An seachtú pláinéad mar sin, is é an Talamh a bhí ann. Anois ní
haon phláinéad coitianta é an Talamh céanna! Áirítear céad agus
a haon déag deríthe air (agus ríthe na hAfraice á gcur sa chuntas,
ar ndóigh), seacht míle tíreolaí, naoi gcéad míle fear gnó, seacht
milliún go leith de mheisceoirí, trí chéad agus aon mhilliún déag
de dhaoine mórchúiseacha, is é sin le rá, amuigh agus istigh ar
dhá mhíle milliún de dhaoine fásta.
Le tuairim a thabhairt daoibh d'ollmhéid an Talaimh, féadaim
a rá libh go mb'éigean, sular fionnadh an leictreachas, slua de
lucht lasta lampaí sráide a choinneáil ar bun a raibh ceithre chéad
seasca a dó míle, cúig chéad agus a haon déag ar a líon.
B'iontach an radharc é ach bheith giota amach uaidh. Bhíodh
an slua sin ag gluaiseacht agus é faoi stiúir mar a bheadh trúpa
rinceoirí ar stáitse. Bhíodh an chéad seal ag lucht lasta na lampaí
sa Nua-Shéalainn agus san Astráil. Ansin nuair a bhí a gcuid
lampaí lasta acu siúd, théadh siad a luí. Ina dhiaidh sin isteach sa
damhsa ar a seal le lucht lasta na lampaí sa tSín agus sa tSibéir.
Ansin chaolaíodh iad sin leo isteach sna cliatháin. Tar éis sin
bhíodh a seal ag lucht lasta lampaí na Rúise agus na hIndia. Agus
ansin seal na hAfraice agus na hEorpa. Ansin lucht Mheiriceá
Theas. Ina ndiaidh siúd lucht Mheiriceá Thuaidh. Agus ní bhíodh
bun cleite isteach ná barr cleite amach orthu agus iad ag teacht
isteach ar an stáitse ina n-ord. Bhí se fíorálainn.
Ní raibh ach beirt ann a raibh saol gan seift gan saothar acu,
agus ba iad fear lasta an aon lampa amháin a bhí ag an Mhol
Thuaidh, agus a leathchúpla ag aon lampa amháin a bhí ag an
Mhol Theas. Ní raibh obair acusan ach dhá uair sa bhliain.