XX
Ach tharla ar deireadh, i ndiaidh bheith ag siúl dó trí dhumhcha
gainimh, carraigeacha agus ráthanna sneachta, gur tháinig an
prionsa beag ar bhóthar. Agus triallann na bóithre uilig ionsar
dhaoine.
- Go mbeannaí Dia daoibh, ar seisean.
Gairdín a bhí ann, líonlán de rósanna.
- Dia agus Muire duit, a dúirt na rósanna.
D'amharc an prionsa beag orthu. Bhí siad go léir cosúil lena
bhláithín féin.
- Cé sibhse? ar seisean leo, agus iontas an domhain air.
- Is rósanna sinn, a d'fhreagair na rósanna.
- Á, arsa an prionsa beag...
Agus tháinig míshásamh mór air. Dúirt an bláth leis nach raibh
a macasamhail eile dá cineál sa chruinne. Agus féach, bhí siad
cúig mhíle ann, iad goléir mara chéile, san aon ghairdín amháin.
“Bheadh fearg cheart uirthi," ar seisean leis féin, “dá bhfeicheadh
sí sin... Dhéanfadh sí casachtach mhillteanach agus ligfeadh sí
uirthi go raibh an bás aici le himeacht ar an mhagadh. Agus
chaithfinnse a ligean orm go raibh mé á banaltracht, nó mura
ndéanfainn é, ligfeadh sise í féin leis an bháis, chun céim síos a
baint asam..."
Ansin dúirt sé leis féin arís: “Mheas mé go raibh bláth agam mar
shaibhreas nach raibh a leithéid eile ann, agus níl agam ach róisín
coitianta. É sin agus mo thrí bholcán nach dtagann ach go glúin
orm, agus a bhfuil ceann acu múchta marbh go deo, b'fhéidir, ní
móran prionsaa dhéanann an méid sin díom...“ Agus luigh sé síos
san fhéar agus chaoin sé uisce a chinn.