh lae saoire orm, agus gan a fhios ag éinne cá raibh mo thriall
ach amháin ag mo mhuintir féin.
1 gceann tamaill, cé bhuailfeadh chugham aniar ach Seán Fada.
Do sheasaimh os mo chomhair amach agus do bhreithnigh orm ó
bhonn baitheas gan focal do labhairt. —Breithnim ort, ar seisean
sa deireadh, go bhfuil meá éigin istigh id chloigeann inniu, a mhic
Uí Shúilleabháin. —Tá fonn léime orm, a Sheáin, arsa mise. —Cá
bhfuil do thriall? ar seisean aris. — Dhé, cá mbeadh mo thriall, a
Sheáin, arsa mise, ach seachtain a chaitheamh i mbaile mór an
Daingin— ná fuilim tuirseach ag an áit seo? — Mo chroí ón ndiabhal,
arsa Seán, go bhfuil iomlán na fírinne agat, mar nuair a bhíos-sa
ar do chuma, go mbíodh leath mo shaoil caite agam san áit chéanna.
Dhera, th’anam “on diabhal, ar seisean aris, tá daoine óga anso
agus gan bréag ná magadh tá cuma na luaithe orthu.
Lena linn sin do chonac an Ri an Tóchar anuas. —Dar fia, a
Sheáin, go bhfuil an Rí chughainn ag dul amach, arsa mise, ta
comh maith agam bheith ag bogadh liom. —Ta comh maith agat
a nDomhnach, arsa Seán ag imeacht uaim soir, Is gearr gur bhuail
an Ri liom ar bharra na hinneonach. —An ag dul amach ataoi? ar
seisean. —Táim meáite air, arsa mise. —Más ea, ar seisean ag
féachaint orm, tá cosúlacht ort ná beir ag teacht thar n-ais. —Dhé,
b'fhéidir go mbeinn seachtain ar mo chamruathar, arsa mise.
Is gearr anois go rabhamair ag imeacht an linn amach, mo chúl
Jeis an oileán dúchais agam agus m'aghaidh leis an míntír. Ní fada
gur chuala an sceamhail istigh ar an dtalamh. Nach maith a dh'aith-
níos é! D'fhéachas tharm isteach agus do luigh mo shúil go hobann
ar Rós, í amuigh ar an bport agus gach liú aici nuair a chonaic sí
mise ag scarúint uaithi. Do choimeádas istigh an bhuairt a bhí ag
cur scailp ar mo chroí.
Do shroicheamair Dún Chaoin sa deireadh agus do shiúlaios liom
go mall righin tríd an slí in airde. Stadas. Bhaineas searradh asam
féin agus d'fhéachas isteach ar an Oileán. Nach beag an cuimh-
neamh a bhí agam tamall go dtréigfinn é, ach farior, bhí an lá san
tagaithe sa deireadh. D'fhéachas im thimpeall. Ní raibh éinne agam
le feiscint ná faic agam le cloisint ach fuaim na dtonn fém bun síos,
mé ag cur is ag cúiteamh dom féin agus gan éinne ag éisteacht liom
ach amháin Dia na glóire go raibh muinín agam as mé sheoladh ar
an mbealach ceart go dti an bpriomhchathair. D’fheachas uaim
ó dheas ar bhóthar Chinn Sléibhe, as san suas ar bhóthar an
Chlasaigh agus as san ó thuaidh ar bhóthar Chinn Sratha, agus mé
ag machnamh san am chéanna ar scéal a léas tamall roimis sin ar
mhac baintrí a thug a bhrollach fén saol mór, go mbíodh na cros-
bhóithre á dhalladh amach. -
Is gearr gur chuala an guth ar an dtaobh thiar diom. —An
bhfuileann tú ansan fós? ar seisean. D'fhéachas tharm agus cé
bheadh ann ach an Ri. —Dar fia, taim, arsa mise am chrothadh
féin suas, nil moran deabhadh orm. — Is dócha go bhfuileann tu ag
dul go dtí an Daingean anocht? ar seisean aris. —O táim, arsa mise,
is dócha gurb é an bóthar ó thuaidh is cóngaraí chuige? —Ó, is é
gan dabht, ar seisean arís. D'fhágamair slán ag a chéile. Do bhogas
liom an bóthar ó thuaidh agus an Rí uaim suas i dtreo Bhaile na
Rátha.
Bhios im aonracán anois ag púcáil liom ó thuaidh agus e€
ceobhranach go maith ins an am chéanna. Nuair a thana go dtí
barr na Ceathrún, stadas aris. Shuios sios ag tógaint mo scith
agus do bhi gal agam, nuair ná raibh aon tsuailceas eile agam.
D’iontaios aris ar an Oileán, mar b'é an t-amharc déanach anois
agam é ó Mhám na Ceathrún siar. Is é an chéad ait gur luigh mo
shúil ná ar mhullach an Chróidh, an cnoc is aoirde ann, agus do
rith an rann so chugham:
Taoi ansan, a Chróidh álainn,
Fé do mhullach fraoigh ársa,
Agus an té bhí seal ag rás ort
Ag dearcadh ort siar go cráite.
Sea, arsa mise ag éirí im sheasamh, pé faid slí atá romham, níl aon
ghnó agam an oiche do bhreith anuas orm. Do chuireas ins na cosa
riamh agus choíche nó gur thána isteach go dtí an Buailtín.
Do theastaigh uaim anois teastas do bheith agam ón sagart, agus
dá bhrí sin do thugas fé dhéin an tí go húdarásach. Do bhuaileas
ar an ndoras. Ní fada a bhí nuair a thagann cailín chugham. —An
bhfuil an sagart istigh, let thoil? arsa mise. Níor fhreagair sí ach
ag féachaint go hiontaiseach idir an dá shúil orm. —An bhfuil
Gaelainn agat? arsa mise arís. Níor fhreagair, agus do chaitheas dul
ar an mBéarla. —Ó tá, ar sise, tar anso isteach go fóill.
Chuas isteach i seomra beag mar a raibh a lán leabhartha agus
paipéiri. Sea, arsa mise im aigne féin, cailin gan Ghaelainn buailte
liom cheana ó fhágas an Blascaod ar maidin—nach iontach an
scéal é. Bhíos ag breithniú im thimpeall anois ar na pictiúirí a bhí
ar crochadh ar na fallaí, ach más ea, ní raibh éinne ag teacht orm
agus an lá ag imeacht. Ta go breá agamsa, arsa mise im aigne féin,
agus an turas fada atá fós romham go dtí baile mór an Daingin.
Lena Jinn sin, do chuala na truslóga ag teacht fé dhéin an tseomra,
agus tagann chugham isteach an sagart paróiste. D'umhlaíos dó
agus do bheannaigh dom go deas muinteartha. D'fhiafraigh díom
m'ainm agus mo shloinne agus mo chúram. D'inseas dó. —Ó, ar
seisean, is maith liom go mór thú bheith ag dul isteach ins na
Gardaí. Nuair a bhí mo theastas fachta agam uaidh, d'fhágas slán
agus beannacht aige agus do thugas mo bhóthar orm féin arís.
Bhíos ag imeacht liom agus ag imeacht liom nó gur rith machnamh
eile chugham: b'fhada liom suas ins an chnoc an bóthar a bhí
romham amach. Thógas amach mo phip agus dheargaios. Ni
raibh aon rian don Oileán le feiscint anois agam. Go bhfóire Dia
orm, arsa mise, cá bhfuilim, nó an dtiocfaidh deireadh leis an
mbóthar fada so anocht? D'éiríos arís agus do dhearcas timpeall
máguaird. Do bhí tuathród ag casadh soir agus tuathród ag casadh
siar. Is gearr gur thugas fe ndeara seanfhear gioblach chugham
anuas trasna an chnoic, seandhúid bhuí ina dhraid agus cúpla bó
roimis amach, é ag déanamh orm anuas agus Seo amach, seo amach!
aige leis na ba. Nuair a bhí sé ar an mbóthar, do bheannaíos dó
agus do bheannaigh dom go blasta i nGaelainn. —Cogar é seo liom,
a fhir mhaith, arsa mise, an b'e seo an bóthar ceart chun an Daingin?
D'fhéach sé orm. —Dealraionn an scéal, ar seisean, gur stróinséir
san áit seo thi. —Dar fia gurb ea, a dhuine chóir, arsa mise. —O,
ná bíodh aon eagla ort, ar seisear, mar an bhfeiceann tú na pollai
telegraf san? níl agat ach na pollaí sin do leanúint, agus tabharfaidh
siad isteach go dtí an baile mór thú. —Go raibh míle maith agat,
arsa mise. —Ó ná habair é, ar seisean ag crothadh lamh liom
agus ag imeacht uaim an bóthar siar.
Seo liom ar aghaidh arís. Bhí an tráthnóna caite go maith anois,
an bhó ag glaoch mar is gnách nuair a bhíonn sí ag baint an sciobóil
amach, an t-éan, an chaora agus an capall ag teacht go suáilceach
fé dhéin a ghnáthóige féin. Ní fada ina dhiaidh sin go bhfeaca
romham amach na tithe mora arda dlúite ina chéile agus crainn go
leor ag fás ina bhfuaid. Dar fia, arsa mise liom féin, gurb é seo an
Daingean má mhairim beo. Tógadh mo chroí le meidhir agus seo
liom ar aghaidh go fonnmhar.
Níorbh fhada dhom go bhfeaca chugham gaige do dhuine: uasal,
go raibh slabhra trasna a bhoilg air, hata cruaidh ar a cheann agus
parasol ina láimh aige. Bheannaios do. —An b'é sin thoir an
Daingean, a dhuine uasail? arsa mise ag síneadh mo mhéire soir
ina threo. Stad sé. D'fhéach orm, d'fhéach sé soir agus d'fhéach
orm féin arís. —Have you any English? ar seisean. —/ have, arsa
mise, but J want to know am I far from Dinsle yet? —Oh yes, yes,
ar seisean ag tógaint a chiarstirin amach agus á chuimilt da
mhalainn, mar is dóigh liom go raibh allas air ag an siúlóid. Oh, you
are only a quarter of a mile from it, ar seisean, that’s it yonder among
the trees. —Thank you very much, arsa mise ag imeacht liom soir.
An riabhach dom i gceann tamaill na gur fhéach siar i ndiaidh an
duine uasail, agus dar fia gur chuir sé m'athair críonna 1 gcuimhne
dhom an lá úd gur chuir sé an chasóg eireabaill air, mar dob é an
déanamh céanna nach mór a bhí ar chasóg an duine uasail seo
anois. Níor dheineas stad ná staon ansan nó gur bhaineas amach
tigh Mhartan Ó Cathain istigh ar an mbaile mór. mé féin agus an
réilthin in aonacht.
Bhuaileas isteach sa chistin agus mo chroí go ríméadach an uair
sin i dtaobh taisteal an lae a bheith curtha agam díom. D'éirigh
Mártan don gcathaoir agus cuma iontaiseach air. —Cad as gur
tháinís? ar seisean, nó cé hé tú féin? 'Tháimg iontas orm nuair a
chonac nár aithin sé mé, cé go raibh tamall maith ann ó bhíos ins
an Daingean roimis sin. —Dar fia, arsa mise, nach aon Éireannach
mé ach go háirithe, cé go bhfuil fuil Éireannach ionam. —Cathain
a tháinis go hÉirinn mar sin, agus cad é an riabhach cuma gur
phriocais suas an Ghaelainn bhlasta atá agat? —Dhera, a dhuine
na n-árann, arsa mise, ná fuil togha Gaelainne againne? —Agus
murab Éireannach thú, ar seisean arís, cad é thú? — Blascaodach, a
bhuachaill. arsa mise. Lena linn sin, do dhein Mártan gáire.
—Do-bheirim an diabhal, ar seisean, gurb shin freagra nar chuala
riamh, agus tá a lán ag siúl orm. Dar fia, ní cás duit a rá, ar seisean,
agus aithnim go maith anois thú.
Sea, nuair a bhí mo shuipéar ite agam, do chuireas gach ceist
ar Mhartan i dtaobh na traenach agus go mórmhór an t-am a bhi
sí le himeacht ar maidin. —An miste dhom a fhiafraí dhuit, ar
seisean, cá bhfuil do thriall? —Dhé, seachtain do bhaint amach
ins an phríomhchathair, arsa mise. —Dar fia gur aithníos féin go
raibh an sprid ionat, ar seisean. —-Ach ná biodh sé don diabhal
bui ort gan glaoch ar maidin orm, a Mhártain, arsa mise ag imeacht
liom an staighre suas. —Ó, ná bíodh faitíos ort, ar seisean.
Ni mór an codladh dheineas an oíche úd ach ag siorsmaoineamh
ar an aistear achrannach a bhi romham. Is gearr go rabhas i dtrom-
luí. Cim na bóithre iarainn ag imeacht tharna chéile, cim na daoine
ar nós na seangán agus mé féin ina measc. Seo chugham an traen
isteach, agus nach ar mo chroí a thagann an t-anbha! IS gearr go
mbogann sí léithi amach arís. Léimeas uirthi, ach más ea do shleamh-
naíos. Cloisim fear ag rá, Ó, tá sé marbh! Lena linn sin, do dhúisíos
arís, agus nach orm a tháinig an compord agus an sásamh croí
nuair a chonac go rabhas sínte sa leabaidh bhreá chluthair. Do
bhraitheas trí oíche san oíche sin le faid.
Timpeall a sé a chlog ar maidin, do buaileadh cnag ar an ndoras.
—Th'anam “on riabhach, éirig, arsa Mártan, nó beir déanach don
dtracn. Ní fada bhíos am ullmhú féin, agus nuair a bhí mo chéad-
phroinn caite agam, d'fhágas slán ag Mártan agus ag a mhnaoi
agus seo liom an tsráid síos fé dhéin na traenach. D'fhéachas síos
agus d'fhéachas suas, daoine go leor ag imeacht tharm ins gach
treo agus tuigeadh dom go raibh súil gach éinne orm féin. Ins an
bhféachaint dom, do thugas fé ndeara seanfhear im dhiaidh ar
saothar. Dar fia, arsa mise liom féin, go mb'fhéidir go.bhfuileann
tusa leis ag baint na traenach amach. Stadas leis.
—-Dia dhuit, a dhuine uasail, arsa mise. —Dia is Muire dhuit, ar
seisean amach as Gaelainn. — An feidir leat a insint dom let thoil,
arsa mise, cá bhfuil stad na traenach anso? —Lean mise, a bhuachaill
mhaith, mar is ann atáim féin ag dul. — An-mhaith, arsa mise. —Cad
as tú? —On mBlascaod, arsa mise. —Go Meirice, is dócha? —Ni hea,
ach go Baile Átha Cliath. —Is dócha ná rabhais riamh roimis sin
ann? ar seisean. —Ni rabhas, arsa mise, agus is dócha gur sli maith
achrannach é. —Gan dabht, ar seisean, don té na beadh taithi aige
air—níor mhór duit do shúile a bheith oscailte go maith agat.
Ní fada anois go rabhamair ar stad na traenach. —Ta comh
maith agat anois, arsa an seanfhear, dul isteach san oifig agus do
thicéad a dh'fháil, mar is gearr go mbeidh an traen ag gluaiseacht.
Seo liom isteach, agus más ea, do bhi a lán eile istigh romham.
D'fhanas leo. Dar fia, arsa mise, ar an bhfuadar atá fúibh go mbeidh
an traen imithe orm. Do ritheas amach ar an stáitse agus do bhuail
fear liom go raibh caipín boise adhairce air. D’aithnios go raibh
baint éigin aige leis an dtraen. —An fada eile go mbeidh an traen
ag imeacht, let thoil? arsa mise. Do thóg sé amach uaireadóir.
—- Deich nóimintí eile, ar seisean.
Do léimeas isteach san oifig arís, agus más ea do bhí gach éinne
eile ullamh romham. Ní fada go bhfuaireas mo thicéad agus d'éiríos
amach arís. Stadas ag féachaint mórdtimpeall. Ó a thiarcais, cad as
gur tháinig na daoine? Fear ag breith ar mhála, bean ag rith, bean
eile ina diaidh, gibris agus dul tri chéile. Beireann siad ar bhailcin
ata ar thaobh na traenach chun an chomhla dh’oscailt, ach ni
thagann an chomhla san leo. Ritheann siad go dti ceann eile, mna
agus fearaibh ag rith trina chéile. Ambriathar, arsa mise im aigne
féin, nach é lá na gaoithe la na scolb, agus mura gcuirfeadsa aon
dealramh orm féin ach mar, seo, go mbead ar chloich thraite. Do
bheireas ar mo mhála agus seo liom. Ni raibh ach cúpla coiscéim
tabhartha agam nuair a baineadh macalla as baile mór an Daingin
leis an bhfead a chuir an traen aisti, agus maidir liom féin dó,
tógadh glan don dtalamh mé. D'fhéachas timpeall le heagla go
bhfeacaigh éinne an gheit a baineadh asam, ach ní fheacaigh. Bhí
gach éinne istigh ar an dtraen anois ach amháin mé féin. Seo liom sa
rith, ach más ea, ní raibh aon oscailt agam le fáil isteach ann. Ins an
útamáil dom, do chuala an guth thiar ag mo chúl. D'fhéachas tharm,
agus cé bheadh ann ach an seanfhear. D'oscail se comhla. —Teire
ansan isteach, ar seisean, agus cuimhnig ná fuil le déanamh agat
ach dhá aistriú amháin, ceann i dTrá Lí agus ceann eile i Mala—
slán leat anois, ar seisean ag iamh na comhlan go tapaidh.
Shuios sios ar an suíochán, agus is gearr anois gur bhog an traen
amach chun siúil. Ní raibh éinne sa bhosca ach mé féin. Bhíos ag
breithniú amach tríd an bhfuinneoig—páirceanna breátha glasa
agus crainn ar gach taobh díom, tithe ins gach gleann agus gach
cumar, an Blascaod agus an fharraige fhiain imithe as amharc. Tá
siad san imithe anois agus mé im chaonnaí aonarach, agus fé mar
a deir an seanrá, gur maol guala gan bhráthair.
Is gearr gur baineadh suaitheadh asam, agus cad a bheadh ach
an traen ina stad. D’fhéachas amach tríd an bhfuinneoig, agus dar
fia go bhfeaca a lán daoine ag fágaint na traenach. Táimíd i dTrá Lí,
arsa mise liom féin ag breith ar mo mhála, agus seo liom amach.
Ce chasfaí direach orm ach buachaill an chaipin adhairce agus saghas
trucail go raibh bosca uirthi á shá amach roimis. —Faighim pardún
agat. arsa mise, ach an b'e seo Tra Li? Stad sé agus d'fhéach orm.
— Dhera a dhuine, ar seisean, ná nileann tú ach ag Abhainn an Scáil
fós. Timpeall a dó dhéag a bheir i dTrá Lí. —Go raibh míle maith
agat, arsa mise agus do léim isteach arís.
Do shuíos síos arís. Féach gur mór an seans a bhí liom agus an
fear san do bhualadh trasna orm. Ní fada go raibh cor im mhuineál
ó bheith ag féachaint amach tríd an bhfuinneoig, agus dá bhrí sin
do shíneas ar m'fhaid agus ar mo leithead ar an suíochán agus mé
buíoch go maith d'fhear an chaipín boise adhairce. Nach mé a
bheadh ciapaithe cráite dá mbeadh an traen imithe uaim an uair
sin—ní fheadar 'on domhan an dtabharfainn fén nDaingean do
shiúl? ach mo léir, ní bheadh sé siúlta anocht agam. Sin é mar bhios
ag cur is ag cúiteamh liom féin agus mé sínte ar fhleasc mo dhroma
go sasta.
Do stad an traen aris. D’fhéachas amach, agus más ea bhi go
leor ag fágaint na traenach aris. Fé mar a léimidis amach, do
stadaidis ag breithniú ar an dtraen, agus dar fia gur tuigeadh dom
go raibh gach éinne ag cur na súl triom agus iad ag ra lena
chéile, Canathaobh ná fuil an buachaill sin ag teacht amach? Do
chúbálas isteach agus do bheireas ar mo mhála. Is cosúil, arsa mise,
ná raghaidh an traen a thuilleadh agus gur ag magadh fúm a bhí
an spreallaire sin a bhuail liom ar an stad eile ó chianaibh. Seo liom
amach agus do dhearcas im thimpeall. Mhuise, más é seo Trá Lí,
arsa mise, don riabhach a bhfuil aon an-dhealramh air mar áit. Ní
fada go bhfeaca fear eile ar nós an fhir a bhuail liom cheana, agus
seo liom féna bhráid. —Cathain a bheam i dTrá Lí? arsa mise.
—Uair a chloig eile, ar seisean ag imeacht uaim go fuadrach.
Seo liom arís isteach ins an charráiste go rabhas cheana, agus
deirim leat gur mó ná san an t-áthas a bhí orm nuair a bhí a fhios
agam me bheith ag imeacht i gceart. Thógas amach mo phip
agus bhaineas deatach maith aisti. Do bhí an ghal san ag dul chun
mo mhaitheasa go mór—cad fáth ná beadh, an turas fada agam á
chur díom go raibh éagruas inchinne orm seachtain roimis sin ó
bheith ag cuimhneamh air.
Sea, nuair a bhí an t-am suas, do shroicheas Trá Lí. Do stad an
traen agus d'éiríos amach. Chuas chun cainte le fear dosna caipíní
boise adhairce. —Is dócha, arsa mise, gurb e seo Tra Li? —O, is é,
ar seisean. Do bhraitheas ins an am cheanna gurbh fhear deas e chun
cainte leis, agus dá bhrí sin bhí saghas báidh ag teacht agam leis.
Is gearr anois gur bhrúmair isteach i gcomhrá le chéile, agus ins an
chaint dúinn do phriocas uaidh an t-am a bhí an traen le gluaiseacht
i gcomhair Bhaile Átha Cliath. D'fhág sé slán agam ansan agus
d'imigh leis.
Sea, bhí ceithre uaire chloig agam le caitheamh ins an chathair,
ach más ea, cé go raibh a fhios agam ná headh an traen ag imeacht
go dtína ceathair, ní raibh aon dul go bhfágfainn an stad, mar ní
raibh aon iontaoibh agam aisti ná go n-imeodh sí aon am. Do bhi
mo mhála agam istigh in aice leis an bhfalla agus mo shúil agam á
choimeád air i gcónaí. Bhíos ag siúl liom síos agus suas ar mo
shuaimhneas, agus ins an bhreithniú dhom is gearr go bhfeaca bean
agus bean eile ag cur a málaí féin isteach trí fhuinneog agus ag fáil
ticéad dearg éigin agus ag bailiú leothu. Chonac beirt fhear ag
déanamh an rud céanna. Dar fia, arsa mise, gur dócha gurb áit é
sin chun na beartáin do choimeád. Bheireas ar mo mhála agus seo
liom suas go dti an bhfuinneoig. Chonac fear agus é gnóthach
tímpeall na mbeartán. Shíneas isteach mo mhála. D'fhiafraigh sé
dhiom m'ainm agus do scríobh ar leabhar go tapaidh é, chuir
figiúir éigin ar mo mhála agus do shín chugham ticéad beag dearg
amach. Bhíos an-shásta liom féin anois—cad fáth ná beinn agus
gach bealach ag teacht liom i leabaidh a chéile?
Bhuaileas liom sios fén stad aris, agus pé cuma gur fhéachas
in airde, cad a chifinn ach TELEGRAPH OFFICE scriofa os cionn doiris
i litreacha móra. Do tháinig oiread bó do chroí orm nuair a chonac
san, agus seo liom isteach chun sreangscéal a dhéanamh go dtí mo
chara Seoirse i mBaile Átha Cliath. Do bhí cailín istigh romham
suite ar chathaoir agus leabhar aici á léamh. Bheannaios di. Thóg
sí a ceann agus d'fhéach orm go tur, aghaidh bháiteach aici agus
cuma an tormais uirthi. Níor labhair si fós. D'inseas di mo chúram.
D'éirigh sí agus do shin chugham páipéar. Ansan do shuigh sí ar
an gcathaoir arís agus seo ag léamh í. Tá go breá, a chailín, arsa
mise im aigne féin, agus seo liom ag scriobh ar mo shástacht.
Nuair a bhi sé scríofa agam, do shineas isteach chuichi €. ach más ca
níor labhair si fós. —Nil aon bhaol, a chailín, arsa mise amach as
Gaelainn, ná gur stóinsithe an ceann acu thú. Bhí a fhios agam ná
raibh aon dul aici ar mé thuiscint. —Good day now, sir, ar sise. An
dóigh leat, a léitheoir, ná gur mór an meas a tháinig agam orm
féin nuair a chuala an freagra san uaithi. De dhealramh, arsa misc,
go bhfuil cuma an duine uasail orm nuair a chuala sir fachta agam.
Bhí mo chroí ag éirí orm i gcónaí nuair a bhí fios agam á fháil
ar gach ní, ach aon rud amháin a bhí ag déanamh buartha dhom,
mo bholg bocht folamh. D’fhéachas ar an gclog. Ní raibh sé ach
a haon. Bhíos ag cur is ag cúiteamh anois an dtabharfainn fén
gcathair, mar bhí an t-ocras ag cur orm, agus mar a deir an sean-
fhocal, nuair is cruaidh don gcailligh, go gcaitheann sí rith. Sea,
anois an t-am agam tabhairt fé. Dar fia go dtabharfad fé. Seo liom
corp ar aghaidh suas. Más ea, ní fada suas a bhíos nuair a bhí mo
mhisneach ag cailliúint orm. Chuireas in airde mo lámh agus
thochaisíos mo cheann go dóite, mar do bhí crosbhóthar soir agus
crosbhóthar siar, ceann eile síos agus ceann eile suas—gach áit go
luiodh mo shúil, do bhiodh crosbhóthar. M'anam ón ndiabhal, arsa
mise, má théim a thuilleadh, go mbead im dhallacán ar fuaid na
cathrach, mar nil aon dul go bhfaighinn an bóthar ceart thar n-ais
arís. Dia lem anam, arsa mise, bead caillte mar tá, má fhanaim im
throscadh mar seo, mar titfidh an t-anam asam ar an mbealach.
Ach más ea arís, má théim suas fén gcathair, conas a thiocfad thar
n-ais? Dar fia, a léitheoir, gur chuas chun cinn, ach más ea. do
réir mar bhíos ag druideam suas, is ea is mó a bhí na crosbhóithre
ag dul sa mhuileann orm, Do stadas arís. Ó, an riabhach a thuilleadh
a raghad, arsa mise; pé rud a dhéanfad gan bhia, níl aon ghnó
agam dallamullóg a chur orm féin ins an chathair seo.
Do chasas ar mo shail aris anuas go dtí an stad agus do shuios
síos ar shuíochán mór fada a bhi sínte suas leis an bhfalla. Tharm
sios agus suas do bhi beirt bhuachaillí beaga ag súgradh dhóibh
féin le liathróid. Nach iad a chuir ar ais ar bhóithrín na smaointe
mé, an t-am gur ghnách liom bheith ar a gcuma siar chun barra na
Duimhche, mé féin agus Tomás Eoin Bháin. 1 gceann tamaill, do
bhuail smaoineamh eile mé. Do ghlaos chugham i leith orthu.
Stadann siad do bheith ag imirt na liathróide. Féachann siad ar a
chéile agus deineann siad gáire go leanbaí. Seo chugham i leith iad.
—An mbeadh aon leisce oraibh, arsa mise, dul suas fén gcathair
dom? —Ní bheadh, ar siad san go támáilteach ag féachaint síos ar
a gcosa le cúthaileacht. —Nach maith na buachaillí sibh, arsa mise ag
cur lamh im phóca agus ag tabhairt sintiús airgid dóibh. Seo anois.
arsa mise, bíodh an méid sin agaibh féin agus ceannaig punt aráin
agus ime ar an méid sin domsa. Seo leo sa rith gan an tarna focal
do labhairt, agus i gceann deich nóimintí do bhiodar chugham
anuas arís, mo lón bóthair go deas feistithe istigh i bpáipéar acu
agus cúpla beartán beag eile acu féin. Do ghabhas buíochas leo go
dúthrachtach. Siúd leo arís suas in áit iargúlta lena mbeartáin féin
agus ní fada gur thugas fé ndeara iad ag cogaint go dicheallach.
Nuair a bhí mo lón caite agam, d'éirios amach go sásta ag siúl
síos suas ar an stad, Ní raibh le caitheamh anois ach uair a chloig
eile chun a bheith ag bogadh liom arís fé dhéin na príomhchathrach.
Ins an tsiúlóid dom, do thugas fé ndeara buachaill agus cailín ag
teacht isteach ar an stad agus cúpla mála ar iompar acu. Do bhí an
bhean, comh fada lem thuairim, timpeall agus tríocha blian d'aois
agus an buachaill timpeall cúig is fiche. D'aithníos ar an gcuma go
raibh súil acu á thabhairt thall is abhus gur bheirt neamheolach ar
an slí iad. Dar fia, arsa mise im aigne féin, gur dóigh liom gur
dallacáin ar mo chuma féin sibh.
Ní fada a bhí nuair a thagann an buachaill chugham anall.
Bheannaigh sé dhom agus bheannaíos dó. Is gearr gur chuireamair
aithne ar a chéile. Buachaill do mhuintir Chonchúir aniar ó Abhainn
an Scáil ab ea é agus é ag dul isteach ins na Gardaí, ach gan focal
Gaelainne aige. Nár mhór an scamall é, dar liom, gan éinne amháin
a bhualadh fós liom a bhí eolgaiseach ar an nGaelainn. | gceann
tamaill eile, tagann an cailín chughainn anall, agus dar ndóigh
tugann an Conchúrach aithne dhom féin uirthi. Deirfiúr dó ab ea
i agus í ag dul go Baile Atha Cliath lena chois. Ba mhór an sásamh
dom an dá chara do bheith agam, mar go raibh eolaithe maithe
agam dar liom 1 gcomhair an aistir.
—- Is dócha, arsa mise leis an gcailín, go bhfuil eolas maith agatsa
ar an mbealach go Baile Átha Cliath? —Ó, tá, ar sise go mustarach,
is mó lá mise ar an mbealach san—an bhfuil eolas maith agat féin
air? ar sise aris ag déanamh smiota beag gáire, an gáire a dhéanfadh
duine tamdailteach a chuirfeadh aithne an chéad uair ort. —Dar go
deimhin, a bhean mhaith, arsa mise, gurb é seo mo chéad turas ar
an stad go bhfuilim im sheasamh anois.
Lena linn sin, do dhein an traen a bhí ag teacht isteach fead mhór
a bhain geit asam, ach do chuimhníos orm féin go tapaidh. Sineann
si suas taobh linn. A thiarcais, is aici a bhí an fothram. —Is dócha
gurb i seo traen Bhaile Átha Cliath anois? arsa mise leis an gcailín.
— Is dóigh liom gurb i, ar sise.
Is anois a bhí an dul trí chéile ar an stad, mo cheann á scoltadh
leis an bhfothragadh uafásach a bhí ar fuaid na háite, comhrat á
gcaitheamh amach as an dtraen gan trua gan taise dhóibh agus
cannaí móra a bhi lan do bhainne, mar chuala, a raideadh amach
ar an suimint chruaidh. Tá go breá, arsa mise liom féin; nach
gearánach a bhínn ar na hiascairí ins an bhaile nuair a bhíodh an
fuirse orthu d'iarraidh an caladh dh fhágaint nuair a bhíodh
suaitheadh agus tarrac ann—canathaobh an fuirse go léir nó cá
bhfuil an taoide ag teacht orthu?
A Rí mhór na bhfeart, an ghibris a bhí ag na daoine agus gan
focal Gaelainne le clos. Ní fheadar 'on domhan cad a thugann
stróinséirí isteach go dtí an Blascaod ag foghlaim na Gaelainne,
mar comh fada lem thuairim, nuair a thagann siad go dtí an áit
seo aris tar éis an Blascaod a dh’fhagaint, go bhfuil sí caite fé chois
acu. Féach mé féin anso anois, cad a dhéanfainn mura mbeadh focal
Béarla im phus? ná rabhas im sheó bóthair? cá bhfuil an fear nó
an bhean a thabharfadh freagra orm? nó an dtiocfaidh an lá go
deo go mbeidh Gaelainn á stealladh anso fé mar atá Béarla á
stealladh inniu ann? Ní dóigh liom é. Sin é mar bhíos ag cur is ag
cúiteamh liom féin gan cuimhneamh agam ar thraen ná ar Bhaile
Atha Chath ach ag géilleadh do radharc mo shúl—-an fuirse agus an
fothram, an ghibris agus na gáirí agus an fáiltiú roim a chéile, buic
mhóra beathaithe d'fhearaibh agus seithidí caola lomchneathach,
agus mar an gcéanna leis na mná.
Ins an mhachnamh dom, do buaileadh thiar sa drom mé, agus
cé bheadh ann ach an Conchúrach. —Brostaig, ar seisean, beidh
an traen ag imeacht anois. —An mar sin é? arsa mise go sceiti-
mínitheach. —An bhfuil aon mhála agat? ar seisean arís. —Ó
th'anam ‘on diucs, mo dhearúd, arsa mise ag léimeadh isteach i
dtreo na fuinneoige mar ar fhágas mo mhala roimis sin. —Sin
chugham amach mo mhála, más é do thoil é, arsa mise leis an
bhfear istigh, ach más ea, is i nGaelainn a dúrt é leis na sceitimíní a
bhi orm. —What’s that? ar seisean. Dúrt arís as Béarla é. —Cá
bhfuil do thicéad? ar seisean. Seo ag cuardach na bpócaí mé, ach
mas ea ni raibh sé le fáil agam. Do tháinig saghas imni orm
ansan, mar durt gur dhócha na faighinn mo mhála go deo gan é.
Ni raibh sé le fail agam, pé scéal é. —Well, arsa mise uaim isteach,
ta eagla orm go bhfuil mo thicéad imithe ar seachran orm, ach sin é
istigh mo mhála, arsa mise ag síneadh mo mhéire isteach ina threo.
Seo isteach é agus thug chugham amach é go tapaidh.
Do ghabhas mo bhuíochas leis agus d'imíos liom, ach más ea,
ni raibh mo bhuachaill ná mo chailin agam le feiscint. Bhi gach
duine istigh ar an dtraen agus imni ceart ag teacht orm. Seo
liom sios agus seo liom suas, gan aon dul isteach agam, ach i gceann
tamaill sann an Conchúrach a cheann amach tri fhuinneog. —Tar
anso isteach, ar seisean. Seo liom isteach go tapaidh, agus dar fia
go raibh aghaidh gach éinne anois orm. M'anam ón ndiabhal, arsa
mise liom féin ag suí síos ina measc, gur dhóigh le duine oraibh go
bhfuil dhá cheann orm ar an ngliúcaíocht go léir atá agaibh orm.
D'iontaíos ar an mbuachaill agus thosnaíomair ag caint. —Is
dócha gur maith leat bheith ag dul ins na Gardaí, arsa mise leis.
—Ó, is maith, ar seisean. Caithfead bheith thuas ag an nDepó ar a
hocht a chlog ar maidin amáireach, ar seisean. —Ó, go bhfóire Dia
ort, arsa mise, nach cruaidh an scéal é! Canathaobh? ar seisean.
—Dhera a dhuine, arsa mise, sara mbeir i mBaile Átha Cliath, beir
comh traochta le seanbhean. —Is cuma liom, ar seisean, má
ritheann liom. An bhfuileann tusa ag dul isteach iontu? ar seisean
arís. — Ó nílim, arsa mise, ach seachtain atáim a thabhairt i mBaile
Átha Cliath. D'fhéach sé orm. —Féachann an scéal, ar seisean, gur
fear maith neamhspleách thú. —Ó, tá a oiread agam, arsa mise,
agus a dhéanfadh an méid sin dom. Dhein sé gáire. —An riabhach
gurb ait an buachaill thú, arsa mise, má tá dúil agus cion in airgead
mar sin agat. Dhera a dhuine, arsa mise arís, nuair a bheidh sé agat,
bain súp as—cad é an mhaith thú mura siúlóir agus eolas beacht a
dh'fháil ar an saol so an fhaid a bheir ann?
Lena linn sin, sánn fear féna chaipín boise adhairce a cheann
isteach trid an bhfuinneoig. —AÍ/ tickets ready, please, ar seisean,
agus do chuala an rud céanna aige á rá ag imeacht leis sios. Seo
gach éinne ag cuardach agus ag tógaint a thicéid amach, agus dar
fia gur bhuail codladh grifín mé féin ar eagla na heagla ná beadh
mo thicéad le fáil agam. Bhíos ag cuardach agus ag cuardach anois
agus ní raibh sé ag bualadh liom, ach ar ámharaí an tsaoil do bhuail
sé liom sa deireadh i gcúinne mo phóca. Shuíos síos arís agus ní
fada a bhí nuair a thagann an fear céanna thar n-ais. —T7íckers
please, ar seisean. Cuireann poll i ngach ticéad agus bailionn leis.
Seo leis an dtraen ag bogadh chun siúil, agus is gearr go raibh si
ag imeacht go tapaidh ag cur na tire dhi soir. D'éirios im sheasamh
agus do shás mo cheann amach tríd an bhfuinneoig. Ní raibh orlach
don bhfarraige agam le feiscint ach páirceanna breátha fairsinge
agus coillte glasa duilliirach agus éanlaithe ag imeacht thar barra
na gcrann le scanradh roimis an dtraen. Is gearr gur thugas fé
ndeara an traen agus cor na péiste déanta aici, mar bhí casadh sa
bhóthar iarainn. Ó a thiarcais, arsa mise liom féin nuair a chonac
an fhaid go léir a bhí inti, cad tá á tarrac? nó an féidir léamh ar a
meáchaint agus gan trácht ar a bhfuil do phaisinéirí uirthi? Do
dhírigh sí arís. Thugas stracfhéachaint eile uaim chun tosaigh agus
cad a chifinn ach i ag imeacht fé dhroichead. Nuair a thana féin
go dtí an droichead, ní raibh aon choinne agam ná go raibh an
ceann sciobaithe dhíom leis an ngeit a baineadh asam. Do chúbálas
isteach go tapaidh. D'fhéachas im thimpeall ar na daoine, agus
más ea níor thaithnigh liom na leamhgháirí a bhí ar chuid acu.
D'fhéachas amach aris féach cad a tharlaigh do sna daoine eile a
bhi ag féachaint amach tri sna fuinneoga eile san am chéanna—ni
foláir, arsa mise, nó tá an ceann sciobaithe dhíobh súd ó shin mura
rabhadar comh tapaidh liom féin chun cúbadh isteach; ach más ea
do bhíodar ann fós. Ní fada go bhfeaca droichead eile. Do chúbálas
isteach an turas so go Ciúin gan faic do ligint orm féin, agus do
shuios síos aris in aice leis an gConchúrach agus leis an gcailín.
Bhí greas eile cainte agam leo ansan, agus níor bhraitheas an
t-aistear go Mala nó gur stad an traen istigh ar an stáisiún.
Bhí fir na gcaipiní adhairce ag rith síos agus suas ar an stad agus
macalla á bhaint acu as an ait: —Change for Dublin! change for
Cork! change for Dublin! change for Cork! Do phrioc an Con-
chúrach mé. — Tánn tú id chodladh, ar seisean. —Ís geall leis dó,
arsa mise, an b'e seo Mala? —-1s e, ar seisean, éirimis amach. Amach
linn. Do baineadh leathadh as mo shúile nuair a chonac fir agus mna
os mo chionn in airde, a malai ina lamhaibh acu, agus iad trasna
droichid. Nach mor an obair e, nó cad é an lamh duine a dhein e?
Ligeas orm fein gan ionadh bheith orm. —Cad a dheanfam anois?
arsa mise leis an mbeirt. —Ó, leanaig mise, arsa an cailin go húdar-
asach ag imeacht lei agus sinne ina diaidh. Seo linn suas tri sna
staighri agus trasna an droichid agus an taobh eile sios. Bhi traen eile
ansan romhainn. —Is i seo traen Bhaile Átha Cliath anois. ar sise,
téimis isteach. Isteach linn go compordach, do shuiomair sios, agus as
go brách linn aris.
Is gcarr anois go rabhas go doimhin i smaointe, mé ag féachaint
amach tríd an bhfuinneoig ar na páirceanna agus ar na gleannta a
bhí ag sceinniúint tharm agus ag féachaint isteach ar na daoine,
mé ag machnamh dom féin ins an am chéanna cérbh iad féin nó
cad as iad nó cad é an cúram a thug ó bhaile iad ag imeacht go
fuadrach trí lár na hÉireann. Bhí an saol agam á chur trí chéile.
Féach gur mó rud a chuimhníonn an fear a bhíonn ag imeacht go
haonarach —tugann sé an saol mór le cumhacht a inchinne ar a
aghaidh amach, rud nach féidir leis an bhfear go mbionn cion ar
chuideachta aige do dhéanamh. Is dóigh liom gurb as an aonaracht
a deineadh gach inneall agus gach obair go bhfuil aon intleacht
ann.
Sa deireadh do thiteas dom chodladh aris. Ni fheadar cén fhaid
a bhíos mar sin, ach nuair a dhiisios aris, bhi an traen ina stad agus
fear na dticeadai os mo chomhair amach: —Tickets please, ar
seisean. Do shineas chuige mo thicéad. D'fhéach sé air. D'fhéach
sé orm féin. Do chuir cogar im chluais: —Where are you going?
ar seisean. —/ am going to Dublin, arsa mise. —You must have made
a mistake, ar seisean, because you are half way to Cork. Do chuaigh
sé sall to dtí an bheirt eile, agus mas ea, dob é an scéal céanna acu
san €. Do bheir sé ar ar dticéadai aris, do scriobh rud éigin ar gach
ceann acu, agus do bhailimh leis.
D’fhéachas sall ar an gcailín go raibh an t-údarás go léir aici. Do
bhi si lasta suas go bun na gcluas agus i ag comhchaint leis an
gConchurach. D’fhéachas ar mo thicéad féin. Scríobh maith crosta
a bhi ann, ach d'éirigh liom na focla do léamh. I gceann tamaill,
thóg an cailín a ceann agus d'fhiafraigh diom cad a bhi scríofa ar
na ticéadai; agus mas ea, a léitheoir, níor fhéadas an t-olc a bhi
agam chuichi a bhrú fé. —Nach mór an obair na fuileann tusa
ábalta ar é léamh, arsa mise, agus th comh smeartalta ar do bhealach
a dhéanamh go Baile Atha Cliath? Tháinig oiread mo dhoirn do
chaincin uirthi agus d’iontaigh si uaim gan focal eile do ra. D’ion-
taios féin ar an gConchirach ansan. —Nach ole an scéal é seo
dhuitse, arsa mise, a chaithfidh a bheith thuas ag an nDepé ar a
hocht ar maidin? —Is fíor duit é, ar seisean go cráite, ach cad ta le
déanamh? caithfear dul ar aghaidh. Cad é sin a scríobh sé ar an
dticéad? ar seisean aris. —Ta, arsa mise go tur, Here in error.
Do bhíos mar bheadh uisce agus bainne anois. Níor fhéadas
fanacht a thuilleadh mar a raibh agam agus mé ag féachaint ar an
mbeirt. D'éiríos amach sa choradór, mo cheann fúm agus mé ag
siúl síos suas ag smaoineamh agus ag síorsmaoineamh ar cad ba
cheart dom a dhéanamh. An gcaithfinn an oíche do chaitheamh i
gCorcaigh? nó an gcaithfinn diol as mo phasaiste go Baile Atha Cliath?
Má chaithfinn, ba mhór an peaca go deo é. Och, nár bhreá bheith
thiar ins an Bhlascaod anois! Cad do phrioc mé chun é dh fhágaint
in aon chor? Bhí fead ag an dtraen á ligint anois is arís, agus gach
fead a ligeadh si, sin é mar is mó a bhi an timni ag teacht orm.
Chinn anois is aris isteach trí sna fuinneoga daoine arduaisle,
gáirí agus sult an domhain acu. Ní fheadar “on domhan, dá mbeadh
a fhios agaibh caonnaí bocht mar mise a bheith ar seachrán, an
dtabharfadh sibh cúnamh dó? Is dócha ná tabharfadh sibh, mar fé
mar a deir an seanra, ná braitheann an ramhar an seang. Bhi an
14 beagnach caite anois, agus stracfhéachaint dar thugas amach trid
an bhfuinneoig, do thugas fé ndeara soilse ar lasadh anso is ansúd.
Chuir an traen fead eile aisti agus i gceann cúpla nóimint do bhí sí
ina stad.
A Thiarna, nach ann do bhí an bailiú! Comh luath agus léimeas
amach, do bhí stracadh mí-ablach orm ag suas le deichniúr portaeirí
ti ósta, gan aon oidhre orthu ach scata beach a chífeá ag crónán
timpeall na croiceoige tráthnóna breá fómhair. Do ritheadh fear
chugham agus do bhaineadh stracadh asam. —Come to Buckley’s
Hotel! come to Buckley's Hotel! —I am not going to stay here tonight,
a deirinn féin. —Aren’t you going to America? a deireadh sé aris.
— / am not, a deirinnse, J am going to Dublin. Do bhailíodh sé uaim
ansan agus gach glam fós aige. Ni fada a bhíos nuair a tháinig fear
eile agus do bheir ar ghualainn orm. —Saint Patrick’s Hotel! Saint
Patrick’s Hotel! Do thugas an freagra céanna air agus do bhailimh
leis. Is gearr anois go ritheadh stracaire do bhuachaill eile suas agus
do chuireadh sé féin a scitich níos aoirde na an chuid eile: —Evening
Echo! Examiner! Evening Echo! Bhi fear eile fós agus trucail aige
a sha amach roimis, tinneas im cheann ag an bhfothram a bhi aige
á bhaint amach as an ait. Beirt triúr agus ceathrar anso is ansúd
i measc an bhuilc, a lamha ina bpócaí acu agus iad ag feadaíl dóibh
féin. Nach iad súd an dream go raibh an formad agam féin leo,
gan cíos cás ná cathú orthu! nach trua ná fuilim im imigéineach
anois, nach breá sábhálta a bheinn tógtha suas ag lucht na dtithe
ósta! D'fhéachas tharm arís, agus más ea, ní raibh an Conchúrach
ná an cailin agam le feiscint. Do gheit mo chroí láithreach, agus do
bhreithníos thall agus abhus, ach más ea, do bhí sé comh maith
agam bheith ag Jorg snáthaide i stáca coirce agus iad do lorg i measc
na sluaite a bhí ag imeacht tharm ar nós clócaí gaoithe anoir as an
spéir lá geimhridh. Ó, go gcuire Dia ar bhealach mo leasa mé, arsa
mise go truamhéileach. Cén mhaith dhom bheith anso im staic ag
breithniú uaim agus ag síorsmaoineamh, gan faic á dhéanamh agam?
Cuimhnig, a deireadh mo choinsias liom, nach ar bharra na trá
atánn tú anois chun rith leat an bóthar soir fé dhéin do thí, ach
tánn tú in áit go gcaithfidh súil a bheith i gcúl do chinn comh maith
leis an dá shúil atá romhat amach.
Do bheireas ar mo thrucaid agus seo liom ar aghaidh, daoine
agam a chur ar gach taobh diom. IS gearr gur thugas fé ndeara
chugham anuas fear a bhí gléasta suas go breá maidir le bandaí
buíthe ar a mhuinchillí, caipín boise adhairce air agus é nite le hór,
fé mar a tuigeadh dom. Dar fia, arsa mise, is dócha, dá raghainn
chun cainte leatsa, go dtabharfá gach cuntas mar gheall ar an
dtraen dom. Seo liom féna dhéin go faobharach. Do thaspáineas
mo thicéad dó agus d'inseas dó gach rud fé mar a tharlaigh ó fhágas
Mala. —O, ar seisean, ná biodh aon imní ort, tabharfaidh an
ticéad san isteach go Baile Atha Cliath thú, dar ndoigh—beidh an
traen ag gluaiseacht i gceann tri uaire chloig, ar a naoi a chlog go
direach, agus beidh si i mBaile Atha Cliath ar leathuair tar éis
a tri ar maidin amáireach. —Go raibh mile maith agat, arsa mise
ag imeacht uaidh agus mé comh sásta le haon mhac máthar a
gheofá as so go Halifax, fé mar a deir fear an Oileáin.
Is é an t-aon rud amháin a bhí ag déanamh trioblóide anois dom
ná beadh éinne romham ar an stad i mBaile Átha Cliath anocht,
mar an sreangscéal a dheineas go dtí mo chara ó Thrá Lí, dúrt leis
go mbeinn i mBaile Átha Cliath ar leathuair tar éis a seacht. Ach
ar ámharaí an tsaoil, stracfhéachaint dár thugas ar thaobh mo
laimhe cléithe, cad a chifinn ach na focla céanna scríofa os cionn
doiris: TELEGRAPH OFFICE. Seo liom go lúcháireach fe dhéin na
hoifige agus isteach liom. Do dheineas sreangscéal arís ar mo chara
ag insint dó cad a tharlaigh dom agus bheith romham ar leathuair
tar eis a tri ar maidin ar ais nó ar éigean.
Bhuaileas amach arís agus thugas m'aghaidh fén gcathair go
misniúil. Do shiúlaíos síos trí shráid mhór leathan (do chuala ina
dhiaidh sin gurbh é Sráid Phádraig é) agus ba mhór go léir an
gliondar a cuireadh ar mo chroi nuair a chonac ar thaobh mo
láimhe cléithe na céadta crann le hais an ché. —Ó, th'anam 'on
diucs! arsa mise os ard le riméad. Do chuimhníos láithreach orm
féin agus d'fhéachas tharm féach an raibh éinne ag éisteacht liom.
Ní raibh, ach cad a chifinn ach fear ina sheasamh suas le cúinne
agus cuma an-ait ar fad air, dar liom féin——maide mór ina láimh
aige, é sall is anall leis an maide sin fé mar a bheadh sé ag brath na
háite leis, a cheann san aer aige, clár éigin ar sileadh lena bhrollach,
agus tuigeadh dom go raibh sé ag caint leis féin. Anois is aris do
thógadh sé dhó a chaipín agus do choisríodh é féin. Daoine eile go
leor ag imeacht thairis agus gan aon cheann riamh acu á thógaint
dó. Ambaiste, arsa mise, gurb ait an duine thú agus gur mór an
scamall ná fuil aon cheann á thógaint duit ag na daoine atá ag
gabháil tharat. I gceann tamaill, do chuas sall chuige agus is ea
thugas fé ndeara scríofa ar an gcláirín: Have a heart and help the
blind! Ó, arsa mise, is mairg a bheadh ag gearán—a Dhia, tabhair
cabhair don dallacán bocht san. Dar fia, a dhuine chóir, pé rud a
dhéanfadsa gan airgead, go dtabharfadsa síntiús éigin duitse—ag
cur lámh im phóca agus ag tabhairt scilling dó, agus níl aon bhaol
ná gur chuir sé paidir liom.
Seo liom síos ar an gcé. Bhuaileas uaim mo thrucaid taobh liom
agus dhearcas im thimpeall. An cuan dathaithe le loingeas agus
longa gaile, longa seoil agus báid iomaire, gan iontu san a bhí faid
mo radhairce uaim ach oiread na fríde; faoileáin gheala go fluir-
seach ag imeacht ar uachtar an uisce, agus faid mo radhairce sfos
agus suas do bhi tithe ina gcéadta ar gach dath, cuid acu go ndéar-
fadh duine gur fé bharra lasrach a bhíodar ag an ngréin a bhi ag
glioscarnaigh ar na pánaí agus í nach mór dulta ina luí ins an
iarthar. Do chuimhníos láithreach ar na buachaillí acmhainneacha
agus ar na cailíní sciamhacha ón Oileán a dh fhág an cé sin, agus
do tháinig cumha orm, fé mar a tháinig orthu féin nuair a bhíodar
ag fágaint na háite seo agus gan le feiscint acu ach íor na spéire
rompu amach.
Do labhair an guth taobh thiar díom. —Cim go bhfuil cumha
ort, a bhuachaill, ar seisean. D'fhéachas tharm. Bhí sé ina sheasamh
taobh liom seanfhear cromtha a bhí caite go maith ag ainnise an
tsaoil. caipin cniotálta ar a cheann, pip chré ina bheal aige. meigeall
liath fé, carabhat gorm féna mhuineál, agus buataisí go dtína
ghlúine air. D'aithníos gur fear farraige a bhí ann.
—-Ní miste dhom a fhiafraí dhuit, ar seisean arís, an anonn
atánn tú ag dul? —Ní hea, arsa mise, ach is geall leis dó. —Do
chailín atá imithe romhat, is dócha? ar seisean arís ag gáirí.
—Mhuise, is é fáth mo bhróinse, arsa mise, gach buachaill agus
cailín a bhí ina gcomhleacaithe agamsa tamall, tá siad tar éis a gcúl
a thabhairt leis an gcé seo, agus níl aon oidhre ormsa anso anois
ach Oisín i ndiaidh na bhFiann. —Á, ní locht ort é sin, a bhuachaill
óig, mar is agamsa atá a fhios, arsa an seanduine ag tarrac amach
naipicín phóca nár níodh leis na ciantaibh, comh fada lem thuairim.
—Deirim leat, ar seisean, go rabhas-sa go maith as tamall don
tsaol. Iascaire ab ea mé, bád gluaisteáin agam féin agus ag mo
cheathrar mac; ach mo léan géar, do thit an t-iascach fé chois,
agus is mór an greim a bheir ar mo chroí bliain ó shin ins an áit
mar a bhfuil beirt againn anois, nuair a dh’fhag mo cheathrar mac
slán agam agus thug cúl liom an cuan amach. Á, a Labhráis, ar
seisean go deorach, is beag an cuimhneamh a bhí agam go bhfagfa
im aonar mar seo mé.
Do bhí an t-ocras ag goilliúint ormsa fén am san, mar do bhí
troscadh déanta agam óna dó a chlog ach amháin brioscaí tirime a
chuirfeadh géarú goile ort. Dá bhrí sin, d'fhágas slán ag an sean-
duine a bhí ag féachaint amach ón gcé go dubhach fé mar bheadh
sé ag caint leis an bhfarraige mhór. —Á mhuise, a bhuachaill, ar
seisean ag iontú orm, mo mhíle beannacht leat!
Seo liom go faobharach tríd an sráid aris agus ní fada go rabhas
im sheasamh ar an dtaobh amuigh do sháipéal mór ard. A Dhia na
bhfeart, nach iontach é obair na ndaoine! Cé déarfadh go mbeadh
sé do chumhacht ag aon támh duine na clocha san do chur in airde
ar a chéile? Bhíos ag féachaint suas anois ar an bpinicil agus mé ag
gabháil siar 1 leith mo chúil. Do tharlaigh san am chéanna go raibh
duine uasal ag gabháil an treo, agus leis an mearbhall a bhi orm
do bhuaileas ins an drom é. —O, faighim pardún agat, a dhuine
uasail, arsa mise ag féachaint tharm. Do léim sé i leataoibh agus
seo leis corp ar aghaidh arís gan focal do rá ná fiú amháin féachaint
orm. Nach iontach go léir an siúl atá ag muintir na cathrach. Dar
mo leabharsa dhuitse, a bhranaigh, arsa mise ag feachaint ina
dhiaidh, dá dtabharfá cúig uaire chloig suite ar thochta naomhóigce i
bhfarraige chaiteach, na beifea comh pocléimeach agus atánn tu
anois.
D'iontaíos ar mo shail agus seo liom isteach sa tsáipéal. Chuireas
suas paidir mar ba choir, cé nach ar na paidreacha a bhios ag
cuimhneamh ins an am san ach ar an radharc bhrea a bhi os comhair
mo shú]. Seo liom amach aris, agus mas ea ba mhór an leathadh a
baineadh as mo shúile nuair a thana go dtí an doras, mar cé bhuail-
feadh liom ag teacht isteach ach an Conchtrach agus an cailín.
—Is maith mar do tharlaigh, arsa mise go gliondarach; ta sé
ráite riamh go gcastar na daoine ar a chéile ach ni castar na cnoic
na na sléibhte. —Ca bhfuileann tu ar feadh an trathnéna? ar seisean.
—Dhera a dhuine, arsa mise, cá mbeinn ach i gcathair Chorcaí?
An raibh aon ní le n-ithe fós agaibh? arsa mise arís. —Ó, aon ni
ar an saol, arsa an buachaill. —Nach maith an rud, arsa mise, rud
éigin a dh'fháil le n-ithe sara bhfágfaimíd chun Baile Átha Cliath?
—An-cheart, arsa an cailín; ach deirimse leat, a léitheoir, ná raibh
mo chroí rógheal don gcailín sin.
Bhiomair ag siúl linn suas anois tríd an sráid. Do bhraitheas go
raibh an-chneadail ag an gConchtrach. —An riabhach, a Chon-
chúraigh, arsa mise, go bhfuil an-chneadail ar fad ort, nó cad fáth
do bhuartha? —A dhuine, ta, ar seisean, nach mor an píonós a
bheith thuas ag an nDepé ar a hocht a chlog ar maidin amáireach.
agus gan léas codlata déanta anocht agam. Gan dabht, ar seisean,
nil faic sa tsaol ag cur buartha ortsa, mar is féidir leat codailt
amach amáireach. —Ambriathar féin, a Chonchuraigh, arsa mise,
na déarfair é sin seachtain ó inniu, nuair a chifeadsa thú fé chulaith
an gharda—is fada in airde ar do chúl a bheidh an caipín ort.
Lena linn sin, do chuala an guth ag rá: —Oh hallo, country
caboons! Tháinig crith cos agus lamh orm agus ar an gConchúrach
comh maith. D'fhéachas tharm, ach más ea ní fheaca éinne im
dhiaidh. —Cad as, a Chonchúraigh, gur tháinig an puth úd? arsa
mise. —Begor, arsa an Conchúrach, go dtéann díom é dhéanamh
amach. 1 gceann tamaill, d'fhéachas féin in airde agus cad a chífinn
ach mo phataire do bhuachaill ramhar suite in airde ar bharra an
fhalla agus a chosa ag sileadh anuas. Comh luath agus d'fhéachas
air, do scréach sé aris: —Ho ho, hallo, country caboons! —Mhuise,
do-bheirim “on diabhal in airde thú, murab ort ata an sleabhac
agam, a dhriodar na cathrach, arsa mise amach as Gaelainn. Nuair
a dh’fhéachas ar an mbeirt, is ea bhi gach scarta gáire acu. —An
fial mé, arsa mise leothu, gur breá bog a thagann bhur mbogan ar
bheirt agaibhse, ach tugaig fé ndeara, dá mbeadh an dailtin úd ar
m'aghaidhse amach, go gcuirfinnse tinneas cluaise air. —Is dóigh
liom, a Shúilleabhánaigh, arsa an Conchúrach, go bhfuil stradhain
ort. —Is é an fáth go bhfuil an stradhain orm, arsa mise, nuair a
chím beirt agaibhse ag déanamh leadhbaí dhibh féin ag gáirí mar
sin. Seo seo, arsa mise arís, bailimis linn sara ndéanfaidh sé seó
bóthair ar ár gcosa dhínn.
Seo linn agus gach glam ag an ndailtín in airde 'ár ndiaidh:
—Hallo, hello, country caboons! Ó a léitheoir, do bhi mo chuid fola
ar fiuchadh chuige. —D’aithneodh éinne ar bheirt agaibh, leis, arsa
an cailin, gurb ón dtuath sibh ar an ndroinn ata oraibh ag siúl.
—O mhuise, droinn fada ort, arsa mise, ta hump maith ar do dhrom
féin. da bhfeicfea é. D'fhéachas ar an gConchúrach. —Fagaim le
huacht. a Chonchúraigh, go bhfuil an-dhroinn ar bheirt againn.
leis, arsa mise, agus dá bhrí sin aithnionn muintir na cathrach gur .
tuathaigh sinn. Tóg suas do cheann, a dhuine, arsa mise am
shearradh féin in airde agus ag siúl comh héadrom le héan. I gceann
tamaill, d'fhéachas ar an gConchúrach arís, agus dar fia go raibh
a chaincin casta in airde díreach aige ar nós rón a chífeá nuair a
bhíonn drochaimsir chuige. —O a dhuine, arsa mise, ná bíodh an
iomad spéire fút.
Le linn dom an méid sin do rá, cad a chifinn ach HOTEL scríofa
os cionn doiris. Isteach liom agus an bheirt im dhiaidh. Ba dhóigh
leat an uair sin go raibh oiread eolais agam ar an gcathair agus bhí
ag an maor. Tagann bean mheánaosta amach chughainn, a ceann
comh liath le gráinneog agus péarlaí ag sileadh lena cluasa. Téann
chun cainte leis an gcailin. Feach, arsa mise im aigne fein, mar
aithníonn gé gé eile. D'ordaigh sí in airde an staighre sinn. Seo linn
suas agus isteach go dtí seomra an bhídh, mar a raibh mórán bord
leagtha amach féna mbrait gheala agus fodhuine thall is abhus ag
ithe dhó féin. Shuíomair síos i dtriúr ag bord linn féin; sceana
foirc agus spiúnóga go fairsing ann, agus maidir le buidéil, do
bhaineadar an mheabhair díom. Sea, comh deimhnitheach agus
atáim beo, arsa mise, táim i bpoll miongáin anois, mar is dócha go
n-oibreoidh na buidéil sin go tuathalach. Bhí súil thall is abhus
agam anois ag tabhairt gach duine im thimpeall fé ndeara ag oibriú
na mbuideál. Níor bheireas fós ar fhorc ná ar scian ach mé ag
caint liom go dícheallach agus ag ligint orm gan aon deabhadh
bheith orm. Do bhreithníos ar an gConchúrach agus ar an gcailín,
agus dar fia gur thugas fé ndeara gur thuathánaigh ar mo chuma
féin iad, mar go raibh an leisce chéanna orthu tabhairt fé sna
sceana agus na foirc. Mas ea, bhi scéal Thaidhg agam 4 dhéanamh
dom chaint agus gach duine timpeall agam 4 thabhairt fé ndeara
go dti sa deireadh go raibh eolas agam ar an bhforc an scian agus
gach buidéal d'oibriú. —An riabhach, arsa mise ag breith ar an
bhforc agus ar an scian go faobharach, nach leisciúil atann sibh
roimis an mbord! Ni túisce sin ná tugann an bheirt eile fé agus
súil na luiche acu orm féin. Seo liom ag breith ar bhuidéal agus ní
bhíodh sé ach buailte uaim agam nuair a bhíodh sé snapaithe ag
an mbeirt eile, sa tslí dhuit, dá mbéarfainn ar chrúsca an tsalainn
agus é chur ar mo chupán tae, go mbeadh an rud céanna déanta
acu súd.
Do bhí sé leathuair tar éis a hocht, agus dá bhrí sin do bhí
deabhadh orainn chun na traenach, D’fhagamair an tigh ósta agus
seo linn corp ar aghaidh nó gur shroicheamair an stad, soilse ina
gceadta thall is abhus, an stracaire ceanna ag siúl sios suas agus an
ghlam chéanna aige ag díol páipéar. Chuamair isteach sa charráiste
agus ní fada a bhí nuair a dhein an traen fead. Aon stracadh amháin
ansan agus as go brách linn.
Do shíneas siar ar an súsa agus is gearr gur thiteas im chnap
codlata, Níl a fhios agam cad é an fhaid a bhíos ins an tsuan san
nó gur dhúisigh fead na traenach mé. Léimeas aniar, agus cad a
bheadh ach an Conchúrach agus an cailin ina dtromshuan comh
maith, D'éiríos im sheasamh agus dar fia gur bhuail creatha fuachta
mé. M'anam ón ndiabhal, arsa mise, gur gearanach a bhinn ar
bheith sinte ar thochta naomhóige siar go hard ar Charraig Bhallach
fén dtaca so, agus is beag an cuimhneamh, dá mbeinn ar thraen,
go mbuailfeadh na creatha céanna mé.
Shás amach mo cheann tríd an bhfuinneoig. Is uaigneach an
fhéachaint a bhí ag an oiche san am san, é bioranta fuar go maith
agus gan tada le cloisint agam ach duga-go-dug duga-go-dug ag an
dtraen, agus anois is aris do bhíodh ceol si á dhéanamh ag an
ngaoith nuair a ritheadh sí isteach in aghaidh na bpánaí. Is fada ó
bhaile a bhi mo smaointe ins an am san, comh fada siar leis an
mBlascaod.
Cim anois na naomhóga siar go hard ar Charraig Bhallach agus
glug-glag ag na cuilithíní isteach ar a dtaobh. Cim cuid eile acu
istigh i gCladach Oilean Bui agus cuid eile acu siar sios ar an
Eireaball, na líonta sinte siar as a ndeireadh agus méarnáil ina
dtimpeall. Cím anois an seanchriú—Seán Liam, Tadhg Ó Sé agus
Tomas Ó Cearna—sios go hard ar an Eireaball, na líonta i bhfarraige
acu agus iad ag comhchaint lena chéile. Féach mar a bhuaileann siad
a lámha ar a chéile chun iad féin a choimeád te. Cloisim cág-cág-cág
ag na caobaigh ag ainliú san aer os cionn na lionta, agus féach mar
a thugann siad fén méarnáil i leith is gur maicréal a bhíonn ann.
Cim an rón anois agus gach srann aige thiar ag deireadh na lionta,
agus cloisim eascaine á chaitheamh leis ag Tadhg Ó Sé: Á mhuise,
dalladh agus caochadh ort, ni bheidh breac beo ins na lionta anocht
againn aige. Cloisim anois gioscan na maidí rámha ag na hiascairí
ag déanamh isteach fé dhéin an chaladh agus gan breac ar thóin na
naomhóige acu. Cim ag dul isteach tríd an linn iad, gan fuaim le
cloisint ach an glór uaigneach a dheineann na cuilithíní beaga
isteach trí scoilteacha na gcloch in am mhairbh na hoiche, madra
ag sceamhail i bhfad i gcéin agus an baile go léir ina dtromshuan.
Duga-go-dug duga-go-dug, ansan fead eile ag an dtraen. Bhí an
bheirt eile ina gcodladh fós. Do dhúnas féin mo shúile go dlúth
ar a chéile agus ní fada go raibh an tOileán go cruthanta ar m'agh-
aidh amach, agus fé mar a deireadh an file fadó:
Bhi neart agus lúth agus frasa túm do mhian mo shúl lena
féachaint.
Féach gur mór go léir an cumhacht a bhíonn ag an aonracan. Is
gearr anois go raibh gach fead ag an dtraen 4 dhéanamh. Bhi
na milte soilse le feiscint agam trid an bhfuinneoig amach. Do
chuas sall mar a raibh an Conchtrach sínte ar an súsa eile agus do
bhreithnios ar an uaireadóir beag a bhi ar chaol a láimhe aige. Dar
fia go raibh sé ceathrú tar éis a tri. Do ghlaos ar an mbeirt eile.
D'éirigh an Conchurach agus chuimil bos dá shúilibh. —Biog suas,
a bhuachaill, arsa mise, ta talamh déanta againn. —Cabhair Dé
chughainn, ar seisean, ma ta, is mithid. —-Dhera a dhuine, arsa
mise, ta do dhóthain codlata déanta anois agat chun dul fé bhráid
gheata Pharthais. Bhain sé searradh as féin fé mar bheadh an geata
céanna ag cur dochma air. —Amhbriathar, ar seisean, nach mór eile
an codladh a dhéanfad anocht, mar ná faighead aon tigh a ligfeadh
isteach anois mé, is dócha.
Bhí mo chroí féin im béal anois, mar dúrt liom féin gur dhócha
ná beadh mo chara romham do dheascaibh é bheith comh déanach.
D'éiríos agus shás amach mo cheann tríd an bhfuinneoig. Bhí an
traen ag déanamh isteach ar an stad anois agus gach bualadh ag
mo chroí. Is gearr go raibh si ag sineadh suas leis an stad, agus
más ea ní raibh éinne beo agam le feiscint ach póilín mór beathaithe
do bhí clúdaithe suas go maith féna smeigin. Do bheireas ar mo
mhála agus d'éirios amach, agus deirim leat, a léitheoir, go raibh
dochma ó thalamh orm roim an gcathair.
Díreach agus mé ag léimeadh amach. cé bheadh romham ach
Seoirse. —Mhuise, Dia dhuit, a Mhuiris, ar seisean, tá sé tarraigthe
aniar agat sa deireadh. Dar fia go bhfuil, a Sheoirse, arsa mise
go scópúil ag breith ar láimh air san am chéanna. Ní féidir liom a
chur in úil an sásamh aigne do bhí orm an uair sin do bharr mo
chara bheith romham. D'athraigh m'intinn comh mór san go
rabhas ar nós an éin le gliondar.
— Sea, tá comh maith againn bheith ag imeacht, arsa Seoirse, tá
an gluaisteán anso thuas ag brath linn. Do bhí an bheirt eile ina
seasamh ar an dtaobh thiar dom fós. —Ní fheadar 'on domhan,
arsa mise le Seoirse, arbh fhéidir leat aon tigh ósta dh'fháil don
mbeirt seo a bhí liom? ——Tá go maith, ar seisean ag imeacht leis
agus triúr againne ina dhiaidh.
Ní fada ó bhaile a chuaigh an gluaisteán nuair a stad sé taobh
amuigh do thigh mhór. Seo linn amach. Do chuir Seoirse a mhéar
ar chnaipe beag a bhi ar thaobh an doiris, mise ag breithniú air san
am chéanna. —Dar fia, a Sheoirse, arsa mise, cad é sin? —-Ta, ar
seisean, nil agat ach an cnaipe sin do bhrú isteach agus cloisfidh
muintir an tí an cloigín ag bualadh istigh. Cúis gháire ó Dhia
chughainn, arsa mise liom féin; dá dtarlódh domsa bheith im aonar
agus teacht go dtí an doras so, ambriathar gurb é an bhróg a gheobh-
adh sé, agus is dócha mas ea go mbeinn tógtha da dheascaibh sin.
Ni fada gur chualamair na trusloga an staighre anuas agus osclaíodh
dúinn. D'fhagamair slán ag an mbeirt agus as go brách le beirt
againn fé dhéin an ghluaisteáin aris.
Nach ar mo chroí a tháinig an gliondar nuair a bhog an gluais-
teán amach tríd an sráid, nár mhór an t-athrú radhairce é, nár
mhór an scóp é in am mhairbh na hoíche! D'fhéachas amach ar an
sráid, agus dar fia, ní raibh ag baint na radhairce dhíom ach na
céadta mílte soilse—soilse ar gach taobh díom, soilse os mo
chomhair, soilse os mo chionn ar bharr bata. Is gearr go bhfeaca
solaisin chugham fe mar bheadh realt trid an gceo, agus i gceann
leathnóimint do bhí sé gafa tharm—cad a bheadh ann ach gluais-
tean, dar ndóigh, ceann eile ina dhiaidh sin agus ceann eile, bolga-
boghaisín á dhéanamh ag ár ngluaisteán féin timpeall na gcúinní
agus an adharc á shéideadh gan aon stad. Ní fheadar 'on domhan
an i dtromluí atáim, nó murab ea, is í Tír na nÓg atá ann gan aon
bhréag.
—Is dóigh liom, arsa mo chara, go bhfuil míshásamh ort. —Ó, is
orm ná fuil sé, arsa mise, ach ní féidir liom a chreidiúint i gceart an
radharc atá os comhair mo shúl. A Dhia mhór na bhfeart, nach
fairsing an chathair i! —Is é an áit go bhfuilimid ag dul ná go
Páirc na Foithre, ar seisean aris, sin tigh le cara dhom a thug
cuireadh do bheirt againn fanacht ann ar feadh seachtaine. —Agus
an bhfuilimid i bhfad uaidh? arsa mise. —Ó, ni fada uainn anois é.
ar seisean, mar táimid ag déanamh suas anois ar Chill Easra.
D'fhéachas air agus iontas ar mo chroí. —Ni fheadar ar thalamh
Dé an domhain, arsa mise, conas is féidir leat a dhéanamh amach
cén áit go bhfuilimid fé láthair agus an gluaisteán ag imeacht ar
nós an éin timpeall na gcúinní. Do dhein sé gáire, —Mhuise, is
gearr go mbeidh a fhios agatsa leis é sin, ar seisean, nuair a bheidh
taithí na cathrach agat. —Sin ceann do sna hiontaisí is mó a thit
amach riamh, arsa mise, má chíonn tusa mise ag imeacht trid an
gcathair seo gan eolas ó éinne. —Ambriathar féin go bhfeicfead, a
Mhuiris, ar seisean, agus nach fada go dtí é.
Is gearr anois gur stad an gluaisteán taobh amuigh do chaisleán
mór, lampa eachtach ar lasadh os cionn an doiris, na fallaí clúdaithe
le heidhneán, suas le fiche fuinneog air agus iad mór ard leathan.
D éiríos amach tamall agus d'fhéachas im thimpeall. De dhealramh
go rabhas istigh i lár coille, mar bhí na réalta le feiscint agam trí
sna crainn ag glioscarnaigh ins an spéir agus do chuala ceol uaig-
neach ag an ngaoith i measc na gcrann, glór a chuirfeadh duine go
doimhin i machnamh.
—-Téanam anso isteach, arsa Seoirse liom féin. Go réidh anois,
ar seisean arís, ar eagla go ndúiseoimís muintir an tí. Do bhain sé
an glas den ndoras go haicli agus do shleamhnaiomair isteach go
socair. —Si-si-si ag Seoirse agus pus caoi amach air. Do chuimh-
níos láithreach ar na robálaithe, ach mo léir, do bhíomair ag siúl
ar nós na luiche, mar bhi an t-urlár clúdaithe le mataí móra boga.
Seo leis in airde staighre agus mise ina dhiaidh, —Si-si-si ag Seoirse
fós riamh agus choíche nó gur chuamair isteach i seomra mór
áirnéiseach, pictiúirí móra do dhaoine arduaisle a bhí básaithe le
fada riamh ar crochadh ar na fallaí, troscán ornáideach anso is
ansúd, cuirtíní suaithinseacha ar crochadh leis na fuinneoga móra
a bhí im thimpeall. Do bhí sé a ceathair a chlog anois agus an
codladh 'ár dtraochadh. Seo linn a chodladh agus deirim leat nach
fada a bhí nuair a bhí ár srann in airde.
Lá arna mháireach timpeall a haon déag, do bhí gathaí na gréine
go láidir ag teacht isteach trí sna fuinneoga agus beirt againn “ár
ndúiseacht ag caint agus ag cur síos ar chúrsaí an Oileáin. Ins an
chaint dúinn, do buaileadh cnag ar an ndoras, agus tagann sí
isteach cailin og dathúil gealghairitheach. D’aithnios uirthi gur don
bhfíorscoth uasal í. Chuir sí na mílte fáilte romham. Shuigh síos
taobh linn agus thug amach tae dhúinn, agus dar fia go raibh ard-
chaint againn, go mórmhór mar gheall ar mo thuras féin go dtí an
chathair. I gceann tamaill damigh sí uainn aris. —Nach deas an
cailín í sin, arsa mise le Seoirse; agus is ormsa a tháinig an t-iontas
nuair a chuala go raibh sí pósta.
Timpeall lár an lae, do shiúlaíos amach i measc na gcrann, mar a
raibh aoibhneas agus compord maidir le cantain na n-éan in airde
ar na géagaibh os mo chionn, glioscarnach na gréine ins na crainn
agus an duilliúr a chrothadh ag an aer beag gaoithe a bhi ag
teacht ón iarthar. Do shiúlaios isteach ina measc. fionnuairc
bhreá agam agus an smólach os mo chionn ag cantain go breá bog
binn. D’fhéachas in airde uirthi agus dar fia gur tuigeadh dom go
raibh sí chun binneas do chur ar mo chroí féin. Do chuir sí an saol
mór i gcuimhne dhom, cúrsaí saoil nár thuigeas riamh roimis sin.
Bhí an chathair agam le feiscint go soiléir fé íor na spéire, pilléirí
móra arda ina seasamh anso is ansúd agus streillini deataigh ag
éirí in airde astu san. Bhíos go doimhin i smaointe anois ag cuimh-
neamh ar shlí beatha na ndaoine. D'fhéachas uaim soir ar an
gcaisleán mór mar a rabhas ag fanacht, é clúdaithe le heidhneán
agus clismirt ag na gealbhain ina thimpeall. Nach breá an saol a
ceapadh do dhaoine seachas a chéile! Ní fheadar ‘on domhan cad
a bheadh ag cur tinnis ar an bhfear atá ina chónaí sa chaisleán san,
ar a shon gur minic a chuala gurb iad is measa a bhíonn maidir le
míshástacht. Bréag mhór is ea é sin—níor ghá don bhfear san ach
suí taobh amuigh don gcaisleán ag éisteacht le ceo] na n-éan, nuair
a thógfaidís gach brón dona chroí. D'éiríos arís agus shiúlaíos liom
tri chosdinin deas go raibh na crainn ag teacht chun a chéile i
ndlithghreama os mo chionn agus boladh cumhra ó sna bláthanna
im thimpeall. Shidlaios liom tríd an gcoill nó gur thana go dtí an
cúinne thoir dó, agus sin é an ait go raibh an chlismirt ag na préach-
áin ar na géagaibh os mo chionn. Stadas agus d’fhéachas in airde.
Dar fia gur tháinig saghas náire orm nuair a chonac iad ansúd os
mo chionn ag breithniú anuas orm, cág-cág-cág acu agus a ngob
acu a sha anuas chugham fé mar bheidis ag deimhniú dhom. Do
chuimhníos láithreach ar an spreallaire Corcaíoch úd a bhí ag
tabhairt country caboons orainn, Féach anois nárbh aon ionadh dhó
mé thabhairt fé ndeara agus na preachain féin ag fonóid fúm.
Do bhailíos liom síos go dtí íochtar na páirce, mar a raibh trí
nó ceathair do bha ina luí ins an bhféar romham, oiread eilfint
iontu agus scail ina gcraiceann le méathras a gcoirp. Seo liom
suas ansan fé dhéin an chaisleáin. Do bhí trí uaire chloig caite agam
amuigh, cé gur cheapas féin ná raibh ann ach leathuair a chloig,
agus do bhí iontas an domhain ar Sheoirse agus ar Mhoya (sin é
an ainm a bhí ar bhean an tí) mar do cheapadar go rabhas imithe ar
seachrán ar fuaid na cathrach.
Siar go maith ins an tráthnóna agus mé ag éisteacht leis an
ngramafon: —Ni fheadar ’on domhan, arsa mo chara liom, ar
mhaith leat turas a thabhairt go dtí sna pictiúirí? Do gheit mo
chroí. —-Gan dabht, arsa mise. Seo le beirt againn amach agus is
gearr gur stadamair ag crosaire a bhí in aice leis an gcaisleán agus
sinn ag fanacht leis an mbus. A Rí na bhfeart, nach glan a bhí an
tsráid sin—nior chás duit síneadh siar uirthi, mar is é mo thuairim
nach mór an salachar a bheadh ar do chuid éadaigh ina dhiaidh.
Bhí a lán eile ag fanacht ag an gcrosaire agus iad ag dul go dtí sna
pictiúirí ar ár gcuma féin dar ndóigh—gach buachaill agus a chailín
féin aige. Nach acu atá an saol compordach gan tada chun cosc do
chur leo ach an bóthar tirim rompu amach i gcónaí. Nach mór go
léir an trua na buachailli bochta atá thiar san Oileán, gan faic le
feiscint na le cloisint acu ach na hólaithe móra ag imeacht trid
an mBealach agus glór garbh na gaoithe ag séideadh aniar 'duaidh
do dhroim na gcnoc, agus iad go minic ar feadh ceithre seachtaine
gan cuntas le fail acu ón mintir. Mhuise, is mairg ná siúlann, fé mar
a dúirt an tseanbhean fadó nuair a thug sí a céad turas amach go
Dún Chaoin.
Do priocadh sa ghualainn mé. D'fhéachas tharm. —Tá an bus
chughainn, arsa mo chara. Tagann sí chughainn anall agus gioscán
an domhain aici. Seo leis an slua féna bráid, mé féin agus mo
pháirtí comh maith. Bogann sí léi go mear agus is gearr go bhfuil
gluaisteáin agus gach saghas carra ag imeacht tharna chéile ar nós
na seangan, gach cúinne á chasadh ag an mbus ar nós na gaoithe
agus fuaim im chloigeann ag adharca a shéideadh a gcur féin in úil
go rabhadar ag teacht—nach mór an mheabhraíocht a bhí ag na
tiománaithe iad féin do chosaint ar a chéile! Maidir liom féin dó,
níorbh fhios dom gach uair cathain a bheinn smiotaithe i gcoinne
cinn eile acu.
Do shroicheamair Droichead Uí Chonaill sa deireadh agus seo
linn amach, gíoscán agus fothram ag tramai agus gluaisteáin agus
lucht páipéar ag gach cúinne ag glamail in ard a gcinn agus a
ngutha, na céadta daoine ag imeacht tharna chéile gan aon stad
agus gach duine acu, idir fear agus bean, go gléasta agus go córach.
Is é an áit go raibh an obair anois ná ar dhul trasna na sráide.
“Thugadh fear fé agus fear eile, súil sios agus súil suas acu, coiscéim
ar aghaidh agus coiscéim ar gcúl, nó go mbainidís an taobh eile
don sráid amach. —Dar fia, a Sheoirse, arsa mise, gur measa é seo
ná bheith thiar ar chaladh an Bhlascaoid ag fanacht Je huain chiúin
chun rith isteach. Do dhein sé gáire. —Seo uain chiúin anois, ar
seisean arís go tapaidh. Amach linn go sceitiminitheach, greim
láimhe ag Seoirse orm féin, tamall ar aghaidh agus tamall ar gcúl,
nó gur shroicheamair an taobh eile.
Seo linn ar aghaidh arís, agus deirim leat gur baineadh leathadh
as mo shúilibh nuair a chonac gach litir uaim in airde ins an
Chapitol ar lasadh. —Ó a thiarcais, a Sheoirse, arsa mise, féach os
do chionn an t-iontas. Lena linn sin, do mhúch sé agus dar fia gur
las gach litir aris no go raibh an focal CAPITOL ar fad fe bharra
lasrach. Do lig mo chara air ardiontas a bheith air ag géilleadh
dhom féin, fé mar bheadh máthair lena peata naíonáin. Sea sca,
arsa mise im aigne féin, caithfead athrú agus gan iontas a dhéanamh
d'aon rud eile.
Seo linn isteach. A leithéid do thigh le méid! Do bhain sé mo
mheabhair diom gan aon áifeis. Do bhi réilthini ag teacht ar mo
radharc ag féachaint mo shúl— an glanachar agus an scáil a bhi san
áit istigh— níorbh fhéidir léamh air ach gurb iontach é cumhacht
an duine. Seo linn in airde trí staighrí a bhí comh casta le corkscrew,
agus leis an ngliondar a bhi orm do chuimhnios láithreach ar na
flaithis—ma bhi sé comh breá leis seo, gurbh fhiú troid ar a shon
agus bás d'fháil go hobann. Ní fada anois gur tháinig amach
chughainn cailín a bhí déanta suas i gculaith mairnéalaigh, do réir
mar thuigeas, agus solas ina láimh aici. Do stiúraigh sí isteach ar
shuíochán sinn agus d'imigh léi.
Bhí sé os mo chomhair anois an radharc is deise a chonaic súil
pheacaigh riamh agus an siolla ceoil a bhí comh binn leis an gceol
sí féin. Is gearr gur oscail dhá bhrat mhóra go mall righin óna
chéile, ins an tslí go bhfeaca an choill agus an fásach fiain agus
cnoic mhóra lán do shneachta os cionn an fhásaigh sin. Bhí an
sneachta ag titeam go trom. na crainn ag crothadh leis an ngaoith
agus an duilliúr ag lúbadh le troimeacht an tsneachtaidh. Is gearr
anois go bhfeicim fear tríd an gcoill anuas chugham, é ag méadú
agus ag méadú nó sa deireadh go mbíonn oiread fathaigh ann.
Stad sé anois, culaith gléigeal air agus féasóg fhada dhubh fé.
D'fhéach sé uaidh amach ar an gcóthalán agus do chas in airde
amhrán breá. Ó a thiarcais, is aige a bhí an guth go binn agus go
criothánach. Dar fia gur cheapas gur i dtromluí a bhíos, agus
niorbh aon ionadh dhom é sin. Breithnig isteach ar an scéal, a
léitheoir. agus cuimhnig ar an athrú mór a tháinig ar mo shaol
féin go hobann.
Ní túisce bhí an t-amhránaí imithe ná d'oscail na cuirtíní arís,
agus cad a bheadh ach suas le fiche duine, gach saghas ceoil acu,
fear eile os a gcomhair amach agus maide ina láimh aige. agus fé
mar ardaíodh sé an maide sin, d'ardaiodh an ceol, agus mar an
gcéanna, nuair íslíodh sé an maide, d'ísliodh an ceol. Nuair a stop
an ceol, do scaoileadh anuas an brat mór arís, agus ní raibh san ach
déanta nuair a cuireadh bléas solais ar fuaid an tí go raibh radharc
timpeall máguaird agam, agus do chonac an deatach ag imeacht in
airde fé fhrathacha an tí mhóir ag na céadta toitíní in aonacht ar
lasadh im thimpeall. —Conas a thaithnigh an ceol san leat? arsa
mo chara. —-Weill, arsa mise, is é an scéal é, is dóigh liom dá mbeinn
anso 1 gcónaí, ná beadh aon dul ag an mbás orm. —-Athróir fós, a
Mhuiris, arsa mo chara. —Is dócha go bhfuil an ceart agat, arsa
mise; agus b'fhíor dó.
Sea, éiríonn an brat in airde aris, agus mise á ra leat, a léitheoir,
gur orm a tháinig na spearbaill nuair a chonac an cailín is deise dá
bhfeaca riamh ina suí ar chathaoir ornáideach agus seanbhean uasal
féna braisléidí agus péarlaí suite ar an dtaobh eile dhi. Do thuigeas
gurbh i an mhathair agus an inion a bhi ann. Do bhi an mháthair ag
tabhairt comhairle don inín gan an fear so do phósadh ach an fear
úd, ach ná raibh an iníon sásta leis sin, agus dá bhrí sin briseann sí
amach ag gol. Sea, a léitheoir, nil aon ghnó agam scéal Thaidhg a
dhéanamh dó, ach dob é críoch agus deireadh na mbeart gur
éalaigh sí lena grá bán féin, fé mar a deir bean an Oileáin.
D'éirigh mo chara ina sheasamh. —An bhfuil sé i leataoibh? arsa
mise. —O, tá, ar seisean, agus is é an trua é. —Má dúraís, ní bréag,
arsa mise ag éirí im sheasamh agus ag bailiú linn an staighre suas.
A Rí mhór na bhfeart, nuair a thána amach ar an sráid, gan bréag
ná magadh ba dhóigh leat gurb ea phléasc dhá thaobh na cathrach
ar a chéile leis an ngeoin agus an ghlamail agus an húrlamabúrla
do bhí im chluasa —cén t-ionadh é agus mé uair a chloig istigh sa
taibhdhearc gan fuaim le cloisint ach siolla binn an cheoil, guth bog
iseal an t-aon chailín agus guth garbh an t-aon fhir?
Ar an ochtú la fichead d’Aibrean do chrothas mo chleiti.
d’athraios m'intinn, do phriocas agus do ghlanas mé féin, ins an
tsli dhuit go raibh an sáile scriosta go maith amach as mo chraic-
eann, dath na farraige imithe dom ghnúis agus cosúlacht ghaige na
cathrach ag teacht orm, agus do thugas fén nDepé i bPáirc an
Fhionnuisce, mé féin agus mo chara lem chois.
Nuair a thánamair go dtí an áit, do bhí póilín ina sheasamh ar
gach taobh don ngeata. Do labhair mo chara le duine acu. agus
dúirt sé linn fanacht go gcuirfeadh sé scéal isteach go dtí an oifig.
Ní fada ansan dúinn nuair a ghaibh garda amach tharainn agus
bitigal ina láimh aige. Do sheasaimh tamall uainn comh direach le
coinneal, do chuir an biúgal ina bhéal, agus deirim leat, a léitheoir,
gur bhain sé macalla amach as an gcearnóig. Lena linn sin, do
chonaiceamair chughainn anuas slua mór fear go raibh culaith an
gharda orthu, sáirsint rompu amach agus gach glam aige orthu—
— Left! left! left! Stadann an sáirsint agus do ghaibh an slua thairis
sios ar aon truslóg amháin.
Lena linn sin, tagann an garda orainn aris. —Tagaig liomsa
anois, ar seisean. Seo linn riamh agus choíche nó gur thug sé isteach
i seomra mór sinn, mar a raibh triúr nó ceathrar gardaí go gnóthach
ag scríobh agus ag gabháil trí pháipéirí. D'fhéachas im thimpeall.
Mhuise, ní fheadar “on domhan, arsa mise liom féin, an dtiocfaidh
an lá go deo go mbeadsa ar bhur gcuma. Bhí mo chara anois ag
comhchaint leo agus i gceann tamaill tagann duine acu chugham
féin.
Seo linn isteach i seomra eile ina dhiaidh. —Caith dhuit do
chasóg agus do léine, ar seisean, go dtomhaisfead thú. Dheineas
mar a dúirt sé liom agus seo leis ag tomhas. D'iontaigh sé ar mo
chara. —Tá sé an-chaol, ar seisean as Béarla, nil sé ach tríocha
agus a ceathair d'orlaí timpeall an bhrollaigh. — Agus cad é an
tomhas ceart? arsa mo chara. —Triocha is a sé, ar seisean. Tháinig
imni orm féin ansan, mar do cheapas go raibh se chun mc
chaitheamh amach mar gheall ar an dá orlach. —Abair leis, arsa
mise lem chara, dá mbeadh sé féin ag déanamh isteach fé chreatlach
do naomhóg mhór throm gach maidean agus í thabhairt leis sios
ar a dhrom go dtí an t-uisce, a easnaíocha ag cnagadh agus ag
lúbadh ar a cheile leis an meachaint, an b'ea is dóigh leis go mbeadh
an com céanna air féin agus tá? Agus tabhair fé ndeara, arsa mise
arís, nuair a gheobhadsa an mhairteoil agus an mhuiceoil isteach im
chaolán, nach fada go mbeidh com agam féin comh maith leis.
—Caith dhíot do bhróga anois, ar seisean aris, go dtomhaisfead
t'aoirde. —Cad é an aoirde cheart? arsa mise. —Cúig troithe naoi
n-orlai, ar seisean ag imeacht sios agus ag fail páipéir. Do bhuail
sé an páipéar ar an dtalamh isteach leis an bhfalla. Ni raibh a fhios
agam féin cad ba bhun leis. —Cuir do dha shail ar an bpáipéar san
anois, ar seisean. Chuireas. —Seasaimh direach isteach leis an
bhfalla anois, ar seisean aris. Sheasaios, agus mas ea, cheapas go
raibh comh maith agam dul ar bharraiocha mo chos chun a
thuilleadh aoirde do chur ionam féin. Lena linn sin, islionn an
garda agus tarraigionn an páipéar amach óm shalaibh go brea bog,
sa tslí dhuit go raibh beirthe sa bhfoghail orm. —Ni dhéanfaidh san
an gnó, ar seisean, ach caithfidh tú do dha shail do choimeád ar an
dtalamh. Do sheasaios díreach ansan, agus dar fia go rabhas cúig
troithe aon orlach déag. Duirt sé liom ansan go bhféadfainn imeacht
ach teacht aris ar a hocht a chlog ar maidin amáireach.
Is anois a bhi agam mo mheabhair do bhailiú ar a chéile, mo
mhisneach do neartú, mo smaointe baothúla do chaitheamh fé
chois, an mheirg do bhaint dom bhallaibh, an leanbaíocht do chur
i leataoibh, agus dul comh fada le cró na snáthaide. Lá arna
mháireach, d'éiríos féin agus Seoirse ar a seacht a chlog agus do
thugamair ár n-aghaidh fé gheata na Páirce arís. Do bhí suas le
daichead fear ina seasamh ansan istigh romhainn, buachaillí ón
dtuath go raibh glaoite orthu, cuma na hainnise agus na haiceála
orthu, agus iad ag breithniú ina dtimpeall go faitiosach. —Sea, arsa
Seoirse liom féin, tá comh maith agamsa bheith ag cur díom agus
thú dh'fhágaint ansan i dteannta na mbuachailli eile. Slán leat, ar
seisean agus do bhailimh leis,
Bhí mo ghuala isteach le polla agam agus mé ag breithniú uaim
go huaigneach, na rookies suite sios ar an stól fada agus an-shult
acu orthu féin. Is gearr gur ghaibh an garda amach agus an biúgal
ina láimh aige. Do sheasaimh ag cúinne na bearraice agus do shéid
in airde. Níor thúisce san ná chonac na céadta gardaí ag bailiú le
chéile as gach aird. Bhí dhá sháirsint ina gceannas agus is gearr gur
chuala an focal uafásach úd Shun! a chloisfeá mile ó bhaile. Seo leis
an slua mór trasna na cearnóige anuas agus seo leis na rookies ag
éirí agus ag gliúcaíocht orthu. Lena linn sin, do stop an slua agus
do bhain speach as an gcearnóig, agus ins an am chéanna do chonac
chugham anuas slua mór eile agus gach saghas ceoil ar iompar acu
agus feadhmannach os a gcomhair amach. Do thosnaigh an feadh-
mannach lena mhaide, agus níor thúisce sin ná thosnaigh an ceol,
an slua eile ag máirseáil ins an am chéanna agus an ceol binn ag dul
im chluasaibh.
D'iontaíos féin ar na rookies arís, Sea, arsa mise liom féin, tá
comh maith agam dul chun cainte libhse. Bhíos ag féachaint orthu
anois agus á dtabhairt fé ndeara. Ins an ghliúcaíocht dom, cad a
chifinn ach duine acu agus fáinne na Gaelainne ar iompar aige. Ni
foláir, arsa mise liom féin, nó is 6 áit éigin iargúlta tusa agus a rá
go bhfuil eolas agat ar an seantheangain. Seo liom sall. —Dia
dhuitse, arsa mise. D’fheach sé orm go hiontaiseach. — Dia is Muire
dhuit, ar seisean. —Cad as tú? arsa mise. —Ó Dhún na nGall, ar
seisean ag déanamh gáire, cad as tú féin? —Mhuise, is dócha, arsa
mise, nár chualaís riamh trácht ar an áit gurb as mise, ach go
dtabharfad Ciarraí dhuit. —Ó, tá a fhios agam an áit sin go maith,
ar seisean. Weill, arsa mise, ar chualaís riamh. trácht ar an mbaile
i bhfad siar? —Cá bhfuil an áit sin? ar seisean. —Ó, níl a fhios agat
Ciarraí, mar sin, arsa mise.
Lena linn sin, tagann chughainn aníos sáirsint agus páipéar ina
láimh aige. Do sheasaimh os ár gcomhair amach. D'fhéach ar an
bpáipéar. —Patrick Feeney, stand out here, ar seisean, agus mar sin
dó nó go raibh an fear déanach glaoite amach aige. —Sguad! ar
seisean agus go tapaidh ina dhiaidh sin an focal uafásach úd Shun!
Form fours! Right turn! Ouick march! agus as go brách linn go dtí
gur chuamair síos isteach go dtí halla na gleacaíochta.
Cuireadh gach duine againn ina shuí ag bord leis féin, peann
dubh agus páipéar go leor os a gcomhair amach. D'fhéachas féin
ar mo pheann agus dar fia gur dheineas smiota gáire: a Dhia atá
thuas, arsa mise, nach mé ata im ghaige duine uasail sa deireadh!
Lena linn sin, tagann oifigeach isteach agus tugann foirm do gach
duine againn agus cúig nó sé cláracha air je déanamh. Ní fada a
bhí nuair a bhiodar déanta agam. Tógtar uainn iad agus deireann
an t-oifigeach linn píosa do cheapadh mar gheall ar chuireadóir-
eacht. Chuireas féin in airde mo lámh agus thochaisios mo cheann.
Mhuise, ní fheadar 'on domhan, arsa mise liom féin, an ndéanfainn
i nGaelainn é? Ambriathar mhuise go ndéanfad—tabharfad le rá
dhóibh go bhfuil meas ar an dteangain agam. Seo liom ag breith
ar an bpeann agus ag tabhairt fén bpáipéar go fuadrach. Níor
fhágas cloch gan iontú ná lúb ar dtuathal, ach gach ní do bhreacadh
síos; chuas comh fada leis an dtráigh, riamh agus choíche nó go
raibh an t-arbhar ar stór agam.
Nuair a bhí an cheapadóireacht déanta againn, do fuaireamair
ordú imeacht sios fén gcathair i gcomhair ár ndínnéir agus bheith
anso arís ar a trí a chlog. Seo Jinn an geata amach, mé féin agus an
Gaeilgeoir in aonacht. —Conas mar éirigh an scrúdú leat? arsa mise
leis. —-Ambriathar mhuise, ar seisean, go bhfuaireas an-chruaidh
ar fad é. —An dáiríribh atánn tú? arsa mise. —Sea mhuise, ar
seisean, agus tá eagla an domhain orm nár rith liom. —Ó, ná
habair é, arsa mise; má imíonn tusa uaim, bead im phúca ar fad.
Sea, ar a trí a chlog go díreach do bhíomair suite ins an áit
chéanna ar an dtaobh istigh don ngeata. Ní fada ansan dúinn nuair
a thagann an sáirsint céanna arís chughainn agus glaonn amach
ainm gach duine. —Squad! ar seisean agus Shun! ina dhiaidh go
tapaidh, Form fours! Right turn! Quick march! Left incline! agus
as go brách linn nó gur chuamair suas isteach go dtí an Dispensary.
Tugadh ordú dhúinn ár gcuid éadaigh do chaitheamh dínn anuas
go tapaidh. Chaitheamair, agus dar mo leabhar duit. a leitheoir. go
rabhamair uair a chloig ar an gcuma san fé mar do thanamair ar
an saol, sinn ag brath leis an ndochtúir agus ár bhfiacla ag cnagadh
ar a chéile leis an bhfuacht.
Sea, nuair a glaodh ar m'ainm féin, seo liom isteach go dti an
seomra mar a raibh an dochtúir, fear an-lách. Do bheir ar a ghiúir-
léidí agus do chuir ceann dó isteach im dhrom. —Say ninety-nine,
please, ar seisean, —Ninety-nine, arsa mise. —Again, ar seisean.
—WNinety-nine, arsa mise aris go láidir ar eagla na heagla go
bhfaigheadh sé aon locht orm. —Oh, you are as sound as a herring,
ar seisean. —’7is no wonder, arsa mise, because I was born and bred
in their company. Dhein se gáire. Bhuaileas orm in airde mo
chuid éadaigh go scopuil agus amach liom aris.
Do bhi sé a cúig a chlog go maith sara raibh gach duine scrúdaithe
ag an ndochtúir, agus do fuaireamair ordú ansan imeacht linn an
oiche sin suas fen geathair agus bheith anso aris ar a naoi a chlog
ar maidin. D’fhagas féin slán ag an nGaeilgeoir mar go rabhas ag
dul síos go dtí Seoirse a bhi ina chónaí 1 Sráid Leeson. Do léimeas
ar an dtram. A, arsa mise liom féin nuair a bhios suite sios ar mo
shástacht, nach maith is fíor do Sheoirse é nuair a dúirt sé liom an
chéad uair go mbeinn féin ag imeacht fós im aonar trid an gcathair
gan eolas ó éinne.
Nuair a thána go dtí an tigh, do bhuaileas ar an ndoras. Osclaíonn
bean an tí agus cuireann na mílte fáilte romham, mar do bhí aithne
aici orm, dar ndóigh. Chuas isteach. Bhí Seoirse istigh romham ina
sheomra féin agus ualach asail do pháipéirí agus do leabhartha ina
thimpeall.
—Dia dhuit. a Sheoirse, arsa mise. —Mhuise, Dia is Muire dhuit.
ar seisean, conas d'éirigh leat? —Dar fia, arsa mise, go bhfuilim
comh dall fós air leis an scadán atá thiar i mBá an Daingin, mar
gurb é an t-ordú a fuaireamair anois bheith thuas ar a naoi a chlog
ar maidin arís. —Ó, tá do chóta bán déanta agat, mar sin, ar
seisean. —Amáireach a bheidh a fhios san agam, arsa mise. Sea, do
chaitheamair tamall deas ansan cois na tine ag caint agus ag cur
síos ar an saol breá a bhí againn ins an Oileán fadó, nó gur bhuail
codladh an traona beirt againn ar dhá thaobh na tine. D'éiríomair
ansan agus do chuamair “on bhinn bháin.
Sea, seo liom ar maidin suas go dtí an ngeata arís. Do chuir na
rookies go léir fáilte romham, agus go mórmhór an Gaeilgeoir.
— Sea, arsa mise leis, cad é do thuairim inniu? —An riabhach a
bhfeadar, ar seisean, beam fé nó thairis ach go háirithe.
Is gearr anois go dtagann an sáirsint chughainn, tugann na
horduithe céanna dhúinn, agus amach linn. Chuamair isteach fe
áirse mhór agus do fuaireamair ordú fanacht ansan nó go nglaofaí
orainn. Bhíomair ag siúl síos suas chun sinn féin a choimeád te,
mé féin agus an Gaeilgeoir ag caint le chéile. Ní fada dhúinn gur
chualamair an guth ag ra: Michael Callaghan, come in here. D'éis-
tíomair go hobann agus isteach leis an mbuachaill, súil gach éinne
againn ar an ndoras agus ár gcroí ag bualadh, gan focal as éinne
ach ag faire ar an ndoras agus ag fanacht leis an dtuairisc a bheadh
aige.
Níorbh fhada go raibh sé chughainn amach agus cuma an ghoil
air. Seo chughainn amach é agus is é au chéad rud a dhein sé a
lámh a thabhairt do dhuine acu. —Lord God, what's wrong, Mick?
arsa an fear eile ag síneadh a lámh chuige. —/ did not pass, ar seisean
agus na deora ag titeam leis. —Oh, what harm, man! arsa an fear
eile, it might be all for luck. Dar fia gur thug sé a lámh dúinn ar fad
agus do bhailimh leis. Is gearr anois gur glaodh isteach ar fhear
eile, agus más ea tagann amach ar an nós céanna, ins an tslí dhuit
go raibh an chéad dáréag caite as leabhartha, agus go mórmhór mo
pháirtí Gaelach. D'fhág sé slán agam agus do bhailimh leis.
Do bhí ocht nduine déag againn in aonacht fós, ach dúramair le
chéile gurbh é an chrioch chéanna d'imeodh orainn ar fad, agus da
bhrí sin do bhí sé caite in airde againn linn féin. Ní fada gur chuala
m'ainm féin á ghlaoch amach. Bhi mo chroí im béal agam leis an
ngeit agus leis na sceitimíní a tháinig orm, agus gan aon choinne
agam, ní nach ionadh, ná gurbh é an cóiriú céanna a gheobhainn.
Seo liom isteach.
— Well, arsa an garda a bhí istigh romham, tá do phas agatsa,
a bhuachaill. Scríobh t'ainm anso. — Dar fia, arsa mise ag breith
ar an bpeann, go bhfuil mo chóta bán déanta sa deireadh. Más ea,
níor thuig an fear eile mé ach é ag breithniú idir an dá shúil orm.
— An b'shin a bhfuil le déanamh anois agam? arsa mise. —O, sin
a bhfuil, ar seisean. Seo liom amach. —Conas d'éirigh leat? arsa
duine acu. —Go maith, arsa mise ag sui sios go compordach. Thógas
amach mo phip agus me a rá leat gur bhaineas smúit aisti. Bhi
duine ar dhuine ag dul isteach go tromchroíoch agus ag teacht
amach go ríméadach.
Seo linn ansan go dtí sna seomraí codlata agus buaileadh cúigear
nó seisear againn ins gach seomra. Is as mo shúilibh a baineadh an
leathadh nuair a chonac suas le ceithre cinn déag do leapacha
beaga istigh leis an bhfalla. Á, is anois a bhíos in áit go gcaithfinn
mo dhá shúil do choimeád ar oscailt, gan aithne agam ar éinne. Bhi
an Cláiríneach ann, an Gaillimheánach agus an Corcaíoch, gaige
na cathrach agus utamalai na tuaithe ann, agus an Blascaodach ina
measc. Shuios sios ar mo leabaidh féin. Bhi na reokies eile ag
comhchaint leis na gardai a bhi istigh agus-ag cur tuairisc an duine
ud agus an duine seo. Pé ríméad a bhi orm ins an tráthnóna, bhi sé
imithe dhíom anois aris nuair a dh’fhéachas ar an leabaidh bheag
iarainn a bhí fúm agus cúpla plaincéad tanaí sínte uirthi. Bhíos
tuirseach tnáite anois gan lúth gan fonn gan sult. D'aithníos go
maith go rabhas fé smacht arís. Nach gearánta a bhínn ar mo laeth-
eanta scoile dhom agus nach minic a dúrt liom féin, dá mbeinn
im fhear, go mbeinn sásta, ach féach anois mé gan éinne timpeall
orm go bhfuil aithne agam air. Tharraigios chugham mo phip. do
lionas agus do dheargaíos, ach más ea, do mhúch sí orm seacht
n-uaire, mar do dheininn dearúd ar í choimeád ar lasadh do dheas-
caibh na smaointe a bhí ag rith trim aigne.
D'éiríos do léim, do bhaineas díom anuas mo chuid éadaigh
agus do chuas “on leabaidh. Is gearr gur thug duine thall agus duine
abhus stracfhéachaint orm. —-Do-bheirimse fein an riabhach. arsa
fear, ná beidh an rookie thuas gan chodladh. Ach deirim leat, a
léitheoir, gurb shin ar chuireas do nath iontu. Shíneas siar ar an
leabaidh, mé ag iontú isteach is amach, ach níorbh aon mhaith
dhom é, mar bhí an tochta cruaidh ag dul tríom. Do chuimhníos
ar an seanshaighdiúir a bhí san arm dhearg. Ní raibh aon chodladh
ag titeam orm, conas go mbeadh?—scol amhráin ag duine, a gháire
féin ag duine eile, beirt eile ag coraíocht ar fuaid an tseomra agus
anois is aris ag titeam sa mhullach orm féin, fear eile agus píob
aige á sheimint, fear eile agus bheidhlin aige. —Dar fia, arsa mise
liom féin, gur gearánach a bhínn ar fhuaim na dtonn fé bhun an ti
oíche gharbh gheimhridh sa bhaile, ach ambriathar go bhfuilim i
dtigh na ngealt anois.
1 gceann tamaill tagann sáirsint isteach. D'éist an gheoin. Ní
raibh focal as éinne, ar nós na luiche nuair a thagann an cat.
—Lights out! ar seisean. Níor thúisce sin ná múchadh na soilse,
gach éinne sa doircheacht ag baint na leapan amach. Sea, arsa mise
liom féin, ni haon diobhail an méid sin a thabhairt díbh-— b'fhéidir
go mbeadh suaimhneas anois oraibh an chuid eile don oíche, Ach
dar fia nach mar sin a bhí, mar nuair a bhíodar sínte ar a sliosta,
gurb shin é an uair a dh’éirigh orthu, gan codladh ar bith ag titeam
orm ag an ngibris agus an gheoin a bhi ar fuaid an tseomra, agus
fead traenach agam á chloisint i bhfad i gcéin anois is arís. Deirim
leat, a leitheoir, nár ghaibh glór ar bith trim chluasa ar feadh na
hoíche sin ná gur chuala, comh fada le codladh dhó.
Ar a sé a chlog ar maidin, gan nóimint fé ná thairis, do chuala an
biúgal á shéideadh. Do léim fear as a leabaidh: —Wake up, boys,
ar seisean, remember that you are far away from home now! Ó a
thiarcais, nach clipithe cráite a bhíos, gan néall codlata déanta
agam. Bhi gach einne ag éirí anois, á shearradh féin agus ag méan
fach, go mórmhór na rookies ar mo chuma féin, go raibh an leisce
ina gcnámhaibh. Ambriathar gur bheag ort a rá an mhaidean ud,
Fan go fóill, bead ag éirí anois—á mo léir, b'fhada mar phaiste ort
é. Seo linn amach ag tabhairt fé thigh an níocháin, agus sin é an
ait go raibh an rangás agus an ruaille-buaille. gach duine a bhearradh
féin go fuadrach. I gceann deich nóimintí, bhíomair scriosta glan,
agus níor thúisce sin ná bhí an biúgal séite aris.
Seo linn amach ar an gcearnóig. Bhí sáirsint ina sheasamh ansan
romhainn agus an rolla á ghlaoch aige. Is ansan a chuala an chéad
fhocal Gaelainne. Nuair a ghlaodh an sáirsint amach ar ainm,
—Anso! a deireadh an fear eile á fhreagairt. Glaodh amach ar ainm
eile. —Anso, a deireadh an fear eile mar an gcéanna, agus deirim
leat go mbíodh blas an Bhéarla ag a Ján acu air.
Bhi suas le ceithre céad againn ar an gcearnóig anois, agus an
t-aidsiútant ar ár n-aghaidh amach. I gceann tamaill, do chuir sé
glam as: —Company! Bhi gach éinne á fhaire féin anois, nuair a
tháinig an focal breoite ud Shun! Nárbh iontach an sciúch a bhí ag
an aidsiútant céanna! —Form fours! ar seisean aris. Right turn!
Left turn! Quick march! agus as go brách linn amach fé Phairc an
Fhionnuisce,
Pé míshásamh a bhí orm ó chuas isteach sa Depó, dar fia go
raibh scailp éigin ag éirí dom chroi anois leis an radharc a bhi os
mo chomhair. Dath gléigeal ar an dtalamh ag an sneachta, duilliúr
na gcrann ag cromadh leis an ualach a bhí ar iompar acu, feadaíl
chaol na gaoithe ag imeacht tríd an gcoill. Bhí na céadta préachán
ag léimeadh ó chrann go crann, agus is gearr go bhfeaca cúpla fia
nó tri ag imeacht sna cosa in airde nuair a chonaiceadar an slua
uafásach a bhí ag teacht orthu. Mhuise, nach mé do chuimhnigh
láithreach ar na Fianna—ar Oscar, ar Chonan Maol agus ar Gholl
mac Mórna!
Nuair a bhíomair cúpla mile amach fén bPáirc, tugadh an focal
láidir úd dúinn, Halt! a dh'imigh tríd an gcoill ar nós sí gaoithe.
—Fall out! ar seisean arís. Seo linn amach agus do shuíomair síos
inár srathannaibh ar dha thaobh an bhóthair, deatach ag imeacht
san aer ag na toitíní. Bhíos féin agus mo dhrom isteach leis an gclaí
agam ag éisteacht leis an lon dubh a bhí ag cantain os mo chionn.
Mhuise, nach mó rud a chuir sí i gcuimhne dhom. Bhí an ghrian
anois ag cur di anoir agus na héanlaithe go léir ag fáiltiú roimpi,
gach saghas glóir ag dul im chluasa—guth na n-éan, fead na traen-
ach, gioscán na dtramaí, búirtheach na cathrach, agus glór uaig
neach na gaoithe ag imeacht tríd an gcoill.
Ní fada dhom gur chuala an guth a ghaibh siar trí chúl mo
chinn: —Fal/ in! Léimeas ó thalamh agus d’fhéachas tharm. Bhi
gach éinne ag tabhairt fén mbóthar agus ag seasamh guala ar
ghualainn. Seo liom agus as go brach linn aris.
Nuair a shroicheamair an Depo, fuaireamair ordú dul go dtí ar
gceadphroinn. Seo linn ar nós scata caorach fe dhéin na hallach.
Do leath mo dha shúil orm nuair a chonac ansan daichead bord
mor fada, fiche bord ar gach taobh don halla agus daréag ar gach
bord, agus dar go deimhin gurb é an chaolchuid a bhi againn á
fháil. Bhíos ag breithniú im thimpeall, agus i gceann tamaill do
chonac a raibh láithreach ag bualadh an forc agus an scian uathu
ar an bpláta. B'ait liom go mór é sin. Dheineas féin an cleas céanna.
Ón uair go bhfuilim sa Róimh, arsa mise, tá comh maith agam
bheith im Rómhánach leo. Lena linn sin, do chonac an feadhmannach
ag gabháil trí lár na hallach. 1 gceann tamaill dúirt sé: —Any
complaints? ar seisean. —-No, sir, arsa céad guth in aonacht. Sin é
an uair a bhí a fhios agam gur le hómós a dheineadar san don
bhfeadhmannach.
Sea. ni rabhamair ach suite i mbun ar suaimhneasa inar seomra
féin tar éis an bhéile agus toitin curtha inár mbéal againn. nuair a
séideadh an biúgal arís. Dia go brách linn, arsa mise liom féin,
nach mishasta cancrach an saol é na faigheadh duine aga ar a
ghal do tharrac. Baineadh casadh ar dtuathal agus casadh ar
deiseal asainn nó gur thanamair amach ar an gcearnóig. —The last
batch of recruits, let ye fall out here, arsa an feadhmannach.
Seo linn amach agus cuireadh fé ordú sáirsint eile sinn, fear beag
íseal lomchneathach garbhghlórach, báiteach go maith ina ghnúis
agus coinneal ina dhá shúil. Do sheasaimh sé os ár gcomhair amach
agus do thug léacht dúinn an chéad uair ar cad ba cheart dúinn a
dhéanamh, é ag iontú ar deiseal agus ar dtuathal agus ag baint
speach as an gcearnóig nuair a thugadh sé suas an chos eile. Is
gearr gur thug sé ordú dhúinn féin. —Squad, ar seisean, shun! agus
do thugas fé ndeara féithleoga a mhuinil i riocht pléascadh leis an
strus a chuir sé air féin. —Right turn! ar seisean arís, D'iontaíomair
ar deiseal. —Quick march! agus as go brách linn tríd an gcearnóig
suas, D'fhan an sáirsint mar a raibh aige, agus fé mar a bhiomair
ag druideam uaidh, ní raibh aon oidhre air ach madra a bheadh ag
sceamhaíl i bhfad i gcéin. Sea, nuair a bhí uair a chloig caite againn
go cruaidh cealganta ar an gcuma san, do fuaireamair cead ar gcos
ón sáirsint agus seo linn fé dhéin ár seomra, allas ag sileadh linn
agus sinn go tabhartha tnáite.
Do chaitheas trí mhí ag gleacaíocht mar sin, sa tslí dhuit go
rabhas comh caol le heascú agus allas mo choirp silte agam. Oíche
amháin i dtosach an Mheán Fhómhair, timpeall a trí a chlog ar
maidin, an buachaill a bhí sa tarna leabaidh ba ghiorra dhom féin,
do scréach sé amach agus dúirt linn an dochtúir a thabhairt chuige.
Seo le fear ag triall ar an ndochtúir. Bhi gach éinne dúisithe anois
agus an seomra trina chéile. Tháinig an dochtúir go dtí an buachaill
agus mas ea thug ordú go tapaidh é aistriú go dtí an dspaidéal. La
arna mháireach, do fuaireamair go léir a bhi sa tseomra san ordú
go gcaithfimis é dh’fhagaint agus dul i seomra eile, mar go raibh
disinfection le déanamh air. ~-Agus ta an-sheans libh, arsa an
dochtúir, mura bhfuil sé tógtha ag éinne agaibh.
B fhíor dó, mar de buaileadh síos mé féin go hobann, agus amach
liom go dtí an óspaidéal. Thueas cúpla lá ansan, agus más ea is ag
dul in olcas a bhios. Do caitheadh me aistriú ansan aris sios go
dtí óspaidéal an fhiabhrais i Sráid Chorcaí. Bhíos ansan anois gan
éileamh ar bhia ná ar dheoch agam agus mé tabhartha amach ag
an saol, gan faic im thimpeall ach leapacha geala, seanduine anso
ar thaobh díom, agus a ghearán féin ag buachaill óg ar thaobh eile
dhiom, duine eile á thabhairt isteach ar stretcher, boladh na ndrugai
agus boladh na breoiteachta ar fuaid na haite. Nach mé a bhi go
ciapaithe agus go cráite, agus go mórmhór nuair a chínn gach othar
agus a dhaoine féin ag teacht chuige ach gan éinne ag teacht
chugham féin, mar bhi mo chara thall i Sasana an uair sin agus
muintir an chaisleáin ar a laetheanta saoire in iarthar na hEireann;
agus maidir lem mhuintir féin, is ar an dtaobh eile don ndomhan a
bhíodar go léir, agus is mé a bhi cráite nar chuaigh ina ndiaidh. Is
mairg a bheadh ag gearán nuair a bheadh sé ábalta ar shiúl amach
agus aer cumhra na spéire do shú chuige. Ba mhinic mé ag cuimh-
ncamh ar na laethanta d'imigh tharm, nuair a bhinn go haerach
ag fiach ar mhullach an Chróidh nó ag imirt caide ar an dTráigh
Bháin, gan fear sa Bhlascaod an uair sin a choimeádfadh solas dom
i gcúrsa reatha. Ís minic leis a bhíos ag cuimhneamh ar an oiche úd
go raibh an fear siúil ag cur sios dúinn cois na tine ar na laethanta
a chaith sé ins an arm dhearg agus go mórmhór ar an seanshaigh-
diúir a bhuail leis ins an óspaidéal. Nach beag an cuimhneamh a bhí
agam an oíche sin go mbeinn féin sa chás chéanna leis. Féach gur
beag eolas atá ag éinne cad tá roimis amach.
Más ea féin, ní raibh aon chuimhneamh agam ar an mbás fós.
Chaitheas mo shé seachtaine san óspaidéal, ceithre seachtaine ar
fhleasc mo dhroma agus dhá sheachtain ag siúl timpeall an ghairdín;
agus ba aoibhinn agus ba aerach agus ba shuáilceach a chaitheas an
da sheachtain sin, ar a shon ná raibh ach an craiceann ag coimeád
na gcnámh lena chéile agam, ins an tslí dhuit go raibh na deora ag
sileadh liom nuair a bhíos ag imeacht as,
Ar an ndeichid la do mhi na Samhna. tar eis uair a chloig mhaith
gleacaíochta bheith againn ar an geearndig, do chuamair go dtí
an scoil mar ba ghnách ag foghlaim pointí dlí. Ni rabhamair ach
suite istigh agus ár gcuid leabhartha ar oscailt againn, nuair a
ghlaoigh an feadhmannach amach ar m'ainm féin. —Anso. arsa
mise. Glaodh amach ar ainm eile. —Anso, arsa an buachaill eile.
Glaodh amach ar an dtríú ainm. -- Anso, ar seisean. —}re/l, arsa
an feadhmannach ansan, tá triúr agaibhse le scrúdú anois agam i
gcomhair na tuaithe.
Ó a thiarcais, do tháinig crith cos agus lámh orm. Ni raibh aon
ullmhú déanta agam ina chomhair- conas a bheadh. a léitheoir,
tar éis sé seachtaine do chaitheamh san óspaidéal gan féachaint ar
dhlí ar bith? Sea, do bhiogas suas mo chroí. Nach liom a bheadh an
t-ádh dá rithfeadh liom inniu! —Th'anam “on diabhail, a deireadh
buachaill i gcogar liom, nach breá dhuit bheith ag fágaint an
diabhail áite seo. Is anois a bhí na sceitiminí ag teacht orm nuair
a chonac an feadhmannach á ullmhnú féin chun scrúdú do chur
orainn. Do thosnaigh sé liom féin agus chuir suas le naoi n-achta
orm. Do bhíos ag freagairt gach ceiste dhó riamh agus choíche nó
gur stad sé dom cheistiúchán. Thóg sé a cheann ansan. —VWe/,
ar seisean, that’s not too bad after all the time you spent in hospital,
You'll be going to the country any day now.
La arna mháireach, do fuaireas tuairisc ón gCoimisinéir go rabhas
le himeacht amáireach, ag fágaint na háite seo ar a cúig a chlog ar
maidin, go dti Indreabhán 1 gContae na Gaillimhe. Do bhíos ansan
anois ag siúl trasna an tseomra, agus is dócha ná raibh in Éirinn san
am san an té a bhí comh ríméadach liom. —Mhuise, is trua gan mé
id bhróga anois, a deireadh buachaill liom. —Tóg go réidh é, a
bhuachaill, arsa mise, tiocfaidh do lása fós, leis—ach tabhair aire
dod cheachtanna, arsa mise ag déanamh gáire. Sea, ní raibh faic á
dhéanamh agam an lá san san ach ag pacáil gach uile rud suas i
gcomhair an aistir. Is gearr gur chuala an focal feargach úd Shun!
D'fhéachas amach trid an bhfuinneoig agus is ea, chonac na rookies
ansúd ar an gcearnóig, sáirsint mallaithc ina gceannas agus gach
aon mhallacht aige orthu. Nach mé a dhein gáire breá suáilceach!
— Ná bíodh aon chodladh ar maidin ort, a Sheáin, arsa mise leis
an mbuachaill a bhí sa leabaidh taobh liom, go dtabharfair cúnamh
dom chun na boscaí do bhreith amach go dtí an geata. —Tá go
maith, ar seisean, agus dar go deimhin go gcaillfear mise id dhiaidh.
— Dhé, ná bac san, arsa mise, ni fada anso dhuit anois agus a
ndícheall do dhéanamh. —O mhuise, ní fheadar, ar seisean, ach
b'fhearr liom ná a bhfeaca riamh go mbeinn in aonacht leat. —Nil
aon bhaol na go bhfuil sé cruaidh go maith bheith anso, a Sheáin,
arsa mise aris. Ni bhfuaireas aon fhreagra. — An gcloiseann tú mé,
a Sheáin” Ni bhfuaireas aon fhreagra. —An bhfuileann tú id
chodladh, a Sheáin? Ni bhfuaireas aon fhreagra. Tann tú id throm-
shuan, arsa mise liom féin ag ligint mo chinn siar ar an bpilliur.
Níor chuimhin liom a thuilleadh nó gur beireadh ar chluais orm.
D'osclaíos mo shúile agus cé bheadh ann ach an fear a bhí ar garda
ag an ngeata, mar do bhí sé do dhualgas air sin glaoch orm.
—Eirig, ar seisean, tá sé a cúig a chlog. Chuireas orm mo chuid
éadaigh agus do bheireas ar chluais ar Sheán. —Eirig, a Sheáin,
arsa mise, -Hm, arsa Seán. Bhaincas stracadh as a chluais, agus
d'oscail sé a dhá shúil go raibh scéan iontu san am san. Chuimil bos
dona éadan. —An bhfuileann tú ag imeacht” ar seisean, —Táim,
arsa mise,
Do léim sé as an leabaidh agus do tharraig air a threabhsar agus
a bhróga. Do bheir beirt againn ansan ar dhá thaobh an truinc agus
seo linn trasna na cearnóige amach. Lá fuar feannaideach a bhí ann
agus cuma an tsneachtaidh ar an spéir. Bhuaileamair uainn an
trunc ag an ngeata agus seo linn isteach arís ag triall ar mo mhála.
Ní rabhamair ach tagaithe amach aris nuair a tháinig an Jorry.
D'fhapas slán ag Seán agus as go brách liom nó gur shroicheamair
an Chloch Leathan. Do cheannaios mo thicéad go tapaidh agus seo
liom isteach ar an dtraen. .
Bhíos suite síos anois ar mo shástacht ag machnamh agus ag cur
an tsaoil trí chéile, mise anois agus culaith an gharda orm ag dul
amach go Conamara chun dli do chur i bhfeidhm. Mhuise, nach
beag a cheapas tamall go mbeinn ar a leithéid do thuras. Bhí mo
phasáiste diolta go dti Magh Cuilinn, pé ait go raibh se sin. is mise
do bhi dall air. D'éirios im sheasamh agus d'fhéachas amach trid
an bhfuinneoig. Bhí an lá go bagarthach agus an sneachta go trom
ar na sléibhte. Bhios ag éisteacht anois leis an nglór a bhí ag an
dtraen—-duga-go-dug, duga-go-dug—agus do chuimhníos ar mo
chéad turas trí lár na hÉireann. I gceann tamaill, do stad an traen,
agus lena linn sin do chuala Change for Clifden! Do bheireas ar
mo mhála agus as go brách liom trasna an droichid. Deirim leat
go rabhas comh tugtha don obair sin anois le haon seanmhadra.
Seo liom an taobh eile síos, léimeas isteach ar an dtraen eile, agus
is gearr go mbogann sí léi amach ón stad.
Do bhí beirt eile ar an gcarráiste im thcannta, an bheirt is aite a
chonac riamh, plainin geal gléigeal ó bhonn baitheas orchu, |
gceann tamaill, do labhair duine acu leis an bhfear eile amach as
Gaelainn. Do gheit mo chroí le gra don dteanga san, ce gurb ar
éigean a bhiodar agam a thuiscint, Chuireas cluas le héisteacht orm
féin.
— Tá cosúlacht fearthainne ar an lá, a Chóil, arsa fear acu.
—Breathnann sé go bhfuil, arsa Cóil. —Cén t-achar uainn Magh
Cuilinn, a Chóil? arsa an fear eile arís. —Ó, táimíd bunáite aige
anois, arsa Cóil. — Is dócha gur i ndiaidh an phoitín atá an póilí
a dhul? arsa an fear eile aris ag féachaint orm féin. Féachann ar
Chóil ansan agus deineann gáire. Ligeas féin orm bheith ag léamh
liom agus gan aon tuiscint a bheith agam orthu. —Is dócha go bhfuil
siad go dona ansin thiar agaibhse? arsa Cóil. —Ó mhuise, a mhac,
tá an deabhal orrab uilig, arsa an fear eile á fhreagairt. —Ní
bhreathnann an póilí sin go dona, arsa Cóil ag tabhairt strac-
fhéachaint orm féin. —Dar fia go bhfuil cosúlacht lách air, pé ar
bith é, arsa an fear eile; meas tú go bhfuil aon eolas ar an nGaeilge
aige? — Tuige go mbeadh? arsa Cóil; cé acu a bhfuil sí ach ag
ainiseoirí an tsaoil? —Sea, táimíd ag teacht isteach ar an stad
anois, arsa Cóil.
Nuair a chuala féin é sin, —Is dócha, arsa mise amach as Gaelainn,
gurb ó Chonamara sibhse? —Ó a dheabhail! arsa an chéad fhear.
—Ó, a dheabhail, arsa Cóil, nach linn a bhí an seans ná dúirt aon
ní as bealach! . -Deirim leat, a Chóil, arsa an fear eile, ná fuil
éinne le trustail ar bhóthar na ar chosan na laethanta seo. —O, an
deabhal focal bréige ann, arsa Cóil; nár chuala tú riamh gan póilí
a thrustáil nó go mbeadh sé seacht mbliana fén gcréafóg?
Lena linn sin, do stad an traen. Do léimeas amach agus isteach
liom go dti oifig na mbeartán. —Is dócha, arsa mise leis an bhfear
istigh, gur fada as so Indreabhán? —Ó, tá sé suas le hocht mile
fichead, ar seisean. —Ni fheadar an féidir aon ghluaisteán a dh'fháil
anso? arsa mise. —Sin rud nach féidir leat a dh'fháil, ar seisean ag
déanamh gáire, ach an bhfuil a fhios agat cad a dhéanfair? Ní fada
suas as so atá bearaic na ngardaí, agus tabharfaidh siad san cúnamh
duit.
Lena linn sin, do chuala amuigh: —Ara a dheabhail, a phóilí, a
phoili! Ritheas amach agus cad a bheadh ach ceann do sna bainini
a bhí liom ins an charráiste, é amach go dtína leath trid an bhfuinn-
eoig agus mo thrucaid féin ina láimh aige. Bhí an traen ag bogadh
léi. Seo liom ins na cosa in airde nó gur thána os comhair na
fuinneoige. --A dheabhail, ba dhóbair duit é dhearmad. —Caith
amach é, arsa mise. Do chaith, agus más ea do ghabhalas féin é.
Smeideas mo lamh orthu ag fagaint slán acu agus as go brach leo.
Chuas sall go dtí an oifig aris. —Is dócha go bhfanfaidh na boscaí
sin san oifig, arsa mise, nó go dtiocfad thar n-ais le gluaisteán? —Ó,
gan dabht, ar seisean. —Cá bhfuil an bhearaic? arsa mise aris.
— Tar anso amach, ar seisean, agus taspáinfead duit é. Seo liom
amach ina dhiaidh. —Sin é thuas anois é, ar seisean ag síneadh a
mhéire suas i dtreo ti go raibh díon dearg air. Ghabhas buíochas
leis agus d’imios liom.
Bhíos ag imeacht liom suas nó gur thana ar ardán. Stadas agus
d’fhéachas im thimpeall. A Ri na bhfeart, nach ainnis an ait é! Ni
raibh leithead mo bhoise do thalamh ban le feiscint agam, ach
clocha stocdin agus carraigeacha, tithe beaga cinn luachra thall is
abhus fé bhun na gcnoc, gan aol gan slacht orthu, Is gearr go
bhfeaca seanbhcan féna cóta dearg an bóthar anuas chugham
agus madra mór dubh léi. J gceann tamaill, do bhuail sí a dhá bois
ar a chéile agus do scréach amach: — Féach thíos iad, a Chos! cuir
amach iad. a Chos! Seo leis an madra sa rith. D'fhéachas sios agus
gan faic le feiscint agam ach clocha go raibh duileascar ag fás
orthu le hársacht. Ins an ghliúcaíocht dom, is gearr go bhfeaca dhá
ghamhain agus iad ag stracadh leo ar chúpla coca féir ná raibh
oiread mo chinn iontu. —Ó, Ó mhuise, arsa an tseanbhean nuair a
bhíodar curtha amach ag an madra, dalladh gan léas oraibh muran
breá ná sásódh gleann ná páirc sibh! Mhuise, go bhfdire Dia orthu,
arsa mise liom féin. ní fheadar cá bhfuil an pháirc chun iad do
chothú. Do bhailimh an tseanbhean léithi. Sea dar fia, arsa mise,
táim i measc na nGael arís; nach iad atá ag coimeád na sean-nós
in airde—an t-éadach, an teanga agus na tithe.
Seo liom arís ar aghaidh, agus ní fada gur bhuail buachaill beag
liom, é clúdaithe suas go maith le holann na gcaorach agus máilín
leabhar ar iompar aige. —Cén t-ainm atá ort? arsa mise. Níor
fhreagair ach é ag iarraidh imeacht uaim. —Cén t-ainm atá ort?
arsa mise arís, Bhí sé ag féachaint orm idir an dá shúil agus fonn
goil air. Sa deireadh do labhair sé: —Colm Ó Flaitheartaigh, ar
seisean go criothánach. —Ná bíodh faitios ort, a bhuachaill, arsa
mise, ach cá bhfuil an bhearaic anso? Lena linn sin, do rith sé
uaim in airde ar mhullach an chlaí. Do shín suas a mhéar: —Sin é
thuas é, ar seisean. —An-bhuachaill, arsa mise ag cur lámh im
phóca agus ag tabhairt réal dó. — Go raibh maith agat, ar seiscan
ag bailiú leis.
Seo liom suas trí bhóthar fliuch achrannach nó gur bhaineas
amach an bhearaic. Bhí triúr gardaí istigh romham. D'inseas dóibh
mo chúram, is é sin Indreabhán a dh'fháil dom trid an nguthan.
Fuaireadh dom é go tapaidh. Labhras féin trid an uguitau. —rredlo,
arsa Indreabhan. —Hello, arsa mise agus dart leis gluaisteán do
chur chugham amach.
Thogas mo dhinnéar ansan i dteannta na ngardaí eile, sinn ag cur
síos ar chúrsaí an tsaoil agus go mórmhór ar an nDepo. Timpeall a
hocht a chlog tráthnóna, do tháimig an gluaisteán agus cúpla garda
le cois an tiománaí. Chuireadar fáilte romham. D’fhagas slán ag
lucht na bearaice agus amach linn sios fe dhein an stad an chéad
uair ag triall ar na boscaí, agus as go brách linn ansan fén iarthar,
stad anso againn agus stad ansúd, ins an tslí dhuit go raibh sé
déanach go maith nuair a shroicheamair Indreabhán.
Do thugas na málaí in airde sa tseomra liom, agus is mé a bhi
go sásta an uair sin, D’fhéachas amach tríd an bhfuinneoig. Bhi
an ghealach go hard ins an spéir agus an oiche comh geal leis an
lá. Bá na Gaillimhe os mo chomhair amach agus cósta an Chláir
sinte lastoir ó dheas. Seo liom síos arís agus do chuas amach comh
fada leis an ngeata.
Do bhi na páistí sios agus suas an bóthar ag imirt cleas eatarthu
féin agus gan le cloisint agam ina measc ach an Ghaelainn bhinn
bhlasta. Is gearr gur chuala siúl na mbróg ag teacht orm, agus dar
fia go raibh sé i ngiorracht cheithre slata dhom sara bhfeaca é, toisc
an culaith bainin do bheith air, mar is aon dath amháin é féin agus
an talamh. —Go mbeannaí Dia dhuit, arsa an seanduine. —Dia is
Muire dhuit, arsa mise. —Oíche bhreá i, ar seisean aris. —Tá si
mar sin, arsa mise, moladh le Dia. Do ghaibh sé tharm. Ní fada go
raibh fear eile chugham. --Go mbeannai Dia dhuit, ar seisean.
Dia is Muire dhuit, arsa mise. —Oiche bhrea i, ar seisean aris.
—Ta si go haoibhinn, moladh go hard le Dia, arsa mise.
D’fhanas ansan ar feadh tamaill ag éisteacht le glór na gaoithe i
measc na gcrann agus ag féachaint amach ar an bhfarraige a bhi
ag ghoscarnaigh le taithneamh na gealaí, agus ansan d‘iontafos ar
mo shail agus do bhuaileas isteach.
Dha bhhain ina dhiaidh sin, do chuas ar mo lacthanta saoire
abhaile go dtí an Oileán. Nach orm a bhi an gliondar nuair a
shroicheas an Daingean. Aníos liom go dtí tigh Mhártain. Bhí na
failti geala romham dar ndóigh, gach ceist agam á chur agus gach
scéal agam á chloisint, iontas an domhain orm nuair a chuala go
raibh an buachaill seo imithe agus an buachaill úd, an cailín seo
agus an cailín úd bailithe leo sall go Meirice. Do thógas gluaisteán
go Dún Chaoin, agus is mór go léir an oscailt a tháinig ar mo chroí
nuair a shroicheas Ceann Sléibhe, mar a raibh an Blascaod, Inis na
Bró agus Inisicileain sínte uaim siar sa bhfarraige. Dar fia go
rabhas comh haerach le druid ag déanamh síos ar Dhún Chaoin,
agus ar ámharaí an tsaoil cé bheadh romham ar bharra na haillc
ach m'athair agus beirt eile nár aithníos lena chois.
—Mhuise, Dé do bheatha abhaile, a mhic, arsa m'athair ag
sineadh a lamh chugham agus lasadh ina ghnúis le háthas. D'fhéachas
ar an mbeirt eile, iad ag breithniú orm agus ag gáirí. — Cé hiad so?
arsa mise. —An b'ea na haithnionn tú Seainin Liam agus Muiris
Cháit? arsa m'athair ag gáirí. --A Dhia na bhfeart, arsa mise ag
féachaint arís orthu, nach mór an t-athrú ar an mbeirt sin é ná
raibh ach ina bpatairi beaga nuair a dh fhágas an baile, agus iad
anois ina bhfearaibh ataithe.
Sea, nuair a shroicheamair caladh an Bhlascaoid, do cheapas ná
bainfinn an tigh amach go deo. —A Rí na nAingeal, a deireadh
seanbhean. nach breá an fear a dhein duit! —-Mhuise, conas tá
gach blúire dhuit? a deireadh bean eile. —Mhuise, nach ort atá an
plaosc feola, a deireadh bean eile, sa tslí dhuit go rabhas le haer an
tsaoil acu; agus maidir leis na páistí beaga, cé go rabhas ag cur na
súl tríothu, ní raibh aon dul agam ar a bhformhór d’aithint.
Nuair a bhíos ag déanamh anios ar an dtigh, do chonac m'athair
críonna idir dha lin an doiris, agus nuair a chonaic sé mé féin,
d'fhan sé ansan ina sheasamh agus na deora ag titeam leis le lúcháir.
—Mhuise, conas tánn tú ó shin, a dhaideo”? arsa mise. Más ea,
ní raibh sé ábalta ar labhairt fós, ach barróg do bhreith isteach orm.
—Mhuise, mo chroí thú, ar seisean sa deireadh agus é ag gáití, is
mó madra mallaithe agus drochbhean tí siúlta agat ó shin. —Nil
dabht air, a dhaideo, arsa mise ag siúl isteach. Bhí mo imhadra Rós
istigh romham cois na tine agus athrú mór uirthi, ach más ea ní
raibh aon dul anois go mbeadh sí ag lútáil timpeall orm. is gearr
gur tháinig m'athair aníos ón gcaladh, agus do chuir m'athair
críonna an tae amach.
Tar éis mo chuid tae do chaitheamh dom, do bhuaileas amach
tríd an mbaile, gach duine a tharlaíodh ar an mbóthar liom ag
fáiltiú romham.
Ba mhór an t-athrú i gceann dhá bhliain é. Féar glas ag fás ar na
cosain cheal siúlóide: cúig nó se do thithe dúnta agus na daoine
imithe amach ar an míntír: páirceanna go raibh clathacha breátha
cloch ina dtimpeall, do bhíodar ligithe ar lár anois; na paistí móra
dearga a bhí thiar ar an nDuimhe do bharr na buachaillí agus na
cailíní bheith ag rince ann gach oiche Dhomhnaigh, ní raibh a rian
ar an bhféar.
Bhí na soilse á lasadh ins na tithe nuair a chuas abhaile. Do
bhuaileas isteach, agus is ea bhí m'athair agus m'athair crionna ina
suí ar dhá thaobh na tine, m'athair críonna agus an tseandhúid aige
mar ba ghnách.
NOTAI AN UDAIR
Lch.
27. Aghaidh ghaoraíochta. An fhéachaint a bhíonn ag duine a
bhíonn ag faire ort mar a bheadh madra agus tú ag ithe.
29. Dul ‘on bhinn bháin. Dul sa leabaidh. Is i an bhinn an bairlín.
35. Dul fén scailp. Dul fén bhfothain. Do bhíodh ceann scraithíní
ar na tithe fadó agus iad déanta suas le port nó scailp.
37. Rapa, nó poll rapaí. Poll a bhionn déanta ag coinin nó éan sa
talamh, poll éadrom ná beadh agat ach do lámh do chur siar ann
agus an scailp a thógaint in airde, agus bhéarfá ar an gcoinín.
53. Lán na pípe a bhaint dó. Bóthar a bheith ag duine á chiorrú
ar nós stráice tobac go mbeifeá ag baint lán na pípe dhó i gcónaí.
63. An Laoch. Cloch atá idir an Ceann Dubh agus Inis na Bré,
cloch dhainséarach, mar bíonn sí clúdaithe i gcónaí.
64. Búisceáil. Dá mbeadh long ag imeacht trí fharraige chaiteach,
ar dhá thaobh a tosaigh do bheadh sí ag brú an uisce amach roimpi,
sin búisceáil,
86. An Coileach. Cloch go bhfuil déanamh coiligh uirthi atá
díreach i mbéal na Faille Móire i nDún Chaoin.
93. An Fhaill. An Fhaill Mhór i nDún Chaoin. An Bhléin. Lúb
talún is ea bléin, agus go mórmhór an lúb talún atá ag rith isteach
idir Fhaill Mhóir agus Ceann an Dúna.
97, Marta a tri. Tá éan éigin (níl a fhios agam cén saghas) agus
nuair a bhíonn an triú Márta curtha aige dhó, sin é an uair is fearr
ina shaol é.
102. An Muilcheann. Cloch ata ar an gceann thoir theas don Inis.
Agus tá Béal Capaill ar an dtaobh theas don Oileán in aice leis an
gCeann Dubh.
119. Cathbhuaic. Tor, nó aon chur isteach.
122. Tadhg riabhach agus Dónall gránna. Ní raibh aon bheirt ar
an saol comh neamhdheas leis an mbeirt sin, sa tslí gur dhóigh leat
gur bheirt dearthár iad.
133. Fuil mhairt. Fuil ramhar.
143. Blas an seachtú crosán. Fear a bhi ag ithe crosán agus dúil
mhór aige iontu, nuair a tháinig sé go dtí an seachtú ceann, dúirt sé
go raibh drochbhlas aige air sin, is é sin, é a bheith cortha dhóibh.
143. Réaddir. Cainteoir deisbhéalach.
151. Daighe. Poll portáin,
153. Cos fé Chrios. An fear siúil ab fhearr sa domhan, agus nuair
ba mhaith leis dul sa tsiúl mór, do bhíodh crios timpeall a choim
agus cad a dhéanfadh sé ach cos leis a chur féna chrios, agus níorbh
fhéidir solas a choimeád dó.
163. An Buailtin: Baile an Fheirtéaraigh. Screathnairi: iasc mion.
163. Fégraim dóite ort. Caint a deirtear nuair a beirtear ar dhuine
sa chluiche dul i bhfolach.
172. Clach. Aon rud go bhfuil toirt mhór ann.
179. Treantán. An lion atá i nead damhain alla.
185. Caiplini bána. Cubhrán bán ag imeacht ar bharra na farraige.
187. Eoinín na nÉan. Buachaill fadó a bhiodh ag comhchaint leis
na héanlaithe, go dtí sa deireadh gur mheall na fáinleoga amach leo
go dti an domhan toir é.
192. Fonn léime. Deirtear é sin ag tagairt d'éan óg a bhíonn aibidh
nach mór agus fonn air léimeadh fén muir gan casadh ar an nead go
deo.
206. Clócaí gaoithe anoir. Scamaill mhóra dhubha a bhíonn ag
imeacht sa spéir le gaoith anoir, agus is cosúil le ceathanna iad, ach
ní hea.
220. Dul comh fada le cró na snáthaide. Dul comh fada agus is
féidir.
230. Do ghabhálas é. Do bheireas im ghabháil air agus é á chaith-
eamh chugham trid an aer.
FOCLOIRIN
Seo thios focail go bhfuil malairt leagain ortha i geanuint Chorca
dhuine seachas an teanga chaighdeánta. Ta na leagain chaighdeanta
sa chlo romhanach agus na leagain chanuna sa chló iodaileach. Is iad
na leagain ar chle ata sa téacs.
adharta: iarta
amuigh: amuth
an-: an(a)-
anaithe: anfa
anaithre: anraith
aoirde: airde
aonacht: éineacht
aris: arist
bailimh: bailigh
bairlin: braitlin
banaltra: banartia
barr: barr(a)
boird: buird
boladh: blath
bos: bas
branach: bioranach
buioch: baoch
buirtheach: búireach
cam-: cam(a)-
caoi: caoth
caora: calora
chugham: chugam
cim: feicim
clos: cloisteáil
cluiche: elutha
eluthair: cluthar
coimeád: cimead
corr-: corr(a)-
craiceann: cruiceann
crioch: crith
cuideachta: cleachta
cutosach: cuibheasach
culaith: cluth
cuntar: cuntoir
daichead: dathad
dearúd: dearmad
dicheall: diothall
dige: dige(ach)
doicheall: dothall
doiris: dorais
dorú: daru
dream: dram
droch-: dro(th)-
droichead: drothad
duimhe (duit): dumhach
eadartha: eadra
éisteacht: éisteach
fail: fail)
falla: balla
fé, fá: faoi
fiafraim: fiarthaim
fiain: fiáin
fo-: fo(th)-
foscadh: fascadh
fuirisi(e): furasta
gabhaim: gaibhim
gatha: gath
gdngarnach: gragail
gliomaigh: gleamaigh
goidé: cad é
grung: gunga
idir: dír
imeall: weal!
inneoin: inniúin
inniu: inniubh
iomar: umar
ionad: inead
laimhe: lá
lasmuigh: lasmuth
léithi: lei
leothu: leo
liathbhui: fiafur
lóma: lúma
lot: lat
luibhearnach: lutharnach
maithe: matha
mearbhall: mearthall
milseán: mislean
moch: much
moin: muin
mor: muar
muinchille: muinirtle
neosad: inseod
nimhe: ní
no: nu
noimint: nóiméad
oiriúnach: ritinach
ólaí: amhlai
os: as
piont: pionta
pip, píopa: piopa
raideadh: radadh
riabhach: riach
ron: rán
ruchar: urchar
sáipeal: séipeal
scriobhaim: scrim
seachas: sochas
sean-: sean(a)-
sine: simléir
sléibhe: s/e
smeachaide: smeachoid
spéire: spéire(ach)
srona: srona(ch)
stothaim: stathaim
stracaim: sracaim
tarna: dara
tarrac: tarraingt
tiormú: fríonní
tirim: frin
titeam: titim
triuch: triuf
tuaithe: tuatha
turas: trus
uaim: bhuam
uibhe (ut): uibheacha
uirliceach: urlacan
ullamh: ollamh
urlabhra: urlúra