XXIII
- Go mbeannaí Dia duit, arsa an prionsa beag.
- Dia agus Muire duit, arsa an tradalaí.
Trádálaí a bhí anna raibh piollairí de chineál nua ar díol aige
a mhúchannan tart. Ligeann tú ceann amháin acu siar in aghaidh
na seachtaine, agus ní bhíonn fonn ólta ort níos mó.
- Cad chuige a ndíolann tú sin? arsa an prionsa beag.
- Sábhálann sé cuid mhór ama, a deir an trádálaí. Rinne na
saineolaithe é a oibriú amach. Sábháiltear trí bhomaite dhéag
agus dhá scór gach seachtain.
- Agus cad é a dhéantar leis na trí bhomaite dhéag agus dhá
scór?
- Cibé rud is mian le duine...
“Anois,”arsa an prionsa beag leis féin, “dá mbeadh trí bhomaite
dhéag agus dhá scór le caitheamh agamsa, rachainn ag triall go
deas réidh ar fhuarán uisce...”