Bhí an cúigiú pláinéad an-aisteach. Bhí sé ar an cheann ba lú
díobh go léir. Bbhí díreach áit go leor ann fá choinne lampa sráide
agus fear lasta lampaí. Ní fhéadfadh an prionsa beaga dhéanamh
amach cén mhaith a bhí le lampa sráide agus fear lasta lampaí
amuigh ansin sna spéarthaí, ar phláinéad nach raibh cónaí ná
daoine air. Ach dá ainneoin sin dúirt sé leis féin:
- B'fhéidir go bhfuil an fear úd áiféiseach. Ach níl sé chomh
háiféiseach leis an rí, nó le fear na mórchúise, nó an fear gnó nó
an meisceoir.
Ar a laghad tá ciall lena chuid oibre. Nuair a lasann sé an lampa
sin aige, tá sé mar a bheadh réalta úr á múscailt aige, nó bláth.
Nuair a mhúchann sé an lampa, cuirtear an bláth nó an réalta a
chodladh. Is ceird álainn í sin. Agus ceird úsáideach 1 gceart í ós
ceird álainn í.
Nuair a thuirling sé ar an phláinéad, bheannaigh sé go
hómósach d'fhear an lampa.
- Go mbeannaí Dia duit. Cad chuige ar mhúch tú do lampa
ansin?
- Sin é an t-ordú, arsa fear an lampa. Lá maith agat.
- Cén t-ordú é sin?
-Mo lampa a mhúchadh. Oíche mhaith agat. Agus las sé é arís.
- Ach cad chuige ar las tú é anois?
- Sin é an t-ordú, arsa fear an lampa.
- Ní thuigim, a deir an prionsa beag.
- Níl tuigbheáil ar bith ann, arsa fear an lampa. Is é an t-ordú an
t-ordú. Lá maith agat.
Agus mhúch sé an lampa.
Ansin chuimil sé a éadan le ciarsúra raibh muileataí dearga air.
- Is millteanach an cheird seo atá agam. Bhí sí le ciall sna
seanlaethanta. Mhúchainn ar maidin agus lasainn tráthnóna. Bhí
an chuid eile den lá agam le mo scíth a ligean, agus an chuid eile
den oíche chun codlata...
- Agus idir an dá linn athraíodh an t-ordú?
- Níor athraíodh an t-ordú, a deir fear an lampa. Sin é díreach
an fhadhb! Ó bhliain go bliain tá an pláinéad ag casadh níos gasta,
agus níor athraíodh an t-ordú!
- Cad chuige a bhfuil tú? arsa an prionsa beag.
- Chuige seo atá mé go bhfuil sé ag casadh uair sa nóiméad
anois, agus níl meandar scíthe agam níos mó. Bím ag lasadh agus
ag múchadh uair amháin sa nóiméad!
- Tá sin greannmhar! Na laethanta anseo ní mhaireann siad
ach nóiméad!
- Níl sé greannmhar ar chor ar bith, a deir fear an lampa.
Táimid ag caint anseo le mí cheana féin.
- Le mí?
- Is ea. Tríocha nóiméad. Tríocha lá! Oíche mhaith.
Agus las sé an lampa arís.
D'amharc an prionsa beag air agus ba ghreann leis fear seo an
lampa a bhí chomh dílis sin don ordú a fuair sé. Chuimhnigh sé
ar dhul faoi na gréine agus ar an dóigh a dtéadh sé ar a lorg, ag
bogadh a chathaoireach. Ba mhaith leis cuidiú lena chara:
-Bhfuil fhios agat...tá afhios agamsa bealach le do scíth a ligean
nuair is maith leat...
- Is maith liom sin i gcónaí, a deir fear an lampa.
Mar is féidir bheith dílis agus leisciúil san aon am amháin.
Lean an prionsa beag ar aghaidh:
- An pláinéad seo agat, trí choiscéim agus tá a chuairt tugtha
agat. Nílle déanamh agat ach siúl mall go leor le fanacht sa ghrian
i gcónaí. Nuair a ba mhaith leat do scíth a ligean, téann tú ag
siúl...agus mairfidh an lá chomh fada agus is maith leat.
Níl mé mórán níos faide chun cinn, arsa fear an lampa. Is é is
maith liomsa sa saol mo chodladh a dhéanamh.
- Ní maith mar a tharla, arsa an prionsa beag.
Ní maith mar a tharla, a deir fear an lampa. Lá maith agat.
Agus mhúch sé an lampa.
An fear sin anois, a dúirt an prionsa beag leis féin agus é ag dul
i mbun a aistir arís, bheadh an chuid eile acu ag caitheamh anuas
air, an rí, fear na mórchúise, an meisceoir, an fear gnó. Ina
dhiaidh sin, is é an t-aon duine acu é nach ábhar magaidh liom é.
Is é an fáth atá leis, b'fhéidir, gur spéis leis rud éigin seachas é féin.
Lig sé osna aiféala as, agus dúirt leis féin arís:
- Sin é an t-aon duine acu a bhféadfainn cara a dhéanamh as.
Ach tá an pláinéad sin aige róbheag dáiríre. Níl slí ann do bheirt...
Is é an rud nár theastaigh ón phrionsa beag a admháil, go raibh
caitheamh aige i ndiaidh an phláinéid sin an tsonais, mar go raibh
dul faoi na gréine le feiceáil ann míle ceithre chéad agus daichead
uair gach fiche a ceathair uair an chloig!